Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Nodaireacht Theangeolaíoch i WordPress | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Nodaireacht Theangeolaíoch i WordPress

Mícheál Mac Lochlainn

Achoimre

Sa lá atá inniu ann, is gnáthach go mbaintear úsáid as córacha ar líne, ar a nglaotar córais bainistíochta inneachair (CMSanna), chun láithreáin ghréasáin a chur suas agus a riaradh.  Um an dtaca seo, tosach 2017, meastar (W3Techs, gan dáta) gurb é WordPress an CMS is mó úsáid ar an nGréasán (58.4%) agus go bhfuil 27.3% de láithreáin ghréasáin trí chéile bunaithe air.  Cé gur féidir láithreán fónta a bhunú ar ásc lom WordPress, is féidir i bhfad níos mó a bhaint amach ach a fheidhm a leathnú le breiseáin.  Mír bhreise bogearra is ea breiseán, a chuireann sainfheidhm éigin leis an bpríomhbhogearra.                                       

Tá breiseán darb ainm Músgraí WYSIWYM WP cumtha agam féin d'fhonn feidhm shéimeantach a chur le WordPress, á chur ar a chumas brí shonrach shéimeantach a leabú, go leictreonach, sa téacs a scríobhtar i leathanaigh ghréasáin dá chuid.  Is féidir tairbhe a bhaint as an márcáil leictreonach a iompraíonn an bhrí seo chun cur i láthair an téacsa, idir fhísiúil agus neamhfhísiúil, a riaradh ar bhonn struchtúrtha, is an struchtúr sin comhbhainteach leis an mbrí.                         

Breiseán modúlach is ea Músgraí WYSIWYM WP.  Is féidir feidhm shéimeantach a bhaineann le haon sainfhearann a chur leis ach an modúl cuí a chumadh. Tá modúl fíorbhunúsach teangeolaíochta scríofa agam cheana féin ach ní chuireann sé seo le comhéadan WordPress ach mám bheag cnaipí chun an schwa is ceannlitir bheag I Laidine (i gcomhair eipintéise is an ghuta neodraigh) agus cúpla carachtar eile a iontráil sa téacs.                                                                                       

Tugann an páipéar seo léargas ar shíneadh amach mhodúil theangeolaíoch a bhfuil feidhm níos leithne aige, is a chuireann ar fáil don úsáideoir cnaipí chun réimse fairsing carachtar nodaireachta teangeolaíocha a iontráil sa téacs.  Carachtair aitheanta de chuid cleachtas aitheanta nodaireachta is ea iad seo go léir, agus iad scríofa de réir caighdeán aitheanta teicniúil.

Cúlra

WordPress agus TinyMCE

Córacha ilfhóinteacha is ea WordPress (wordpress.org, gan dáta a) agus TinyMCE (tinymce.com, gan dáta).  Ní mar shainuirlisí, i gcomhair na scríbhneoireachta teangeolaíche, a cumadh iad.  Dá réir sin, níl sé in aigne ag an údar locht a fháil ar cheachtar acu agus níor chóir don léitheoir a mhalairt tátail a bhaint as aon ní atá ráite sa pháipéar seo.                                                                                                  

Bogearra gréasánbhunaithe is ea WordPress.  Is é sin, ní ritheann sé ar ríomhaire pearsanta an úsáideora ach ar fhreastalaí gréasáin, agus é seo ar fáil don úsáideoir tríd an Idirlíon.  Foilsiú láithreán gréasáin an fheidhm atá aige.  Cuireann sé comhéadan grafach ar fáil do riarthóir an láithreáin chun an láithreán a chur suas is a shíneadh amach, is gan aon ghá le scil sna ríomhtheangacha ar a bhfuil láithreáin ghréasáin bunaithe.  (HTML (Hypertext Markup Language) mar shampla; an ríomhtheanga ina mbíonn leathanaigh ghréasáin á seachadadh go dtí an gléas léite.)                                                                                                                     

Baineann WordPress úsáid as bogearra tríú páirtí darb ainm TinyMCE chun eagarthóir físiúil an chomhéadain ghrafaigh seo a sholáthar (tinymce.com, gan dáta b).  Tá TinyMCE gléasta ag lucht forbartha WordPress chun foireann bheag córacha comónta, atá cosúil le leagan maolaithe d’fhoireann córacha Microsoft Word, a chur ar fáil don úsáideoir.  Mar sin féin, iad siúd a bhfuil an scil chuí acu, is féidir leo TinyMCE a ghléasadh chun an fhoireann seo a mhionathrú; chun bunchnaipí is bunroghanna a bhaint de nó chun cnaipí is roghanna sainfheidhme a chur léi (wordpress.org, gan dáta b).

WYSIWYG agus WYSIWYM

Is ann do pharaidím ar a nglaotar What You See Is What You Get (WYSIWYG; /wizi:wigʹ/) i gcúrsaí na ríomhaireachta.  Deimhníonn feidhm a chloíann léi seo gur mar an gcéanna iad i gcónaí cuma mhír faisnéise (téacs nó íomhá) ar scáileán agus a cuma ar an leagan clóite.  Tháinig teicneolaíochtaí WYSIWYG chun cinn sna 1980í, agus sna 1990í go háirithe, tráth go raibh an ríomhaireacht phearsanta á gnáthú i saol laethúil na ndaoine.  Bhí ciall leis seo go pointe, sa mhéid is go bhfuil radharc na súl ag formhór daoine, ach chothaigh sé deacrachtaí, a phléifear ar ball.  Paraidím fhísiúil is ea WYSIWYG.  De réir sainmhínithe, tá leabú brí séimeantaí lasmuigh dá cuimse.                                                                                                                                     

Ní hardán WYSIWIG é an Gréasán Domhanda, áfach (World Wide Web Consortium, 1999). Cuir i gcás an tslí go n‑athraíonn cuma láithreán gréasáin nua-aimseartha de réir mar a bhíonn siad á ndearcadh ar ghléasanna éagsúla – ríomhairí deisce, gléasanna boise is gutháin phóca – agus ar an leathanach clóite.  ‘Márcáileann’ HTML an fhaisnéis atá ar leathanaigh ghréasáin le clibeanna a iompraíonn brí chinnte, shonrach, shéimeantach.  I riocht lúibín uilleach-aitheantóir-lúibín uilleach a bhíonn clibeanna HTML: <p> i gcomhair alt, <q> i gcomhair athfhriotail agus mar sin de…  Bíonn péire acu le chéile de ghnáth; ceann oscailte agus ceann dúnta: <p><q>min ar fad</q> a dúirt sé</p>. Ní leis an gcuma atá ar an bhfaisnéis go mbaineann na clibeanna seo (a cur i láthair) ach lena struchtúr loighciúil (a bhfuil ann).  Rud docht is ea an struchtúr loighciúil ach rud so-athraithe is ea an cur i láthair.                                                                                  

Is ann do pharaidím eile, ar a nglaotar What You See Is What You Mean (WYSIWYM; /wizi:wimʹ/).  Leabú brí séimeantaí i dtéacs leictreonach príomhchuspóir na paraidíme seo.  Ní thugtar neamhaird ar chur i láthair na faisnéise áfach, ach a mhalairt.  Ní bhrúann WYSIWYM aon chuma shocraithe ar an bhfaisnéis.  Ceadaíonn sé úsáid teicneolaíochta eile, go nglaotar CSS (Cascading Style Sheets) uirthi, chun cur i láthair na faisnéise a riaradh de réir a cuid struchtúr loighciúil; á chur in oiriúint go seasmhach, de réir mar is cuí, don ardán seachadta.

Cur i gcrích pharaidím WYSIWYM

Go hachomair, tá dhá shlí chun paraidím WYSIWYM a chur i gcrích ar cháipéisí gréasáin. 

Úsáid saincharachtair nuair is cuí.  Tá na mílte carachtar téacs ar fáil le n‑úsáid ar ríomhchórais nua-aimseartha, agus brí chinnte, shonrach, shéimeantach le han‑chuid acu.  Mar shampla:

  • In ionad an ghnáthfhleiscín (-) a chlóscríobh i gcónaí tá réimse daiseanna ann, agus úsáid shonrach ag baint leo: dais‑n (), chun réimsí uimhriúla a léiriú; dais‑m (), le húsáid in ionad lúibíní nó leathstadanna; fleiscín neamhbhriseach (), le húsáid nuair is aonad í sraith éigin téacs agus nár chóir go mbrisfí í thar dhá líne (rudaí le nithe, le nól, an tord mór) agus mar sin de…
  • In ionad gnáth-uaschamóg dúbailte is singil (" agus ' nó ” agus ’) a chlóscríobh mar tháscaire orlaí is troithe, is fearr an príomha dúbailte is singil ( agus ) a úsáid.
  • In ionad trí lánstad scoite (...) a chlóscríobh chun tabhairt le fios go bhfuil cuid den téacs ar lár, is fearr an focalbhá (…) a úsáid.

Úsáid an chlib HTML chuí.  Tá réimse fairsing clibeanna ar fáil i gcaighdeán HTML, agus brí chinnte, shonrach, shéimeantach leo go léir. Mar shampla:

  • In ionad cuma cheannteidil a chur ar ghnáth-théacs ailt (<p>), á ghléasadh le cló trom, folíne, méadú srl…, úsáidtear an chlib chuí: <h1> (ceannteideal leibhéil 1), <h2> (ceannteideal leibhéil 2), <h3> (ceannteideal leibhéil 3) agus mar sin de…
  • In ionad an cló iodálach a chur ar mhír téacsa leis an gclib <i>, a chiallaíonn ‘iodálach’ ach a thugann le fios go bhfuil an chuid sin den téacs scoite amach de bheagán, go séimeantach, ón gcuid eile de (Studholme, 2010), úsáidtear clib a bhfuil brí níos beaichte léi: <em> chun béim a chur uirthi, <cite> chun tabhairt le fios gur lua foinse í agus mar sin de…
  • In ionad athfhriotal a mhárcáil le huaschamóga, márcáiltear é leis an gclib <q>, a thugann le fios go sonrach gur athfhriotal atá ann.

Buntáistí pharaidím WYSIWYM

Ní cur chuige teicniúil ar son chur chuige theicniúil é WYSIWYM.  Go hachomair, tá dhá phríomhbhuntáiste phraiticiúla ag baint leis.                                                                                                                      

Teicneolaíochtaí cúnta: Braitheann na daill ar fhearas speisialaithe, sintéiseoirí urlabhra go háirithe, chun tairbhe a bhaint as an nGréasán Domhanda.  Cuireann HTML drochscríofa, a bhfuil dul WYSIWYG air, deacrachtaí rompu seo; deacrachtaí do-sháraithe ar uairibh.  Ar an taobh eile den scéal, is féidir leis an bhfearas seo tairbhe a bhaint as márcáil dhea-chumtha, shéimeantach HTML, a bhfuil mianach WYSIWYM ann, chun prosóid a nglórtha tacair a shaibhriú.  Cuir i gcás an sampla simplí seo:

Cé a bhí ag léamh Niamh ach Niamh?

Léitheoirí daonna, a bhfuil radharc na súl agus eolas ginearálta maith acu, bheifí ag súil leis go dtuigfidís dhá rud gan mórán stró: gur teideal obair éigin scríofa é an chéad ‘Niamh’, á thabhairt amach ag an gcainteoir i nglór atá cuibheasach neodrach; agus gur bean éigin í an dara ‘Niamh’, a bhfuil béim á cur ag an gcainteoir ar a hainm.  Ach ní hamháin go bhfuil na tuiscintí seo spleách ar eolas a bheith ag na léitheoirí ar chleachtais chlóghrafacha; ní foláir radharc a bheith acu ar an scáileán.  Níl radharc ag sintéiseoirí urlabhra ar aon rud.  Léann siad an mhárcáil lom HTML go leictreonach agus níl acu ach í chun meabhair a bhaint as an téacs, d’fhonn é a léamh amach i nglór sásúil.  Cuir i gcás an sampla céanna, á léiriú i HTML neamhshéimeantach WYSIWYG:

<p>Cé a bhí ag léamh <i>Niamh</i> ach <i>Niamh</i>?</p>

Léireofar an dá ‘Niamh’ i gcló iodálach ar scáileán de thoradh an HTML seo ach, de dheasca úsáid na clibe <i> sa dá chás, níl aon idirdhealú séimeantach déanta eatarthu.  Ní bheidh a fhios ag sintéiseoirí urlabhra go bhfuil béim le cur ar an dara ‘Niamh’ agus ní bheidh a fhios acu nach bhfuil béim le cur ar an gcéad cheann ach an oiread.  Cuir é seo i gcomparáid le HTML séimeantach WYSIWYM:

<p>Cé a bhí ag léamh <cite>Niamh</cite> ach <em>Niamh</em>?</p>

Léireofar an dá ‘Niamh’ i gcló iodálach ar scáileán i gcónaí ach anois, de bharr úsáid na gclibeanna cuí, <cite> agus <em>, beidh a fhios ag sintéiseoirí urlabhra gur ar an dara ‘Niamh’ amháin atá béim le cur agus beidh siad i gcumas prosóid a nglórtha a ghléasadh dá réir.                  

Aisghabháil agus mianadóireacht sonraí: Dá mhéid faisnéis a stóráiltear sa bhfearann leictreonach, an Gréasán san áireamh, is ea is deacra a bhíonn sé an fhaisnéis sin a ionramháil is a scagadh d’fhonn míreanna úsáideacha faisnéise a bhaint as.  Eolaíocht inti féin is ea aisghabháil sonraí ó thacair shonraí neamhstruchtúrtha, nach bhfuil aon ghné shéimeantach ag baint leo.  Go deimhin, tá obair an-soifisticiúil déanta ag leithéidí Google i ngort an chuardaigh ach tá an-chuid airgid acu chun chaitheamh uirthi.  Mar sin féin, ní cúis ar bith é cumhacht áiseanna nua-aimseartha chuardaigh gan meiteashonraí séimeantacha a chur le cáipéisí leictreonacha ón tosach.  Dá mhéid faisnéis shéimeantach atá fite-fuaite le príomhthéacs láithreán gréasáin, is ea is éifeachtaí a bheidh áiseanna cuardaigh.  Chun an sampla a tugadh cheana a shíneadh, is i bhfad níos éasca atá sé gach tagairt d’oibreacha cruthaitheacha a aimsiú i márcáil shéimeantach…

<p>A <em>Niamh</em>, léigh <cite>Niamh</cite>. A <em>Shéadna</em>, léigh <cite>Séadna</cite>. A <em>Sheáin</em>… féach ar <cite>Game of Thrones</cite>.</p>

…ná mar atá sé i márcáil neamhshéimeantach:

<p>A <i>Niamh</i>, léigh <i>Niamh</i>. A <i>Shéadna</i>, léigh <i>Séadna</i>. A <i>Sheáin</i>... féach ar <i>Game of Thrones</i>.</p>

WordPress agus márcáil shéimeantach

Bíonn lorg WYSIWYG ar an márcáil a scríobhann WordPress faraor. Ina theannta sin, is amhlaidh go mbaineann sé mí-úsáid as na clibeanna HTML <em> agus <strong> chun cló iodálach agus cló trom a chur ar théacs, beag beann ar an mbrí atá in ainm is a bheith á hiompar ag an ngléasadh sin.  Cuirtear as do shláine shéimeantach leathanach gréasáin de chuid WordPress dá dheasca. (Mac Lochlainn, 2015).

Músgraí WYSIWYM WP

Is féidir smacht a bhreith ar fheidhm TinyMCE i WordPress, á mionathrú chun go gcloí sí go docht le paraidím WYSIWYM.  Is chuige sin a cumadh an breiseán Músgraí WYSIWYM WP (Mac Lochlainn, 2016a).  Baineann sé seo de chomhéadan TinyMCE na cnaipí agus roghanna a bhfuil feidhm neamhshéimeantach acu, nó a chuireann feidhm amhrasach shéimeantach i gcrích (Figiúr 1), agus fágann sé ann na cinn a bhfuil feidhm fhónta shéimeantach acu (Figiúr 2).

Figiúr 1

Figiúr 2

Dá mba í feidhm Mhúsgraí WYSIWYM WP ina hiomláine, d’fhéadfaí an comhéadan mionathraithe a úsáid chun láithreán maith séimeantach ilmheán a riaradh i gcónaí.  Feidhm maidir le cló iodálach agus cló trom an t‑aon easpa shuntasach a bheadh ann.                                                                           

Ní thugann an breiseán neamhaird uirthi seo áfach.  Cuireann sé roghchlár anuas leis an gcomhéadan (Figiúr 3), a thugann deis don úsáideoir téacs a fhormáidiú le cló iodálach nó le cló trom, agus brí oiriúnach shéimeantach ar iompar acu.  Marcáileann sé an téacs leis an gclib chuí d’fhonn é seo a dhéanamh: béim (<em>), aibhsiú (<mark>), athfhriotal (<q>), lua (<cite>), tábhachtach (<strong>), tarraingt airde (<b>) srl…

Figiúr 2

Aonáin HTML

Cé go bhfuil an scéal ag dul i bhfeabhas de réir a chéile, níl ar chumas gach ríomhchóras carachtair téacs nach mbaineann le haibítir bhunúsach an Bhéarla a láimhseáil.  Tá níos mó ná aon chaighdeán amháin ann chun tacair carachtair a bhainistiú agus ní réitíonn córais a chloíann le caighdeáin éagsúla lena chéile i gcónaí.  Is minic go dtruaillítear saincharachtair neamhchomónta agus carachtair aibítre a bhfuil comharthaí idirdhealaitheacha orthu dá dheasca seo.  Cuireann caighdeán HTML cóir ar a nglaotar ‘aonáin charachtar’ ar fáil mar leathleigheas ar an deacracht seo.  Sraith ghearr téacs is ea aonán, a léiríonn carachtar sonrach éigin.  Ní bhíonn sa tsraith seo ach carachtair uimhriúla nó litreacha a bhaineann le haibítir bhunúsach an Bhéarla.  Is é an t‑aonán a scríobhtar sa mhárcáil ach is é an carachtar comhbhainteach a nochtann ar scáileán.                                                                               

I riocht amparsan-cód-leathstad a bhíonn aonáin.  Mar shampla, léiríonn an t‑aonán &#233; mionlitir é.  Tá aonáin úsáideach, mar chosaint ar thruailliú, chun carachtair i dteangacha idirnáisiúnta a scríobh ar leathanaigh ghréasáin.  Scríobhann Músgraí WYSIWYM WP aonáin HTML sa mhárcáil nuair is iad is oiriúnaí chun brí shéimeantach a iompar (Mac Lochlainn, 2016b); iontráil saincharachtar sa chló Gaelach mar shampla (Figiúr 4).

 

Figiúr 4

Modúl teangeolaíoch Mhúsgraí WYSIWYM WP

Cuireann an modúl seo roghachlár anuas le TinyMCE, agus cnaipí air d’fhonn saincharachtair a bhaineann le nodaireacht fhoirmeálta na teangeolaíochta a iontráil.

Iarbhreithniú ar luathleaganacha

Ní raibh ach dhá charachtar ag an gcéad leagan den mhodúl: an guta lárnach neamhchruinn (siombail 322 den Aibítir Idirnáisiúnta Foghraíochta (AIF); á léiriú ag ə, an schwa) agus an guta neas-ghar neas-tosaigh neamhchruinn (AIF 319; á léiriú ag ɪ, an cheannlitir bheag Laidine I) (Figiúr 5).  Forbraíodh é seo de bheagán don dara leagan de. Cuireadh ɩ leis, an mhionlitir Laidine ióta, mar rogha i gcomhair AIF 319.  Ina theannta sin, cuireadh leis an guta oscailte tosaigh neamhchruinn (AIF 304; á léiriú ag a, an mhionlitir dhá stór Laidine a) agus an guta oscailte cúil neamhchruinn (AIF 305; á léiriú ag ɑ, an mhionlitir aon stór Laidine ɑ, ar a nglaotar alfa Laidinea scripte ar uairibh).

Figiúr 5

Struchtúrú chreat an leagain nua den mhodúl

Forbairt shuntasach ar an modúl seo aidhm na hoibre reatha, á leathnú chun go gcuirfidh sé foirne iomlána, úsáideacha saincharachtar nodaireachta ar fáil dóibh siúd atá ag saothrú i ngoirt na ríomhaireachta agus na teangeolaíochta agus ar mian leo WordPress a úsáid mar ardán cáipéisíochta / foilsitheoireachta.  ‘Foirne’ seachas ‘foireann’, mar ní foláir glacadh leis go bhfuil réimse cleachtas nodaireachta in úsáid sa ghort seo le fada an lá, agus go bhfuil a lorg sin le feiceáil sa chorpas.  Tá nodaireacht na hAibítre Idirnáisiúnta Foghraíochta ann gan dabht ach tá sé de bhéas stairiúil ag scoláirí teangeolaíochta in Éirinn úsáid a bhaint as cleachtais nodaireachta atá cosúil léi sin, agus lena chéile, ach nach dtagann go hiomlán léi, lena chéile (Wikipedia, gan dáta a).  Spreag an réimse cleachtas nodaireachta seo ceist: cad iad na cinn is cóir a chur leis an gcéad leagan eile den mhodúl?                                                                                                                           

Ní raibh aon dabht ach go mba chóir seasamh le leagan éigin den chleachtas Éireannach.  Roghnaíodh an cleachtas a d’úsáid Institiúid Teangeolaíochta Éireann (ITÉ) i bhfoilseacháin a bhaineann leis an lárchanúint (Ó Baoill, 1986a; Ó Baoill, 1986b) ach leathnaíodh de bheagán é leis an mám bheag carachtar a chuireann an modúl ar fáil cheana.  Roghnaíodh an cleachtas seo ar an mbunús go bhfuil sé in úsáid go forleathan in Éirinn i gcónaí agus go bhfuil roinnt mhaith de i gcomhroinn le cleachtais Éireannacha eile.  Leathnaíodh é d’fhonn páirt-tacaíocht a thabhairt do na cleachtais eile seo.                                                                                         

Measadh go mba chóir seasamh le cleachtas an AIF leis, ó úsáidtear go hidirnáisiúnta é. Mar sin féin, is léir go bhfuil méid áirithe easaontais i measc lucht a úsáidte i leith gnéithe den chleachtas agus de phrionsabail na teangeolaíochta féin (Wells, 2001; University of Pennsylvania, gan dáta; Wikipedia, gan dáta b).  Mar chomhréiteach, agus cé gur tugadh léargas ar nodaireacht an AIF in An Foclóir Póca (An Gúm, 1986: xiv), socraíodh go gcloífí le cleachtas na Vicipéide i leith a húsáide (Wikipedia, gan dáta a).  Roghnaíodh an cleachtas seo, a léiríonn éagsúlachtaí suntasacha ó leagan An Foclóir Póca, ar an mbunús gur foilseachán reatha í an Vicipéid, go bhfuil sí tagtha go mór chun cinn mar fhoinse tagartha, gur acmhainn gréasánbhunaithe í agus go bhfuil lucht léite suntasach aici.                                                                                          

Is féidir go gcuirfear tuilleadh cleachtas nodaireachta leis an modúl amach san aimsir; an cleachtas a d’úsáid Ó Raghallaigh (2014a, 2014b) mar shampla.

An Nodaireacht Éireannach (ITÉ méadaithe)

Consain

fuaim

an bhraisle aonán HTML

leathan

caol

an stop carballaithe déliopach glórach

&#98;&#8242;

 

b′

an stop coguasaithe déliopach glórach

&#98;

b

 

an stop carballaithe ailbheolach glórach

&#100;&#8242;

 

d′

an stop coguasaithe déadach glórach

&#100;

d

 

an achuimilteachiar-ailbheolach glórach1

&#100;&#8242;&#122;&#8242;

 

d′z′

an cuimilteach carballaithe liopadhéadach neamhghlórach

&#102;&#8242;

 

f′

an cuimilteach coguasaithe liopadhéadach neamhghlórach

&#102;

f

 

an stop carballach glórach

&#609;&#8242;

 

ɡ′

an stop coguasach glórach

&#609;

ɡ

 

an cuimilteach carballach glórach

&#611;&#8242;

 

ɣ′

an cuimilteach coguasach glórach

&#611;

ɣ

 

an cuimilteach glotach neamhghlórach

&#104;

h

an stop carballach neamhghlórach

&#107;&#8242;

 

k′

an stop coguasach neamhghlórach

&#107;

k

 

an neasach taobhach carballaithe ailbheolach2

&#108;&#8242;

 

l′

an neasach taobhach coguasaithe déadach2

&#108;

l

 

an srónach carballaithe déliopach

&#109;&#8242;

 

m′

an srónach coguasaithe déliopach

&#109;

m

 

an srónach carballaithe ailbheolach2

&#110;&#8242;

 

n′

an srónach coguasaithe déadach2

&#110;

n

 

an srónach carballach

&#331;&#8242;

 

ŋ′

an srónach coguasach

&#331;

ŋ

 

an stop carballaithe déliopach glórach

&#112;&#8242;

 

p′

an stop coguasaithe déliopach glórach

&#112;

p

 

an cnag carballaithe ailbheol-charballach

&#114;&#8242;

 

r′

an cnag coguasaithe ailbheolach

&#114;

r

 

an siosach ailbheol-charballach neamhghlórach

&#115;&#8242;

 

s′

an siosach ailbheolach neamhghlórach

&#115;

s

 

an stop ailbheolach neamhghlórach

&#116;&#8242;

 

t′

an stop déadach neamhghlórach

&#116;

t

 

an achuimilteach carba-ailbheolach neamhghlórach1

&#116;&#8242;&#115;&#8242;

 

t′s′

an cuimilteach carballaithe liopadhéadach glórach

&#118;&#8242;

 

v′

an cuimilteach coguasaithe liopadhéadach glórach

&#118;

v

 

an neasach liopachoguasach glórach

&#119;

w

 

an cuimilteach carballach neamhghlórach

&#120;&#8242;

 

x′

an cuimilteach coguasach neamhghlórach

&#120;

x

 

an siosach carba-ailbheolach glórach1

&#122;&#8242;

 

z′

an siosach ailbheolach glórach1

&#122;

z

 

Nótaí mar gheall ar nodaireacht consan

1 Fuaimeanna a ceadaíodh sa lárchanúint chun freastail ar fhocail iasachta.

2 Cuimsíonn na siombailí atá comhbhainteach leis na fuaimeanna seo réimse fuaimeanna gaolmhara a bhfuil aitheantas acu san AIF mar fhuaimeanna éagsúla. Toradh is ea an simpliú seo ar an ngearradh siar a deineadh sa lárchanúint ar roinnt de na contrárthachtaí idir saghsanna éagsúla ‘l’-anna, ‘n’-anna agus ‘r’-anna atá ar fáil i gcanúintí Chonnachta agus Chúige Uladh (Ó Baoill, 1986b: 9).

Gutaí

fuaim

an bhraisle aonán HTML

an tsiombail

an guta oscailte cúil neamhchruinn1

&#593;

ɑ

an guta oscailte cúil neamhchruinn fada1

&#593;&#58;

ɑ:

an guta oscailte tosaigh neamhchruinn

&#97;

a

an guta oscailte tosaigh neamhchruinn fada

&#97;&#58;

a:

an guta láir-oscailte tosaigh neamhchruinn

&#101;

e

an guta láir-ghar tosaigh neamhchruinn fada

&#101;&#58;

e:

an guta neas-ghar neas-tosaigh neamhchruinn

&#105;

i

an guta gar tosaigh neamhchruinn fada

&#105;&#58;

i:

an guta láir-oscailte cúil cruinn

&#111;

o

an guta láir-ghar cúil cruinn fada

&#111;&#58;

o:

an guta neas-ghar neas-chúil cruinn

&#117;

u

an guta gar cúil cruinn fada

&#117;&#58;

u:

an guta lárnach neamhchruinn

&#601;

ə

an guta neas-ghar neas-tosaigh neamhchruinn2

&#618;

ɪ

Nótaí mar gheall ar nodaireacht gutaí

Idirstad is ea an tsiombail : (HTML &#58;). Léiríonn sí fadú gutaí. marc faid (ː) í.

1 Chun idirdhealú sonrach a dhéanamh idir gutaí cairdinéalta 4 is 5. Ní bunsiombail de chuid chleachtas ITÉ í seo.

2 Chun eipintéis a bhfuil mianach caol inti a léiriú go sonrach. Ní bunsiombail de chuid chleachtas ITÉ í seo.

Défhoghair

 

an bhraisle aonán HTML

an tsiombail

 

&#97;&#105;

ai

 

&#97;&#117;

au

 

&#105;&#601;

 

&#117;&#601;

Nodaireacht an AIF (cleachtas na Vicipéide)

NB: Déanann nodaireacht an AIF, agus paraidím WYSIWYM dá réir, idirdhealú dianbheacht idir carachtair atá cosúil lena chéile go físiúil ach a bhfuil bríonna sonracha éagsúla leo. Dhá charachtar éagsúla iad g (mionlitir Laidine g) agus ɡ (mionlitir Laidine g scripte) mar shampla. Dhá charachtar éagsúla iad ɣ (mionlitir Laidine gáma) agus ˠ (litir mhionathraithe gáma beag) leis. Is lena léiriú i gclónna áirithe amháin go mbaineann an chosúlacht seo de ghnáth. Aithníonn an cleachtas nodaireachta – agus an ríomhaire – an difear i gcónaí áfach.

Consain

fuaim

AIF

an bhraisle aonán HTML

leathan

caol

an stop carballaithe déliopach glórach

102

&#98;&#690;

 

an stop coguasaithe déliopach glórach

102

&#98;&#736;

 

an stop ailbheolach carballaithe glórach1

104

&#100;&#690;

 

an stop déadach ailbheolach glórach2

104

&#100;&#810;&#736;

d̪ˠ

 

an cuimilteach carballaithe liopadhéadach neamhghlórach

128

&#102;&#690;

 

an cuimilteach coguasaithe liopadhéadach neamhghlórach

128

&#102;&#736;

 

an stop carballach glórach

108

&#607;

 

ɟ

an stop coguasach glórach

110

&#609;

ɡ

 

an neasach carballach glórach

153

&#106;

 

j

an cuimilteach coguasach glórach

141

&#611;

ɣ

 

an cuimilteach glotach neamhghlórach

146

&#104;

h

an stop carballach neamhghlórach

107

&#99;

 

c

an stop coguasach neamhghlórach

109

&#107;

k

 

an neasach taobhach ailbheol-charballach3

155

&#108;&#800;&#690;

 

l̠ʲ

an neasach coguasaithe déadach taobhach2

209

&#108;&#810;&#736;

l̪ˠ

 

an neasach carballaithe ailbheolach taobhach

155

&#108;&#690;

 

an neasach coguasaithe ailbheolach taobhach

155

&#108;&#736;

 

an srónach déliopach carballaithe

114

&#109;&#690;

 

an srónach déliopach coguasaithe

114

&#109;&#736;

 

an srónach ailbheol-charballach3

116

&#110;&#800;&#690;

 

n̠ʲ

an srónach coguasaithe déadach / déada-ailbheolach2

116

&#110;&#810;&#736;

n̪ˠ

 

an srónach carballaithe ailbheolach

116

&#110;&#690;

 

an srónach coguasaithe ailbheolach

116

&#110;&#736;

 

an srónach carballach / coguasa-charballach

118

&#626;

 

ɲ

an srónach coguasach

119

&#331;

ŋ

 

an stop déliopach carballaithe neamhghlórach

101

&#112;&#690;

 

an stop déliopach coguasaithe neamhghlórach

101

&#112;&#736;

 

an cnag carballaithe ailbheol-charballach

124

&#638;&#690;

 

ɾʲ

an cnag coguasaithe ailbheolach

124

&#638;&#736;

ɾˠ

 

an siosach carba-ailbheolach neamhghlórach

134

&#643;

 

ʃ

an siosach ailbheolach neamhghlórach

132

&#115;&#736;

 

an stop ailbheolach neamhghlórach

103

&#116;&#690;

 

an stop déadach neamhghlórach2

103

&#116;&#810;&#736;

t̪ˠ

 

an cuimilteach carballaithe liopadhéadach glórach

129

&#118;&#690;

 

an cuimilteach coguasaithe liopadhéadach glórach

129

&#118;&#736;

 

an neasach liopa-choguasach glórach

170

&#119;

w

 

an cuimilteach carballach neamhghlórach

138

&#231;

 

ç

an cuimilteach coguasach neamhghlórach

140

&#120;

x

 

Nótaí mar gheall ar nodaireacht consan

Litir mhionathraithe j beag (carballú) is ea an tsiombail ʲ (&#690;).

Litir mhionathraithe gáma beag (coguasú) is ea an tsiombail ˠ (&#736;).

1 Níor aimsíodh aon rud i gcáipéisí na Vicipéide (Wikipedia gan dáta a; gan dáta b) a phléann, go sonrach, an difear idir an fhuaim seo agus d̪ˠ.

2 Tá an tsiombail AIF á cáiliú ag an ndroichead teaglama thíos, an tsiombail AIF a léiríonn consain dhéadacha, atá lonnaithe díreach ina diaidh. Tá sé i nádúr carachtar teaglama iad féin a chumasc leis an gcarachtar a thagann rompu i sraith an téacs. Aon charachtar amháin de facto atá fágtha dá thoradh seo.

3 Tá an tsiombail AIF á cáiliú ag an gcomhartha lúide teaglama thíos, an tsiombail AIF i gcomhair urlabhraíochta aistarraingte, atá lonnaithe díreach ina diaidh. Aon charachtar amháin, de facto, an toradh.

Gutaí

fuaim

AIF

an bhraisle aonán HTML

an tsiombail

an guta oscailte tosaigh neamhchruinn

304

&#97;

a

an guta oscailte tosaigh neamhchruinn fada

304

&#97;&#720;

an guta láir-oscailte tosaigh neamhchruinn

303

&#603;

ɛ

an guta láir-ghar tosaigh neamhchruinn fada

302

&#101;&#720;

an guta neas-ghar neas-tosaigh neamhchruinn

319

&#618;

ɪ

an guta gar-tosaigh neamhchruinn fada

301

&#105;&#720;

an guta láir-oscailte cúil cruinn

306

&#596;

ɔ

an guta láir-ghar cúil cruinn fada

307

&#111;&#720;

an guta neas-ghar neas-chúil cruinn

321

&#650;

ʊ

an guta gar cúil cruinn fada

308

&#117;&#720;

an guta lárnach neamhchruinn

322

&#601;

ə

Nótaí mar gheall ar nodaireacht gutaí

Marc faid is ea an tsiombail ː (AIF 503 / HTML &#720;). Léiríonn sí fadú gutaí. hidirstad (:) í.

Défhoghair

 

AIF

an bhraisle aonán HTML

an tsiombail

 

301 322

&#105;&#601;

 

308 322

&#117;&#601;

 

322 301

&#601;&#105;

əi

 

322 308

&#601;&#117;

əu

Siombailí eile nodaireachta

feidhm na siombaile

an tsiombail

Príomha (táscaire carballaithe sa chóras Éireannach).
huaschamóg shingil (') í seo.

(HTML &#8242;)

Béim phríomhúil (fortheascánach).
huaschamóg shingil (') í seo.

ˈ (AIF 501 / HTML &#712;)

Béim thánaisteach (fortheascánach).
camóg (,) í seo.

ˌ (AIF 502; HTML &#716;)

Solidus.
Nodaireacht fhóinéimeach.

/ (HTML &#47;)

Lúibín chearnach oscailte.
Nodaireacht foghraíochta / allafónach.

[ (HTML &#91;)

Lúibín chearnach dhúinte.
Nodaireacht foghraíochta / allafónach.

] (HTML &#93;)

Nóta mar gheall ar na siombailí seo

Cé go bhfuil an solidus ar fáil go saoráideach ar mhéarchlár an ríomhaire, measadh go mba chóir é a chur le tacar carachtar an bhreiseáin. Cuireann an ríomhaire ceithre charachtar (tul)slaise ar fáil, a bhfuil an chuma ghinearálta chéanna orthu ach a bhfuil brí shéimeantach éagsúil acu: an tslais chodáin (    HTML &#8260;), an tslais roinnte (    HTML &#8725;), solidus lánleithid (    HTML &#65295;) agus an solidus féin. Chuirfí as do shláine shéimeantach an téacs dá n‑iontráilfí an ceann mí-cheart acu. Deimhníonn an breiseán go bhfuil fáil ag an úsáideoir ar an gcarachtar ceart i gcónaí. Cé go bhfuil lúibíní cearnacha ar fáil go saoráideach ar mhéarchlár an ríomhaire, agus gur furasta iad a aithint ó lúibíní eile, cuireadh le tacar carachtar an bhreiseáin iad ar aon chuma d’fhonn bunfhoireann iomlán siombailí ginearálta nodaireachta a sholáthar.

Forbhreithniú ar an leagan nua den mhodúl

Roghnú carachtar

Cuireadh trí cinn d’fho-roghchláir le roghchlár anuas an mhodúil nua: an cleachtas Éireannach, cleachtas an AIF agus ‘siombailí eile’ (Figiúr 6).  Líonadh iad seo le siombailí a tugadh sna táblaí, thuas, de réir mar is cuí.

Toisc gur gnáthlitreacha Laidine iad formhór na siombailí a úsáidtear sa chleachtas Éireannach, níor cuireadh leis an gcéad fho-roghchlár ach an mám bheag carachtar dá chuid nach féidir a fháil go saoráideach ar mhéarchlár caighdeánach ríomhaire.  Tá siombail an phríomha, a tugadh sa tábla ‘siombailí eile nodaireachta’, thuas, san áireamh seo.

Ós amhlaidh gur saincharachtair iad roinnt mhaith de na siombailí i gcleachtas an AIF, cuireadh an tacar siombailí sin leis an dara fo-roghchlár ina iomláine.                                                                    

Na siombailí a tugadh sa tábla ‘siombailí eile nodaireachta’, ach an príomha, a cuireadh leis an tríú fo-roghchlár.

An modúil in úsáid go praiticiúil

Léiríonn Figiúr 6 gabháil scáileáin den mhodúl uasghrádaithe á úsáid chun sraith fogharscríbhinne a iontráil i radharc eagarthóireachta WordPress, mar a bheadh sé á fheiceáil ag an scríbhneoir.        

Léiríonn Figiúr 7 gabháil scáileáin den téacs céanna i radharc poiblí an leathanaigh, mar a bheadh sé á fheiceáil ag cuairteoirí go dtí an láithreán.                                                                                                    

Léiríonn Figiúr 8 gabháil scáileáin de mharcáil shéimeantach HTML an leathanaigh, mar a bheadh sí á fheiceáil ag an ngléas léite.

 

Figiúr 6

Figiúr 7

Figiúr 8

Teorainneacha maidir le saincharachtair ar an nGréasán

Cloíann an modúl seo go docht daingean le caighdeáin chuí theicniúla chun na saincharachtair theangeolaíocha seo a léiriú ar leathanaigh ghréasáin. Ba chóir aird a tharraingt ar dheacracht bheag a bhaineann leis seo áfach: is iomaí cló nach soláthraíonn carachtair dá saghas seo.  Muna bhfuil fáil ag ríomhaire an léitheora ar chló a bhfuil na carachtair seo aige, ní nochtfaidh siad ar scáileán. Deacracht aitheanta ghinearálta is ea é seo: is gnáthach foláireamh mar gheall air ar leathanaigh de chuid na Vicipéide a bhfuil saincharachtair orthu.                                                                                                                               

Mar sin féin, is fada ó aontaíodh caighdeáin theicniúla mar gheall ar léiriú tacar saibhre carachtar ar scáileáin ríomhairí agus cé nach gcloíann gach ríomhchóras leis na caighdeáin seo fós, tá an scéal ag dul i bhfeabhas de réir a chéile.  Dálta na Vicipéide, ba chóir go mbeadh formhór cuairteoirí go láithreán a úsáideann an modúl seo in ann na saincharachtair teangeolaíochta a fheiceáil gan aon deacracht, ach ríomhaire (nó gléas boise) réasúnta nua-aimseartha a bheith acu.

Leabharliosta: 

Leabhair

An Gúm, (1986) An Foclóir Póca. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Baoill, D.P., (1986a) Lárchanúint don Ghaeilge; Téip Léirithe. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Baoill, D.P., (1986b) Lárchanúint don Ghaeilge; Tuarascáil Taighde. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Raghallaigh, B., (2014a) Fuaimeanna na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ailt

Mac Lochlainn, M., (2015) ‘Músgraí WYSIWYM WP: a Simple Plug-in to Add Semantically Meaningful Functionality to the Graphical Editor of the WordPress CMS, with Emphasis on Digitally Archiving Irish and Scottish Gaelic Texts’ in New Review of Information Networking, vol. 20, no. 1-2, December. 137-48. Abingdon: Taylor & Francis.

Mac Lochlainn, M., (2016b). ‘Insular Celtic Language Mark-up in WordPress’. Celtic Language Technology Workshop, 23rd French Conference on Natural Language Processing, Institut national des langues et civilisations orientales, Páras, An Fhrainc.

Foinsí leictreonacha

Mac Lochlainn, M. (2016a) ‘Músgraí WYSIWYM WP 2 — Add Semantic Functionality to the WordPress Graphical Text Editor’. Le fáil ag http://www.gaoluinn.com/teic/bogearra/músgraí-wysiwym-wp-2/index.en/ (Sroiste 28 Feabhra 2017).

Mac Lochlainn, M. (2016a) Gaoluinn. Le fáil ag http://www.gaoluinn.com/ (Sroiste 28 Feabhra 2017).

Ó Raghallaigh, B. (2014b). Fuaimeanna na Gaeilge. Le fáil ag http://www.fuaimeanna.ie/. (Sroiste 27 Eanáir 2017).

Studholme, S. (2010). The i, b, em, &amp; strong elements. Le fáil ag http://html5doctor.com/i-b-em-strong-element/ (Sroiste 28 Márta 2017).

tinymce.com. (gan dáta). TinyMCE. Le fáil ag http://www.tinymce.com. (Sroiste 10 Eanáir 2017).

University of Pennsylvania (gan dáta) Phonetic symbols. Le fáil ag http://www.ling.upenn.edu/courses/Fall_2014/ling115/phonetics.html/ (Sroiste 15 Eanáir 2017).

W3techs (gan dáta) Usage of content management systems for websites. Le fáil ag https://w3techs.com/technologies/overview/content_management/all/ (Sroiste 10 Eanáir 2017].

Wells, J. C. (2001). IPA transcription Systems for English. Le fáil ag http://www.phon.ucl.ac.uk/home/wells/ipa-english-uni.htm. (Sroiste 15 Eanáir 2017).

Wikipedia. (gan dáta a). Help: IPA for Irish. Le fáil ag https://en.wikipedia.org/wiki/Help:IPA_for_Irish. (Sroiste 19 Eanáir 2017).

Wikipedia. (gan dáta b). Semivowel. Le  fáil ag https://en.wikipedia.org/wiki/Semivowel (Sroiste 15 Eanáir 2017).

Wikipedia. (gan dáta c). Voiced dental and alveolar stops. Le fáil ag https://en.wikipedia.org/wiki/Voiced_dental_and_alveolar_stops (Sroiste 28 Eanáir 2017).

World Wide Web Consortium (1999) Web Content Accessibility Guidelines 1.0. Le fáil ag http://www.w3.org/TR/1999/WAI-WEBCONTENT-19990505/ (Sroiste 10 Eanáir 2017).

wordpress.org. (gan dáta a) About WordPress. Le fáil ag: https://wordpress.org/about/ (Sroiste 10 Eanáir 2017).

wordpress.org (gan dáta b) TinyMCE Custom Buttons. Le fáil ag: http://codex.wordpress.org/TinyMCE_Custom_Buttons#Enabling_hidden_MCE_bu... (Sroiste 10 Eanáir 2017).