An Phleanáil Teanga i nGaeltacht na nDéise - Eispéireas Taighdeora

Caitríona Breathnach
Topaic(í): 

Is gá an Ghaelainn agus an cultúr Gaelach a chosaint agus a fhorbairt agus go comhthreomhar leis sin, cur le seirbhísí agus áiseanna an phobail tuaithe seo.

 (Plean Teanga na nDéise 2018–2024: 2)

 

Chun go spreagfaí pobal chun a n-acmhainní a úsáid chun a leasa féin, go háirithe maidir le cúrsaí teanga, tá pleanáil teanga éifeachtach riachtanach.  Is dhá choincheap iad an beartas teanga agus an phleanáil teanga atá difriúil lena chéile ach lena mbaineann roinnt tréithe atá cosúil lena chéile, ‘they are both top down, involving deliberate and organized efforts to solve language problems, which very often have a social, political and/or economic orientation’ (Poon, 2004: 117).  Is é atá i gceist le beartas teanga dar le Kaplan & Baldauf (1997: xi) ná ‘a body of ideas, laws, regulations, rules and practices intended to achieve the planned language change in the societies, group or system’, agus is é atá i gceist le pleanáil teanga de réir Uí Ifearnáin ná ‘gníomhaíochtaí meáite a chuirtear i bhfeidhm chun todhchaí teanga agus iompar teanga lucht a labhartha a athrú nó a chur ar mhalairt slí’ (Ó hIfearnáin, 2012: 129).  Tá Spolsky (2004: 186) den tuairim gur féidir an beartas teanga a thuiscint mar choincheap tríthoiseach: an cleachtas teanga, na creidimh theanga agus an bhainistíocht teanga: ‘the three components of language policy in a speech community: language practices, language beliefs or ideology, and language planning or management’, nó mar a deir Bruen (2013: 1): ‘Its language practices, its language beliefs or ideology and any attempts to modify or influence that practice by any kind of language intervention, planning or management’.

Bhí an múnla um beartas teanga a chruthaigh Spolsky bunaithe ar ‘practice, beliefs and management’ – baineann cleachtais teanga leis na ‘observable behaviours and practices’, i bhfocail eile an rud a dhéanann an gnáthdhuine agus é/ í ag úsáid teanga.  An dara gné sa mhúnla ná idé-eolaíocht na teanga nó ‘the values or statuses assigned to named languages’ agus is í an bhainistíocht teanga an tríú gné den múnla úd.  Is cosúil go raibh Spolsky ní ba thógtha leis an téarma ‘bainistíocht teanga’ ná ‘pleanáil teanga’ chun cur síos a thabhairt ar phróiseas na pleanála teanga – ‘the explicit and observable effort by someone or some group that has or claims authority over the participants in the domain to modify their practices or beliefs’ (Spolsky, 2009: 4).  Tá Poon den tuairim go bhfuil difríocht mhór idir an phleanáil teanga agus beartas teanga sa mhéid is gur ‘macro sociological activity at a governmental and national level’ amháin ata sa phleanáil teanga, dar leis, ach gur féidir le beartas teanga feidhmiú ag ‘either a macro- or micro sociological activity at a governmental and national level or at an institutional level’ (Poon, 2000: 116).  Maidir leis an dá choincheap úd, tá Ó hIfearnáin (2012: 132)den tuairim nach féidir tabhairt faoi phleanáil teanga éifeachtach gan tabhairt faoi thaighde i measc an phobail chun tuiscint a dh’fháilt ar an bpobal atá faoi chaibidil chun a chinntiú go mbeidh na bearta teanga a chuirtear i gcrích oiriúnach don bpobal úd.  Is ar mhaithe le próiseas pleanála teanga a chruthú do phobal Ghaeltacht na nDéise ina mbeadh beartais teanga a bheadh oiriúnach dó agus a bhfreastalódh ar a riachtanais a cuireadh tús leis an taighde a phléifear san alt seo.

Baintear úsáid as an téarma ‘Gaeltacht’ chun cur síos a dhéanamh ar na ceantair úd ina bhfuil, nó ina raibh go dtí le fíordhéanaí, an Ghaelainn ina príomhtheanga labhartha ag céatadán suntasach den daonra áitiúil.  Deineadh na ceantair seo a shainiú faoi Ordú Rialtais ‘S.I; No. 245/1956 – Gaeltacht Areas Order, 1956’ agus ‘S.I. No. 192/1974 – Gaeltacht Areas Order, 1974’.  Is é Gaeltacht na nDéise an t-aon cheantar Gaeltachta in Éirinn nach bhfuil lonnaithe in Iarthar na hÉireann (seachas Ráth Chairn i gCo. na Mí, a bunaíodh sa bhliain 1935 mar thoradh ar Scéim Athlonnaithe Tuaithe Choimisiún Talún na hÉireann) – ‘na Déise’ refers to a historic barony in east Munster in an area covering much of present day County Waterford and part of South Tipperary (Walsh, 2011: 205).  Tá an Ghaeltacht seo ar cheann de na ceantair Ghaeltachta is lú sa tír (Walsh, 2011: 205).  Ba cheantar iascaireachta agus feirmeoireachta tráth í Gaeltacht na nDéise ach tháinig go leor athruithe ar leagan amach an pharóiste le tamall de bhlianta, mar aon le go leor ceantair thuaithe eile in Éirinn.  Bunaithe ar fhigiúirí Údarás na Gaeltachta, is ionann an ceantar seo agus 1.7% de dhaonra iomlán na Gaeltachta (Údarás na Gaeltachta).  Ach, tháinig fás ar dhaonra na Gaeltachta seo le tamall de bhlianta anuas – sa bhliain 1996 bhí daonra de 1,347 cláraithe i nGaeltacht na nDéise ach de réir Dhaonáireamh 2016, is daonra de 1,816 atá sa dá pharóiste (ardú 32.3%) (Comhlacht Forbartha na nDéise, 2018: 19).  Anuas air sin, idir 2002 agus 2011, is i measc daoine san aoisghrúpa 30–60 a bhí an fás is mó le feiscint.  Nuair a chuirtear meán na gcainteoirí Gaelainne le chéile sa dá pharóiste de réir thorthaí an dá dhaonáireamh (2011 agus 2016), tháinig fás ar líon na gcainteoirí Gaelainne laethúla ó 24.5% in 2011 go 468 sa bhliain 2016 – ardú thar aon cheantar Gaeltachta eile sa tír.  

Go stairiúil, cuireadh an Béarla isteach in áit na Gaelainne ar oileán na hÉireann mar thoradh ar phróiseas casta aistrithe teanga (Ní Chíosáin, 2006; Hindley, 1990).  Tríd is tríd, tharla an claochlú seo go tapaidh ach is ábhar suntais é nach claochlú iomlán a bhí ann agus gur lean an Ghaelainn ar aghaidh ina príomhtheanga labhartha i gceantair éagsúla, a bhuíochas sin d’iarrachtaí an Stáit a raibh sé mar aidhm acu, dar le Ó Riagáin, an Ghaelainn a chothú mar theanga labhartha sa Ghaeltacht, an Ghaelainn a athbhunú mar ghnáth-theanga laethúil sa chuid eile den tír agus ‘to provide the infrastructure necessary for the realisation of the maintenance of the language in the Gaeltacht and the revival of the language in the rest of Ireland’ (Ó Riagáin, 1988: 30–1).  Tá Mac Giolla Chríost den tuairim go bhfuil cur chuige macraleibhéil á chur i bhfeidhm ón uair a bunaíodh Saorstát na hÉireann maidir le pleanáil agus le beartas teanga (2006: 231).  Mar a deir Ó Coileáin (2009: 12), ‘bhí fis ag bunaitheoiri an Stáit go mbeadh an Ghaeilge ina gnáth-theanga ag muintir na hEireann’ agus ceapann Ó Giollagáin (2014a: 36) gur cheart ról an Stáit a admháil sna hiarrachtaí seo:

It is necessary, however, to acknowledge that the Irish State’s language policies to date have most likely prolonged the lifecycle of the Irish-speaking communities in the Gaeltacht and that they have contributed to the emergence of a sizeable cohort of second-language speakers of Irish.

Cuireadh go leor ar phár faoi seo ach ba é an príomhrud comónta a bhí idir na ceantair Ghaeltachta ná iargúltacht thíreolaíoch mar aon le himeallú ó cheantair uirbeacha (Coimisiún na Gaeltachta, 1925;  Lee, 1991; Ó Tuathaigh, 1990; Ó Riagáin, 1997).  I staidéar a deineadh in 1971, léiríonn Ó Riagáin (1997: 31):

…not merely were the Irish-speaking areas much smaller than suggested by census statistics, but that within their local social setting they tended to be marginally located visàvis the social networks centred on villages and small towns.

An Próiseas Pleanála Teanga trí chéile

Language planning is a government authorised, long term, sustained and conscious effort to alter a language's function in a society for the purpose of solving communication problems (Weinstein, 1980: 56)

Sa bhliain 2010, foilsíodh An Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030, a bhfuil sé mar aidhm aici ‘úsáid agus eolas ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail ar bhonn céimiúil’ (Rialtas na hÉireann, 2010: 3) mar aon le líon na ndaoine a úsáideann Gaelainn sa Ghaeltacht ar bhonn laethúil a ardú faoi 25% toisc tuiscint a bheith ann go raibh sé fíorthábhachtach don Straitéis ina hiomláine go gcuirfí borradh faoin nGaeltacht.  Beartaíodh ar an aidhm seo a bhaint amach trí chóras pleanála teanga a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm ag leibhéal an phobail.  Sainmhíníonn Fishman (1987: 409) an phleanáil teanga mar seo a leanas:

the authoritative allocation of resources to the attainment of language status and corpus goals, whether in connection with new functions that are aspired to or in connection with old functions that need to be discharged more adequately.

Go bunúsach is é atá i gceist ag Fishman ina shainmhíniú ná go gcuirfear acmhainní ar fáil chun feabhas a chur ar stádas na teanga agus ar struchtúr na teanga sa phobal urlabhra ar mhaithe le feidhmeanna nua a bhaint amach don teanga nó ar mhaithe le feabhas a chur ar na feidhmeanna atá ag an teanga i láthair na huaire.  Is chuige sin a cuireadh tús leis an bpróiseas pleanála teanga ag leibhéal an Stáit nuair a cuireadh Acht na Gaeltachta 2012[1] i bhfeidhm sa dlí agus é mar chuspóir an Achta go mbeadh an Ghaeltacht bunaithe feasta ar chritéir theangeolaíocha seachas ar na limistéir thíreolaíocha a socraíodh siar in 1956.  Faoin reachtaíocht nua seo, roinneadh na ceantair Ghaeltachta, a bhí bunaithe ar theorainneacha 1956, ina 26 Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta agus bhí Plean Teanga le dréachtú do gach ceantar ina ndéanfaí cur síos ar na polasaithe éagsúla a bhí le cur i bhfeidhm thar shaolré seacht mbliana an phlean.  Is é Údarás na Gaeltachta, an ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta, a bhí freagrach as ceanneagraíochtaí a roghnú chun na pleananna teanga a ullmhú agus is é Comhlacht Forbartha na nDéise an cheanneagraíocht a roghnaíodh in LPT na nDéise.

An Próiseas Pleanála Teanga i nGaeltacht na nDéise

Go mbeidh pobal Ghaeltacht na nDéise in ann gach gné dá saol a chaitheamh trí mheán na Gaelainne agus go mbeidh an Ghaelainn in uachtar mar ghnáththeanga cumarsáide agus í á seachadadh mar mháthairtheanga ó ghlúin go glúin.  (Comhlacht Forbartha na nDéise, 2018: 2)

Faoin Acht, tugadh dhá bhliain do gach ceantar Gaeltachta plean teanga a chur le chéile agus i nGaeltacht na nDéise, ba é Comhlacht Forbartha na nDéise a roghnaíodh chun an cúram seo a chur i gcrích.  Go tráthúil, tharla go raibh mé féin ag déanamh taighde ar úsáid na Gaelainne i measc an phobail seo mar chuid de Dhochtúireacht sa Teangeolaíocht Fheidhmeach i gColáiste Mhuire gan Smál nuair a bhí tús á chur leis an bpróiseas pleanála teanga sa cheantar céanna.  Dá bhrí sin, agus le nach mbeadh an obair chéanna á déanamh faoi dhó, chinneamar comhoibriú lena chéile agus an fhaisnéis a bhailiú don dá thogra.  Ba í bunaidhm mo thionscnaimh taighde ná a dh’fháilt amach cad iad na roghanna teanga a thógann muintir na Rinne agus an tSeanphobail ina ngnáthshaol laethúil i nGaeltacht na nDéise, ceantar atá scoite amach ó na ceantair Ghaeltachta eile agus an t-iompú teanga ollmhór (ó Ghaelainn go Béarla) a tharla in Éirinn le dhá chéad bliain anuas á thógaint san áireamh (Lee, 1989: 134).  Bhí an aidhm chéanna, a bheag nó a mhór, ag an gComhlacht Forbartha.  I mo chás féin, rugadh agus tógadh sa Seanphobal i nGaeltacht na nDéise mé, mar sin is ball den bpobal a bhí faoi chaibidil sa taighde mé cé go bhfuil cónaí orm lasmuigh den gceantar le tamall maith de bhlianta.  Táim den tuairim gur chabhraigh sé sin liom an taighde a dhearadh agus a chur i gcrích.  Mar atá ráite cheana anseo, tá dhá pharóiste i nGaeltacht na nDéise – Rinn Ó gCuanach agus An Seanphobal.  Ba as an Seanphobal do m’athair agus is as An Rinn do mo mháthair agus dá bhrí sin, tá tuiscint ar leith agam ar an gceantar trí chéile agus ní ar pharóiste amháin thar an gceann eile.  Ba léir dom chomh maith go raibh daoine sásta comhoibriú liom sa taighde, mo thaighde dochtúireachta féin agus an obair a bhí ar siúl againn chun an Plean Teanga é féin a chur le chéile, toisc aithne a bheith agam ar roinnt acu agus toisc gur dhuine áitiúil mé agus ní strainséar dóibh.  Molann Ní Dhúda (2014: 25) do thaighdeoirí ‘muintearas a chothú le muintir na háite ach spás a aimsiú chun machnamh criticiúil a dhéanamh go leanúnach’ agus ó tharla gur as an gceantar ó dhúchas mé, in ainneoin cónaí a bheith orm in áit eile in Éirinn, is é mo thuairim ná go raibh an muintearas úd cothaithe ionam mar aon leis an spás atá riachtanach chun scagadh agus iniúchadh a dhéanamh ar an eolas a roinneadh liom.

Deirtear go ndéantar cultúr an phobail a chruthú trí na patrúin úsáide teanga a úsáidtear le himeacht ama (Garner, 2007: 41).  I gcás an cheantair atá faoi chaibidil san alt seo, tá an iliomad tógálacha sóisialta á gcruthú go laethúil bunaithe ar úsáid teangacha na ndaoine.  Is é atá i gceist le tógáil shóisialta ná rud teibí a chruthaítear mar thoradh ar idirghníomhaíocht an duine.  Tá an rud ann toisc go n-aontaíonn daoine go bhfuil sé ann:

social construction assumes that people construct (i.e., create, make, invent) their understandings of the world and the meanings they give to encounters with others, or various products they or others create.  (Leeds-Hurwitz, 2016)  

Mar a mhíníonn Bakhtin (Bakhtin, M. M., & Holquist, M., 1981: 293):

All words have the ‘taste’ of a profession, a genre, a tendency, a party, a particular work, a particular person, a generation, an age group, the day and hour

I gcás an phobail urlabhra a bhí faoi chaibidil sa staidéar seo, theastaigh ó Chomhlacht Forbartha na nDéise plean a chruthú don bpobal faoina chúram a thabharfadh aitheantas do na tógálacha sóisialta úd agus a thabharfadh seans don bpobal iad a fhorbairt agus a chur chun cinn.

Modheolaíocht an Taighde

Déantar taighde a shainmhíniú mar chuardach loighciúil, córasach d’eolas nó d’fhaisnéis nua ar ábhar nó ar thopaic ar leith agus cuirtear in iúl gurb í an chúis a dtugtar faoi aon saghas taighde ná chun níos mó eolais a thabhairt dúinn faoin domhan mórthimpeall orainn.  Tugtar sainmhíniú ar thaighde sna heolaíochtaí sóisialta mar ‘the scientific study of human society and social relationships’ (Oxford Dictionaries, 2018: gan leathanach).  Déanann Bryman (2016: 3) taighde sóisialta a shainmhíniú mar thaighde acadúil ar thopaicí a bhaineann le saincheisteanna cosúil le ‘sociology, human geography, social policy’.  Ar mhaithe leis an bhfaisnéis atá mar bhonn ag an taighde seo a bhailiú, baineadh úsáid as taighde modhanna measctha.  Déanann Johnson, Onwuegbuzie & Turner (2007:113) cur síos ar fhorbairt taighde modhanna measctha mar mhodh taighde ann féin:

 Mixed research, in its recent history in the social and behavioral or human sciences, started with researchers and methodologists who believed qualitative and quantitative viewpoints and methods were useful as they addressed their research questions.

Beartaíodh go mbaileofaí sonraí cáilíochtúla don bPlean Teanga agus úsáid á baint as modhanna eitneagrafaíochta.  Sa chás áirithe seo, is iad suirbhé baile, grúpaí fócais agus ceistneoirí do dhaltaí scoile a roghnaíodh mar na huirlisí um bhailiú sonraí.  Baineadh úsáid as na huirlisí úd chun a chinntiú go n-éireodh linn ár mbunaidhm a bhaint amach, .i., Plean Teanga a chruthú do Ghaeltacht na nDéise atá pobal-lárnach, ina bhfuil tuairimí, moltaí agus dearcthaí an phobail mar chrann taca aige agus a bheidh chun leas agus chun tairbhe phobal Ghaeltacht na Rinne agus an tSeanphobail don tréimhse seacht mbliana amach romhainn agus níos faide.

Tugann Weafer (2015) an sainmhíniú seo ar an eitneagrafaíocht: ‘the study of different cultural groups in a natural setting over a prolonged period of time by collecting observational data’.  Déantar cur síos ar thaighde cáilíochtúil mar bhailiú sonraí a bhaineann le tuairimí agus le dearcthaí daoine ar ábhar ar leith gur féidir léirmhíniú a bhaint astu, ach nach féidir iad a bhailíochtú ó thaobh staitisticí de (Weafer, 2015).  Deir Stake (2010:19) gurb iad breathnóireacht, agallóireacht agus cíoradh déantúsáin (cáipéisíocht san áireamh) na modhanna is coitianta a úsáidtear i dtaighde den tsaghas seo.  Chomh maith leis sin, tugann sé sainmhíniú ar na difríochtaí is mó atá idir taighde cáilíochtúil agus taighde cainníochtúil:

Perhaps the most important methodological differences between qualitative and quantitative are twofold: the difference between (1) aiming for explanation and (2) aiming for understanding, and the difference between (1) a personal role and (2) an impersonal role for the researcher.

Ar mhaithe leis an aiste seo, táim chun díriú go háirithe ar an obair a deineadh ar an Suirbhé Baile agus ar na torthaí a d’eascair as an uirlis taighde seo.

Suirbhé na Gaeltachta

Tar éis roinnt mhaith plé agus díospóireachta laistigh den gComhlacht Forbartha, deineadh an cinneadh tús a chur leis an bpróiseas bailithe sonraí trí shuirbhé baile dátheangach, Suirbhé na Gaeltachta – Plean Teanga – Gaeltacht na nDéise 2017–2023, a dhearadh.  Chun an obair seo a chur i gcrích, is é Críostóir Ó Faoláin, Áisitheoir Pobail de chuid Chomhlacht Forbartha na nDéise, an Dr Mícheál Ó Drisleáin agus an taighdeoir seo a dhear an suirbhé thar thréimhse sé mhí sa mbliain 2015.  Fostaíodh daoine ón gceantar chun na suirbhéanna a scaipeadh ag deireadh na bliana sin agus tugadh coicís do dhaoine iad a chomhlánú.  Lorgaíodh eolas faoi na seirbhísí/áiseanna atá/nach bhfuil ar fáil sa cheantar, faoin nGaelainn/stádas Gaeltachta agus faoin todhchaí, i measc ábhair eile.  Bailíodh 497 as 600 suirbhé; is ionann sin agus ráta freagartha de 83%, atá níos airde ná an meán d’obair allamuigh den tsaghas seo (Baruch & Holtom, 2008) agus comhartha ba ea é, i dtuairim an scríbhneora, den spéis a bhí ag an bpobal in obair na pleanála teanga.

Maidir le dearadh an tsuirbhé[2], bhí 31 ceist ann agus spás i lár an cheistneora do dhaoine chun tuairimíocht bhreise a chur in iúl – is modh í an anailís théamach chun patrúin (téamaí) a aithint laistigh de na sonraí, chun anailís a dhéanamh orthu agus chun tuairisiciú fúthu.  Dar le Thorpe (2013: 37), is í an anailís théamach an tríú céim in aon tionscadal taighde: tar éis an t-ábhar a roghnú agus na sonraí a bhailiú, déantar anailís théamach ar na sonraí úd dar leis.  Má bhaintear úsáid as códú téamach nuair atáthar ag dul i mbun anailíse ar shonraí i réimse na heitneagrafaíochta, is ar mhaithe le patrúin agus le nascanna a fheiscint atá an taighdeoir – ‘searching for the main building blocks of local culture and its themes’ (Holloway & Todres, 2003: 438).

Ó thaobh na gceisteanna ar an suirbhé, deineadh anailís staitisticiúil ar fhreagraí na gceisteanna úd, agus úsáid á baint as an bpacáiste bogearraí SPSS (Statistical Package for the Social Sciences) agus ba iad an Dr Micheál Ó Drisleáin, Comhlacht Forbartha na nDéise, agus an Dr Breandán Ó Caoimh, iarléachtóir le Roinn na Tíreolaíochta i gColáiste Mhuire gan Smál, a dhein an obair seo ach is anailís théamach a deineadh ar na ceisteanna oscailte.

Tá an tuairim ann go mbíonn ar chainteoirí mionteangacha cinneadh a thógaint gach lá, nach mór, faoi pé acu teanga (Béarla, Gaelainn nó teanga eile) a úsáideann siad sna fearainn éagsúla ina mbíonn siad gach lá.  Braitheann na roghanna san ar a leibhéal inniúlachta teanga féin, ar leibhéal inniúlachta teanga an té a mbíonn siad ag labhairt leo agus ar an leibhéal cumarsáide ba mhian leo a chruthú le daoine, mar a luaigh rannpháirtí amháin:

 I would always ring the school as Gaelainn – when I know where it’s going to go to. If it was like ‘how are they getting on’, where there is a problem I’d like to revert to my first language. (Béarla sa chás áirithe seo).  

Dá bhrí sin, ba dhóigh leat go mbíonn luach níos airde ag gabháilt le gach focal a úsáidtear sa mhionteanga nuair a dhéantar cinneadh ar leith í a úsáid.  Bhí sé mar aidhm ag an meitheal oibre a bhí ag obair ar an tionscnamh seo féachaint ar na cúiseanna a bhaineann leis na roghanna a dhéanann daoine sa Ghaeltacht idir úsáid na Gaelainne agus úsáid an Bhéarla sa ghnáthshaol laethúil.  Dar le Berger & Luckmann (1966: 51), ‘language, which may be defined here as a system of vocal signs, is the most important sign system of human society’ agus léirigh torthaí an taighde go raibh go leor i gceist leis na roghanna teanga a dhéanann baill den bpobal teanga a bhí faoi chaibidil sa taighde.  Bhain úsáid teanga na ndaoine le stair, traidisiún, praiticúlacht, mórtas agus bród i meas an iliomad gnéithe eile: ‘Everyday life, is above all, life with and by means of the language I share with my fellowmen’ (Berger & Luckmann, 1966: 51).

Torthaí ón tSuirbhé

Tá sé soiléir ó thorthaí an tsuirbhé gur pobal dátheangach atá i nGaeltacht na nDéise (úsáideann 57.7% den bpobal an Ghaelainn in éineacht le teanga eile nó an Ghaelainn amháin ar bhonn laethúil).  Tagann 51.2% den bpobal ón Rinn agus ón Seanphobal ach is léir go bhfuil daonra an-mhór sa Ghaeltacht nach de bhunadh na háite iad ó dhúchas.  Ciallaíonn sé sin go dtagann beagáinín níos lú ná leath de phobal na háite ó cheantar eile agus nár rugadh san áit iad.  Cothaíonn sé seo dúshláin ó thaobh na teanga agus freastal ar an bpobal ar fad de, ach tá féidearthachtaí ann chomh maith chun an pobal ar fad a tharraingt le chéile.

Iarradh ar dhaoine a gcumas Gaelainne labhartha féin a chur in iúl agus dúirt 56% den bpobal go raibh Gaelainn líofa, go maith nó réasúnta acu.  Ba léir go raibh cumas labhartha na Gaelainne i bhfad níos láidre acu siúd gurb as an Rinn agus an Seanphobal ó dhúchas dóibh.  Chuir 77% de mhuintir dhúchasach Ghaeltacht na nDéise go raibh Gaelainn ‘líofa, go maith nó réasúnta acu’ ach thit sé seo go dtí 56% nuair a chuirtear gach éinne le chéile.  Ag féachaint ar an aoisghrúpa a thuairisc go raibh an leibhéal cumais is airde acu ó thaobh labhairt na Gaelainne de, bhí sé suimiúil agus dearfach gur cheap pobal óg an cheantair go rabhadar níos cumasaí i labhairt na teanga ná an pobal níos sine.  B’ábhar misnigh é seo don gComhlacht Forbartha agus dóibh siúd a bhí ag cruthú an phlean teanga.  I measc na gcomhthéacsanna agus na n-áiteanna ina mbeadh sé dúshlánach an Ghaelainn a úsáid sa cheantar, luadh láithreacha oibre, a bheith ag plé le daoine nach raibh Gaelainn acu nó nuair nach raibh a fhios acu an leibhéal Gaelainne a bhí ag an duine a rabhadar ag plé leo mar aon le daoine gan aon Ghaelainn, ag ócáidí sóisialta, nuair a bheadh seirbhísí an Stáit á lorg mar aon le seirbhísí eile, ag cruinnithe poiblí agus sna siopaí áitiúla.  

Léiríodh réimse leathan tuairimí mar fhreagra ar an gceist faoi thodhchaí na Gaeltachta agus faoi na rudaí is gá a chur i gcrích chun stádas an cheantair mar Ghaeltacht a chinntiú.  Cheap daoine go raibh sé tábhachtach an teanga a chothú agus a láidriú i measc an aosa óig agus feasacht teanga a ardú i measc an phobail trí chéile.  Anuas air sin, léiríodh an tuairim go raibh sé riachtanach fostaíocht agus tithíocht inacmhainne a chur ar fáil chun gur féidir le daoine fanacht sa cheantar agus teaghlaigh a thógaint ina gceantar féin.  Chun é seo a bhaint amach, bheadh sé riachtanach chomh maith, dar le muintir na háite, maoiniú stáit a chur ar fáil do thionscadail phobail agus chun seirbhísí a chur ar fáil nach raibh ann ag an am.  Luadh seirbhísí do theaghlaigh le páistí óga, mar shampla, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do na scoileanna, mar a dúradh:

Is gá don phobal duine ar dhuine seasamh leis an teanga agus í a labhairt agus cearta teanga a éileamh. Ní oibreoidh aon scéim ná plean muna gcinneann daoine ar a bheith freagrach as an gcinneadh. Is gá do dhaoine a bheith ionraic, macánta agus bheith sásta tabhairt don teanga seachas tógaint uaithi

Tá ról fíorthábhachtach ag an teaghlach in aon cheantar Gaeltachta chun an teanga a choimeád beo agus d’aontaigh an pobal urlabhra seo gur rud maith é páistí a thógaint le Gaelainn (89.6% ar an meán trasna gach réimse aoise sa suirbé).  Anuas air san, d’aontaigh daoine nárbh as an gceantar ó dhúchas iad go raibh tábhacht ag baint le páistí a thógáint le Gaelainn agus b’ábhar dóchais don lucht pleanála teanga go raibh an pobal idir 20 agus 49 bliain d’aois ag tacú go láidir le páistí a thógaint le Gaelainn (90.2%).  Arís is arís eile, tháinig cultúr agus féiniúlacht an cheantair aníos mar ábhar plé ó thús go deireadh na hoibre.  Luadh focail cosúil le ‘dúchas’, ‘oidhreacht’, ‘stair’, ‘traidisiún’ agus ‘cultúr’ mar fhreagra ar ‘Dé chúis go bhfuil sé tábhachtach go gcoimeádfadh an ceantar a stádas mar Ghaeltacht?’  Chuir rannpháirtí amháin in iúl nach mbeimis ‘ach leath-Ghaelach gan é’ agus gurb ‘í ár gcultúr í – ní mar ualach dúinn í agus sinn bródúil aisti’.

Ach in ainneoin na ndearcthaí dearfacha seo a léiríodh i leith na teanga sa suirbhé, léiríodh dúshláin agus deacrachtaí ar an talamh, a d’fhéadfadh a bheith díobhálach do thodhchaí na teanga sa pharóiste – meonta i leith na teanga ina measc siúd a bhog go dtí an ceantar agus a chuir in iúl go mothaíonn siad scanraithe ag ‘superior attitude’ cainteoirí dúchais na háite toisc ‘they feel alienated and almost pressurised to learn Irish to fit in’.  Deir O’Rourke (2011: 328) go mbaineann an téarma ‘dúchasach’ le daoine a thógtar i bpobal ar leith nó in áit ar leith agus go síolraíonn buncháilíochtaí an dúchais go minic ó nascanna leis an teanga sa bhaile nó i bpobal urlabhra atá luaite go stairiúil leis an teanga sin.  D’fhéadfadh ceisteanna agus dúshláin úinéireachta teacht chun solais i gcás daoine nua a bhogann isteach sna ceantair úd agus nach cainteoirí dúchasacha iad de réir an tsainmhínithe úd.  Cuireadh in iúl go mb’fhéidir gur cheart go mbeadh lucht tacaíochta na teanga ní b’oscailte ar mhaithe lena chinntiú go mothaíonn gach duine go bhfuil siad mar chuid den bpobal agus den gcultúr Gaelachta.  Is gá do na ‘(the) ambassadors for the language need to be more approachable’ chun é seo a bhaint amach agus chun dearcthaí a mhaolú ina mbeadh ‘complete loss of interest and inspiration to engage in using Gaelic’ i measc daoine atá nua sa cheantar mar thoradh orthu.  Tá an baol ann go spreagfadh an meon iad chun scaoileadh leis an teanga agus an cultúr agus na traidisiúin a ghabhann léi, a dhéanfadh pobal urlabhra atá faoi bhrú cheana féin níos laige fós:

Friends of mine who moved to the Gaeltacht area and who wouldn’t have too much Irish feel there is an air of arrogance by some people towards them because they can’t communicate as Gaeilge. As a result, it’s taken them a while to settle into the area because they feel alienated and almost pressurised to learn Irish to fit in. It’s not nice to stand at the side of a football pitch with your child playing and all the other mams chatting in Irish and you can’t join in because you feel you’d be frowned upon. Now I haven’t experienced this as my kids are involved with English speaking clubs but this is what I have heard some say.  (Aiseolas ó ‘Suirbhé na Gaeltachta – Plean Teanga – Gaeltacht na nDéise 2017–2023’)

Ar an taobh eile den speictream, léiríodh roinnt mhaith éadóchais faoi staid reatha na teanga mar theanga labhartha, agus daoine den tuairim go raibh an Ghaeltacht imithe, ‘Is ar éigin gur Gaeltacht An Rinn agus níl deichniúr sa Seanphobal gur féidir Gaelainn leo a labhairt’, go bhfuil glúin labhartha na Gaelainne caillte ag an bparóiste toisc go bhfuil daoine sa Rinn ‘nach labhrann focal Gaelainne agus bhí togha na Gaelainne ag a muintir’.  Tá glúin labhartha na Gaelainne caillte againn cheana fhéin, dar leo, agus moladh an maoiniú atá ‘á dhiomailt fé láthair a thabhairt’ do dhaoine cosúil le muintir Chonamara a labhrann an teanga le chéile.

Mar atá ráite cheana anseo, bunaíodh an Plean Teanga ar na torthaí a d’eascair as an obair allamuigh (an suirbhé baile, na grúpaí fócais agus na ceistneoirí scoile) agus ba 58 beart ar fad a aithníodh mar thoradh ar an scagadh agus ar an iniúchadh a deineadh ar an bhfaisnéis úd – Teaghlaigh agus An Óige, Oideachas, Cultúr agus na hEalaíona, Pobal agus Spórt, Gnó agus Fostaíocht, Turasóireacht agus Oidhreacht agus An Stát.

Pléitear go minic i réimse na pleanála agus na mbeartas teanga an tábhacht a bhaineann le taighde agus le tuiscint a fháil ar an bpobal atá faoi chaibidil sula dtugtar faoi aon phleanáil éifeachtach (Ó hIfearnáin, 2012: 132), mar a deir Chesire (1995: 45): ‘If language planning is out of step with sociolinguistic practice it is unlikely to achieve its stated aim’.  B’in an chúis gur tugadh faoin gcur chuige triantánach seo chun a chinntiú go mbeadh an fháisnéis a bheadh ar bhunús don bPlean oiriúnach don bpobal.

Cuireadh An Plean faoi bhráid na Roinne ag deireadh 2017, agus i bhFeabhra 2018, cuireadh in iúl don gComhlacht Forbartha go raibh Príomh-Aoire an Rialtais agus Aire Stáit don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hOileáin, Joe McHugh, T.D., tar éis plean teanga na nDéise a cheadú faoin bpróiseas pleanála teanga:

Le ceadú an phlean seo, tá tús curtha leis an gcéim is tábhachtaí den phróiseas mar a bhaineann sé le Gaeltacht na nDéise, is é sin cur i bhfeidhm an phlean teanga ina bhfuil na riachtanais mar a aithnítear iad go háitiúil leagtha amach ann.  (An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 2018)

Go gairid ina dhiaidh sin, fostaíodh Irial Ó Ceallaigh mar Oifigeach Pleanála Teanga ar bhonn lánaimseartha chun oibriú leis an gComhlacht Forbartha agus le páirtithe leasmhara eile chun an Plean Teanga a chur i bhfeidhm sa phobal.  Leanann an obair ar aghaidh chun bearta an Phlean Teanga a chur i bhfeidhm.

Gaeltacht na nDéise sna blianta atá romhainn

 

Chun go mairfidh an Ghaeltacht, is gá an Plean Teanga a chur i bhfeidhm agus is gá do phobal na háite roinnt den bhfreagracht a thógaint orthu féin agus an Ghaelainn a bheith á húsáid ag níos mó acu.  Ach an méid sin ráite, tá an dearcadh ann go bhfuil an stát ag súil leis an iomarca ó choistí deonacha sna ceantair Ghaeltachta in ainneoin nach saineolaithe ar an bpleanáil teanga iad, mar a deir John Walsh agus é ag caint faoin ábhar seo in 2019:

Is é an caveat mór ná nach gcuireann Údarás na Gaeltachta féin an phleanáil teanga i bhfeidhm. Ina áit sin, cuirtear an obair amach go dtí coistí agus grúpaí deonacha pobail, a bhformhór nach bhfuil aon saineolas teicniúil acu sa phleanáil teanga in ainneoin a dtiomantais don Ghaeilge’  (Láithreán gréasáin tuairisc.ie)

Ní féidir a bheith ag brath ar bheartais rialtais chun gach dúshlán agus gach fadhb a réiteach.   Muna gcloiseann daoine óga an cheantair a sinsear ag úsáid na teanga, ní fada go stopfaidh siad féin á labhairt mar ní léir dóibh an luach nó an fheidhm atá aici mar ghnáth-theanga labhartha.

Is cosúil go bhfuil gaol casta ag muintir na hÉireann leis an nGaelainn: gaol atá préamhaithe i gcúiseanna staire, oideachais agus sóisialta.  Is minic í luaite le ganntanas, le bochtanas agus le neamhábharthacht (go háirithe sa tsochaí chomhaimseartha) agus, mar a deir Kiberd (1981:6), cé go gcreideann muintir na hÉireann go bhfuil an Ghaelainn thar a bheith tábhachtach don bhféiniúlacht náisiúnta, tá siad fós den tuairim ‘with equal conviction that the language will die in their own lifetime’.  Má ligtear do na ceantair Ghaeltachta bás a dh’fháilt, gheobhaidh cuid dár n-oidhreacht agus dár bhféiniúlacht bás leo.  Mar a deir McCloskey (2001:160), nuair a chailltear teanga, cailltear guth iomlán na ndaoine a labhair í, agus ní féidir aon teanga a fhaigheann bás a thabhairt thar n-ais ón uaigh:

Language is…a cultural phenomenon. Every language that succumbs to the economic, political and cultural pressures being applied all over the globe today, takes to the grave with it an encyclopaedia of histories, mythologies, jokes, songs, philosophies, riddles, superstitions, games, sciences, hagiographies – the whole cumulative effort of a people over centuries to understand the circumstances of its own existence.

 

Ba léir go raibh lántacaíocht i measc rannpháirtithe an phobail urlabhra seo sa phróiseas pleanála teanga agus iad ag súil go mbainfeadh an pobal go léir tairbhe agus leas as.  Gheobhaidh an Ghaelainn bás má scaoiltear léi bás a dh’fháilt ach is léir don scríbhneoir ón taithí a bhí aici agus í ag bailiú eolais i measc mhuintir na Rinne agus an tSeanphobail nach dteastaíonn ó dhaoine an Ghaelainn a chailliúint.

Léirigh an staidéar a rinne mé im’ cheantar dúchais féin go ndéanann daoine cinneadh gach lá faoi pé acu teanga a úsáidfidh siad – tá an cinneadh úd bunaithe ar na rudaí seo a leanas tríd is tríd:

  • A leibhéal inniúlachta teanga féin
  • Leibhéal inniúlachta teanga an té a mbíonn siad ag labhairt leo
  • An leibhéal cumarsáide ba mhian leo a chruthú le daoine
  • Ar mhaithe le cumarsáid éifeachtach a chruthú
  • Tionchar clainne ar úsáid teanga

Leanadh córas eitice Choláiste Mhuire gan Smál[3] san obair bhailithe sonraí trí chéile agus cuireadh rannpháirtithe ar an eolas faoin réasúnaíocht a bhí taobh thiar de na grúpaí fócais.  De bharr nár deineadh taifeadadh ar na seisiúin, níor lorgaíodh cead i scríbhinn ó na rannpháirtithe a dtuairimí a úsáid, áfach.


[1] Uimhir 34 de 2012 – Acht d’ainmniú Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, bailte seirbhíse Gaeltachta agus líonraí Gaeilge.

[2] Féach Aguisín 1 do chóip den tSuirbhé.

[3] https://www.mic.ul.ie/research/research-graduate-school/supports/research-ethics?index=0

 

Aguisín 1

‘Suirbhé na Gaeltachta – Plean Teanga – Gaeltacht na nDéise 2017 – 2023’

 

Cá bhfuil an tigh?           An Rinn          An Sean Phobal

  1. Déantús an tí: Cuir tic sa bhosca is oiriúnaí dod’ chás féin. 

(Roinnte: cónaí le cairde/daoine nach bhfuil gaolta leat.) Más rud é go bhfuil baill an teaghlaigh as baile i rith na seachtaine ach gur bunús baile an tigh seo dóibh, cuir tic, led’ thoil, in aice le Teaghlach.

Teaghlach       ☐

Singil               ☐

Roinnte            ☐

An Tigh: (cuir tic, le do thoil, le rogha amháin)

Linn féin         

Ar cíos            

 

  1. Líon daoine sa tigh / sa chlann (Cuir isteach na huimhreacha thíos)

Líon na mBan (duine/daoine fásta) sa tigh         _____ 

Líon na bhFear (duine/daoine fásta) sa tigh       _____

Líon na gCailíní sa tigh _____      

Líon na mBuachaillí                    _____

 

  1. Líon do pháistí atá ag freastal ar naíonra?  

Sa Ghaeltacht                              _____

Lasmuigh den Ghaeltacht           _____

Ní bhaineann                              

 

  1. Líon do pháistí atá ag freastal ar bhunscoil?  

Sa Ghaeltacht                              ______

Lasmuigh den Ghaeltacht           ______

Ní bhaineann                              

 

  1. Líon do pháistí atá ag freastal ar mheánscoil? 

Sa Ghaeltacht                              ______ 

Lasmuigh den Ghaeltacht           ______ 

Ní bhaineann                              

 

  1. Cén líon den teaghlach nach gcónaíonn sa tigh seo go lán-aimseartha atá: 

Ag staidéar in áit eile                  ____ 

Ag obair in áit eile                      ____

Eile (sonraigh)                            __________________________

Ní bhaineann                              

IOMLÁN:                                    ____

  1. Cad í príomhtheanga labhartha an tí?   

(1= Béarla amháin, 2= Béarla is mó, 3 = an dá theanga mar a chéile, 4= Gaeilge is mó 5 = Gaeilge amháin)

BÉARLA Amháin     1      2        3       4        5          GAEILGE Amháin

Sa chás nach í Gaeilge nó Béarla príomhtheanga an tí, sonraigh an príomhtheanga __________________

 

8          Céard iad na teangacha eile a bhíonn á labhairt sa tigh? 

DUINE FÁSTA A hAON

  1. Gnéas:   

Baineann        

Fireann          

  1. Aois

Faoi 20 

 

20 - 29 

 

30 - 39 

 

40 - 49 

 

50 – 64 

 

65+ 

 

 

  1. Cad as duit?        

Gaeltacht na nDéise              

Áit Eile i bPort Láirge                       

Gaeltacht eile                                     

Áit eile in Éirinn                    

An Bhreatain                                      

An Eoraip                               

Eile:                                                    ☐ ___________ (Sonraigh, led’ thoil)

 

An Ghaeilge 

  1. Cumas Gaeilge. Cén cumas Gaeilge atá agat, dár leat, ó scála 1 go 5 

(1 = Lag, 2 = Cuíosach; 3 = Réasúnta, 4 = go maith 5 = líofa)

Labhairt          1      2      3      4      5

Tuiscint           1      2      3      4      5

Léamh             1      2      3      4      5

Scríobh            1      2      3      4      5

 

  1. Úsáid Teanga – tú féin (cuir tic, led’ thoil, faoin gceann is oiriúnaí do gach ceann, ná líon sa chás nach mbaineann sé leat) 

 

 

Béarla amháin

Béarla is mó

An dá theanga mar a chéile

Gaeilge is mó

Gaeilge amháin

Ar an iomlán     

 

 

 

 

 

Sa mbaile

 

 

 

 

 

Le mo chomharsana     

 

 

 

 

 

Ag obair     

 

 

 

 

 

Sa siopa     

 

 

 

 

 

Le mo ghaolta      

 

 

 

 

 

Le mo chairde     

 

 

 

 

 

Ag an Séipéal     

 

 

 

 

 

Ag cruinnithe      

 

 

 

 

 

Ócáidí Sóisialta      

 

 

 

 

 

Ag obair go deonach

 

 

 

 

 

Cúrsaí Spóirt     

 

 

 

 

 

Eile 

 

 

 

 

 

Céard iad na comhthéacsanna / áiteanna sa cheantar seo ina bhfuil sé dúshlánach an Ghaeilge a úsáid, dár leat?

 

  1. Ar mhaith leat do chuid Gaeilge a fheabhsú nó Gaeilge a fhoghlaim?  

Ba mhaith                               

Níor mhaith                             ☐ 

Ní bhaineann                         

 

  1. Dá mba mhaith leat feabhas a chur ar do scileanna teanga, cén leibhéal a bheadh i gceist? 

Leibhéal an Tosaitheora        

Leibhéal Bunúsach                

Leibhéal Feabhsaithe            

Leibhéal an Chomhráite        

Ard Leibhéal                          

 

  1. ‘Is rud maith é páistí a thógaint le Gaeilge’.  An aontaíonn tú leis an bprionsabal seo?

(1 = Easaontaím go láidir, 2 = Easaontaím; 3 = Níl a fhios agam, 4 = Aontaím, 5 = Aontaím go láidir)  

1☐      2☐      3☐      4☐      5☐

  1. Cad a cheapann tú féin mar gheall ar an nGaeilge anois?

(1 = I gcoinne, 2 = Beagán ina coinne; 3 = Níl a fhios agam, 4 = Cuíosach báighiúil, 5 = An-bháighiúil)

1☐      2☐      3☐      4☐      5☐

10        Nuair a bhí tú ag fás aníos ar dhein tú aon cheann des na rudaí seo? (Cuir tic sna boscaí, de réir mar a bhaineann siad leat)

 

Béarla amháin

Béarla is mó

 

An dá theanga mar a chéile

Gaeilge is mó

 

Gaeilge

Amháin

 

Ní Bhaineann

 

Ábhair chlóite a léamh (leabhair, nuachtáin &rl)

 

 

 

 

 

 

Ábhar a léamh ar an idirlíon      

 

 

 

 

 

 

Éisteacht le cláracha ar an raidió     

 

 

 

 

 

 

Féachaint ar chláracha ar an teilifís      

 

 

 

 

 

 

 (Má tá teanga eile seachas Gaeilge/Béarla i gceist, sonraigh anseo, led’ thoil _____________)

  1.  Cén teanga a úsáideadh idir na gaolta seo agus tú ag fás aníos? 

 

Béarla amháin

Béarla is mó

An dá theanga mar a chéile

Gaeilge is mó

Gaeilge

Amháin

d’athair agus do mháthair

 

 

 

 

 

do mháthair agus na leanaí      

 

 

 

 

 

d’athair agus na leanaí     

 

 

 

 

 

na leanaí eatarthu féin      

 

 

 

 

 

na leanaí agus an tseanmhuintir

 

 

 

 

 

 

12        Léibhéal Oideachais (Sonraigh an leibhéal is airde atá bainte amach agat)

 

Bunscoil

Teastas Sóisearach

Ardteist

Printíseacht

 

Teastas

Dioplóma

Céim

 

Iarchéim

Tú féin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

13                    Stádas Oibre:

 

Fóstaí lánaim-

seartha

 

Fóstaí páirtaim-

seartha

 

Féin fhostaithe

 

I mbun cúraimí baile

 

Dífhost

aithe

Ag lorg oibre

 

Scéim Fost-

aíochta 

 

Iarchéim

Ar scoir

 

Tinn /

Ar mhíchumas

 

Tú féin

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

14        Cén slí beatha atá agat? _____________________________________

15        Cén ceantar/baile ina bhfuil tú ag obair?

 

An Rinn

 

An Sean Phobal

Cathair/ Baile/ Paróiste tuaithe eile

Dún Garbhán

 

Port Láirge

 

Éire

 

Thar lear

 

Tú féin

 

 

 

 

 

 

 

16        An mbíonn do chuid oibre trí:

(1= Bhéarla amháin, 2= Bhéarla is mó, 3 = an dá theanga mar a chéile, 4= Ghaeilge is mó 5 = Ghaeilge amháin)

BÉARLA Amháin     1      2        3       4        5          GAEILGE Amháin

 

17        Muna bhfuil tú ag obair i nGaeltacht na nDéise, an nglacfá le post anseo, dá mbeadh ceann oiriúnach ar fáil duit (ar na téarmaí céanna atá agat faoi láthair)?  

Ghlacfainn                             

Ní ghlacfainn                         

Ní bhaineann sé liom             

 

18        Dá mba rud é go raibh sé i gceist agat tigh a cheannach / a thógaint i nGaeltacht na nDéise amach anseo, an dóigh leat go mbeifeá in ann:

Tigh a cheannach?  

Bheinn                                     ☐

Ní bheinn                                ☐

Ní bhaineann sé liom              ☐

Tigh a thógaint?       

Bheinn                                    

Ní bheinn                               

Ní bhaineann sé liom             

 

19        Má d’fhreagair tú ‘Ní bheinn’, dé chúis? (is féidir níos mó ná rogha amháin a phiocadh)

Praghas ró-ard ar thithe                    ☐

Praghas ró-ard ar thalamh                ☐

Deacrachtaí cead pleanála a fháil     ☐

Eile                                                      ☐

 

Seirbhísí Stáit / Seirbhísí Pobail/Gnó

20        ‘Tá dualgas ar an Stát seirbhísí a chur ar fáil i nGaeilge don/sa Ghaeltacht’.  An aontaíonn tú leis an bprionsabal seo?

(1 = Easaontaím go láidir, 2 = Easaontaím; 3 = Níl a fhios agam, 4 = Aontaím, 5 = Aontaím go láidir)

1☐      2☐      3☐      4☐      5☐  

 

21        ‘Táim lánsásta le caighdeán na seirbhísí Stáit atá ar fáil i nGaeilge don cheantar seo’.  An aontaíonn tú leis an ráiteas seo?

(1 = Easaontaím go láidir, 2 = Easaontaím; 3 = Níl a fhios agam, 4 = Aontaím, 5 = Aontaím go láidir) 1☐       2☐      3☐      4☐      5☐

 

22        Céard iad na seirbhísí Stáit i nGaeilge a úsáideann tú? (mar shampla an Garda Síochána, oifig cánach, oifig an Phoist)

 

23        Céard iad na seirbhísí pobail i nGaeilge a úsáideann tú? (mar shampla – an naíonra, an dochtúir, na seanóirí)

 

24        Céard iad na seirbhísí stáit nach bhfuil ar fáil i nGaeilge don cheantar/sa cheantar seo, dar leat?

 

25        Céard iad na seirbhísí pobail nach bhfuil ar fáil i nGaeilge sa cheantar seo, dar leat?

 

26        Céard iad na háiseanna pobail atá ag teastáil sa cheantar seo, nach bhfuil ann anois? 

 

27        Céard iad na háiseanna atá ag teastáil don óige sa cheantar seo, nach bhfuil ann anois?

 

28        ‘Is rud fíor thábhachtach é stádas Gaeltachta an cheantair seo a choimeád?‘ An aontaíonn tú leis an abairt seo? 

            (1 = Easaontaím go láidir, 2 = Easaontaím; 3 = Níl a fhios agam, 4 = Aontaím, 5 = Aontaím go láidir)

1☐      2☐      3☐      4☐      5☐

 

29        Dé chúis go bhfuil sé tábhachtach go gcoimeádfadh an ceantar a stádas mar Ghaeltacht?

 

30        Cad a cheapann tú faoi stádas reatha na Gaeilge sa cheantar seo?

 

31        Céard is gá a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh An Rinn agus An Sean Phobal ina ceantar Gaeltachta i gceann 20 bliain?

 

Páiste / Déagóir 1 – (le líonadh isteach ag ceann an tí don pháiste / don déagóir)

  1. Gnéas:         

Baineann        

Fireann          

 

  1. Aois _________

 

  1. Cad as don pháiste/déagóir?

Gaeltacht na nDéise                          

Áit eile i bPort Láirge                        

Gaeltacht eile                                     

Áit eile in Éirinn                                 

An Bhreatain                                      

An Eoraip                                           

Eile:                                                    ___________(Sonraigh, led’ thoil)

 

An Ghaeilge 

  1. Cumas Gaeilge. Cén cumas Gaeilge atá ag an bpáiste/déagóir ó scála 1 go 5

(1 = Lag, 2 = Cuíosach; 3 = Réasúnta, 4 = go maith, 5 = líofa)

Labhairt           1☐      2☐      3☐      4☐      5☐      (☐ ní bhaineann)

Tuiscint           1☐      2☐      3☐      4☐      5☐      (☐ ní bhaineann)

Léamh             1☐      2☐      3☐      4☐      5☐      (☐ ní bhaineann)

Scríobh            1☐      2☐      3☐      4☐      5☐      (☐ ní bhaineann)

 

6          Úsáid Teanga (cuir tic, led’ thoil, faoin gceann is oiriúnaí do gach ceann, ná líon sa chás nach mbaineann sé leis an bpáiste / déagóir)

 

Béarla amháin

Béarla is mó

An dá theanga mar a chéile

Gaeilge is mó

Gaeilge amháin

Ar an iomlán     

 

 

 

 

 

Sa mbaile

 

 

 

 

 

Sa siopa     

 

 

 

 

 

Le gaolta      

 

 

 

 

 

Le cairde     

 

 

 

 

 

Ócáidí Sóisialta      

 

 

 

 

 

Ag an Séipéal     

 

 

 

 

 

Cúrsaí Spóirt     

 

 

 

 

 

 

 

Leabharliosta: 

Leabhair

Bakhtin, M. M., & Holquist, M., (1981) The dialogic imagination: Four essays.  Austin: University of Texas Press.

Berger, P., & Luckmann, T. (1966) The Social Construction of Reality: A Treatise in the Sociology of Knowledge.  Garden City, NY: Doubleday.

Blaxter, L., Hughes, C., & Tight, M., (2001) How to Research.  Buckingham: Open University Press.

Cohen, L., & Manion, L., (2000) Research methods in Education (5th edition).  Routledge.

Hindley, R., (1990) The Death of the Irish Language.  London: Routledge.

Kaplan, R.B., & Baldauf, R.B., (1997) Language planning from practice to theory.  Clevedon: Multilingual Matters.

McCloskey, J., (2001) Voices Silenced – Has Irish a Future?  Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ní Dhúda, L., (2014) Roghanna, Glór na nGael Teoranta.

Kloss, H., (1969) Research possibilities on group bilingualism: A report. Quebec: International Center for research on Bilingualism.

Lee, J., (1989) Ireland 1912–1985: Politics and Society.  Cambridge University Press.

Ó Riagáin, P., (1997) Language Policy and Social Reproduction Ireland 1893–1993.  Oxford: Clarendon Press Dublin: Occasional Paper No. 8, Irish Institute of Linguistics.

Poon, A., (2000) Medium of Instruction in Hong Kong: Policy and Practice. Lanham, Maryland, University of America.

Stake, R.E., (2010) Qualitative Research: Studying How Things Work.  New York, NY: Guilford Press.

Spolsky, B., (2004) Language Policy.  Cambridge University Press.

Walsh, J., (2011) Contests and Contexts: the Irish Language and Ireland’s SocioEconomic Development.  Oxford; New York: Peter Lang.

Ailt

Baruch, Y & Holtom, B.C., (2008) ‘Survey response rate levels and trends in organizational research’, Human Relations, 61 (8).

Bruen, J., (2013) ‘Towards a national policy for languages in education: the case of Ireland.’  European Journal of Language Policy 5.  99–114.

Chesire, J. (1995) ‘Language policy and language practice in education.’  Blue, G.

& Mitchell, R. (eag.) Language and Education.  Clevedon: BAAL Multilingual Matters.

Fishman, J., (1987) ‘Reflections on the current state of language planning.’  Laforge, L., (eag.) Proceedings of the International Colloquim on Language Planning.  Les Presses de l’Universit Laval, Quebec.  407–28

Garner, M., (2007) ‘Techniques Of Analysis III Discourse.’  Llamas, C., Mullany L., & Stockwell, P., (eag.) The Routledge Companion To Sociolinguistics.  Oxon: Routledge.  41–8.

Holloway, I., & Todres, L., (2003) ‘The Status of Method: Flexibility, Consistency and Coherence.’  Qualitative Research 3(3).  345–57.

Johnson, R. B., Onwuegbuzie, A. J., & Turner, L.A., (2007) ‘Toward a definition of mixed methods research.’  Journal of Mixed Methods Research 1(2).  112–33.

Kiberd, D., (1981) ‘The Irish Language.’  The Crane Bag No.9, 5 (2).  835.

Ní Chiosáin, M., (2006) ‘Language Shift in early Twentieth-Century Ireland.’  Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium. Vol. 26/27 (2006/2007), 370–84.

Ó Coileáin, A., (2009) ‘Pleanáil Teanga in Éirinn’, Comhar 69 (9).  12–4.

Ó Giollagáin, C., (2014) ‘Unfirm ground, A re-assessment of language policy in Ireland since Independence’, Language Problems and Language Planning 38(1).  19–41.

Ó hIfearnáin, T., (2006) ‘Beartas Teanga.’ An Aimsir Óg.  Páipéar Ócáideach 7.  Baile Átha Cliath: An Chéad Chló.

Ó hIfearnáin, T., (2012) ‘An Phleanáil Teanga agus an Beartas Teanga: Coincheapa agus Feidhm’.  Ó hIfearnáin, T. & Ní Neachtain, M. (eag.) An tSochtheangeolaíocht: Feidhm agus Tuairisc.  Baile Átha Cliath: Cois Life.  129–49.

Thorpe, M.R., (2013) ‘The process of conducting qualitative research as an adjunct to the development of therapeutic abilities in counselling Psychology’, New Zealand Journal of Psychology 42.  35–43.

Weinstein, B., (1980) ‘Language planning in francophone Africa’, LPLP, 4, 1.  55–77.

Foilseacháin eile

Comhlacht Forbartha na nDéise, (2018) Plean Teanga na nDéise 2018–2024.Le fáil ag: http://www.deise.ie/images/pdfs/plean_teanga_2018_2024.pdf

An Roinn Cultúir, Oidhreachta & Gaeltachta, (2018) ‘Plean teanga Ghaeltacht na nDéise’ – Preasráiteas eisithe 27/02/2018.  Le fáil ar: https://www.chg.gov.ie/ga/gaeltacht-na-ndeise-language-plan-approved-by-minister-of-state-mchugh/

Rialtas na hÉireann, (2010) Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge 2010–2030, Baile Átha Cliath.

Coimisiún na Gaeltachta report (1925).  Dublin: The Stationery Office.

Cainteanna:

Weafer, J.A., (2015) ‘Working With Questionnaires’, Cur i láthair ag Coláiste Mhuire gan Smál, Feabhra.

Ó Curnáin, B., (2014) Ag labhairt ag seoladh Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach, Baile Átha Cliath, Mí na Samhna.