Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2020

Caitríona Breathnach

Is ó Chúl Rua sa Seana-Phobal do Chaitríona Breathnach ó dhúchas, atá ag feidhmiú mar Oifigeach Gaeilge i gColáiste Mhuire gan Smál.  Tá BA sa Nua-Ghaeilge agus sa Tíreolas aici mar aon le MPhil sa Nua-Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile i gCorcaigh.  I nDeireadh Fómhair 2018 bhain sí Dochtúireacht amach ó Ollscoil Luimnigh i réimse na Teangeolaíochta Feidhmí; ba é teideal a tráchtas ná Cad a spreagann rogha laethúil teanga sa Ghaeltacht – Anailís ar an rogha teanga i nGaeltacht na nDéise. Is comhúdar í ar acmhainn oideachais dátheangach, Éire na Lochlannach: Turas Nua Taiscéalta, a d’fhoilsigh Aonad Forbartha Curaclaim CMgS in 2014 agus ar Plean Teanga na nDéise 2018 – 2024 a foilsíodh anuraidh.

Padaí de Bléine

Tá Padaí de Bléine ina Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.  Tá taithí aige ar theagasc na Gaeilge agus na litríochta ag ag dara agus ag an tríú leibhéal.  Tá spéis mhór aige i litríocht an bheirt Ghriannach, Seosamh agus Séamas, agus tá ailt foilsithe aige ar An tUltach agus ar An Reiviú orthu.  Tá suim mhór aige fosta i gcúrsaí aistriúcháin agus chuige sin tá úrscéalta do pháistí aistrithe go Gaeilge aige.  Ina measc siúd tá Capall Cogaidh, An Cheist Faoi Mozart, Kaspar Prionsa na gCat, Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Toro! Toro!, An Fáth ar tháinig na Míolta Móra agus Cúláilte le Michael Morpuogo aistrithe aige.  Chomh maith leis sin tá An Gasúr a Chaith Pitseamaí Stríocacha le John Boyne, Anne Frank; Dialann Cailín Óig agus Is Mise David le Anne Holm aistrithe go Gaeilge aige.

Seán Mac Corraidh

Is leachtóir sinsearach é an Dr Seán Mac Corraidh a bhíonn ag teagasc theanga agus litríocht na Gaeilge i Roinn na Gaeilge ar chúrsaí BEd agus BA i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste agus i Roinn na Gaelscolaíochta ag comheagrú Cúrsa Gaeilge do mhic léinn PGCE na hiar-bhunscolaíochta de chuid Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh.  Tá saothar leis foilsithe sna réimsí seo léinn: aistriúchán, béaloideas, litríocht, scéalaíocht agus amhránaíocht na Gaeilge, fóineolaíocht agus gramadach na Gaeilge, agus oideolaíocht don teagasc tríd an dara teanga.

Rosa Kalla

Is as an Aonach i gContae Thiobraid Árann do Rosa.  Thosaigh sí ag cur suim sa nGaeilge nuair a chaith sí seal ag obair in Inis Oírr.  Tá sí ag cur fúithi i nGaeltacht Chonamara faoi láthair.  Tá sí i mbliain na céime in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus tá Léann an Aistriúcháin agus Fraincis idir lámha aici.  Chaith sí tréimhse i mbun staidéir ar an dátheangachas in Liège na Beilge anuraidh, áit a raibh deis aici feabhas a chur ar a cuid Fraincise.  Tá an-spéis ag Rosa sa dreapadóireacht agus i gcúrsaí garraíodóireachta.  Is mian léi cur leis na teangacha atá ar a toil aici amach anseo chomh maith le hobair aistriúcháin a dhéanamh. 

Margarita Neothallaigh

Is as Contae na Mí ó dhúchas í Margarita.  Tá céim aici sa stair ó Ollscoil Mhá Nuad, MA sa stair agus Dioplóma Iarchéime san Oideachas ón Ollscoil chéanna.  Bhain sí céim amach sa Ghaeilge Fheidhmeach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2017 agus MA sa Léann Teanga in 2019. Tá baint aici le cúrsaí oidhreachta.

Karen Ní Chlochasaigh

Is léachtóir ar an M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta, Coláiste Mhuire gan Smál í an Dr Karen Ní Chlochasaigh áit a mbíonn sí ag léachtóireacht ar shealbhú an dara teanga agus ar theagasc agus ar fhoghlaim na Gaeilge.  Is cuid lárnach den ról atá aici ná tacú le múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta ar an turas foghlama teanga agus ar scileanna teanga de réir an CEFRL a fhorbairt, a shaibhriú agus a threisiú.  Tá blianta de thaithí aici a bheith ag plé le teagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal agus tá próifíl taighde forbartha aici a chuimsíonn taighde dochtúireachta sa teangeolaíocht fheidhmeach agus taighde iardhochtúireachta ar ghnóthachtáil oideachais.  Is iad na réimsí sainspéise is mó atá aici ná sealbhú éifeachtach an dara teanga, foghlaimeoirí teangacha a chumasú tríd an bhfoghlaim chumaisc agus an t-oideachas ionchuimsitheach i suíomh an tumoideachais.

Áine Nic Niallais

Is as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill d’Áine.  Tá sí ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus is ag plé le cúrsaí aistriúcháin is mó a bhíonn sí.  Rinne sí tráchtas dochtúireachta sa bhliain 2012 ar an dóigh a bhfeidhmíonn briathra, réamhfhocail, dobhriathra agus ainmfhocail le chéile mar aonaid mheafaracha bhrí sa Ghaeilge.  De thoradh an taighde sin a spreagadh a dúspéis sa teangeolaíocht chognaíoch agus sna patrúin mheafaracha a bhaineann le nathanna coitianta sa Ghaeilge.

Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge í an Dr Dorothy Ní Uigín, agus Príomhfheidhmeannach Gníomhach an Acadaimh ó bhí Eanáir 2018 ann.  Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.  Is as cathair na Gaillimhe ó dhúchas í.

Séamus Ó Coileáin

Tá Séamus i mbun aistriúcháin, idir theicniúil agus litríochta, le breis agus scór bliain.  D’aistrigh sé iliomad téacsleabhar scoile agus ar na saothair litríochta a d’aistrigh sé go Gaeilge tá The Alchemist le Paulo Coelho, The Wonderful Wizard of Oz agus The Marvellous Land of Oz le L. Frank Baum, Le Petit Nicolas le René Goscinny, agus The Invisible Man agus The Island of Dr Moreau le H.G. Wells. Tá sé ag léachtóireacht le Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 2001.  Is ó Áth an tSléibhe in Iarthar Luimnigh ó dhúchas dó.

Kevin Scannell

Tá Kevin Scannell ina Ollamh le Matamaitic agus Ríomheolaíocht in Ollscoil Saint Louis, Missouri.  Oibríonn sé i gcomhar le grúpaí ar fud an domhain le hacmhainní ríomhaireachta a fhorbairt a chuidíonn leo a dteanga dhúchais a úsáid ar líne.  Tá suim ar leith aige sa Ghaeilge agus sna teangacha Ceilteacha eile; tá gramadóir, litreoir, agus teasáras Gaeilge forbartha aige, chomh maith le foclóirí agus inneall aistriúcháin Gàidhlig-Gaelg-Gaeilge.  Glacann sé páirt i dtogra a sholáthraíonn leaganacha Gaeilge de roinnt táirgí ríomhaireachta mór le rá, Mozilla Firefox, LibreOffice, Gmail, agus Twitter ina measc.

Eoin P. Ó Murchú

Is mac léinn dochtúireachta i Roinn na Nua-Ghaeilge i Má Nuad é Eoin P Ó Murchú. Tá atheagar á chur aige ar Uiliséas (Joyce, agus Ó hInnéirghe et al, 1985).

Marie Whelton

Léachtóir le Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino.  Údar Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008), Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2013, 2015) agus Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2017).  I gcomhar le hAodán Mac Suibhne scríobh sí trí leabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM, 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (IOM, 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM, 2009).  Ba bhall í d’fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun B. Oid. trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino ó Mheán Fómhair 2019.