Próifíl Shochtheangeolaíoch don Ghaeilge i gceantar uirbeach – Cathair Chorcaí mar shuíomh taighde

Vicky Brady

Réamhrá

Pléitear sa pháipéar seo roinnt de na torthaí a d’eascair as obair pháirce a rinneadh i gCathair Chorcaí le linn 2015 agus 2016 ar mhaithe le próifíl shochtheangeolaíoch don Gaeilge sa chathair a chruthú.  Ainmníodh Cathair Chorcaí mar Bhaile Seirbhíse Gaeltachta faoi Acht na Gaeltachta (2012) agus tá an plean teanga don chathair á ullmhú faoi láthair.  Pléitear go minic i réimse na pleanála agus na mbeartas teanga an tábhacht a bhaineann le taighde agus le tuiscint a fháil ar an bpobal atá faoi chaibidil sula dtugtar faoi aon phleanáil éifeachtach (Ó hIfearnáin, 2012: 132).  Dar le Dauenhauer agus Dauenhauer (1998: 63), tá sé tábhachtach measúnú macánta a dhéanamh ar an staid reatha agus ar dhearcthaí bhaill phobail sula dtabharfaí faoi phleanáil teanga.  Más aidhm de bheartas teanga úsáid na teanga atá faoi chaibidil a leathnú tugann faisnéis shochtheangeolaíoch eolas tábhachtach a d’fhéadfadh na hiarrachtaí sin a threorú.  Aithníodh bearna sa taighde atá déanta i sochtheangeolaíocht na Gaeilge go dtí seo sa mhéid is go bhfuil easpa iniúchtaí ar an bhfód a thugann léargas ar staid chomhaimseartha na Gaeilge i suíomhanna uirbeacha na tíre.  Sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge, 2010-2030, straitéis a cruthaíodh mar bhuntaca le beartas reatha Rialtas na hÉireann i leith na Gaeilge, leagtar amach mar sprioc shonrach méadú faoi thrí a bhaint amach i líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge sa tír lasmuigh den chóras oideachais (ó 83,000 go 250,000) (Rialtas na hÉireann, 2010: 9).  Sprioc uaillmhianach is ea í seo (agus méadú ar bhonn comhsheasmhach a bheadh i gceist nár tharla riamh go fóill ó bhunú an Stáit) agus luíonn sé le réasún, mar sin, béim ar leith a chur ar cheantair na tíre ina bhfuil na daonraí is mó.  Ghlac 603 rannpháirtí páirt san obair pháirce ar tugadh fúithi don taighde seo, iad go léir lonnaithe i gCathair Chorcaí.  Díríodh ar dhaoine os cionn ocht mbliana déag d’aois amháin agus bhí formhór na rannpháirtithe (70.6%) idir 25-54 bliain d’aois.  Is iad na huirlisí taighde ar baineadh leas astu chun teacht ar na torthaí a phléitear sa pháipéar seo ná ceistneoir sochtheangeolaíoch agus grúpaí fócais eitneagrafacha.  

Díríodh ar thrí phríomhthoisc agus an phróifíl á chruthú – bailíodh faisnéis ar chumas sa Ghaeilge, ar úsáid na Gaeilge agus ar dhearcthaí i leith na Gaeilge i measc rannpháirtithe.  Trí thoisc lárnacha is ea iad a ndírítear orthu go minic i dtaighde sochtheangeolaíoch, i dtaca le hathneartú teanga go háirithe.  Agus an beartas teanga faoi thrácht, labhraíonn Grin & Vaillancourt (1999: 98) faoi chumas teangeolaíoch, dearcadh dearfach agus deiseanna úsáide mar thosca riachtanacha i dtaca le leathnú úsáid teanga i bpobal agus labhraíonn Mac Donnacha (2000: 15) faoi na tosca céanna.  Pléann Grin na trí thoisc sin arís in 2003 (44) i gcomhthéacs na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha (1992) go sonrach ina shaothar ‘Language Policy Evaluation and the European Charter for Regional or Minority Languages’.  Dar leis, agus é ag trácht ar spriocanna beartais teanga a bhaint amach:

...the type of behaviour ensuring that a regional or minority language keeps being used will obtain if three conditions are met: capacity, opportunity and desire (or willingness). It follows that policy measures must focus on guaranteeing people’s capacity to use their language, providing them with opportunities to use it, and encouraging their inclination, or desire to use it.

Díríonn an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge ar fhorbairtí sna tosca éagsúla sin mar bhunús de bhearta iomlána na Straitéise (2010: 7).  Tugtar le fios sa Straitéis go bhfuil sé d’aidhm aici ‘cur le heolas ar an nGaeilge, deiseanna a chruthú le Gaeilge a úsáid agus dearcthaí dearfacha i leith na Gaeilge a chothú’ (Ibid: 4).  Tugtar forbhreathnú gairid thíos ar an modheolaíocht don taighde agus roinntear an chuid eile den pháipéar seo de réir phríomhthéamaí na hoibre páirce: cumas sa Ghaeilge, úsáid na Gaeilge agus dearcadh i leith na Gaeilge.

Modheolaíocht

Is fiú ag an bpointe seo an mhodheolaíocht taighde a mhíniú.  Úsáideadh triantánú modheolaíoch chun cur le hiontaofacht agus le bailíocht na dtorthaí a tháinig chun cinn.  Tugtar triantánú modheolaíoch ar staidéir aonaracha ina mbaintear leas as níos mó ná cur chuige, paraidím agus/nó modh taighde amháin (Flick, 1998; Egbert, Baker, 2016).  Socraíodh ar cheistneoir a úsáid os rud é go raibh suíomh taighde mór i gceist agus d’éascaigh sé sampla níos ionadaíche a chur san áireamh sa taighde.  Is minic a úsáidtear ceistneoirí sochtheangeolaíochta chun cleachtas teanga agus idé-eolaíochtaí i leith teangacha a mheá (Fishman, 1972; Bender et al., 1976; Chambers, 1998).  Cleachtas coitianta a bhí ann i mblianta luatha an réimse go háirithe leas a bhaint as daonáirimh náisiúnta ar mhórscála agus suirbhéanna déimeagrafacha i staidéir shochtheangeolaíocha.  Comhthreomhar le forbairtí coincheapúla sa réimse acadúil, feictear leathnú sna modhanna taighde agus méadú in úsáid modhanna eitneagrafacha (le béim ar chleachtais teanga na ndaoine ina suíomhanna cultúrtha féin) agus modhanna cáilíochtúla (modhanna ionduchtaitheacha, léirmhínitheacha a sholáthraíonn faisnéis thuairisciúil).  Ní hé sin le rá go bhfuarthas réidh leis na modhanna a úsáideadh roimhe seo, áfach, ach gur leathnaíodh an tsraith straitéisí in imeacht ama.  Úsáideadh meascán de chineálacha éagsúla ceisteanna sa cheistneoir idir cheisteanna déimeagrafacha, cheisteanna déscartha, cheisteanna ilrogha, scálaí difreála séimeantaí (scálaí Likert), agus bhí dhá cheist oscailte mar chuid den cheistneoir chomh maith.

Eagraíodh grúpaí fócais mar mhodh coimhdeach sa taighde ar mhaithe leis na torthaí a bhí ag teacht chun cinn ón gceistneoir a phlé go mion le grúpaí níos lú go príomha.  Ó thús an fhichiú haois i leith is modh cáilíochtúil coitianta é an grúpa fócais a úsáidtear i réimse leathan earnálacha – sa tsíceolaíocht, sa tsocheolaíocht, in eolaíochtaí an chomhshaoil, i ngnó, i dtaighde margaidh, i staidéar inscní agus eile.  Ceann de na laincisí a bhaineann le grúpaí fócais is ea nach bhfaightear ionadaíocht de dhaonra iomlán iontu go minic, más daonra mór atá faoi chaibidil go háirithe.  Moltar grúpaí fócais mar mhodh coimhdeach sna heolaíochtaí sóisialta, áfach, chun tuiscint níos doimhne a fháil ar thorthaí atá ag teacht chun cinn (Bloor et al., 2001: 90).  Luann Vaughn, et al. (1996: 15) an tairbhe a bhaineann le húsáid grúpaí fócais mar iomlánú ar iniúchtaí cainníochtúla.  Laincis eile a bhaineann le grúpaí fócais mar mhodh taighde is ea go bhféadfadh tuairimí an mhodhneora tionchar a imirt ar na tuairimí a chuirtear in iúl le linn an phlé (Litosseliti, 2003: 21).  Is féidir dul i ngleic leis an dúshlán seo, áfach, trí ullmhúchán cúramach agus struchtúr an ghrúpa fócais a leagan amach, agus trí iarracht comhfhiosach a dhéanamh chun sin a sheachaint.  Tairgtear faisnéis agus léargais i ngrúpaí fócais nach bhfaighfí gan an idirghníomhaíocht a tharlaíonn i ngrúpaí (Morgan, 1997: 2).  Is é sainmharc an ghrúpa fócais ná úsáid fhollasach na hidirghníomhaíochta sin sa phlé ar thopaicí atá roghnaithe ag an taighdeoir.  Soláthraíonn cuspóirí taighde an taighdeora an fócas mar sin, ach tagann an fhaisnéis féin ón idirghníomhaíocht i measc na rannpháirtithe.

Ríomhadh sampla ionadaíoch de dhaonra na cathrach ag baint úsáid as torthaí Dhaonáireamh 2011 (an daonáireamh ba dhéanaí nuair a cuireadh tús leis an taighde seo in 2015).  Ba é daonra na cathrach in 2011, dar leis an daonáireamh, ná 198,582.  Is é sampla ionadach de dhaonra na cathrach mar a sonraíodh sa dhaonáireamh sin, le heatramh muiníne 95% agus le lamháil earráide 5%, ná 384. Nuair a laghdaítear an lamháil earráide go 4% is é an sampla a bheadh ag teastáil ná 599.  Líon 564 duine an ceistneoir san iomlán; mar sin tá lamháil earráide idir 4-5% i gceist (ach níos cóngaraí do 4%).  Úsáidtear eatraimh mhuiníne i dtaighde cainníochtúil chun dul i ngleic le neamhchinnteacht in athraitheas de thoradh samplála.  Ciallaíonn eatramh muiníne 95% go gcuimsíonn an t-eatramh muiníne an fíorluach 95% den am (Gerring, Christenson, 2017: 55).  Ba iad na coinníollacha a socraíodh orthu maidir le roghnú rannpháirtithe don cheistneoir ná go mbeadh cónaí ar na freagróirí go léir i gCathair Chorcaí agus go mbeadh na freagróirí os cionn ocht mbliana déag d’aois.  Ba dhúshlán é an ceistneoir a scaipeadh le sampláil dóchúlachta i bhfianaise srianta ama agus airgid.  Le sampláil dóchúlachta is gá liosta de dhaoine laistigh den fhráma samplála a bheith agat, rud a fhágann go mbeadh gá le liosta de gach duine a raibh cónaí orthu i gCathair Chorcaí de dhíth, rud nach raibh indéanta don taighde seo.  Mar sin, sampla neamhdhóchúlachta a bhí i gceist ach rinneadh tástáil ar ionadaíocht an sampla ar bhealaí éagsúla.  Cé gur líonadh an ceistneoir ar bhonn anaithnid, cuireadh ceisteanna déimeagrafacha san áireamh ag tús an cheistneora chuige sin.  Bealach eile a rinneadh bailíocht na dtorthaí a chinntiú ná gur úsáideadh teicnící éagsúla chun an ceistneoir a scaipeadh.  Cruthaíodh leagan leictreonach den cheistneoir ar líne agus leagan crua de chomh maith ar mhaithe le laofacht sampla a sheachaint chomh fada agus ab fhéidir.  Tarlaíonn laofacht sampla nuair nach mbíonn deis ar bith nó an deis chéanna ag baill den fhráma samplála páirt a ghlacadh sa taighde.  Scaipeadh an leagan leictreonach den cheistneoir go príomha trí na meáin shóisialta.  Os rud é nach mbeadh fáil ar an idirlíon ag gach ball den fhráma samplála, agus gur minic go bhfágtar daoine níos sine ar lár i gceistneoirí ar-líne (Gosling, et al., 2004), úsáideadh modh ‘aghaidh ar aghaidh’ chomh maith chun an ceistneoir a scaipeadh.  Sa dá chás sin úsáideadh modh féinriartha, an modh is coitianta sna heolaíochtaí sóisialta.  I gcás líonadh an cheistneora ‘aghaidh ar aghaidh’, áfach, bhí an taighdeoir i láthair nuair a líonadh an ceistneoir chun ceisteanna a fhreagairt dá mba ann dóibh.

Rinneadh fógraíocht chun daoine a earcú chun páirt a ghlacadh sna grúpaí fócais.  Rinneadh fógraíocht ar líne trí na meáin shóisialta agus crochadh póstaeir le cead timpeall na cathrach ag lorg rannpháirtíthe.  Ghlac daichead rannpháirtí páirt sna grúpaí fócais eitneagrafacha a bhí mar chéim eile den bhailiú faisnéise.  Cuireadh cúig ghrúpa fócais ar siúl san iomlán, ceann amháin acu trí mheán na Gaeilge agus na ceithre cinn eile trí mheán an Bhéarla.  Baineadh leas as SPSS (pacáiste staitisticiúil do na heolaíochtaí sóisialta) chun anailís a dhéanamh ar an bhfaisnéis chainníochtúil a tháinig chun cinn ón gceistneoir.  Éascaíonn SPSS caidrimh staitisticiúla san fhaisnéis a aithint.  Ríomhadh meascán de staitisticí tuairisciúla agus staitisticí tátalacha as torthaí an cheistneora.  Baintear leas as staitisticí tuairisciúla chun bailiúchán mór faisnéise a choimriú agus a chur i láthair ar bhealach bríomhar trí mhinicíochtaí staitisticiúla a chruthú.  Úsáidtear staitisticí tátalacha chun tátail a bhaint faoi dhaonra bunaithe ar fhaisnéis ón sampla.  Tugadh faoi anailís chomhchoibhnis chuige sin, modh anailíse a úsáidtear chun gaol idir athróga a scrúdú.  Is iad na tástálacha a úsáideadh chun anailís thátalach a sholáthar ar thorthaí an cheistneora ná trastábluithe, cearnóga Chi agus scrúduithe ANOVA aontreo.  Tar éis an t-eolas go léir a bhailiú ó na grúpaí fócais, tugadh faoi na próisis a mholann Schensul ar mhaithe le hanailís a dhéanamh ar fhaisnéis eitneagrafach, ‘chunking’, ‘crunching’ agus códú (2013: 80).  Cruthaíodh achoimre chainníochtúil ar na téamaí is mó a tháinig chun cinn.

Cumas sa Ghaeilge

Is í an chéad cheist a bhí le freagairt sa cheistneoir faoi chumas sa Ghaeilge ná ‘an í Gaeilge do chéad teanga?’  D’fhreagair 5.5% de na freagróirí (nó 31 duine) gurb í agus 94.5% (nó 533 duine) nach í.  Bhí formhór mór na rannphairtithe tar éis Gaeilge a fhoghlaim ar scoil ar feadh idir 10-14 bliana.  D’fhreagair 61.2% de fhreagróirí an cheistneora gur fhoghlaim siad Gaeilge ar feadh 13+ bliana agus 23% eile gur fhoghlaim siad Gaeilge ar feadh 10-12 bliana.  Bhí gach rannpháirtí sna grúpaí fócais tar éis Gaeilge a fhoghlaim ar an mbunscoil agus 36 as 40 duine tar éis í a fhoghlaim sa mheánscoil chomh maith.  Nuair a pléadh cumas ginearálta sa Ghaeilge sa cheistneoir, léiríonn na torthaí go mbraitheann formhór na rannpháirtithe go bhfuil cumas íseal acu sa Ghaeilge.  B’ionann an cás i measc fhormhór rannpháirtithe na ngrúpaí fócais chomh maith.  Mar a léirítear sa ghraf thíos, an freagra is coitianta a tugadh ar an gceist ‘Conas a chuirfeá síos ar do chumas sa Ghaeilge?’ ón gceistneoir ná ‘Tá beagán Gaeilge agam’.  D’fhreagair 38.3% d’fhaisnéiseoirí leis an bhfreagra sin.  Seo thíos dáileadh na dtorthaí:

Léaráid 1: Cumas ginearálta sa Ghaeilge – ceistneoir

Maidir leis na torthaí a fuarthas faoi chumas sa Ghaeilge ó na grúpaí fócais, bhí sé i bhfad níos coitianta gur mhaígh rannpháirtithe go raibh cumas íseal acu sa Ghaeilge nó nach raibh aon Ghaeilge acu ná gur mhaígh rannpháirtithe go raibh ardchumas sa Ghaeilge acu.  B’fhíor sin sna grúpa fócais ar fad ach amháin an grúpa fócais a cuireadh ar siúl trí mheán na Gaeilge.  Is í an Ghaeilge an chéad teanga ag cúigear de na rannpháirtithe sna grúpaí fócais (as daichead).  Seo thíos an achoimre chainníochtúil ar chumas braite ginearálta sa Ghaeilge i measc rannpháirtithe na ngrúpaí fócais

Catagóir

Minicíocht

Ardchumas sa Ghaeilge

n = 9

Cumas réasúnta sa Ghaeilge

n = 7

Cumas íseal sa Ghaeilge/ gan aon chumas sa Ghaeilge

n = 18

Léaráid 2: Achoimre cainníochtúil de chumas sa Ghaeilge – grúpaí fócais

I staidéar sochtheangeolaíoch an Athar Mhic Gréil (2009), arbh é ceistneoir an phríomhuirlis taighde a úsáideadh ann, sonraíodh torthaí faoi chumas na bhfreagróirí sa Ghaeilge a bhí cosúil leis na torthaí ón gceistneoir seo sa mhéid is gur fhreagair 36.9% de na faisnéiseoirí go raibh beagán Gaeilge acu.  Soláthraíonn Mac Gréil mar chúis féideartha leis seo an tacaíocht oifigiúil laghdaithe ón rialtas i mbunscoileanna agus meánscoileanna príomhshrutha (40).  Ach ag an am céanna, chaithfí ról an chórais oideachais sna torthaí ar an taobh uachtair ó thaobh cumais de a aithint chomh maith.  D’áitigh 34% de fhreagróirí an cheistneora go raibh cumas líofa nó maith acu sa Ghaeilge agus 23.4% go raibh Gaeilge mheasartha acu.  Níor mhaígh ach 4.3% (24 duine) nach raibh aon Ghaeilge acu.  Tá suntas staitisticiúil sa toradh gur mhaígh 11.3% go raibh siad líofa sa Ghaeilge (ag leibhéal an chainteora dúchais) nuair nár mhaígh ach 5.5% gurbh í an Ghaeilge a gcéad teanga.  Chomh maith le buntástálacha staitisticiúla a bhaint de na bunthorthaí a tháinig chun cinn ón gceistneoir, rinneadh trastáblú chun naisc idir cumas agus athróga pearsanta na bhfaisnéiseoirí a scrúdú.  Tá suntas staitisticiúil sa trastáblú a bhaineann le hoideachas agus cumas sa Ghaeilge; mhaígh céatadán ní b’airde freagróirí go raibh cumas ní b’fhearr acu sa Ghaeilge má bhí siad tar éis leibhéal níos airde oideachais a shroicheadh, go ginearálta.

Cuireadh ceisteanna san áireamh sa cheistneoir agus sna grúpaí fócais faoi chumas na bhfreagróirí sna scileanna éagsúla teanga sa Ghaeilge chomh maith – labhairt, scríobh, léamh agus tuiscint – agus mhaígh níos mó daoine go raibh cumas ní b’airde acu sna scileanna gabhchumais teanga ná sna scileanna ginchumais teanga.  Is feiniméan coitianta i bhfoghlaim teangacha mar dhara teanga go bhforbraítear scileanna gabhchumais go leibhéal níos airde níos tapúla ná mar a fhorbraítear scileanna ginchumais teanga (Ellis, et al., 1994; Harris & Murtagh, 1999).  Dar le hipitéis an chúlchéimnithe go gcailltear na scileanna ginchumais teanga níos tapúla ná scileanna gabhchumais teanga nuair nach gcleachtar iad.  Phléigh seachtar de na rannpháirtithe sna grúpaí fócais an laghdú ina gcumas sa Ghaeilge ó d’fhág siad an córas oideachais; mar shampla:

I did the Leaving Cert ten years ago in 2005.  I loved Irish at school, I always did well at Irish and I got a good grade in the LC.  Since then I haven’t used Irish much apart from sometimes on holidays with friends.  I have definitely lost a lot of my Irish in the intervening years. (Rannpháirtí 8: 05/07/2015).

I would definitely understand it to a certain extent but there is no way I would be able to speak it now after being out of school five years. (Rannpháirtí 2: 02/08/2015).

Cuireadh ceisteanna breise faoi chumas comhrá sa Ghaeilge chomh maith agus léiríonn na torthaí go mbraitheann formhór fhreagróirí an cheistneora agus rannpháirtithe na ngrúpaí fócais nach mbeadh sé ar a gcumas acu comhrá a dhéanamh trí Ghaeilge.  Is é seo a leanas dáileadh na dtorthaí ón gceistneoir mar a bhaineann siad le cumas comhrá sa Ghaeilge

 

Minicíocht

Céatadán

Tá mé breá ábalta comhrá maith a dhéanamh i nGaeilge

68

12.1%

Tá mé ábalta comhrá maith a dhéanamh i nGaeilge

68

12.1%

Is féidir liom comhrá réasúnta a bheith agam gan aon chúnamh

171

30.3%

Ní féidir liom ach cúpla focal a labhairt

208

36.9%

Ní féidir liom comhrá a dhéanamh

45

8%

Léaráid 3: Dáileadh cumas comhrá – ceistneoir

Úsáid na Gaeilge

Maidir le húsáid na Gaeilge, pléadh minicíocht úsáide na Gaeilge go ginearálta agus i dtaca le tascanna ar leithligh maraon le toilteanas na bhfaisnéiseoirí Gaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla.  Ceist ghinearálta a bhí sa chéad cheist a cuireadh sa cheistneoir – ‘cé chomh minic is a bhaineann tú úsáid as an nGaeilge?’  Léiríonn an graf thíos dáileadh na bhfreagraí:

Léaráid 4L Minicíocht úsáide na Gaeilge – ceistneoir

Na freagraí is minice a tugadh ná ‘ar bhonn laethúil’ agus ‘go hannamh’ (20.1% – 113 duine).  Aithnítear roinnt laigí sa cheist anseo, áfach, sa mhéid is gur díríodh ar ‘úsáid’ na Gaeilge seachas ar labhairt na Gaeilge agus go bhfuil bearnaí móra idir na catagóirí úsáide a soláthraíodh.  Mar iarracht ar dhul i ngleic leis an neamhréiteach idir na torthaí ar chumas (measartha/íseal den chuid is mó) agus úsáid (rialta) sna torthaí, rinneadh roinnt tástálacha staitisticiúla ar an bhfaisnéis ón gceist seo inar fágadh ar lár na freagróirí a d’fhreagair go raibh beagán Gaeilge acu nó a d’fhreagair nach raibh aon Ghaeilge acu.  Cruthaíodh athróg nua inar suimíodh cumas ‘líofa’, ‘maith’ agus ‘measartha’ le chéile faoin gceannteideal ‘cumas cuíosach’ mar iarracht ar léargas níos cruinne a fháil ar mhinicíocht úsáid na Gaeilge.  Nuair a chuirtear daoine a d’fhreagair go bhfuil ‘cumas cuíosach’ sa Ghaeilge amháin san áireamh, is iad seo a leanas na torthaí a fuarthas:

Léaráid 5: Minicíocht úsáide na Gaeilge i measc rannpháirtithe le cumas cuíosach

D’fhreagair 76.2% de rannpháirtithe a mhaígh go raibh líofacht sa Ghaeilge acu gur úsáid siad í gach lá.  Níor fhreagair éinne le líofacht sa Ghaeilge gur úsáid siad í ní b’annaimhe ná ‘anois is arís’.  Léirítear comhghaolú soiléir sna torthaí thuas idir cumas agus úsáid, mar a mbeifí ag súil leis.  Labhair Chomsky faoi chumas agus chur i láthair i 1965 ina leabhar Aspects of the Theory of Syntax ina léiríonn sé gur constráid bhréige é an cainteoir-éisteoir idéalach agus gur constráid bhréige é an pobal urlabhra aonchineálach, leis.  Tá idirdhealú bunúsach le déanamh idir cumas (eolas an chainteora-éisteora ar an teanga) agus cur i láthair (fíorúsáid na teanga i suíomhanna coincréiteacha), dar le Chomsky (4).  Tá an comhghaol idir cumas agus úsáid á phlé ó shin i leith sa litríocht acadúil, i dtaighde ar theoiric theangeolaíochta go háirithe (Bachman, 1990; Celce-Murcia, et al., 1995; Kasper & Schmidt, 1996; Kasper & Rose, 2002).  Ní chinntíonn cumas i dteanga úsáid na teanga sin sa tsochaí agus bíonn tionchar ag rialacha dochta ar an teanga a úsáidtear i réimse ar bith.  Dar ndóigh, áfach, mar a léiríonn na torthaí a fuarthas go soiléir, tá sé i bhfad níos dóchúla go n-úsáidfí an Ghaeilge dá mbeadh cumas ní b’airde ag an duine.  Sna tástálacha staitisticiúla ar úsáid na Gaeilge sa chathair ó thaobh athróga pearsanta de, mhaígh an céatadán is mó de rannpháirtithe a bhí fós ar scoil (46.7%) nár úsáid siad Gaeilge in aon chor lasmuigh den chóras oideachais.

Nuair a pléadh úsáid na Gaeilge sna grúpaí fócais, díríodh níos mó ar labhairt na Gaeilge seachas ar ‘úsáid’ na Gaeilge.  Seo thíos achoimre chainníochtúil ar mhinicíocht labhairt na Gaeilge a cruthaíodh as an bhfaisnéis a soláthraíodh sna grúpaí fócais:

Catagóir

Minicíocht

Labhraítear Gaeilge go rialta

n = 8

Labhraítear Gaeilge go hannamh

n = 7

Ní labhraítear Gaeilge riamh

n = 16

Léaráid 6: Achoimre chainníochtúil ar mhinicíocht labhairt na Gaeilge – grúpaí fócais

Tuairiscíodh meascán de fhreagraí ach bhí sé i bhfad ní ba choitianta i measc rannpháirtithe sa ghrúpa fócais a cuireadh ar siúl trí mheán na Gaeilge a rá gur labhair siad Gaeilge ar bhonn rialta.  Dar le triúr rannpháirtithe sa ghrúpa fócais sin, níor labhair siad ach Gaeilge amháin lena dteaghlaigh.  Fuarthas léargas ar roinnt de na srianta a bhaineann le húsáid na Gaeilge sa chathair le linn an phlé ar mhinicíocht labhairt na Gaeilge.  Baineann cuid mhaith de na srianta sin le réimsí úsáide na Gaeilge sa chathair agus leis na noirm shóisialta a ghabhann lena húsáid.  Dar le roinnt rannpháirtithe, ní labhraíonn daoine eile ina ngréasáin shóisialta Gaeilge agus mar sin, fiú dá mbeadh ardchumas acu sa Ghaeilge ní bheidís in ann í a úsáid ina ngréasáin féin:

...I can’t speak Irish but even if I could, none of my family or friends speak Irish so I don’t know who I would use it with really (Rannpháirtí 5: 12/07/2015)

Even if I spoke Irish, where would I actually speak it. At home no-one else speaks Irish and Irish isn’t spoken around the city in general (Rannpháirtí 4: 05/07/2015).

Nuair a pléadh úsáid seirbhísí i nGaeilge sa chathair, níor fhreagair ach ceathrar rannpháirtithe as daichead gur bhain siad leas as seirbhísí trí Ghaeilge.  Fiú i measc na rannpháirtithe le hardchumas sa Ghaeilge, sonraíodh go mbíodh drogall orthu seirbhísí poiblí i nGaeilge a úsáid sa chathair.  Luadh go leor cúiseanna éagsúla chuige sin, lena n-áirítear easpa muiníne i gcumas pearsanta sa Ghaeilge, easpa muiníne i gcumas Gaeilge an duine a sholáthródh an tseirbhís, easpa feasachta ar na seirbhísí atá ar fáil trí Ghaeilge sa chathair agus easpa normálaithe ar úsáid na Gaeilge i réimsí éagsúla.  Ó na torthaí a fuarthas ar thoilteanas fhreagróirí an cheistneora Gaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna sonracha, léirítear go mbeadh daoine ní ba thoilteanaí Gaeilge a úsáid i suíomhanna neamhfhoirmiúla ná eile.  Seo thíos céatadán na ndaoine a d’fhreagair go mbeidís sásta tabhairt faoi na gníomhaíochtaí seo a leanas trí Ghaeilge:

-Bia nó deoch a ordú i mbialann nó i dteach tábhairne: 62.2%

-Comhrá trí Ghaeilge a bheith agat le hoibrí i dteach tábhairne nó i mbialann: 61.3%

-Seirbhísí bainc a úsáid: 46.5%

-Rud éigin a cheannach ar-líne: 37.2%

-Glaoch teileafóin a chur le híoc as bille: 27%

-Déileáil leis an nGarda Síochána: 23%

-Glaoch teileafóin a chur le gearán a dhéanamh: 21.6%

 

Léaráid 7: Toilteanas úsáid na Gaeilge i gcomhthéacsanna áirithe

Dearcadh i leith na Gaeilge

Maidir le dearcadh i leith na Gaeilge, sonraíodh dearcthaí dearfacha i leith na Gaeilge i measc fhormhór fhreagróirí an cheistneora agus rannpháirtithe na ngrúpaí fócais araon.  D’ainneoin na dtorthaí a léiríonn go measann formhór na rannpháirtithe san obair pháirce go bhfuil cumas íseal acu sa Ghaeilge agus an eolais a tugadh ar na srianta ar úsáid na Gaeilge sa chathair, d’fhreagair 52% de fhreagróirí an cheistneora go raibh siad ‘go láidir i bhfabhar na Gaeilge’ agus 36.7% eile go raibh siad ‘i bhfabhar na Gaeilge’.  Iarradh ar fhreagróirí an chúis taobh thiar den dearcadh sin a léiriú agus an chúis ba choitianta a tugadh, ag 69% de fhreagróirí a mhaígh go raibh dearcadh dearfach acu i leith na Gaeilge, ná ‘teastaíonn uaim a bheith dílis d’oidhreacht teanga na tíre’.  Ina ndiaidh sin, d’fhreagair 58.2% go raibh an Ghaeilge tábhachtach dóibh ar bhonn pearsanta.  Sin an dearcadh is coitianta a léirítear i bhfaisnéis ó na grúpaí fócais chomh maith, le haon duine is fiche ag léiriú dearcadh follasach dearfach i leith na Gaeilge i gcomparáid le cúigear a léirigh dearcadh follasach diúltach ina leith:

Catagóir

Minicíocht

Dearcadh follasach dearfach i leith na Gaeilge

n = 21

Dearcadh follasach diúltach i leith na Gaeilge

n = 5

Tábhacht na Gaeilge don fhéiniúlacht chultúrtha agus náisiúnta

n = 13

Tábhacht phearsanta na Gaeilge do na rannpháirtithe

n = 9

Athrú i ndearcadh i leith na Gaeilge thar imeacht ama

n = 8

Tionchar ag cumas agus úsáid na Gaeilge ar dhearcadh ina leith

n = 7

Stiogma faoin nGaeilge

n = 5

An tionchar ag ‘praiticiúlacht’ ar dhearcadh i leith na Gaeilge

n = 9

Léaráid 8: Achoimre chainníochtúil ar dhearcadh i leith na Gaeilge – grúpaí fócais

Cé go bhfuil an chosúlacht ar an scéal ó thorthaí an ceistneora go bhfuil formhór mhuintir na cathrach thar a bheith dearfach faoin nGaeilge, tháinig eolas níos sonraí chun cinn sna grúpaí fócais nuair a ligeadh do dhaoine labhairt faoina dtuairimí i leith na Gaeilge.  Dar le Ó hIfearnáin agus Walsh ‘tá idir idé-eolaíocht fholaithe agus idé-eolaíocht fhollasach i gceist agus tá…teannas…idir an meon nach ndearbhaítear agus an meon a fhógraítear’ (2018: viii).  Bhí níos mó castachta ag baint leis an meon a léiríodh i bhfaisnéis na ngrúpaí fócais i leith na Gaeilge.

Sa litríocht acadúil déantar idirdhealú uaireanta idir dearcthaí agus idé-eolaíochtaí i leith teangacha (Kroskrity: 2016, Martinez: 2006) ach is léir, leis, go bhfuil nasc láidir idir an dá choincheap (Sallabank: 2013).  Go ginearálta cuid lárnach den dá choincheap is ea conas a bhraitheann daoine faoi theanga agus a gcreidimh faoin teanga.  Dar le Woolard agus Schieffelin (1994: 55) go bhfuil idé-eolaíochtaí i leith teangacha tábhachtach d’anailís shóisialta agus shíceolaíoch faoi seach mar ní bhaineann siad leis an teanga féin amháin.  Dar le Kroskrity, baineann dearcthaí i leith teangacha go ginearálta, ar bhonn coincheapúil, le hoibiachtúlacht agus le tomhas cainníochtúil ar fhreagraí na gcainteoirí.  I gcodarsnacht leis sin, dar leis, baineann idé-eolaíochtaí teanga le modhanna cáilíochtúla cosúil le heitneagrafaíocht.  Mar a pléadh thuas, baineadh leas san obair pháirce seo as meascán de mhodhanna cainníochtúla agus cáilíochtúla agus cé gur bailíodh faisnéis ar dhearcthaí i leith na Gaeilge sa cheistneoir, fuarthas eolas ar idé-eolaíochtaí na rannpháirtithe i leith na Gaeilge sna grúpaí fócais.  Cé gurbh é an meon follasach is coitianta a léirigh rannphairtithe ar dtús go raibh dearcthaí dearfacha acu i leith na Gaeilge, nuair a lean na comhráite ar aghaidh tugadh le fios go minic gur bhain an dearcadh sin le siombalachas nó le tábhacht na féiniúlachta cultúrtha agus náisiúnta.  Labhair rannpháirtithe faoin easpa praiticúlachta a bhain le Gaeilge a labhairt go minic sna comhráite.  Sonraíodh tuairimí a bhain le náire agus le sotal agus le leithleachas braite i leith na Gaeilge sna grúpaí fócais nár léirigh torthaí an cheistneora.  Mar a deir rannphairtí amháin:

I think that most people would support the Irish language and keep it alive because it’s the language of our country and our ancestors. But theres an underlying negative attitude towards Irish amongst the youth of Ireland; young people are embarrassed to speak the language in public (R2: 26/07/2015).

Conclúid

Cruthaíonn na sonraí a bailíodh léargas cuimsitheach den Ghaeilge i gceantar uirbeach sa tír.  Pictiúr casta is ea é ach is féidir roinnt tátal soiléir a bhaint as an bhfaisnéis faoi staid reatha na Gaeilge i gCathair Chorcaí agus faoin idirphlé idir na trí thoisc ar díríodh orthu sa taighde – cumas, úsáid agus dearcadh.  Maidir le cumas sa Ghaeilge léirítear cumas braite íseal i measc fhormhór na rannpháirtithe.  B’ionann an cás sin i measc fhormhór fhreagróirí an cheistneora agus rannpháirtithe sna grúpaí fócais.  Bíonn tionchar ag cumas íseal i dteanga ar a húsáid, dar ndóigh.  Mar a deir Moriarty (2015: 61), ní bhíonn daoine le cumas teoranta sa Ghaeilge ag brath ar aimsiú gréasáin shóisialta cainteoirí chun a scileanna teoranta a chleachtadh.  Feictear sin i bhfianaise na faisnéise ó na grúpaí fócais nuair a mhaíonn rannpháirtithe go gcuireann a gcumas braite íseal sa Ghaeilge as dóibh Gaeilge a chleachtadh le daoine sa chathair agus deiseanna úsáide Gaeilge sa chathair a lorg.  Fiú i measc rannpháirtithe a mhaígh go raibh cumas measartha acu sa Ghaeilge feictear tionchar ag easpa muiníne ina gcumas ar easpa úsáide na Gaeilge.  Srian is ea an easpa muiníne sin ar aistriú cumais na rannphártithe go húsáid na teanga.  Mhaígh roinnt rannpháirtithe nár labhair daoine eile ina ngréasáin shóisialta Gaeilge agus mar sin, fiú dá mbeadh ardchumas acu sa Ghaeilge ní bheidís in ann í a úsáid ina ngréasáin féin.  Tuairscíodh gur bhain an easpa úsáide seo uaireanta le noirm shóisialta agus le heaspa feasachta ar sheirbhísí Gaeilge agus deiseanna úsáide na Gaeilge sa chathair.  Ábhar dóchais is ea na dearcthaí dearfacha i leith na Gaeilge a léiríodh i measc na rannpháirtithe ach ní rud nua é sin.  I dtaighde Mhic Gréil ar an gcaidreamh idir muintir na hÉireann agus an Ghaeilge léiríodh dearcthaí dearfacha den chuid is mó ina leith agus labhair Fishman (1991: 124) faoin ‘preponderance of positive attitudes toward Irish’ sa tír.  Tá dúshlán fós in aistriú na ndearcthaí sin go húsáid níos leithne na Gaeilge, áfach, agus tá idirghabhálacha pleanála teanga de dhíth chuige sin.  Tá béim sa Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge (2010) agus in Acht na Gaeltachta (2012) ar an tábhacht a bhaineann le cothú phobail na Gaeilge agus le pleanáil éifeachtach chun todhchaí na Gaeilge a chinntiú.  Léiríonn torthaí an cheistneora agus na sonraí ó na grúpaí fócais araon, go bhfuil úsáid na Gaeilge sa chathair lasmuigh den chóras oideachais fós srianta mar gheall ar easpa cumais braite sa Ghaeilge, easpa muiníne agus easpa deiseanna sonracha úsáide.  Braitheann marthanacht teanga ar a húsáid, dar ndóigh, agus i bhfianaise thorthaí an taighde seo, is cinnte go bhfuil a thuilleadh machnaimh agus taighde le déanamh ar na bealaí is fearr chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus srianta a bhaineann le húsáid na Gaeilge chun cur le líon lucht a labhartha.

Leabharliosta: 

Leabhair

Bender, M.L., Bowen, J.D., Cooper, R.L., Ferguson, C., (eag.) (1976) Language in Ethiopia.  Oxford: Oxford University Press.

Bloor, M., Frankland, J., Thomas, M., Robson, K., (2001) Focus Groups in Social Research.  Londain: Sage.

Fishman, J.A., (1972) Language in Sociocultural Change: Essays by Joshua A. Fishman. Selected and Introduced by Anwar S. Dil.  Stanford: Stanford University Press.

Fishman, J.A., (1991) Reversing Language Shift: Theoretical and Empirical Foundations of Assistance to Threatened Languages.  Clevedon: Multilingual Matters.

Flick, U., (eag.) (1998) The Psychology of the Social.  Cambridge: Cambride University Press.

Gerring, J., Christenson, D., (2017) Applied Social Science Methodology: An Introductory Guide. Cambridge: Cambridge University Press.

Grin, F., Vaillancourt, F., (1999) The Cost-effectiveness Evaluation of Minority Language Policies: Case Studies in Wales, Ireland and the Basque Country.  Flensburg: European Centre for Minority Issues.

Grin, F., (2003) Language Policy Evaluation and the European Charter for Regional or Minority Languages.  Nua-Eabhrac: Palgrave Macmillan.

Litosseliti, L., (2003) Using Focus Groups in Research.  Londain: Continuum.

Mac Gréil, M.S.J., Rhatigan, F., (2009) The Irish Language and the Irish People: Report on the Attitudes towards, Competence in and Use of the Irish Language in the Republic of Ireland in 2007-’08.  Maigh Nuad: Roinn na Socheolaíochta, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

Milroy, L., (1987) Language and Social Networks [dara heagrán].  Oxford: Basil Blackwell.

Morgan, D.L., (1997) Focus Groups as Qualitative Research.  Londain: Sage.

Spolsky, B., (2004) Language Policy.  Cambridge: Cambridge University Press.

Spolsky, B., (2009) Language Management. Cambridge: Cambridge University Press.

Vaughn, S., Schumm, J.S., Sinagub, J.M., (1996) Group Interviews in Education and Psychology.  Londain: Sage.

 

Ailt

Chambers, J.K., (1998) ‘Inferring Dialect from a Postal Questionnaire.’  Journal of English Linguistics, 26, 3–35.

Dauenhauer, N.M., Dauenhauer, R., (1998) ‘Technical, Emotional and Ideological Issues in Reversing Language Shift: Examples from Southeast Alaska.’ Grenoble, L. A., Whaley, L. J., (eag.) Endangered Languages: Current Issues and Future Prospects.  Cambridge: Cambridge University Press.  57–98.

Egbert, J., Baker, P., (2016) ‘Research Synthesis.’  Egbert, J., Baker, P., (eag.) Triangulating Methodological Approaches in Corpus Linguistic Research.  Londain: Routledge.  183–208.

Mac Donnacha, J., (2000) ‘An Integrated Language Planning Model.’  Language Problems and Language Planning, 24 (1).  11–35.

Ní Dhúda, L., (2018) ‘Éagsúlacht agus contrárthacht na gcreideamh teanga sa Bhreacbhaile.’  Ó hIfearnáin, T., Walsh, J. (eag.)  An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain.  Baile Átha Cliath: Cois Life.  1–38.

Ó hIfearnáin, T., Walsh, J., (2018) ‘Réamhrá.’  Ó hIfearnáin, T., Walsh, J., (eag.)  An Meon Folaithe. Baile Átha Cliath: Cois Life.  vii–xiv.

Schensul, J.J., (1999) ‘Focused Group Interviews.’  LeCompte, M.D., Schensul, J.J., Nastasi, B.K., Borgatti, S.P., Enhanced Ethnographic Methods: Audiovisual Techniques, Focused Group Interviews, and Elicitation Techniques.  Lanham: Alta Mira Press.  51–114.