Súil Ghrinn ar an tSúil Eile: Léirmheas ar Súil Eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí

Cois Life: Baile Átha Cliath, 2017. ISBN 978-1-907494-43-7

Léirmheas le

Marie Whelton
Topaic(í): 

Is éard atá sa leabhar Súil Eile le Seán Tadhg Ó Gairbhí ná stair TG4 curtha i láthair i stíl na hiriseoireachta.  Deich gcaibidil san iomlán atá ann ina dtarraingíonn Ó Gairbhí ar thaighde fairsing forleathan.  Ransaíonn sé go leor foinsí éagsúla – leabhair acadúla, ailt acadúla, leabhair iriseoireachta, ailt iriseoireachta, díospóireachtaí Oireachtais, tuarascálacha, cáipéisí poiblí, cláir raidió, cláir theilifíse, suíomhanna idirlín, agallaimh agus comhráite úrnua – agus é ag tuairisciú ar an tréimhse as ar fhás TnaG, ar bhunú an stáisiúin teilifíse nua agus ar theacht in inmhe na craoltóireachta físe trí mheán na Gaeilge.

Sa chéad chaibidil – ‘Aisling theilifís na Gaeilge’ – tugann an t-údar comhthéacs don phlé agus téann sé siar chomh fada leis na 1960idí chun tobar na haislinge do theilifís Lán-Ghaeilge a aimsiú.  Léiríonn sé go raibh dearcadh na neamhshuime ag RTÉ ag an am sin i leith na craoltóireachta trí Ghaeilge agus gurbh é an dearcadh sin a spreag feachtasóirí chun dul i mbun agóide agus feachtais an chéad lá.  Ba é Ciarán Ó Feinneadha a chuir tús leis an agóid, sa bhliain 1976, nuair a dhreap sé dhá chéad méadar in airde ar aeróg RTÉ chun aird a tharraingt ar áit na Gaeilge sna meáin.  Tugann Ó Gairbhí ‘an chéad gháir chatha i bhfeachtas fada’ (4) ar an ngníomh sin.  Ina dhiaidh sin, ghlac go leor daoine eile páirt san fheachtas.  Cé cur dhírigh an feachtas, ag an tús, ar níos mó Gaeilge a lorg ar RTÉ, bhí caint phoiblí áirithe ann, mar sin féin, go luath sna seachtóidí, faoi stáisiún nua ar leith a bhunú don Ghaeilge agus, de réir a chéile, ba é sin an aidhm ba mhó a chuir na feachtasóirí rompu.  Sa bhliain 1987, gheall an Taoiseach, Charles Haughey, stáisiún teilifíse don Ghaeltacht, ach tháinig tuarascáil amach ó Mheitheal Oibre de chuid an Rialtais nár thacaigh leis na feachtasóirí.  Lean siad ar aghaidh lena bhfeachtas, áfach, agus, sa bhliain chéanna d’eagraigh Donncha Ó hÉallaithe agus Bob Quinn craolachán mídhleathach le linn Fhéile an Oireachtais ó Chnoc Mordáin sa Ghaeltacht.  Sa chéad chaibidil, i gcoitinne, léiríonn Ó Gairbhí gur chasta an tslí a thóg an feachtas sna seachtóidí agus sna hochtóidí agus tagraíonn sé, go háirithe, do bhuanchogadh na gcarad (29) i measc na bhfeachtasóirí – is é sin, don teannas a bhíodh ann, go minic, idir na feachtasóirí Gaeltachta a bhíodh ag lorg stáisiún teilifíse ar leith don Ghaeltacht agus na feachtasóirí Galltachta a bhíodh ag lorg stáisiún teilifíse don Ghaeilge.  Ag Scoil Gheimhridh Merriman sa bhliain 1990, ámh, tháinig an dá ghrúpa d’fheachtasóirí ar chomhréiteach – ag gcruinniú neamhfhoirmiúil idir Donncha Ó hÉallaithe (a bhíodh ar thaobh Theilifís na Gaeltachta), Ciarán Ó Feinneadha agus Tomás Mac Síomóin (beirt a bhíodh ar thaobh Theilifís na Gaeilge) socraíodh go bhféadfaí ‘TnaG’ a lorg agus feachtas náisiúnta teilifíse, le haidhm amháin, a chur ar bun.

Is leis na blianta 1990–1993 a théann an dara caibidil (‘An Feachtas Náisiúnta’) i ngleic. Déanann Ó Gairbhí cur síos ar bhunú agus ar bhuanú an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse (FNT) agus míníonn sé gur tháinig deireadh leis an ‘agóidíocht phoiblí’ (36) dhrámata nuair a tháinig an FNT ar an saol.  Cuireadh béim ‘ar an stocaireacht dhiscréideach’ (36) as sin amach mar straitéis feachtais.  Ba é Feargal Mac Amhlaoibh a ceapadh mar cheannaire ar an FNT agus cé gur ‘mhair cuid den easaontas fós’ (36), d’éirigh leis an dá thaobh den fheachtas a thabhairt le chéile.  Sonraíonn Ó Gairbhí gur ardaigh go leor polaiteoirí ceist na teilifíse Gaeilge in óráidí éagsúla sna nóchaidí luatha ach nár tógadh aon chinneadh fúithi go dtí gur cheap Albert Reynolds Máire Geoghegan-Quinn ina hAire Cumarsáide.  Cé go ndearna sise a seacht ndícheall ar son na cúise, thit an Rialtas sular éirigh léi seirbhís teilifíse Gaeilge a bhunú.  Tar éis an toghcháin, sa bhliain 1992, ba é Micheál D. Ó hUiginn a ceapadh mar chomharba ar Mháire Geoghegan-Quinn agus léirigh sé láithreach go raibh sé tacúil.  In ainneoin an chostais ollmhóir a bheadh i gceist agus in ainneoin nach raibh na meáin chlóite ar a son, i gcónaí, gheall sé go mbeadh Teilifís na Gaeilge ag craoladh faoi dheireadh 1995, rud nár tharla, ar ndóigh, go deireadh 1996.

Cé go raibh gealltanas tugtha go mbunófaí Teilifís na Gaeilge, bhí ar an FNT dul i bhfeidhm fós ar pholaiteoirí éagsúla le cinntiú go mbeidís ar son Theilifís na Gaeilge nuair a thógfaí an cinneadh oifigiúil.  Tugann Ó Gairbhí tuairisc, sa tríú caibidil – ‘An cinneadh agus an cogadh’ – ar an stocaireacht chliste a rinne na feachtasóirí ar na polaiteoirí.  Ar deireadh, ba é an Taoiseach, Albert Reynolds, a d’fhógair go raibh cinneadh tógtha ag an Rialtas, stáisiún ar leith a bhunú, stáisiún ar a mbeadh trí huaire an chloig de chláir Ghaeilge in aghaidh an lae, agus níor chuir an fógra aon ionadh ar dhaoine.  Lean an FNT ar aghaidh lena gcuid stocaireachta, ag an bpointe sin, agus chinntigh siad, mar shampla, trí úsáid a bhaint as a ngréasán ar fud na tíre, gur léirigh pobalbhreith a d’eagraigh The Gay Byrne Show go raibh móramh de 65 faoin gcéad de dhaoine ar son Theilifís na Gaeilge.  Ach in ainneoin thacaíocht an phobail, taispeánann Ó Gairbhí nach raibh na meáin Bhéarla fabhrach ina taobh.  I measc na n-iriseoirí a bhí cáinteach agus gránna, uaireanta, i leith chinneadh an Rialtais bhí Eamon Dunphy agus Declan Lynch.  Déanann Ó Gairbhí anailís spéisiúil (92– 101) ar na díospóireachtaí sin sna meáin agus soláthraíonn sé míniú áititheach ar na fáthanna a bhféadfadh a bheith taobh thiar den ‘rabharta tarcaisne seo faoi bhunú Theilifís na Gaeilge’ (92).  Pléann sé idir fháthanna eacnamaíochta, fháthanna stairiúla agus fháthanna cultúrtha.  Ní fhágann Ó Gairbhí aon amhras ar an léitheoir ach go raibh tionchar ag an gcáineadh ar dhaoine, ach, léiríonn sé, freisin, gur sheas na feachtasóirí, agus go háirithe Micheál D. Ó hUigíinn, go cróga ina choinne (100–1).

Líne (‘Tá ceol ar an ngaoth…’) ón amhrán a chan Brian Kennedy ag seoladh TnaG atá mar theideal ar Chaibidil a Ceathair ina ndíríonn Ó Gairbhí ar na blianta díreach roimh bhunú an stáisiúin agus ar na dúshláin eacnamaíochta, phearsanra agus sceidil a bhí le sárú chun a chinntiú go gcuirfí an stáisiún ar bun.  In ainneoin go raibh curtha in iúl go poiblí ag Cathal Goan, roimhe sin, gur chreid sé gur chóir breis clár a chur ar RTÉ seachas stáisiún nua a bhunú, ba é Cathal Goan, mar sin féin, a ceapadh mar an chéad cheannasaí ar an stáisiún nua.  Ina dhiaidh sin, sa bhliain 1994, bunaíodh Comhairle Theilifís na Gaeilge.  Ón tús, samhlaíodh an stáisiún nua mar ‘chraoltóir-do-chách’ ach bhí tuairimí éagsúla ann faoin áit as a gcraolfadh an stáisiún.  Ar an ábhar sin, bhí tús éagsúil go leor ag an bhfoireann nuair a socraíodh go mbeadh an cheanncheathrú lonnaithe ar láithreán úrnua i mBaile na hAbhann. Mar a deir Ó Gairbhí: ‘Faoi Nollaig bhí meitheal bheag ag obair i dteannta cheannasaí an stáisiúin nach raibh ceannáras fós aige’ (114).  Bhí go leor deacrachtaí le sárú, freisin, maidir le maoiniú an stáisiúin.  De réir a chéile, áfach, d’éirigh leis na polaiteoirí agus leis an bhfoireann a dtasc a chur i gcrích agus faoi mhí Dheireadh Fómhair, 1996, bhí sceideal lán ag Teilifís na Gaeilge (129) agus ón gcéad lá thug na meáin ‘suntas d’éagsúlacht agus úire an rogha clár’ (142).  Bhí íomhá óg fhuinniúil fhaiseanta uileghabhálach á cruthú cheana féin ag an stáisiún nua.  Ag deireadh na caibidle, déanann Ó Gairbhí cur síos álainn ar sheoladh Theilifís na Gaeilge, Oíche Shamhna 1996.  Aithníonn Ó Gairbhí nach raibh an oscailt ‘saor ar fad ón tsiúcrúlacht Cheilteach’ (150) ach éiríonn leis a chur ina luí ar an léitheoir cé chomh domhain agus a chuaigh an ceiliúradh i bhfeidhm ar an bpobal i gcoitinne agus cé chomh haontaithe ina gceiliúradh agus a bhí na daoine a bhí bainteach leis an bhfeachtas fada aighneasach roimhe sin. Mar a chuireann Ó Gairbhí go tuisceanach é: “…Micheál D. Ó hUigínn…ag cogaint ar thodóg […] Bhí an t-aisteoir Diarmuid de Faoite ag gol chomh maith…Sa Connnemara Coast bhí Ciarán Ó Feinneadha ag cuimhneamh ar a iníon féin a d’fhás agus gan aon chartún Gaeilge ar fáil di agus chuimhnigh Joe Steve Ó Neachtain ar an oíche ar chuir sé féin agus a chomrádaithe stop le taifeadadh Quicksilver.” (149).

I ndán a scríobh Michael Davitt, thug an file ‘an t-arrachtach binn’ ar TnaG agus is é an frása sin a thugann a teideal do Chaibidil a Cúig.  Sa chaibidil sin, pléann Ó Gairbhí le blianta tosaigh TnaG (1997–1998). Féachann sé ar an dea-phoiblíocht go léir a fuair an stáisiún ag an bhfíorthús. Tagraíonn sé go háirithe don íomhá a chruthaigh TnaG di féin agus don tslí a raibh a méar ar chuisle na hóige aici agus do na buntáistí a thug an íomhá sin léi. Luann sé, mar shampla, sleachta as na léirmheasanna fabhracha a scríobh léirmheastóirí éagsúla – Eddie Holt, John Boland agus Nuala O’Faoláin ina measc. Scrúdaíonn sé an cáineadh a fuair TnaG sna blianta tosaigh, freisin, ó léirmheastóirí mar Vincent Browne – léirmheastóir a cháin an caiteachas a bhí á dhéanamh ag an Rialtas ar TnaG – agus mar Kevin Myers – léirmheastóir a bhí naimhdeach ní hamháin i leith an stáisiúin ach i leith na Gaeilge. Ina theannta sin, tugann Ó Gairbhí léargas cuimsitheach ar na fadhbanna teicniúla a bhí le sárú ag an stáisiún ón tús. Mar a deir an t-údar: ‘An fhadhb ba mhó a bhí ag an tseirbhís nua i dtús aimsire ná nach raibh daoine ábalta teacht uirthi’ (166). Ach bhí fadhbanna eile le sárú ag an stáisiún, leis – bhí criticeoirí áirithe den tuairim go raibh an iomarca Béarla ar an stáisiún (174–5) agus cheistigh daoine eile a bhí fostaithe ag Raidió na Gaeltachta inniúlacht Ghaeilge na n-iriseoirí a bhí ag obair le TnaG (176–7), rud a chruthaigh aighneas idir TnaG agus RnaG. Míníonn Ó Gairbhí, nach ‘raibh aon réiteach draíochta ar na deacrachtaí seo ar fad’ (181) ach gur tharla rudaí tábhachtacha sa bhliain 1997 a chuir ar chumas bhainistíocht TnaG “plean fuascailte” (181) a chur le chéile. Mar chuid den phlean sin, cuireadh tús le All Ireland Gold, agus, bhí tionchar ollmhór ag an tsraith sin ar na figiúirí féachana, rinneadh clúdach den scoth ar olltoghchán 1997 ‘a thuill meas an phobail’ (182) agus leigheasadh cuid de na fadhbanna teicniúla a bhí ag an stáisiún roimhe sin. In ainneoin an phlean sin, áfach, sonraíonn Ó Gairbhí go raibh ‘an stáisiún fós faoi léigear’ (186) ag deireadh na bliana, 1997 agus go raibh gá aici le hinfheistíocht shuntasach ó fhoinse éigin.

I gCaibidil a Sé – ‘Teacht aniar’ – leathnaítear an plé ar na deacrachtaí móra a bhí fós ag TnaG sa tréimhse 1998–2000. Aithnítear, mar shampla, gur tugadh cluas bhodhar (189) do na hiarrachtaí poiblí a rinne Cathal Goan chun dul i ngleic leis an easpa maoinithe a bhí á tabhairt do TnaG. Buille eile do TnaG, ag an am sin, ab ea bunú TV3 de bharr gur imigh go leor de na hiriseoirí óga ó TG4 chun poist a ghlacadh leis an gcainéal nua (196). Deacracht eile fós ná an róthionchar a bhí ag RTÉ ar TnaG agus go háirithe ar Nuacht TnaG. I bhfocail Uí Ghairbhí ‘bhí easpa féiniúlachta agus údaráis ag baint le Nuacht TnaG sna blianta tosaigh sin.’ (204).  Ansin, d’fhógair Alan Esslemont, Bainisteoir Ábhair le TnaG, go raibh sé ag éirí as a phost toisc gur mhothaigh sé nach raibh bainistíocht TnaG ag dul i ngleic lena cuid fadhbanna maidir le freastal a dhéanamh ar a lucht féachana agus maidir le figiúirí féachana a ardú. Catalaíoch a bhí i ngníomh Esslemont a spreag bainistíocht TnaG teacht le chéile in éineacht le hEsslemont chun ‘straitéis nua do TnaG a leagan amach’ (210). Cíorann Ó Gairbhí an plean a cuireadh le chéile agus is mar seo a dhéanann sé achoimre ar an bpríomhaidhm a bhí leis: ‘Ba é an dá phríomhrud a aontaíodh… ná go gcaithfí tuilleadh maoinithe a fháil agus chuige sin go gcaithfí caidreamh níos dlúithe le RTÉ a lorg’ (210). Míníonn Ó Gairbhí, freisin, gur aontaíodh go raibh gá le ‘hathbhrandáil radacach’ (212) agus gur fógraíodh i Mí Lúnasa, 1999, go dtabharfaí ‘TG4’ ar an stáisiún as sin amach. Tuairiscíonn Ó Gairbhí gur glacadh láithreach leis an ainm úr agus leis an gcaidreamh nua idir TG4 agus RTÉ agus gur thug an méadú maoinithe cúnamh mór do TG4. Is é an clabhsúr a chuireann Ó Gairbhí le Caibidil a Sé ná sraith de léirmheasanna éargnaí ar chuid de na cláir spóirt, cheoil, thaistil, fhaisnéise, shiamsaíochta agus chúrsaí reatha a chraol an stáisiún i mblianta tosaigh an stáisiúin. Déanann sé suntas d’éagsúlacht sceideal luath TnaG (230) ach aithníonn sé nár ‘dhein an stáisiún aon ghaisce rómhór in iomaire na drámaíochta sna blianta ba thúisce dá réim’ (228).

Sa seachtú caibidil – ‘I’m gonna make you love me’ – breathnaíonn Ó Gairbhí ar an oidhreacht a d’fhág Cathal Goan nuair a d’éirigh sé as a phost mar cheannasaí ar an stáisiún. Molann Ó Gairbhí an dea-íomhá a chruthaigh Goan agus a chomhghleacaithe don stáisiún agus luann sé go háirithe an tslí ar éirigh leo ‘cuid den saol’ (234) a dhéanamh den stáisiún. Ina dhiaidh sin, féachann Ó Gairbhí ar an bhfás agus ar an bhforbairt a tháinig ar TG4 ó 2000 go 2008 agus Pól Ó Gallchóir i gceannas ar an stáisiún. Tugann sé le fios go raibh teannas áirithe ann ag an tús ar dhá chúis – toisc stíl dhifriúil bhainistíochta a bheith ag Ó Gallchóir i gcomparáid le stíl Goan agus toisc gur shamhlaigh daoine áirithe go raibh baint rómhór ag Ó Gallchóir le RTÉ.  Trí chuntas cuimsitheach a thabhairt ar na struchtúir a chuir Ó Gallchóir i bhfeidhm, trí léirmheas a dhéanamh ar chláir áirithe (GAA Beo, Paisean Faisean, Kings gan ach cúpla sampla a lua) agus trí scrúdú a dhéanamh ar na hiarrachtaí a rinne Ó Gallchóir an stáisiún a dhéanamh neamhspleách ó RTÉ, léiríonn Ó Gairbhí go raibh rath ar ‘réimeas an Chonallaigh’ (266).  Déanann Ó Gairbhí iniúchadh géarchúiseach ar na cláir agus ar na straitéisí a bhí ag TG4 chun maoiniú a mhealladh ina treo agus ar na straitéisí margaíochta a chabhraigh le TG4 cáil a bhaint amach mar stáisiún a thug dúshlán gach iomaíochta.

Is é ‘Ná lig sinn i gcathú’ an teideal a chuireann Ó Gairbhí ar an ochtú caibidil.  Is éard atá ann ná cuntas ar an tionchar a bhí ag an gcúlú eacnamaíochta ar TG4.  Mhol ‘An Bord Snip Nua’ ‘go bhfaigheadh an stáisiún €10 dá mhaoiniú ón gceadúnas teilifíse feasta agus gur cheart do TG4 agus RTÉ costais a ghearradh agus acmhainní a roinnt’ (278).  Ba é an polasaí a bhí ag Ó Gallchóir, áfach, ná an stáisiún a choinneáil neamhspleách ó RTÉ agus d’éirigh leis an bpolasaí sin.  Ar an iomlán, measann Ó Gairbhí gur ‘…thug TG4 na cosa leis ón ngéarchéim eacnamaíochta gan an oiread sin dochair a bheith déanta dó’ (280).  Is cúramach an cíoradh a dhéanann Ó Gairbhí, freisin, sa chaibidil, ar staitisticí féachana an stáisiúin. Míníonn sé go bhfuil lucht féachana an stáisiúin ag dul i léig ó 2009 ach nach cúis imní é sin toisc ‘athrú as cuimse’ a bheith ‘tagtha ar nósanna féachana an phobail de dhroim na réabhlóide digití i gcúrsaí craolacháin’ (288).  Tar éis torthaí tuarascálacha éagsúla a chur os comhair an léitheora, déanann Ó Gairbhí plé tomhaiste, machnamhach ar cheist bhunaidh amháin a eascraíonn astu – is í sin an cheist faoi chaidreamh TG4 lena croíphobal agus leis an bpobal i gcoitinne.  Cuireann Ó Gairbhí tuairimí éagsúla maidir leis an gceist sin i láthair agus déanann sé anailís údarásach orthu.

Leanann Ó Gairbhí ar aghaidh leis an bplé sin ar an bhfreastal a dhéanann TG4 ar a croíphobal féachana agus ar chreimeadh leanúnach fhigiúirí féachana an stáisiúin i gCaibidil a Naoi.  Ach, sa chaibidil sin, cuireann sé an plé i gcomhthéacs níos leithne agus luann sé an meath a tháinig ar an nGaeilge sa Ghaeltacht sa mhílaois nua, an gearradh siar suntasach a rinne an Rialtas ar bhuiséad caipitil Údarás na Gaeltachta ag am na géarchéime agus fuarchúis an Rialtais i gcoitinne i leith na Gaeilge. I dtuarascáil a foilsíodh sa bhliain 2015, cheistigh Conchúr Ó Giollagáin agus Martin Charlton polasaithe fadtéarmacha an Rialtais maidir le ‘cainteoirí Gaeilge atá rannpháirteach i ndlúthphobal Gaeilge’ (luaite ar leathanach 327) agus áitíonn Ó Gairbhí go bhféadfaí polasaithe TG4 maidir lena lucht féachana a cheistiú ar an mbealach céanna: ‘An gcaitheann TG4 leis an teanga amhail is gur ‘earra tarraingteach cultúrtha’ í a gcaitear ‘margaíocht’ a dhéanamh air?  Ar chóir don chraoltóir níos mó dua a chaitheamh le pobal teanga “misniúil” agus “inmharthana” a chothú?’ (327). Is ceisteanna crua iad a théann go croílár bhunaidhmeanna an stáisiúin, agus léiríonn Ó Gairbhí nach bhfuil aon fhreagra simplí orthu.  I gCaibidil a Naoi, freisin, déanann sé scagadh ar chuid de na dúshláin eile atá le sárú ag TG4.  Luann sé, mar shampla amháin, go bhfuil ‘cuma sheanchaite’ (337) ar Nuacht TG4 i ré nua seo na seirbhísí nuachta agus pléann sé roinnt laigí eagarthóireachta atá, ina thuairim, ar an gclár Nuachta. Maidir le cúrsaí reatha de, áitíonn Ó Gairbhí go mba ‘rídheacair cás a dhéanamh go bhfuil an tSúil Eile ar leathadh.’ (343). Dúshlán eile atá le sárú ag TG4, dar le hÓ Gairbhí, ná ‘idéalacha bunaidh’ (352) an stáisiúin a choinneáil beo agus foireann an stáisiúin ag dul in aois.  Dúnann Ó Gairbhí an chaibidil le tagairt do ‘Aistriú an Lóchrainn’, is é sin an téama a roghnaíodh do cheiliúradh 20 Bliain de TG4 sa bhliain 2016 agus sonraíonn sé gur théama oiriúnach é toisc an tríú ceannasaí – Alan Esslemont – ar an stáisiún a bheith díreach ceapaithe ag am an cheiliúrtha.  Pléann Ó Gairbhí an ceapachán sin agus tugann sé léargas beag ar an bhfís atá ag Esslemont don stáisiún. Áitíonn sé nach bhfuil Esslemont dall ar an dúshlán atá os a chomhair cothromaíocht éigin a fháil idir an freastal a dhéanann TG4 ar a croíphobal agus an freastal a dhéanann sí ar an bpobal náisiúnta agus tugann Ó Gairbhí fianaise go mbeidh an ceannaire nua ag baint níos mó earraíochta as an earnáil neamhspleách chun clár a sholáthar don stáisiún (359).

Is é ‘I ngreim an dá bhruach: TG4 1996–2016’ an teideal atá ar an gcaibidil dheireanach agus is éard atá ann ná achoimre ar phríomhthéamaí an leabhair agus measúnú ar an gcéad fhiche bliain de TG4.  Aithníonn sé gur ‘míorúilt’ (362) í TG4 atá tar éis dul i gcion ar na criticeoirí ba bhinbe a bhí aici agus deir sé go bhfuil ‘samhlaíocht as cuimse léirithe ag TG4 ar bheagán acmhainne’ (381) go háirithe i réimsí an spóirt agus an cheoil.  Go bunúsach, áfach, dar le hÓ Gairbhí, tá buncheist thábhachtach fós le freagairt ag TG4: ‘Cé dóibh atáimid ag craoladh?’ (369)  Má thagann príomhthéis as an leabhar ina iomláine is í an phríomhthéis sin ná freagra Uí Ghairbhí féin ar a cheist.  Dar leis, ba chóir do TG4 díriú ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta gan a bheith ag iarraidh mórphobal an Bhéarla a mhealladh.  Is go cruthaitheach a chuireann sé é: ‘Tagann an t-am go gcaithfear cuireadh chun rince a thabhairt don té atá ceanúil ort agus éirí as bheith ag suirí leis an té ar cuma leis ann nó as duit.’ (374).  Ciallaíonn sé sin, dar leis, go mbeidh ar TG4 tús áite a thabhairt dá ‘bunchuspóirí teanga’ (383) mar ‘ar deireadh thiar, ní bheadh ann don ‘tSúil Eile’ mura mbeadh ann don ‘teanga eile’ (392).

Is léir ón spléachadh sin thuas ar ábhar na gcaibidlí, go bhfuil éacht tathagach taighde curtha i gcrích ag Seán Tadhg Ó Gairbhí sa leabhar seo.  Is é mórbhua an leabhair ná a scóip – is leabhar é a chlúdaíonn stair na teilifíse Gaeilge ó 1960 go 2016 agus a léiríonn tuiscint dhomhain fhorleathan, ní hamháin ar chúrsaí iriseoireachta ach ar chúrsaí polaitiúla agus ar chaidreamh idirphearsanta, freisin.  Bua eile de chuid an leabhair is ea go bhfuil sé curtha i láthair i stíl na hiriseoireachta seachas i stíl acadúil. Tugann an stíl sin saoirse don údar scéalta ar ábhair is cás le daoine go pearsanta a insint (102, mar shampla) agus tugann sé deis don údar a chuid tuairimí pearsanta a nochtadh, rud a dhéanann sé go mionmhinic agus go cumasach cliste (326, mar shampla amháin).  Ina theannta sin, bíonn de shaoirse aige tarraingt ar agallaimh a rinne sé féin gan a chuid foinsí a ainmniú i gcónaí (330, mar shampla).  Is inmholta, freisin, an tslí a nglacann an t-údar seasamh cinnte ionraic i ndíospóireachtaí tríd an leabhar síos chun súil ghrinn a chaitheamh ar an tsúil eile.  Is trua é, áfach, nár bhain an t-údar leas as ceannlínte i gcorp an tsaothair tríd.  Cé go bhfuil rangú déanta ar an ábhar ag an údar, thuigfeadh an léitheoir ní b’fhearr go raibh an t-údar ag bogadh ó fho-ábhar amháin go fo-ábhar eile dá mbeadh ceannlíne ag barr gach coda.  Ina theannta sin, mhothaigh mé uaireanta go bhféadfaí cuid den athrá (a bhíonn coitianta go leor san iriseoireacht, ar ndóigh) a sheachaint (117 agus 379).  É sin ráite, is leabhar fíorluachmhar é an leabhar seo do dhuine ar bith ar spéis leis nó léi forbairt na teilifíse Gaeilge i stair na hÉireann.  Tá ardmholadh tuillte ag an údar as taighde cuimsitheach a thabhairt le chéile in aon fhoinse mhionsonraithe amháin mar aon le hanailís mhacánta léannta.