Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2022

Rhiann Flemming

Is as Co. an Chabháin do Rhiann Flemming. Bhain sí céim chéadonóracha amach i nGaeilge agus i Léann an Aistriúcháin ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2021.  Bronnadh Scoláireacht Mhic Dhonncha uirthi mar thoradh ar a cuid torthaí céime don bhliain acadúil 21/22. Tá sí ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair.  Tá dúil mhór aici i gcúrsaí aistriúcháin agus i ngramadach na Gaeilge. 

Andrew Garnett

Is as Cill Airne, Co. Chiarraí é Andrew. Bhain sé amach céim onóracha sa Staidéar Gnó ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, iarchéim sa bhunmhúinteoireacht ó Choláiste Mhuire Gan Smál agus Teastas i Scríobh na Gaeilge ó Ollscoil Mhá Nuad. Is i gCill Airne atá sé ag múineadh le níos mó ná deich mbliana anuas anois. Tá sé i mbun staidéir ar an MA sa Léann Teanga faoi láthair.

Shane McLoughlin

Is as Binn Éadair i mBaile Átha Cliath é Shane McLoughlin ó dhúchas.  Bhain sé bunchéim amach i Léann an Aistriúcháin agus i nGaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Bronnadh Scoláireacht Mhic Dhonncha air don bhliain acadúil 2021/22.  Tá sé fostaithe mar aistritheoir ag obair do Context.  Tá an-suim aige i gcanúintí na Gaeilge agus i nGaeilge na Gaeltachta.  Ba mhaith leis tuilleadh staidéir a dhéanamh ar an ábhar sin.  Tá sé i mbun staidéir ar MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga faoi láthair.

Dara Ó Conghaile

Is as Inis Meáin, Oileáin Árann ó dhúchas do Dhara Ó Conghaile.  Tá céim onóracha aige sna Dána: Gaeilge agus Stair, Ard-Dioplóma san Oideachas agus MA i dTeagasc Teangacha, ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Is iarmhúinteoir é.  Oibríonn sé mar státseirbhíseach sinsearach i Roinn an Oideachais.  Tá sé ar intinn aige obair aistriúcháin a dhéanamh amach anseo.  Tá sé i mbun staidéir ar an MA/Dioplóma Iarchéime sa Léann Teanga faoi láthair.