Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Saintréithe an Luath-oideachais Ghaeltachta: Léargais Úra ó Chás-staidéar i nGaeltacht Chonamara | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Saintréithe an Luath-oideachais Ghaeltachta: Léargais Úra ó Chás-staidéar i nGaeltacht Chonamara

Conchúr Ó Brolcháin

Coimriú

Déanfar anailís chriticiúil san alt seo, ar an múnla luath-oideachais dhátheangaigh atá i bhfeidhm i mbunscoil amháin i nGaeltacht Chonamara (Catagóir A).  Breathnófar ar athróga éagsúla dá múnla oideachais lena n-áirítear: cothú an tsainspioraid Ghaeilge sa scoil, cur chuige agus idé-eolaíochtaí teagaisc na múinteoirí, straitéisí saibhriúcháin don dalta T1 agus an fhoghlaim idirdhealaitheach do dhaltaí T1 agus T2.  Gné lárnach de mhodheolaíocht an taighde, inar deineadh cás-staidéar feiniméaneolaíochta, ab ea breathnóireacht struchtúrtha ar mhúinteoirí naíonán i mbun teagaisc, anailís ar dhoiciméid agus ar agallaimh neamhstruchtúrtha ar fhoireann na scoile.  Sa chaoi sin tá na torthaí taighde bunaithe ar ghníomhaíochtaí na rannpháirtithe seachas ar a dtuairisc féin ar na gníomhaíochtaí sin.  Nochtfar samplaí den teagasc ceannródaíoch san alt lena n-áirítear ceachtanna saibhriúcháin do dhaltaí T1, grúpáil idirdhealaithe ag trí leibhéal cumais agus tréimhse tumoideachais ina gcuirtear múineadh na mórtheanga siar go dtí Rang 1.  Sonraítear go mbraitheann na dea-chleachtais oideolaíochta seo ar thiomantas an phríomhoide agus ar shainchleachtais an mhúinteora ranga, seachas ar mhúnla aontaithe oifigiúil an chórais.  Cuirfear moltaí dea-chleachtais os comhair an léitheora ar deireadh, mar threoir do bhunscoileanna Gaeltachta atá i mbun plean teanga a dhréachtú.

Réamhrá

Is iomaí staidéar atá foilsithe le deich mbliana anuas a léiríonn leochaileacht na Gaeilge sa Ghaeltacht agus an t-iompú teanga atá ar siúl inti (m.sh. Mac Donnacha, Ní Chualáin,  Ní Shéaghdha, & Ní Mhainín, 2005; Ó Flatharta, 2007; Ó Giollagáin, Mac Donnacha, Ní Chualáin, Ní Shéaghdha, & O’Brien, 2007).  Sna ceantair dhátheangacha seo tuigtear go bhfuil líon na bpáistí atá ina gcainteoirí dúchais Gaeilge ag laghdú (Mac Donnacha et al., 2005; Ó Giollagáin et al., 2007) agus go bhfuil líon na dteaghlach atá ag seachadadh na Gaeilge ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile ag laghdú chomh maith (Ó Giollagáin et al., 2007; Ó hIfearnáin, 2007; Romaine, 2007).  Glactar leis anois go bhfuil caighdeán na Gaeilge labhartha tite go suntasach i measc dhaltaí na Gaeltachta (Harris et al., 2006), go bhfuil an Béarla in uachtar mar ghnáth-theanga cumarsáide i dtromlach na mbunscoileanna Gaeltachta, fiú sna ceantair sin ina mbaintear an úsáid is leithne as an nGaeilge (Mac Donnacha et al., 2005), agus go bhfuil rian an Bhéarla le sonrú ar Ghaeilge na bpáistí Gaeltachta (Leonach et al., 2012; Péterváry et al., 2014).  Ábhar ar leith imní do thodhchaí na Gaeltachta anois, gur treise cumas an Bhéarla ná cumas na Gaeilge i measc gasúr, fiú amháin más í an Ghaeilge an teanga baile (Péterváry et al., 2014) agus é maíte ag Ní Shéaghdha (2010) ar ndóigh go bhfuil líon na ndaltaí bunscoile a labhraíonn an Ghaeilge mar chéad teanga faoi bhun 1,000 sna ceantair Ghaeltachta is láidre.  I gcomhthéacs an tseomra ranga Gaeltachta, ciallaíonn sé sin go bhféadfadh dhá phríomhchineál dalta a bheith sa suíomh céanna oideachais, daltaí T1 agus T2, agus go mbeadh spriocanna éagsúla foghlama leagtha amach ag an múinteoir dóibh (Mac Donnacha, 2005).  Tá an múinteoir ag iarraidh go sealbhódh na páistí nach bhfuil an Ghaeilge acu, nó a bhfuil fíorbheagán Ghaeilge acu gan cur isteach ar a máthairtheanga.  Tá fianaise ann áfach, nach bhfuil a leithéid ag tarlú agus go bhfuil lorg an Bhéarla le sonrú ar Ghaeilge na bpáistí Gaeltachta dá bharr (Leonach et al., 2012).

Dúshlán an Imeasctha sa Seomra Ranga Gaeltachta

I gcás na ndaltaí gan Ghaeilge nó ar fhíorbheagán Gaeilge, tá an múinteoir ag iarraidh go gcuirfí ar chumas na bpáistí sin lán-sealbhú a dhéanamh ar an nGaeilge gan cur isteach ar a máthairtheanga.  Cuireann sé seo dúshlán suntasach ar mhúinteoirí na Gaeltachta agus tuiscint oifigiúil ag teacht chun cinn go mbíonn an fócas sa soláthar teanga i mbunscoileanna Gaeltachta ar fhoghlaimeoirí na Gaeilge, chun dochair na gcainteoirí dúchais (ROS, 2015b: 6).

Nuair a tharlaíonn imeascadh idir foghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais sa suíomh céanna foghlama, bíonn baol ann go ndéanfaidh an múinteoir a chaint féin a shimpliú agus a mhoilliú sa seomra ranga mar thacaíocht don dalta T2 (Mougeon & Beniak, 1994), agus nach mbeadh an t-ionchur teanga ard, saibhir, céanna á fháil ag páistí T1 agus a bheadh dá mbeadh siad i ngnáthchlár T1.  I gcomhthéacs mar seo caithfidh oideachasóirí iarracht a dhéanamh ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil trí theanga dhúchais na gcainteoirí T1 (Valdes, 2011) ionas nach leanfar ar aghaidh leis an éagothroime teanga, agus nach méadófar an baol teipe do dhaltaí dá bharr (Cummins & Swain, 1986).  Is cosúil nach bhfuil an t-idirdhealú seo ar siúl go forleathan sa Ghaeltacht, áfach, agus go dtacaíonn an córas bunoideachais mar atá sé le lagú Ghaeilge na ndaltaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga (Péterváry et al., 2014; Ó Giollagáin et al., 2007).

Caithfear cumhacht na dteangacha a chur san áireamh i ndearadh aon chlár oideachais dhátheangaigh, go háirithe nuair a chuirtear mionteanga ar nós na Gaeilge in iomaíocht le teanga chumhachtach, dhomhanda ar nós an Bhéarla.  Léiríonn taighde Hickey (2001), mar shampla, nach labhraíonn páistí Gaeltachta an Ghaeilge le chéile nuair a thagann páistí ó chúlra an Bhéarla ina gcuideachta.  Streachlaíonn mionteangacha in aghaidh cúinsí ginearálta áirithe lena n-áirítear stádas íseal agus acmhainní ar chaighdeán níos ísle agus cuireann rangú teangeolaíochta sa seomra ranga brú diúltach ar iompar teanga pháistí na mionteanga.  Is léir mar sin, i gcomhthéacs na Gaeltachta go mbíonn daltaí an-mheasctha ó thaobh cúlra teanga de, agus go mbíonn tumadh á fháil acu sa Bhéarla an-luath sa chóras oideachais Gaeltachta (Ní Shéaghdha, 2010).   Tuairiscítear nach gcuirtear mórán tacaíochta ar fáil don chainteoir dúchais sa seomra ranga Gaeltachta ach go háirithe agus tuiscint tagtha chun cinn gur cheart idirdhealú foghlama a chur i bhfeidhm sa seomra ranga do dhaltaí T1 agus do dhaltaí T2 (Ó Duibhir et al., 2015).  Tá béim leagtha ar thábhacht an phointe seo ag an Roinn Oideachais agus Scileanna agus iad ag maíomh go gcaithfidh an córas oideachais i limistéir Ghaeltachta tús áite a thabhairt do riachtanais na gcainteoirí dúchais Gaeilge i mbunscoileanna Gaeltachta (ROS, 2015b: 42).  Ba cheart do mhúinteoirí a gcuid straitéisí teagaisc a athrú le bheith cinnte go bhfuil siad ag freastal ar ghánna na ndaltaí arb í an Ghaeilge a dteanga dhúchais agus iad siúd atá i mbun fhoghlaim na teanga (Coady & Ó Laoire, 2002).  Moltar chomh maith go bhfhéadfaí na páistí T1 a ghrúpáil le chéile do ghníomhaíochtaí éagsúla mar chuid den lá scoile, chun deis níos saibhre chumarsáide a thabhairt dóibh (Baker agus Jones, 1998).  Aithnítear anois gurb iad an líon réasúnta beag de dhaltaí na Gaeltachta a bhfuil an Ghaeilge mar theanga teaghlaigh acu an dream is leochailí agus is tábhachtaí agus gur cheart cearta teanga na ngasúr seo a chur chun tosaigh ar chearta na bhfoghlaimeoirí (Ó Duibhir et al., 2015).

Ceann de mhóraidhmeanna an ailt seo ná iniúchadh a dhéanamh ar chleachais na múinteoirí naíonán i dtaca le múnla tumoideachais a fheidhmiú do dhaltaí T2 agus múnla saibhriúcháin do dhaltaí T1, lasmuigh den suíomh céanna oideachais i.e.  Rang na Naíonán i mbunscoil Ghaeltachta. Dírítear ar mhúinteoirí naíonán toisc gurb iad is túisce a bhíonn ag plé leis an meascán teangeolaíochta seo sa chóras oifigiúil bunscolaíochta agus toisc an aois chriticiúil do shealbhú teangacha a bheith ann roimh ocht mbliana d’aois (Montrul, 2008).

Modheolaíocht an Staidéir

Tá sé mar aidhm ag an taighde seo léargas a thabhairt ar chur i bhfeidhm an oideachais dhátheangaigh i mbunscoil amháin sa Ghaeltacht trí iniúchadh ar na ceisteanna seo:  (1) Céard iad na cleachtais reatha, bhainistíochta scoile uile, atá i bhfeidhm chun polasaithe oideachais dhátheangaigh a dhréachtú, a chur i bhfeidhm agus a stiúradh go laethúil?  Agus (2) Céard iad na cleachtais reatha oideolaíochta atá in úsáid i ranganna naíonán chun na polasaithe oideachais dhátheangaigh seo a chur i bhfeidhm?  D’eascair teideal agus príomhcheisteanna an taighde as glaochanna taighde le blianta beaga anuas, as an scagadh cuimsitheach a deineadh sa léirbhreithniú litríochta agus as réamhagallaimh neamhstruchtúrtha a cuireadh ar shaineolaithe oideachais i réimse an oideachais Ghaeltachta.  Tá taighde goirt mar chuid lárnach den staidéar seo chomh maith, ina bhfuil gá feiminéan an oideachais dhátheangaigh a fhiosrú trí shúile na rannpháirtithe.  Nuair a socraíodh mórcheisteanna agus príomhchuspóirí an taighde, bhí rogha ar fáil dom. D’fhéadfaí cloí le modh amháin taighde nó úsáid a bhaint as modhanna ilchodacha.  Úsáideadh modhanna measctha sa taighde seo, le béim ar chás-staidéar feiniméaneolaíochta i bhfráma tagartha de chuid an phragmatachais.  Taighde bíseach a bhí ann ina leagtar an-bhéim ar an mbreathnóireacht struchtúrtha ar mhúinteoirí naíonán i mbun teagaisc, ach ina ndéantar agallaimh leathstruchtúrtha agus anailís ar dhoiciméid freisin, d’fhonn torthaí iontaofa taighde a sholáthar.  Ar mhaithe le neamhainmníocht na rannpháirtithe a chosaint, baintear úsáid as ainmneacha bréagacha pearsanta agus scoile tríd an alt seo uilig.

Giorrúcháin sa Chás-staidéar

APO        Agallamh leathstruchtúrtha ar an bpríomhoide

AM          Agallamh leathstruchtúrtha ar an múinteoir ranga

AD           Anailís ar dhoiciméid ábhartha (polasaithe, comhfhreagras oifigiúil, mar shampla)

MSU        Tuairiscí oifigiúla cigireachta ó mheasúnuithe scoile uile

NB           Nótaí breathnóireachta a glacadh i mbun breathnóireachta ar mhúinteoir

NG           Nótaí goirt a glacadh go neamhfhoirmiúil i dtimpeallacht na scoile

 

An Cás-staidéar: Scoil Cholmcille

Tá Scoil Cholmcille lonnaithe i nGaeltacht Chatagóir A, i gceantar atá aitheanta mar cheantar faoi mhíbhuntáiste.  Tá beagnach 83% de dhaonra an cheantair ina gcainteoirí laethúla Gaeilge (Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta, 2007: 18-23) agus as an 150-200 dalta a fhreastalaíonn ar an scoil tugann an príomhoide le fios gurb í an Ghaeilge ‘an chéad teanga agus an teanga baile atá ag breis is 90% de dhaltaí na scoile’ (Litir ón bpríomhoide chuig an Roinn Oideachais agus Scileanna, 2012).  Maidir le foireann lánaimseartha na scoile tá seachtar múinteoirí ranga ann chomh maith le triúr múinteoirí tacaíochta foghlama agus cúntóir teanga amháin ag feidhmiú sa scoil agus tá an príomhoide, Cáit, í féin saor ó dhualgais teagaisc sa scoil, rud atá eisceachtúil i mbunscoil Ghaeltachta (Mac Donnacha et al., 2005).

Bainistiú Imeascadh na nDaltaí agus an tIdirdhealú Foghlama

Tá castacht ag baint le comhdhéanamh teangeolaíochta na ndaltaí sna ranganna naíonán sa scoil seo (NG).  Tugtar le fios go bhfuil 18 dalta le Gaeilge amháin nó Gaeilge den chuid is mó sa bhaile. As an 11 eile tá triúr le meascán 50:50 [Béarla:Gaeilge] acu sa bhaile agus triúr eile le Béarla den chuid is mó (NG).  Tá dalta amháin sa rang agus a bheirt tuismitheoirí ina gcainteoirí Polainnise agus é á thógáil tríd an teanga sin.  Tá dalta eile atá á thógáil go dátheangach le Béarla agus Liotuáinis.  Cé go bhfaightear léargas sa pholasaí Labhairt na Gaeilge, ar mhianta na scoile i dtaobh bhainistiú an imeasctha, feictear go bhfuil níos mó doimhneachta agus castachta ag baint leis an bhfíorchleachtas oideolaíochta ná mar a léirítear sa pholasaí sin.  Ní hamháin go ndéantar an-iarracht freastail ar riachtanaisí oideachais agus teangeolaíochta na gcainteoirí dúchais T1 ach freastalaítear ar ghánna an chainteora T2 agus T3 ar bhealach cruthaitheach, ceannródaíoch.  Léiríonn sé seo ardleibhéal pleanála agus smaoinimh i dtaobh na ceiste seo (APO, AM, NG & NB).

Bhíodh an nós i gcónaí ann go gcuirfí na daltaí ‘is laige’ amach chuig an múinteoir tacaíochta foghlama ach...braitheadh nach raibh an seanchóras sin ag freastal ar ghánna chuile pháiste ... tá an dream atá ag goil amach ag an múinteoir tacaíochta teanga, tá an dream atá iontach ... ansin tá an dream sin atá sa lár, idir eatarthu, agus dá bhféadfadh muid trí ghrúpa a dhéanamh ansin go mbeadh muid ar muin na muice. (AM).

Thuig an múinteoir ranga go raibh an córas mar a bhí ag tacú go láidir le foghlaimeoirí Gaeilge (Daltaí T2) ach nach raibh freastal ceart á dhéanamh ar na cainteoirí dúchais (Daltaí T1) agus go raibh dochar á dhéanamh ag an gcóras bunscolaíochta sin dá gcuid Gaeilge:

Tá chuile ghasúr ag teacht isteach sa rang seo agus iad ar chéimeanna éagsúla ar an dréimire [maidir le cumas sa Ghaeilge], tá mise mar mhúinteoir ag iarraidh go mbeidh chuile ghasúr ag dreapadh an dréimire sin, bíonn muid ag caint faoi Vygotsky agus Brunner agus an Zone of Proximal Development go mbeidh dul chun cinn á dhéanamh ag chuile ghasúr (AM).

agus níos déanaí san agallamh céanna:

An rud a bhíodh mise ag tabhairt faoi deara ná go raibh an dream ag an mbun ag dreapadh, ag dreapadh agus ag dreapadh (dul chun cinn maith á dhéanamh acu), bhí an dream sa lár ag déanamh togha freisin ach an dream sin a tháinig isteach sa scoil le togha na Gaeilge (na cainteoirí dúchais), ní raibh mórán dreapadóireachta ar siúl ag an dream sin ar chor ar bith, scaití thit siad anuas agus sin é an fáth go bhfuil trí ghrúpa ann anois (AM).

Is cosúil gur cuireadh in iúl do thuismitheoirí go mbeadh ‘beagáinín grúpála’ ar siúl ach nár deineadh scéal mór de agus gur léiríodh an-tuiscint maidir leis na buarthaí a bhíonn ag tuismitheoirí faoina bpáistí féin sa chóras oideachais:

Dúirt muid go mbeadh muid [an triúr múinteoirí] ag díriú ar a gcaint [caint na ndaltaí], go dtiocfaidh feabhas ar chuile dhuine, go mbeidh trí ghrúpa déanta, go mbeadh muid ag babhtáil thart, níor dhúirt mé leo cá mbeadh siad, ní dhearna mé scéal chailleach an uafáis den rud! mar ghoilfheadh sé sin go mór ar thuismitheoirí a Chonchúir, tá a fhios agamsa mar mháthair go mbeadh daoine ag rá ‘ó cá bhfuil sí [mo pháiste féin], an bhfuil sí sa chéad, nó sa dara nó sa tríú grúpa? (AM).

Labhraíodh faoin gcur chuige grúpála mar ghnáthsheift normálta le linn an chás-staidéir ‘ar nós a bheith ag múineadh peannaireachta, ag múineadh léitheoireachta, ag múineadh matamaitice pé áit ina bhfuil do pháiste, go bhfuil forbairt ag teacht ar do pháiste, caithfidh sé sin a bheith mar sprioc’ (AM).  I bhfianaise a bhfuil ag titim amach sna cás-staidéir eile, áfach, is léir gur chleachtas nuálach, ar leithligh é.  Mar thoradh ar an bhféincheistiú gairmiúil agus anailís oideolaíochta seo bheartaigh foireann na scoile go mbrisfí rang na naíonán i dtrí ghrúpa mar chuid den straitéis idirdhealaithe foghlama.

Múnla Oideachais Dhátheangaigh i Scoil Cholmcille

Tá ceithre phríomhghné i gcur i bhfeidhm an mhúnla oideachais dhátheangaigh sa scoil seo.  Leagtar an-bhéim ar chur chun cinn na Gaeilge i ngach gné d’fheidhmiú na scoile, cuirtear múineadh an Bhéarla siar go dtí an dara téarma sna naíonáin shinsearacha.  Déantar freastal ar leith ar T1 agus T2 sna seisiúin ghrúpála agus déantar iarrachtaí an teanga a threisiú i measc an phobail i gcoitinne.

Maidir le cur chun cinn na Gaeilge, ní labhraíonn an múinteoir aon Bhéarla agus is cosúil go gceapann na daltaí nach bhfuil sí in ann Béarla a labhairt (NG).  Tá sé seo tábhachtach mar go gcruthaíonn sé gá cumarsáide do na daltaí trí Ghaeilge.  Creideann na daltaí go gcaithfear cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge sa rang nó nach dtuigtear iad.  Ní shimplíonn an múinteoir a chuid Gaeilge, dearbhaíonn sé an chanúint áitiúil go rialta agus baineann sé an-úsáid as athrá agus aithris i stíl oideolaíochta atá cumarsáideach (Cook, 2008).  Baintear úsáid rialta as an bhfilíocht agus as an amhránaíocht mar straitéisí foghlama.  Cuirtear go leor deiseanna cumarsáide ar fáil do dhaltaí i rith an lae agus tugtar aischothú ceartaitheach ar earráidí teanga na ndaltaí go rialta.  Maidir leis na hábhair eile a mhúintear sa rang bíonn chuile cheann acu ina cheacht saibhrithe teanga ina nglacann an múinteoir an deis tuilleadh forbartha a dhéanamh ar chumas labhartha na ndaltaí sa Ghaeilge.

Cé nach luaitear múineadh an Bhéarla sa phlean ba shoiléir ón obair ghoirt gur gné lárnach, chonspóideach uaireanta, de pholasaí na Gaeilge is ea múineadh an Bhéarla a chur siar go dtí an dara téarma i Rang na Naíonán Sinsir.  D’eascair an ghné seo den phlean go príomha as comhráite idir an príomhoide agus an múinteoir naíonán, beirt le cúlra gaelscolaíochta, a bhí ag iarraidh ‘nós na gaelscoile’ (APO) [gan Béarla a mhúineadh sna naíonáin shóisearacha] a chur i bhfeidhm sa scoil.  D’eascair próiseas fada comhairliúcháin agus go leor díospóireachta ag leibhéal na foirne agus an bhoird bhainistíochta, as litir ghearáin a sheol tuismitheoir chuig an scoil a bhí cáinteach faoi mhúineadh an Bhéarla a bheith ar siúl i rang na Naíonán Sóisir.  Faoi dheireadh thángthas ar chomhréiteach go gcuirfí múineadh an Bhéarla siar go dtí an dara téarma i Rang na Naíonán Sinsir ar mhaithe le 18 mí den ‘tumoideachas’ a thabhairt do na daltaí.

Cuirtear in iúl go mbíonn drogall ar roinnt scoileanna sa Ghaeltacht múineadh an Bhéarla a chur siar mar go gceaptar go dtarraingeoidh tuismitheoirí a gcuid daltaí amach as an scoil má fheiceann siad a leithéid de pholasaí i bhfeidhm.  Léiríodh tuairimí láidre sa scoil, go bhfuil géarghá go gcuirfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna iachall ar scoileanna na Gaeltachta tréimhse tumtha a chur i bhfeidhm.  Ceaptar dá mbeadh an polasaí céanna [dhá bhliain den tumoideachas] i bhfeidhm ar fud na Gaeltachta go laghdódh sé an iompairc idir scoileanna maidir le daltaí a mhealladh chuig an scoil, agus nach mbeadh an bhuairt chéanna ar phríomhoide maidir le daltaí a chailliúint.

Aithnítear i bPlean Labhairt na Gaeilge, go bhfuil dúshlán ag baint le bainistiú an mheascáin teangeolaíochta sa scoil ach go bhfuil gá iarracht a dhéanamh freastal cóir, ceart a dhéanamh ar chainteoirí dúchais agus ar fhoghlaimeoirí agus go mbeidh siad ar fad ag forbairt ag a luas foghlama féin.  Sa chomhthéacs seo chonacthas go raibh an cleachtas ranga níos cuimsithí ná mar a bhí léirithe sa phlean scríofa.  Do thrí thréimhse gach seachtain roinntear an rang i dtrí ghrúpa de réir chumas na ndaltaí sa Ghaeilge.  Sa churaclam ‘páiste lárnach’ ina bhfuil béim ar fhreastal cuimsitheach, cuí a dhéanamh ar riachtanais chuile dhalta, sonraítear an tábhacht a bhaineann le straitéis idirdhealaithe cosúil le grúpáil na dtríthe.

Tábla 1: Saintréithe Mhúnla Oideachais Dhátheangaigh Scoil Cholmcille

Téama

Tréithe a Bhaineann leis

Eolas faoin bhFoireann

Príomhoide ar siúl (saor ó chúraimí teagaisc sa seomra ranga). Taithí chuimsitheach Ghaelscolaíochta aici agus ag an múinteoir ranga.

Eolas Ginearálta faoi na Daltaí

Cainteoirí T1, T2 agus T3 i seomra ranga na naíonán

Catagóir Gaeltachta

A

Iompar Teanga na nDaltaí

Claontacht i dtreo na Gaeilge ach go leor samplaí den chódmhalartú le sonrú ar a gcuid Gaeilge. Rian an Bhéarla an-láidir ar Ghaeilge na ndaltaí.

Polasaí Gaeilge

Plean Labhairt na Gaeilge

An-tuiscint ar na difríochtaí idir riachtanaisí oideachais an dalta T1 agus T2

Tosaíochtaí Curaclaim sa Seomra Ranga

An Fhilíocht mar straitéis foghlama in úsáid go minic

Gach ceacht ina cheacht saibhriúcháin

Cur Chuige Oideolaíochta

An Stíl Chumarsáideach go príomha

Múineadh an Bhéarla

Tosaítear ar mhúineadh an Bhéarla sa dara téarma de Rang na Naíonán Sinsir

Aistear

Níor baineadh úsáid as Aistear sa scoil le linn an chás-staidéir ach tauriscítear go ‘ndéantar Aistear uaireanta’ (AM).

Gaolta oideachais cothaithe le tuismitheoirí

Soláthar a dhéantar do dhaltaí T1&T2

An-chúram déanta do shaibhriúchán Ghaeilge an chainteora dhúchais.

Straitéisí idirdhealaithe ‘grúpáil na dtríthe’ i bhfeidhm

Tuiscint léirithe gur ag teip an chainteora dúchais atá an córas bunscolaíochta sa Ghaeltacht

An Múnla Oideachais Dhátheangaigh atá i bhfeidhm

Múnla Oidhreachta (May, 2005)

Gnéithe den Oideachas Athchúrsach (García, 2011) agus den Oideachas Saibhriúcháin (May, 2005) chomh maith, áfach

 

Léirítear an-tuiscint sa scoil maidir le soláthar oideachais dhátheangaigh do phobail áitiúil ina bhfuil an comhdhéanamh sochtheangeolaíochta casta agus ag athrú go minic (Ó Duibhir et al., 2015).  Tuigtear go bhfuil bearna mhór chumais idir an cainteoir dúchais T1 is fearr i Rang na Naíonán Sinsir agus an dalta le cumas íseal sa Ghaeilge i Rang na Naíonán Sóisir.  Sa mheon traidisiúnta dhéanfadh múinteoirí an-iarracht tacaíocht a thabhairt don chainteoir T2 (an dalta le Béarla mar mháthairtheanga sa chomhthéacs seo), le cur ar a gcumas leas a bhaint as an gcuraclam sa rang.  Déantar é sin sa scoil seo leis, ach comhthreomhar leis na hiarrachtaí sin leagtar an-bhéim ar shaibhriú Ghaeilge an chainteora dhúchais.  Aithnítear go bhféadfadh sé a bheith ina míbhuntáiste don chainteoir T1 anois a bheith ag fáil a chuid oideachais i mbunscoil Ghaeltachta [ó thaobh sealbhú iomlán a dhéanamh ar an nGaeilge] agus cuirtear idirghabhála oideolaíochta agus bainistíochta i bhfeidhm chun dul i ngleic leis an míbhuntáiste sin.

Tá go leor de thréithe an mhúnla oidhreachta (May, 2005) le sonrú sa scoil seo.  Dírítear ar shealbhú saibhir a dhéanamh ar Ghaeilge nádúrtha an cheantair.  Maidir leis na daltaí T2 is múnla suimíoch an tumoideachais oidhreachta atá á fháil ag na daltaí ina bhfuil siad ‘tumtha’ do thréimhse 18 mí ag tús a gcuid scolaíochta.  Táthar ag súil go mbeidh daltaí T1 agus T2 in ann ardchaighdeán a bhaint amach sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ag deireadh a dtréimhse bhunscolaíochta.  Maidir leis na cainteoirí T3 déantar forbairt ar a gcuid scileanna cumarsáide sa Ghaeilge (T1) agus sa Bhéarla (T2) ach ní thugtar aon tacaíocht dá máthairtheanga (T3: Polainnis agus Liotuáinis sa chás seo).  Díríonn polasaí agus cleachtais na scoile ar na cainteoirí T1 agus T2 ach braitear sa scoil nach bhfuil sé de chumas faoi láthair freastail a dhéanamh ar dhaltaí T3.

Focal Scoir

Níl aon amhras ach gur cheist chasta í an luathoideachas trí Ghaeilge sa Ghaeltacht.  Is dúshlán mór é, gurb iad riachtanais na mBéarlóirí a thiomáineann an córas oideachais in Éirinn go minic, fiú sna ceantair oidhreachta is láidre don Ghaeilge.  Tuigtear go gcaithfí ardchaighdeán oideachais a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí Gaeilge sa Ghaeltacht.  Tuigtear leis, go gcaithfear freastal iomlán éagsúil a chur ar fáil don chainteoir dúchais sa Ghaeltacht. Dúshlán ollmhór do mhúinteoirí bunscoile sa Ghaeltacht is ea an t-imeascadh seo de daltaí T1 agus T2.  Maidir le moltaí dea-chleachtais a chur chun cinn bunaithe ar an obair ghort seo braithim go mba chóir trí ghné lárnacha a chur san áireamh.  Ar dtús, caithfear riachtanais teanga agus oideachais na ndaltaí T1 agus T2 a aithint agus straitéis idirdhealaithe a chur i bhfeidhm mar chuid den soláthar oideachais.  Is gá na daltaí T1 agus T2 a scaradh amach óna chéile do thréimhsí ar leith gach lá.  Ba cheart go mbeadh ceachtanna laethúla saibhriúcháin ar siúl le daltaí T1 mar thacaíocht ar shealbhú iomlánaíoch na Gaeilge ina leagtar béim ar Ghaeilge dhúchasach an cheantair agus ar naisc a chothú le pobal agus oidhreacht an cheantair.  Molaim gur cheart tréimhse tumoideachais iomláin a chur i bhfeidhm i scoileanna Gaeltachta, ina gcuirtear múineadh na mórtheanga siar go dtí Rang 1 chun sainspiorad láidir Gaeilge a chothú sa timpeallacht fhoghlama.  Tá sé soiléir go mbraitheann feidhmiú na ndea-chleachtas sin, go dtí seo ar aon nós, ar thiomantas an phríomhoide don Ghaeilge agus ar shainchleachtais an mhúinteora ranga seachas ar mhúnla aontaithe, oifigiúil oideachais don Ghaeltacht ar fad.  Caithfear scafall níos daingne a sholáthar don oideolaíocht ceannródaíoch seo áfach, tríd an bhforbairt leanúnach ghairmiúil don Churaclam Chomhtháite Teanga (2016), trí mholadh láidir ón Roinn Oideachais agus Scileanna an tréimhse tumoideachais a chur i bhfeidhm agus trí thacaíocht phraiticiúil i bhfoirm na gcúntóirí teanga a chur ar fáil go fairsing do gach scoil sa Ghaeltacht.

Leabharliosta: 

Leabhair

Cook, V. J., (2008) Second language learning and language teaching (4ú heag). Londain: Hodder Education

García, O., (2011) Bilingual education in the 21st century: A global perspective. John Wiley & Sons.

Lenoach, C., Ó Giollagáin, C. & Ó Curnáin, B. (eag.) (2012) An chonair chaoch: An mionteangachas sa dátheangachas. Gaillimh: LeabharBreac.

Mac Donnacha S., Ní Chualáin., F., Ní Shéaghdha., A., & Ní Mhainín, T., (2005) Staid reatha na scoileanna Gaeltachta: A study of Gaeltacht schools 2004.  Baile Átha Cliath: COGG.

Mac Donnacha, S., (2005) Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta 2004: Léargas ó na Príomhoidí na Múinteoirí agus na Tuismitheoirí.  Baile Átha Cliath: COGG.

Montrul, S.A., (2008) Incomplete acquisition in bilingualism: Re-examining the age factor.  (Vol. 39). John Benjamins Publishing.

Ní Shéaghadha, A., (2010) Taighde ar dhea-chleachtais bhunscoile i dtaca le saibhriú/sealbhú agus sóisialú teanga do dhaltaí arb í an Ghaeilge a gcéad teanga.  Baile Átha Cliath: COGG.

Ó Duibhir, P., Ní Chuaig, N., Ní Thuairisg., L. & Ó Brolcháin, C., (2014) Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha: Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta. BÁC: An  Roinn Oideachais agus Scileanna.  Ar fáil ag https://www.education.ie/en/PressEvents/Events/

Ó Flatharta, P., (2007) Struchtúr Oideachais na Gaeltachta. Baile Átha Cliath: COGG.

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Chualáin, F. N., Shéaghdha, A. N., & OBrien, M., (2007) Comprehensive Linguistic study of the use of Irish in the Gaeltacht: Principal Findings and Recommendations. BÁC: DCRGA.

Péterváry, T., Ó Curnáin, B., Ó Giollagáin, C., & Sheahan, J., (2014) Iniúchadh ar an gcumas dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta. Baile Átha Cliath: COGG.

Valdés, G., (2011) Dual-language immersion programs: A cautionary note concerning the education of language minority studentsResearch and Practice in Immersion Education.

Ailt

Coady, M., & Ó Laoire, M., (2002) ‘Mismatches in policy and practice: The case of Gaelscoileanna in the Republic of Ireland.’ Language Policy: An International Journal, 1(2), 143-58.

Cummins, J., & Swain, M., (1986) ‘Linguistic interdependence: A central principle of bilingual education.’ Bilingualism in education, Aspects of theory, research and practice. 80-95. Londain: Longman.

Hickey, T., (2001) ‘Mixing beginners and native speakers in minority language immersion: Who is immersing whom?’ Canadian Modern Language Review/La Revue Canadienne Des Langues Vivantes, 57(3), 443-74.

May, S., (2005) ‘Bilingual / Immersion Education in Aotearoa / New Zealand: Setting the Context.’  International Journal of Bilingual Education and Bilingualism, 8(5), 365-76.

Ó hIfearnáin, T., (2007) ‘Raising children to be bilingual in the Gaeltacht: Language preference and practice.’ International Journal of Bilingual Education and Bilingualism10(4), 510-28.

Romaine, S., (2007) ‘Preserving endangered languages.’ Language and Linguistics Compass1(1‐2), 115-32.

Tuairiscí agus Doiciméid Polasaí

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2015a) ‘Soláthar Scoile i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta – Soláthar Reatha agus Éileamh Amach Anseo’ www.education.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2015b) ‘Athbhreithniú ar an Oideachas sa Ghaeltacht: Athbhreithniú ar an Litríocht Náisiúnta’ www.education.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2015c) ‘Soláthar Oideachais trí Mhionteangacha:      Athbhreithniú ar Thaighde Idirnáisiúnta’ www.education.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2015d) Tuarascáil ar an Soláthar Oideachais trí mheán na Gaeilge i Scoileanna Gaeltachta: Cás-Staidéir Bunscoile agus Iarbhunscoile www.education.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna (2015e) ‘Moltaí Polasaí don Soláthar Oideachais i Limistéir Ghaeltachta’ www.education.ie

An Roinn Oideachais agus Scileanna. (1998)  Acht Oideachais. BÁC: Oifig an tSoláthair.

An Roinn Oideachais agus Eolaíochta. (1999) Curaclam na Bunscoile: Gaeilge. Ar fáil ag: http://www.ncca.ie/uploadedfiles/Curriculum/Primary_Gaeilge_Curriculum.pdf