Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2023

Oisín Mac Giolla Bhríde

Is as Cill Mhantáin ó dhúchas é Oisín Mac Giolla Bhríde, ach tá sé ag cur faoi i lár Bhaile Átha Cliath le tamall de bhlianta anuas. Tá sé ag plé le hearnáil na Gaeilge ar feadh a shaoil oibre, agus faoi láthair tá sé fostaithe ag Foras na Gaeilge. Is minic a bhíonn Oisín i mbun ceardlanna ar an Hip Hap a stiúradh i scoileanna agus grúpaí óga na tíre agus turais stairiúla a threorú trí mheán na Gaeilge chomh maith. Is ceoltóir agus ealaíontóir é Oisín freisin, agus tá blianta caite aige ag gníomhú ar son na Gaeilge taobh amuigh de chúrsaí oibre. Tá an-suim aige i gcúrsaí na meán, ceol & filíocht, polaitíocht, stair, athneartú teanga agus canúintí stairiúla na Gaeilge. Tá Oisín ag tabhairt faoi MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair.

Cassie Ní Chatháin

Is as Carn Tóchair i nDeisceart Chontae Dhoire do Cassie Ní Chatháin. Bhain sí céim chéadonóracha amach sa Ghaeilge agus sa stair in Ollscoil na Gaillimhe. Bronnadh Scoláireacht Mhic Dhonncha uirthi don bhliain acadúil 2022/23 mar thoradh ar a cuid torthaí fochéime. Tá suim mhór aici i gcúrsaí pleanála teanga agus tá sí ag tabhairt faoin MA sa Léann Teanga faoi láthair.

Róisín Ní Cheallaigh

Is as Luimneach ó dhúchas í Róisín Ní Cheallaigh. Bhain sí bunchéim amach sa Trachtáil agus sa Fhraincis in Ollscoil na Gaillimhe agus ina dhiaidh sin bhain sí Ard-Dioplóma amach sa Ghaeilge Fheidhmeach agus san Aistriúchán in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh. Tá suim aici san aistriúchán agus sa teangeolaíocht. Chaith sí roinnt blianta ag obair mar phrofléitheoir ar dtús agus ansin mar aistritheoir. Tá sí i mbun staidéir ar an MA sa Léann Teanga in Ollscoil na Gaillimhe faoi láthair.