Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2022

Luke Callinan

Is as Cill Tuama i ndeisceart Ros Comáin ó dhúchas do Luke Callinan.  Tá tréimhsí caite aige ag obair mar theagascóir Gaeilge agus mar chomhalta taighde le Roinn na Gaeilge agus le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh.  Bhí Luke ar dhuine de na taighdeoirí a scríobh Plean Teanga Chathair na Gaillimhe (2020).

Conchúr Caomhánach

Is as Ceatharlach ó dhúchas Conchúr Caomhánach.  Bhain sé amach bunchéim sa nGaeilge agus sa bhFraincis i gColáiste na Tríonóide agus ina dhiaidh sin chaith sé bliain anonn thall sa mBruiséil ag obair mar aistritheoir faoi oiliúint.  D’fhill sé abhaile ansin agus bhain sé amach MA sa Teangeolaíocht agus Teangeolaíocht Fheidhmeach sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá spéis faoi leith aige san aistriúchán, sa teangeolaíocht chorpais, agus i sochtheangeolaíocht na Nua-Ghaeilge.  Is Teangeolaí Cúnta é faoi láthair leis an gCoiste Téarmaíochta, Foras na Gaeilge.

Ellen Corbett

Is as an Chorr Chríochach i gContae Thír Eoghain do Ellen Corbett.  Sa bhliain 2019, bhain sí céim chéadonóracha sa Ghearmáinis agus i Léann an Aistriúcháin amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Sa bhliain céanna, bronnadh Scoláireacht Fulbright uirthi agus chaith sí bliain ina FLTA Fulbright in Ollscoil Montana sna Stáit Aontaithe, mar a raibh sí ag teagasc Gaeilge do mhic léinn ollscoile agus mheánscoile. Bhain sí céim máistreachta san aistriúchán amach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste sa bhliain 2021. Is taighdeoir PhD in Ollscoil Uladh anois í Ellen agus í ag díriú ar an aistriúchán Gaeilge-Béarla agus an fhilíocht i ndeireadh an 20ú hAois. 

Padaí de Bléine

Tá Padaí de Bléine ina Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.  Tá taithí aige ar theagasc na Gaeilge agus na litríochta ag ag dara agus ag an tríú leibhéal.  Tá spéis mhór aige i litríocht an bheirt Ghriannach, Seosamh agus Séamas, agus tá ailt foilsithe aige ar An tUltach agus ar An Reiviú orthu. Tá suim mhór aige fosta i gcúrsaí aistriúcháin agus chuige sin tá úrscealta do pháiste aistrithe go Gaeilge aige.  Ina measc siúd tá; Capall Cogaidh, An Cheist Faoi Mozart, Kaspar Prionsa na gCat, Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Toro! Toro!, An Fáth ar tháinig na Míolta Móra agus Cúláilte le Michael Morpuogo aistrithe aige.  Chomh maith leis sin tá An Gasúr a Chaith Pitseamaí Stríocacha le John Boyne, Anne Frank; Dialann Cailín Óig agus Is Mise David le Anne Holm aistrithe go Gaeilge aige.

Noelle Higgins

Is ollamh comhlach le dlí in Oscoil Mhá Nuad í Noelle.  Baineann a cuid taighde agus léachtóireachta leis an dlí idirnáisiúnta.  Tá spéis faoi leith aici i gcearta an duine, go háirithe cearta cultúrtha, cearta teanga san áireamh. Chomh maith le PhD sa dlí idirnáisiúnta, tá MA sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh aici.  Bhain a tráchtas MA leis an bhFiannaíocht.

Seán Mac Risteaird

Iarscoláire de chuid Choláiste Pobail Ráth Chairn é Seán Mac Risteaird. Bhain sé a chuid cáilíochtaí acadúla amach in Ollscoil Mhá Nuad. Dhírigh a thionscnamh PhD ar na scríbhneoirí comhaimseartha Micheál Ó Conghaile agus Cathal Ó Searcaigh agus an léamh curtha i gcomhthéacs theoirc na haiteachta mar uirlis léirmheastóireachta. Chaith sé tréimhsí ag teagasc in Ollscoil Mhá Nuad, in St Thomas University (Fredericton, Ceanada) agus i gColáiste Hibernia ar an Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (Bunmhúinteoireacht) agus tá suim ar leith aige in oiliúint ábhair oidí. D’oibrigh sé mar Oifigeach Forbartha don tsraith scrúdaithe Teastas Eorpach na Gaeilge (TEG) idir 2017 agus 2019 in Ollscoil Mhá Nuad. Tá spéis mhór aige i léinn na haiteachta, i gcúrsaí inscne, agus sa chritic chultúrtha agus liteartha. Is ball é Seán de lárionad SEALBHÚ, Lárionad Taighde DCU um Fhoghlaim agus Teagasc na Gaeilge. Bronnadh FHEA de chuid Advance HE ar Sheán in 2021.

Nóra Murphy

Bhain Nóra Murphy céim BA (Teangacha Feidhmeacha; Gaeilge, Fraincis agus TESOL) amach in Ollscoil Luimnigh sa bhliain 2021. Tá sí anois ina mac léinn in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag tabhairt faoin Máistir Gairmiúil san Oideachas. Tá an-suim aici i litríocht na naoú haoise déag agus go háirithe i dtéama an Ghorta Mhóir.  Is blaisín de thogra a rinne sí in Ollscoil Luimnigh faoi stiúir an Dr Sorcha de Brún atá san alt seo aici ar An Reiviú.

Sylvaine Ní Aogáin

Is múinteoir bunscoile í an Dr Sylvaine Ní Aogáin agus faoi láthair, tá sí ag obair mar léachtóir sa Roinn um Oideachas Teanga agus Litearthachta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach.  Tá spéis mhór aici i gcúrsaí shealbhú agus fhoghlaim an dara teanga, i gcúrsaí tumoideachais, i gcúrsaí oiliúna múinteoirí agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach do mhúinteoirí.

Néamhann Ní Dhonnghaile

Is as an Charraig Mhór i gContae Thír Eoghain ó dhúchas do Néamhann.  Faoi láthair, tá sí ag críochnú a céime, Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Mar chuid dá taithí oibre anuraidh tugadh deis di scagadh a dhéanamh ar sháraistriúcháin an chéid seo caite agus ar phíosaí ó shean-nuachtáin amhail Fáinne an Lae, An Claidheamh Soluis agus An tUltach. Chuir sí go leor de na scéalta sin in athchló agus spreag an obair sin í tabhairt faoina cuid aistriúchán liteartha féin.  D’aistrigh sí ceithre scéinséir ón chnuasach Kiss le Roald Dahl ó Bhéarla go Gaeilge agus foilsíodh ‘An Bhean Tí’ nó ‘The Landlady’ ar shuíomh aistriulitriochta.ie.  Cuirtear blúire den scéal ‘John and Mary’ ar fáil sa phíosa atá ar An Reiviú i mbliana.  Tá an-suim aici fosta i sanasaíocht, bunús agus comhdhéanamh focal agus ba mhian léi leanstan uirthi leis an chineál sin oibre amach anseo. 

Caoimhe Ní Shuibhne

Is múinteoir bunscoile í Caoimhe Ní Shuibhne atá ag múineadh i scoil lán-Ghaeilge i gCo. Dhún na nGall.  Tá an-suim aici i múineadh na Gaeilge agus i  gcúrsaí tumoideachais.  Bhain Caoimhe a céim B.Oid. amach i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach agus bronnadh an M.Oid. san Oideachas lán-Ghaeilge agus Gaeltachta uirthi le déanaí i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach freisin.  Tá Dioplóma Iarchéime sa Cheannasaíocht agus sa Bhainistíocht ar bun aici i gColáiste Mhuire gan Smál i láthair na huaire.

Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, í an Dr Dorothy Ní Uigín.  Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.  Is as cathair na Gaillimhe di.

Fiona Nic Fhionnlaoich

Is léachtóir í Fiona Nic Fhionnlaoich i Roinn Froebel, Ollscoil Mhá Nuad a bhíonn ag plé le Modhanna Múinte na Gaeilge agus le cleachtas athmhachnaimh. I measc na spéiseanna taighde atá aici, tá múineadh agus foghlaim teangacha, guth an pháiste, forbairt na litearthachta agus measúnú teanga, go háirithe maidir le sealbhú na Gaeilge.  Rinneadh an taighde san alt seo mar chuid de chúrsa dochtúrachta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste.

Pádraig Fhia Ó Mathúna

Is staraí agus scríbhneoir é an Dr Pádraig Fhia Ó Mathúna.  Tá sé ina thaighdeoir faoi láthair ar thionscadal bhéaloideas na Fiannaíochta ag Ollscoil Harvard.  In 2021, d’fhoilsigh sé cnuasach dátheangach dar teideal Recovering an Irish Voice From the American Frontier: Scríbhinní Próis Eoin Ua Chathail (UNT Press).  Bronnadh an chéad duais ar a ghearrscéal ‘Cuimhní na Cille’ i gComórtas Scríbhneoireachta Mhanchain in 2020.  Tá suim ar leith aige i stair agus i litríocht na n-imirceach, sa chaidreamh idir cúrsaí teanga agus cúrsaí féiniúlachta agus i stair an phoblachtachais in Éirinn agus i measc dhiaspóra na nGael.  Rugadh i gCathair Hartford é. 

Alexandra Philbin

Bhain Alexandra Philbin céim amach sna Teangacha Domhanda (Gaeilge, Spáinnis agus Gearmáinis) in 2019 i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, agus bhain sí máistreacht amach san Antraipeolaíocht Theangeolaíoch in 2020 in Ollscoil Mhá Nuad.  Chaith sí beagnach bliain ag obair mar Chúntóir Taighde le Gaeilge leis an bhForas Taighde ar Oideachas i mBaile Átha Cliath sular bhog sí go València na Spáinne níos luaithe i mbliana.  Tá sí ag cur tús le dochtúireacht anois in Ollscoil València, ag díriú ar chainteoirí Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus ar chainteoirí Vaileinsise i gcathair València.  Tá spéis aici sa tsochtheangeolaíocht, san idé-eolaíocht agus san eitneagrafaíocht.

Hugh Rowland

Is as Co. Mhaigh Eo ó dhúchas do Hugh Rowland.  Tá sé ina Fheidhmeannach Pleanála Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh, faoi láthair.  Ar na hábhair thaighde is spéis leis, tá an idé-eolaíocht teanga, an beartas teanga, an náisiúnachas agus ról na Gaeilge sa saol poiblí, go mór mór san fhichiú haois.

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton.  Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino agus is údar í ar: Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008); Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR 2013, 2015); Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2017); Giolcaireacht sa Ghairdín: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2018) agus Dún do Shúile: Pictiúrleabhar do Pháistí (LeabhairCOMHAR, 2021).  I gcomhar le hAodán Mac Suibhne, scríobh sí trí leabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM, 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (IOM, 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM, 2009).  Ba bhall í d’fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun Baitsiléireacht san Oideachas trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino agus bhí sí ar dhuine de chomheagarthóirí COMHARTaighde 6: In Agallamh Íogair le Litríochtaí an Dá Ghaeilge (2020).