Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2019

Vicky Brady

Is as cathair Chorcaí do Vicky Ní Bhrádaigh.  Bronnadh céim BA sa Ghaeilge agus sa Bhéarla uirthi in 2010 ó Choláiste Mhuire gan Smál, Luimneach.  Chríochnaigh sí máistreacht sa Ghaeilge sa choláiste céanna in 2011 le tráchtas ar úrscéalta stairiúla na Gaeilge.  Chaith sí bliain ag múineadh Gaeilge in Ollscoil Villanova, cathair Fhilideilfia, le linn 2016-2017 ar scoláireacht Fulbright.  Chríochnaigh sí dochtúireacht sa Ghaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál in 2019 le tráchtas dar teideal: An Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010-2030: Cathair Chorcaí mar Shuíomh Taighde.  Is iad sochtheangeolaíocht na Gaeilge, pleanáil agus beartas teanga, pleanáil teanga do theangacha mionlaigh agus idé-eolaíochtaí teanga a cuid spéiseanna taighde.

Ellen Corbett

Is as an Chorr Chríochach i gContae Thír Eoghain do Ellen Corbett.  Tá sí i mbliain na céime in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá sí ag déanamh staidéir ar Léann an Aistriúcháin agus ar an Ghearmáinis, ábhar a thosaigh sí san Ollscoil.  Chaith sí an bhliain seo caite in Leipzig in oirthear na Gearmáine ar a bliain Erasmus agus d'fhreastail sí ar an ollscoil ansin, áit ina raibh an deis aici Gearmáinis, Gaeilge agus aistriúchán a dhéanamh.  Sula ndeachaigh sí ar Erasmus, fuair sí scoláireacht leis an Deutscher Akademischer Austauschdienst (DAAD) agus d'fhreastail sí ar chúrsa samhraidh in Freie Universität Berlin.

Pádraig de Bléine

Tá Padaí de Bléine ina Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.  Tá taithí aige ar theagasc na Gaeilge agus na litríochta ag ag dara agus ag an tríú leibhéal.  Tá spéis mhór aige i litríocht an bheirt Ghriannach, Seosamh agus Séamas.  Tá suim mhór aige fosta i gcúrsaí aistriúcháin agus chuige sin tá úrscealta do pháiste aistrithe go Gaeilge aige.  Ina measc siúd tá: Capall Cogaidh, An Cheist Faoi Mozart, Kaspar Prionsa na gCat, Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Toro! Toro!, An Fáth ar tháinig na Míolta Móra agus Cúláilte – le Michael Morpuogo aistrithe aige. Chomh maith leis sin tá An Gasúr a Chaith Pitseamaí Stríocacha, Anne Frank; Dialann Cailín Óig agus Is Mise David aistrithe go Gaeilge aige.

Shane Grant

Is as Cathair Phort Láirge do Shane Grant ó dhúchas.  Is bunmhúinteoir é.  Tá sé ina iarrthóir PhD le Roinn na Gaeilge, Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach.  Bhronn Scoil Taighde Choláiste Mhuire Gan Smál spárantacht taighde air sa bhliain 2017.  Díríonn a chuid taighde ar chothú agus ar chleachtais fhilí chomhaimseartha Gaeilge i gceantair Ghaeltachta Chorca Dhuibhne agus Uíbh Ráthaigh fé stiúir an Dr Róisín Ní Ghairbhí.  Tá spéis ar leith ag Shane i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge, i bhféiniúlacht nuachainteoirí na Gaeilge agus i bpleanáil teanga.

Caoilfhionn Lane

Tá Caoilfhionn Lane ag obair mar thaighdeoir agus mar innealtóir bogearraí i réimse na heolaíochta sonraí.  Tá sí lonnaithe in Ionad na hAnailísíochta Sonraí ‘Insight’ in Institiúid na hEolaíochta Sonraí (DSI), Ollscoil na hÉireann Gaillimh.  Roimhe sin, chaith sí seal mar innealtóir bogearraí i gcomhlachtaí ilnáisiúnta.  Sa tréimhse sin, bhí sí ag plé le teicneolaíocht na cumarsáide.  Tá an-suim aici i sonraí agus tá suim ar leith aici in anailísiú téacs agus sa teicneolaíocht teanga.  Rinne sí an Dioplóma sa Ghaeilge agus an Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann Gaillimh agus tá sí ina comhúdar ar alt acadúil faoi chóras meaisínaistriúcháin.

Seán Mac Corraidh

Is léachtóir sinsearach é an Dr Seán Mac Corraidh a bhíonn ag teagasc theanga agus litríocht na Gaeilge ar chúrsaí BEd agus BA i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.  Comheagraíonn sé cúrsa Gaeilge sa choláiste sin do mhic léinn PGCE in Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh.  Tá saothar foilsithe aige sna réimsí seo: an t-aistriúchán liteartha, scéalaíocht agus amhránaíocht na Gaeilge, agus fóineolaíocht agus gramadach na Gaeilge i gcomhthéacs an dara teanga.

Niall Mac Uidhilin

Is feidhmeannach ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é Niall Mac Uidhilin.  Tá suim aige in idirghabhálacha oideachasúla praiticiúla a thacaíonn le gasúir i gceantair láidre Gaeltachta forbairt teanga a dhéanamh.  Tá BSc agus MSc aige sa Ríomhaireacht agus i gCórais Idirlín agus Dioplóma sa Ghaeilge.  Tá PhD san Oideachas aige ó Scoil an Oideachais in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Caroline Ní Fhlatharta

Is as an gCeathrú Rua i gConamara do Charoline.  Is Oifigeach Socrúcháin le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh í.  Tá BA sa Ghaeilge Fheidhmeach agus MA san Fhoghlaim agus Forbairt d’Aosaigh aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, mar aon le Dioplóma sa Ghaeilge agus Dioplóma i dTeicneolaíochtaí Gnó (OÉ, Gaillimh) agus Dioplóma i dTeagasc na Teicneolaíochta Faisnéise.  Tá spéis ar leith ag Caroline i gcur chun cinn na Gaeilge agus san fhoghlaim fad saoil.

Dorothy Ní Uigín

Is í Príomhfheidhmeannach Gníomhach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge í an Dr Dorothy Ní Uigín.  Tá an-suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.

Marie Whelton

Léachtóir le Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino.  Údar Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008), Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2013, 2015) agus Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2017).  I gcomhar le hAodán Mac Suibhne scríobh sí trí leabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM, 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (IOM, 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM, 2009).  In Eanáir 2018, ba bhall í d’fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun BOid trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino.