Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2019

Baba Nic Dhonnacha

Is as Leitir Móir i gContae na Gaillimhe ó dhúchas do Bhaba Nic Dhonnacha.  Bhain sí amach Dioplóma sa Ghaeilge ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus Teastas i nGaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo.  Tá sí i mbun staidéir ar an MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga faoi láthair.  

Christian Flynn

Is as Tuaim, Co. na Gaillimhe é Christian.  Thosaigh sé amach i mbunscoil lán-Ghaeilge i dTuaim agus ar mheánscoil lán-Ghaeilge i mBaile Átha an Rí.  Bhain sé céim chéad onóracha amach sna Dána: Léann an Aistriúcháin agus Gaeilge in 2018.  Tá sé i mbun staidéir ar an MA/ Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga faoi láthair.  Tá sé ar intinn aige obair aistriúcháin a dhéanamh amach anseo agus a bheith ina mhúinteoir Gaelscoile i ndeireadh na dála.  Tá an-spéis ag Christian i gcluichí ríomhairí agus i gcúrsaí sacair.