Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2020

Róisín Masson

Is as an gCeathrú Rua i gContae na Gaillimhe do Róisín.  Bhain sí amach céim sa Ghaeilge agus Fraincis ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus MA sna Teangacha Feidhmeacha agus Gnó ó Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.  Tá sí i mbun staidéir ar an MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga faoi láthair.

Aoife Ní Chonghaile

Is as na Doireadh i gConamara í Aoife.  Bhain sí céim chéadonóracha sna Dána (Gaeilge agus Léann an Aistriúcháin) amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Roghnaigh sí an cúrsa seo a dhéanamh toisc go bhfuil an-suim aici sa bpleanáil teanga agus toisc go bhfuil sí ag obair sa réimse sin faoi láthair.

Clodagh Ní Éilí

D’fhás Clodagh Ní Éilí aníos idir contae an Longfoirt agus contae Ros Comáin.  Chaith sí 12 samhradh ag foghlaim agus ag múineadh na Gaeilge i gColáiste Lurgan, in Indreabhán, contae na Gaillimhe.  Is múinteoir bunscoile í Clodagh atá ag múineadh i ngaelscoil i gcontae Átha Cliath.  Bronnadh céim chéadonóracha uirthi ó Choláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2017. Tá an-chuid spéise ag Clodagh i gcúrsaí tumoideachais, aistriúcháin agus sealbhú teangacha.  Rinne sí an tionscnamh taighde i mbliain na céime ar fheasacht teanga agus an chaoi ar fearr le stór focal páistí bunscoile a leathnú.

Fiona Ní Fhátharta

Is as Bré, Co. Chill Mhantáin ó dhúchas d’Fhiona.  Bhain sí céim chéadonóracha amach i nGaeilge agus i Léann an Aistriúcháin ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2019.  Tá spéis ar leith ag Fiona i gcúrsaí aistriúcháin.  Tá sí ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair.

Sionainn Ní Ghréacháin

Is as Maigh Rois i gCathair Luimnigh do Shionainn agus tá sí ag cur fúithi faoi láthair in oirthuaisceart na Fraince. In 2018, d’éirigh léi i scrúdú an tSéala Creidiúnaithe d’Aistritheoirí de chuid Fhoras na Gaeilge.  An bhliain dar gcionn, bhain sí céim chéadonóracha amach sa Fhraincis agus i Léann an Aistriúcháin ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit a bhfuil sí anois ag gabháil don chéad bhliain den Mháistreacht sa Léann Teanga.

Máire-Áine Uí Ailín

Is as Eanach Mheáin ó dhúchas do Mháire-Áine Uí Ailín, ach cónaí uirthi anois i gCladhanch, An Cheathrú Rua.  Tá céim onóracha sna Dána aici agus Ard-Dioplóma sa gCumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Tá dúil mhór aici i gcúrsaí cultúrtha, ealaíne agus pobail.  Tá sí fostaithe mar Oifigeach Pleanála Teanga i gCeantar na nOileán agus suim nach beag aici sa phleanáil teanga.