Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2021

Darragh Mac Giolla Phádraig

Is as Co. Cheatharlach ó dhúchas do Dharragh agus tá sé ag cur faoi i nGaillimh.  Bhain sé céim chéadonóracha amach i nGaeilge agus i Léann an Aistriúcháin ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2020.  Tá spéis ar leith ag Darragh i gcúrsaí aistriúcháin agus i nithe a bhaineann le cur chun cinn na teanga.  Tá sé ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair.

Ciarán Mac Uidhir

Is as Cnoc Liamhna i mBaile Átha Cliath do Chiarán.  Bhain sé céim sa Ghaeilge Fheidhmeach amach ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh in 2017.  Tá sé ag déanamh staidéir ar an MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga faoi láthair agus suim ar leith aige sa teangeolaíocht, sochtheangeolaíocht agus pleanáil teanga.

Niamh Ní Chuinn

Is as Port Laoise, Co. Laoise ó dhúchas do Niamh.  Chaith sí cúig shamhradh ag foghlaim agus ag múineadh na Gaeilge i gColáistí Chorca Dhuibhne, i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.  Bronnadh céim onóracha uirthi ó Choláiste Phádraig, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 2019.  Rinne sí an tionscadal taighde i mbliain na céime ar stráitéisí léamhthuisceana a fhorbairt sa seomra ranga.

Niall Ó Cléirigh

Is as Baile Átha Cliath do Niall.  Bhain sé amach céim sa Ghaeilge agus sa Bhéarla agus MA sa nua-Ghaeilge ó Choláiste na hOllscoile Bhaile Átha Cliath.  Tá spéis ag Niall sa nasc idir cúrsaí teanga agus ceisteanna socheacnamaíochta chomh maith le stair na Gaeilge.

Tadhg Ó Duinnshléibhe

Is as Nás na Ríogh, Co. Chill Dara ó dhúchas do Thadhg.  Bhain sé céim amach sna Teangacha Feidhmeacha ó Ollscoil Luimnigh in 2016.  Chaith sé tréimhse i ndiaidh na céime ag taisteal ar fud an domhain agus ag maireachtaint san Eoraip.  Anois, tá Gaeilge á múineadh aige i meánscoil i gContae Átha Cliath.  Ina theannta sin, tá sé ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair.

Máire Uí Dhufaigh

Is as Inis Oírr in Oileáin Árann í Máire.  Oileadh ina múinteoir bunscoile í i gColáiste Oiliúna Bhantiarna na Trócaire i mBaile Átha Cliath agus chaith sí formhór a saoil ag múineadh bunscoile i mBaile Átha Cliath.  Chaith sí trí bliana ag obair mar Oifigeach Oideachais in Institiúid Teangeolaíochta Éireann agus bhí sí ina Comhordaitheoir Náisiúnta ar scéim de chuid na Roinne Oideachais a chuir an pacáiste teagaisc Séideán Sí ar fáil do na scoileanna Gaeltachta agus na Gaelscoileanna.  Tá dhá dhuais buaite aici i gComórtas Liteartha an Oireachtais agus trí leabhar do dhaoine óga foilsithe aici.  Tá Dioplóma aici sa bPleanáil Teanga agus í gníomhach go deonach sa réimse seo le fada.  Faoi láthair tá sí i mbun staidéir ar an MA sa Léann Teanga le hOllscoil na hÉireann Gaillimh.