Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2023

Ellen Corbett

Is as an Chorr Chríochach i gContae Thír Eoghain do Ellen Corbett.  Sa bhliain 2019, bhain sí céim chéadonóracha sa Ghearmáinis agus i Léann an Aistriúcháin amach in Ollscoil na Gaillimhe.  Sa bhliain céanna, bronnadh Scoláireacht Fulbright uirthi agus chaith sí bliain ina FLTA Fulbright in Ollscoil Montana sna Stáit Aontaithe, mar a raibh sí ag teagasc Gaeilge do mhic léinn ollscoile agus mheánscoile. Bhain sí céim máistreachta san aistriúchán amach in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste sa bhliain 2021. Is taighdeoir PhD in Ollscoil Uladh anois í Ellen agus í ag díriú ar an aistriúchán Gaeilge-Béarla agus an fhilíocht i ndeireadh an 20ú hAois.

 

Padaí de Bléine

Tá Padaí de Bléine ina Léachtóir Sinsearach i Roinn na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Tá taithí aige ar theagasc na Gaeilge agus na litríochta ag ag dara agus ag an tríú leibhéal. Tá spéis mhór aige i litríocht an bheirt Ghriannach, Seosamh agus Séamas, agus tá ailt foilsithe aige ar An tUltach agus ar An Reiviú orthu. Tá suim mhór aige fosta i gcúrsaí aistriúcháin agus chuige sin tá úrscealta do pháiste aistrithe go Gaeilge aige. Ina measc siúd tá Capall Cogaidh, An Cheist Faoi Mozart, Kaspar Prionsa na gCat, Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Toro! Toro!, An Fáth ar tháinig na Míolta Móra agus Cúláilte – le Michael Morpuogo aistrithe aige. Chomh maith leis sin tá An Gasúr a Chaith Pitseámaí Stríocacha le John Boyne, Anne Frank; Dialann Cailín Óig agus Is Mise David le Anne Holm aistrithe go Gaeilge aige.

 

Brian Hanratty

Is léachtóir sinsearach é an Dr Brian Hanratty i Roinn an Bhéarla ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste. Tá suim mhór aige i litríocht Angla-Éireannach an naoú haois déag agus an fhichiú haois. Tá D.Phil aige i Litríocht Angla-Éireannach ó Ollscoil Uladh. Tá neart alt foilsithe aige ar fhilíocht Seamus Heaney agus ar oideolaíocht na filíochta. Bhunaigh sé ‘The Esmee-Fairbairn Funded Project’ dar teideal, ‘The Literature of the Troubles Project’. Rinne sé taighde ar a luachmhaire a bhí sé ‘Litríocht na dTrioblóidí’ a theagasc do dhaltaí iar-bhunscoile i dTuaisceart Éireann ar bhonn trasphobal. 

 

Seán Mac Corraidh

Is léachtóir sinsearach é an Dr Seán Mac Corraidh i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste. Tá leabhair, caibidlí i leabhair agus ailt ar irisí léinn foilsithe aige ar réimse leathan ábhar i léann na Gaeilge agus an oideachais. Tá spéis ar leith aige sna cúrsaí seo a leanas: teanga agus litríocht, aistriúchán, béaloideas, scéalaíocht agus amhránaíocht, tumoideachas agus foghlaim na Gaeilge. Faoi láthair tá dhá thionscadal mhóra taighde idir lámha aige. Is miontráchtas ar chúrsa máistreachta atá sa chéad cheann ag baint le stíl scríbhneoireachta agus úsáid teanga i saothar Shéamuis Uí Ghrianna. Is i gcomhar le comhghleacaithe agus le cleachtóirí bunscoile atá sé ag saothrú sa dara tionscadal ag fiosrú labhairt agus scríobh na Gaeilge i measc páistí i scoileanna Gaeilge sa chaoi is gur féidir creat teanga a fhorbairt.

 

Mia Mac Donnchadha

Is as an gCeathrú Rua i gConamara do Mia Mac Donnchadha atá i mbun BA le Fraincis agus Léann an Aistriúcháin in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair. Tá Mia tar éis bliain a chaitheamh ar Erasmus in Université de Bretagne Occidentale in Brest na Fraince. Le linn na bliana Erasmus d'aistrigh sí roinnt gearrscéalta le Guy de Maupassant go Gaeilge ón bhFraincis bhunaidh. Tá ‘Aoibhneas’ (‘Le Bonheur’) ar cheann de na haistriúcháin sin.

 

Ciarán Mac Uidhir

Oibríonn Ciarán in earnáil na Teicneolaíochta Faisnéise agus Cumarsáide (ICT), ach cuireann sé suim sa Ghaeilge agus i gcúrsaí Chumann Lúthchleas Gael (CLG).  Tá se ina bhall gníomhach i gcumann logánta de chuid CLG i mBaile Átha Claith.  Bhain sé BA amach sa Ghaeilge Fheidhmeach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh in 2017 agus MA (Léann Teanga) ón eagraíocht chéanna in 2022.

Ruth Nic an Bhreithiúnaigh

Is léachtóir páirtaimseartha in Institiúid Oideachais Marino í Ruth Nic An Bhreithiúnaigh sna hAmharcealaíona ar an M.Oid trí Mhéan na Gaeilge. Chaith sí seal ag múineadh i scoil Bhéarla agus múineann sí i nGaelscoil faoi láthair. Bhain sí máistreacht amach ar an M.Oid San Oideachais Lan-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire Gan Smál. Tá suim faoi leith aici san Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar & Teanga agus san Oideachas Ealaíne Comhtháite.

Máire Clár Nic Mhathúna

Is iarmhúinteoir scoile as Doire í Máire Clár, a chaith corradh is cúig bliain is fiche ag teagasc ar Oileán Thoraí. Bhain sí céim onóracha i Léann an Cheiltis agus Teastas Iarchéime san Oideachas amach i mBéal Feirste fada an lá ó shin, agus an dioplóma sa Chultúr Dúchais de chuid Ollscoil na Gaillimhe in 2022.

Áine Ní Chonghaile

Is i dTír an Fhia i gConamara a rugadh agus a tógadh Áine Ní Chonghaile. Is í bunaitheoir an chomhlachta aistriúcháin Europus í agus is ag plé leis an aistriúchán a chaith sí cuid mhór dá saol oibre. Foilsíodh a leabhar An Cheathrú Rua agus na hOileáin sa Naoú hAois Déag in 2021.

Máirín Ní Dhonnchadha

Is Ollamh Emerita le Sean- agus Meán-Ghaeilge agus Teangeolaíocht Cheilteach í Máirín Ní Dhonnchadha, i Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe.  Corcaíoch is ea í.  Ollamh cúnta ab ea í i Scoil an Léinn Cheiltigh san Institiúid Ard-Léinn i mBaile Átha Cliath sular ceapadh san ollúntacht in Ollscoil na Gaillimhe í, sa bhliain 1996.  Is ag an am sin a chuir sí aithne den chéad uair ar an bhfear óg tréitheach a bhí ina iarchéimí le Sean-Ghaeilge sa Roinn, Feargal Ó Béarra, go ndéana Dia grásta air.

Aisling Ní Fhlaithearta

Is múinteoir bunscoile agus cainteoir dúchais Gaeilge í Aisling Ní Fhlaithearta as Inis Mór, Oileáin Árann. Bhain sí céim mháistreachta amach san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta i gColáiste Mhuire gan Smál, Luimneach le déanaí. Tá suim ar leith aici i gcúrsaí tumoideachais agus san oideachas don chainteoir dúchais Gaeilge sa Ghaeltacht.

Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe, í an Dr Dorothy Ní Uigín.  Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.  Is as cathair na Gaillimhe di.

Conchúr Ó Brolcháin

Is ollamh cúnta san oideachas é an Dr Conchúr Ó Brolcháin leis an Roinn um Theanga & Litearthacht i gColáiste Mhuire gan Smál (Ollscoil Luimnigh). Tá spéis aige san oideachas dátheangach agus ilteangach lena n-áirítear an tumoideachas, an t-oideachas dátheangach don chainteoir dúchais, an fhoghlaim chomhtháite ábhar agus teanga, oideolaíocht an trasteangaithe agus foghlaim / sealbhú na mionteanga. Is léachtóir é le Múineadh na Gaeilge sa choláiste sin agus an-spéis aige sa dearadh uilíoch don fhoghlaim, san fhoghlaim chumaisc agus i gcleachtas acadúil an léachtóra go ginearálta. I measc an taighde atá ar siúl aige faoi láthair tá: cur chun cinn na Gaeilge i scoileanna uirbeacha faoi mhíbhuntáiste (DEIS) agus eispéireas Chainteoirí T3 sa chóras oideachais lán-Ghaeilge. Is féidir próifíl níos iomláine a léamh anseo: https://www.mic.ul.ie/staff/381-dr-conchur-o-brolchain