Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2021

Padaí de Bléine

Tá Padaí de Bléine ina Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.  Tá taithí aige ar theagasc na Gaeilge agus na litríochta ag an dara agus ag an tríú leibhéal.  Tá spéis mhór aige i litríocht an bheirt Ghriannach, Seosamh agus Séamus, agus tá ailt foilsithe aige ar An tUltach agus ar An Reiviú orthu.  Tá suim mhór aige fosta i gcúrsaí aistriúcháin agus chuige sin tá úrscealta do pháiste aistrithe go Gaeilge aige.  Ina measc siúd tá: Capall Cogaidh, An Cheist Faoi Mozart, Kaspar Prionsa na gCat, Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Toro! Toro!, An Fáth ar tháinig na Míolta Móra agus Cúláilte le Michael Morpuogo. Chomh maith leis sin tá An Gasúr a Chaith Pitseámaí Stríocacha le John Boyne, Anne Frank; Dialann Cailín Óig agus Is Mise David le Anne Holm aistrithe go Gaeilge aige.

Keith Dowling

Is as Lios Dúin Bhearna i gContae an Chláir ó dhúchas do Keith Dowling.  Tá sé i mbliain na céime in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair agus tá Léann an Aistriúcháin agus Fraincis idir lámha aige.  Tá suim dhomhain ag Keith sna teangacha agus i gcúrsaí aistriúcháin ó bhí sé sa mheánscoil.  Tá eagarthóireacht déanta aige ar An Finn-Dia (The Fair God) a d’aistrigh an Cláiríneach mór le rá Micheál Ó Gríobhtha in 1935.  Chaith Keith bliain ag múineadh an Bhéarla i meánscoil in Lille i dtuaisceart na Fraince in 2019–2020 agus beidh sé ag dul ar ais i Meán Fómhair chun post nua a thosú mar theagascóir Béarla in Ollscoil Lille.  Ba mhaith le Keith coinneáil ag obair leis na teangacha amach anseo.

Seán Mac Corraidh

Is léachtóir sinsearach é an Dr Seán Mac Corraidh a bhíonn ag teagasc theanga agus litríocht na Gaeilge i Roinn na Gaeilge ar chúrsaí BEd agus BA i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste agus i Roinn na Gaelscolaíochta ag comheagrú Cúrsa Feabhsaithe Gaeilge do mhic léinn PGCE iar-bhunscolaíochta de chuid Ollscoil na Ríona agus Ollscoil Uladh.  Tá saothar leis foilsithe sna réimsí seo léinn: aistriúchán litríochta, béaloideas, teagasc litríocht na Gaeilge, scéalaíocht agus amhránaíocht na Gaeilge, fóineolaíocht agus gramadach na Gaeilge, teangeolaíocht fheidhmeach agus oideolaíocht don teagasc sa tumoideachas Gaeilge ón bhonnleibhéal go dtí an tríú leibhéal. Gan mhoill i mbliana fosta, foilseofar saothar eile leis ar an fhéineitneagrafaíocht agus ar úsáid scríofa na Gaeilge i measc dhaltaí bhliain a dó dhéag san iar-bhunscolaíocht Lán-Ghaeilge ó thuaidh.

Belinda McHale

Is as Co. Mhaigh Eo ó dhúchas do Belinda.  Tá céim BA aici sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chomh maith leis an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach, MA sa Nua-Ghaeilge, Dioplóma sa Fhraincis, agus Teastas Iarchéime sa Teagasc agus san Fhoghlaim ón Ollscoil chéanna.  Tá spéis faoi leith aici i dteagasc na Gaeilge, san fhoghlaim fhéinriartha agus san fhoghlaim mhachnamhach, mar aon le modhanna measúnaithe agus aiseolais.

Raymona Ní Chonaill

In 2020, bronnadh céim chéadonóracha ar Raymona sna Teangacha Feidhmeacha in Ollscoil Luimnigh.  I mbliain na céime, bhí deis aici tráchtas a scríobh faoi ábhar ar bith agus thug sí faoi thaighde ar an gcaoi a bhfuil an deighilt idir an Ghaeilge sa Ghaeltacht agus sa Ghalltacht ag cúngú a bhuí leis na meáin shóisialta.  I mbliana, thug sí faoi thogra nua: suíomh foghlama Gaeilge darb ainm Gaeilge Nua, suíomh atá le seoladh an samhradh seo. 

Christine Ní Chathasaigh

Tógadh Christine i ndeisceart Chiarraí, ceantar darbh ainm An Neidín. Is ansin a bhfuair sí a cuid oideachais bunscoile agus meánscoile.  Tar éis na hArdteiste in 2009, chuaigh sí i mbun staidéir i gColáiste San Aingeal i Sligeach.  Bhain sí BOid san Eacnamaíocht Bhaile agus Gaeilge amach.  Ghlac sí post in iar-bhunscoil Lán-Ghaeilge in 2013 agus is ansin atá sí ó shin.  Bhain sí MOid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta amach in 2020.

Neasa Ní Chiaráin

Tá an Dr Neasa Ní Chiaráin ina hOllamh Cúnta Ussher le Teicneolaíocht Urlabhra agus Teanga don Ghaeilge, i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.  Tá sí ag obair sa tSaotharlann Foghraíochta agus Urlabhra, áit a bhfuil abair.ie mar phríomhthogra acu.  Chomh maith le bheith ag obair ar na bunteicneolaíochtaí urlabhra – guthanna sintéiseacha agus aithint cainte – tá spéis aici sa nasc idir an teicneolaíocht, an teangeolaíocht agus oideolaíocht.  Tá togra reatha aici dírithe ar fhoghlaimeoirí Gaeilge ar a dtugtar An Scéalaí.  Tá sé mar aidhm ag an togra ‘Foghlaim Ríomhchuidithe Teangacha’ seo uirlisí éagsúla teicneolaíochta teanga don Ghaeilge a chur ar aon ardán amháin agus iad a chur in oiriúint d’fhoghlaimeoirí atá ag leibhéil éagsúla cumais. 

Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, í an Dr Dorothy Ní Uigín.  Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.  Is as cathair na Gaillimhe di.

T.J. Ó Ceallaigh

Tá T.J. Ó Ceallaigh mar stiúrthóir ar an MOid san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.  Mar iar-phríomhoide tumoideachais, tá spéis faoi leith aige i ról an cheannaire theagascaigh, in oideolaíocht a bhaineann le teagasc comhtháite ábhar agus teangacha agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach múinteoirí i gcomhthéacs an tumoideachais, ach go háirithe.  Rinne an Dr Ó Ceallaigh comheagarthóireacht le déanaí ar leabhar ar an ábhar, Teacher Development for Immersion and Content-based Instruction (Benjamins, 2020) i dteannta le Laurent Cammarata, PhD, Ollscoil Alberta, Ceanada.

Dónal Ó Droighneáin

Is as Cois Fharraige i gCo. na Gaillimhe do Dhónal agus oibríonn sé mar Fheidhmeannach Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge (Ionad Charna).  Tá speisialtóireacht aige sa bhéaloideas agus sa chultúr traidisiúnta.  Is é Dónal stiúrthóir an Dioploma sa Chultúr Dúchais agus bíonn sé ag teagasc ar an gcúrsa sin agus ar chúrsaí eile de chuid an Acadaimh, ó ghearrchúrsaí go leibhéal céime agus Ard-Dioplóma. Le blianta beaga anuas tá spéis faoi leith curtha aige i gceirdeanna agus bealaí maireachtála traidisiúnta, mar atá le feiceáil san alt seo uaidh. 

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton.  Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino agus is údar í ar: Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008); Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR 2013, 2015); Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR 2017) agus Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR 2018).  I gcomhar le hAodán Mac Suibhne, scríobh sí trí leabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (IOM 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM 2009). Ba bhall í d’fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun Baitsiléireacht san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino.