Stór Amhrán Mhichíl Bhreathnaigh

Scáthán dílis ar shaol na linne agus ar an gcomhthionól fuinniúil fuinte as ar fáisceadh é

Caroline Ní Fhlatharta
Topaic(í): 

Nótaí Eagarthóireachta

  1. Baintear leas as an gcóras uimhrithe a fhaightear san Aguisín, agus tagairtí á ndéanamh do na hamhráin san alt féin.  B’éigean cloí leis an modh eagarthóireachta seo i gcás na dtagairtí inmheánacha ó tharla gur ghá feidhmiu laistigh de líon áirithe focal.   Tugtar uimhir an amhráin ar dtús, mar aon le huimhreacha na línte sna sleachta ó na hamhráin féin agus tá nasc dhíreach idir na tagairtí sa leagan leictreonach agus na hamhráin iomlána mar a fhaightear san Aguisín.
  2. Féachadh leis na leaganacha d’amhráin Mhichíl Bhreathnaigh a scríobh mar a d’aithris sé iad ar na buntaifeadtaí fuaime ar ar bunaíodh an t-alt seo.  Níor dearnadh caighdeánú ar na leaganacha scríofa, ionas nach gcuirfí as don rím ná don mheadaracht.  Ní raibh fáil ar theidil na n-amhrán ar fad, mar sin, cinneadh teidil shealadacha a úsáid san Aguisín, a rinne cur síos ar ábhar na n-amhrán, ina gcás siúd nach raibh teideal leo.  Faraor, níl aon taifead cruinn de dhátaí cumtha na n-amhrán ach oiread.

 

Réamhrá

Tá clú agus cáil ar cheantar Chonamara de bharr go maireann fós beo ann traidisiún ársa na filíochta béil, atá fréamhaithe sa seansaol Gaelach. Bhí an easpa litearthachta ina bac ar phobal na hÉireann go dtí tús na 20ú haoise féin, agus ní raibh mórán ábhar Gaeilge, a bhain le gnáthshaol na ndaoine, á fhoilsiú sna hirisí náisiúnta (Nic Pháidín, 1987: 69).  Tá muid go mór faoi chomaoin ag filí pobail na linne, a bhain leas as meán an fhocail le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil ina gcuid amhrán agus ina gcuid filíochta. Pléadh téamaí an ghrá, na himirce, agus na polaitíochta náisiúnta agus idirnáisiúnta ina gcuid saothar.   Díreofar sa saothar seo ar stór amhrán Mhichíl Bhreathnaigh, as Gleann Mhac Muirinn i gceartlár Chonamara, fear a bhfuil meas agus urraim air mar scéalaí agus mar sheanchaí, a bhuíochas don staidéar a rinne an scríbhneoir Pádraic Breathnach ar a chuid scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta (Breathnach, 2007), agus don bhailiúchán seanchais a thóg an bailitheoir béaloidis Proinnsias de Búrca uaidh don Choimisiún um Béaloideas Éireann ó thús na seascaidí ar aghaidh. 

Níl aon dianstaidéar déanta ar na hamhráin a chum sé, áfach, ar a n-áirítear 11 amhrán Ghaeilge agus seacht n-amhrán Bhéarla, cé gur léir ón leagan amach i gcás amhrán nó dhó go bhféadfadh véarsaí a bheith ar lár.  Ní hé go bhfuil na hamhráin seo fós beo sa bpobal ná go mbíonn siad á rá ag daoine eile – bhíothas ag brath go hiomlán ar chartlann fuaime RTÉ, Raidió na Gaeltachta, agus ar chorr thaifead a d’éirigh lena chlann a chaomhnú ar chaiséid le breis agus 30 bliain.  San alt seo tá sé i gceist scagadh agus cíoradh a dhéanamh ar an stór amhrán seo, d’fhonn léiriú gur scáthán iad ar shaol na linne, agus ar an gcomhthionól fuinniúil fuinte as ar fáisceadh Micheál Breathnach.  Téitear i ngleic le réimse leathan ábhar a bhaineann go hiomlán leis an bpobal, fearacht an phoitín, scéimeanna Rialtais, muintir an cheantair agus go deimhin an ceantar féin sa bhailiúchán.  Léireofar leis, gur bheag idir é agus filí pobail eile an cheantair lena linn: Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha, Filí Bhaile na mBroghach agus Colm de Bhailís, mar shampla, i gcomhthéacs na dtéamaí agus na modhanna reacaireachta a shaothraigh siad araon.  Ní bheifear ag déanamh anailíse anseo ar fheabhas an tsaothair mar litríocht, mar go bhfuil sé sin lasmuigh de scóp na haiste seo, ach ba mhaith an mhaise díriú ar a leithéid amach anseo go cinnte.

Beathaisnéis

Fear Gaeltachta ab ea Micheál Breathnach, nó Michael Phatch mar ab fhearr aithne air i measc a mhuintire.  B’ar an 25 Deireadh Fómhair, 1902 a caitheadh ar an sop é, i nGleann Mhac Muirinn; tamhnach sléibhe atá i bhfoisceacht 13 míle d’Uachtar Ard ó thuaidh agus sé mhíle de Chasla ó dheas.  Bhí sé ar dhuine de chúigear clainne a saolaíodh do Phatch Pheadair Mhichíl Mhóir, ar de bhunadh Ghleann Mhac Muirinn é, agus d’Áine Nic Dhonncha, as Ros an Mhíl.  D’fhreastail sé ar Sheanscoil Ghleann Mhac Muirinn, Tigh Tom Mharcuis, sular dhún sí, agus ar Scoil Nioclás Naomhtha i mBoth Bhrocháin, nó i gCnoc Aduaidh, mar a thugtar freisin air.  

Cé go mba ghearr a sheal mar bhuachaill scoile, shásaigh scoil an tsaoil, agus saibhreas eolais a shinsir, a dhúil sa léann.  

Shaothraigh muintir an bhaile, agus muintir an cheantair i gcoitinne, an saol ag an am mar nach raibh aon dul as acu ach dul i dtuilleamaí drochthalún chun snáth a choinneáil faoin bhfiacail.  Thug Synge ‘the most poverty-stricken district in Ireland’ (Ó Conghaile, 1988: 38) ar an réigiún ón Spidéal anoir, agus cé nach bhféadfaí a áitiú go raibh na Breathnaigh saibhir, is cinnte go raibh siad ní ba dheisiúla ná mar a bhí bunáite mhuintir an cheantair, nach raibh ag a bhformhór ach ón láimh go dtí an béal.   Bhí cearta iascaireachta ag seanathair Mhichíl, Peadar Mór, do thaobh amháin de Loch na Coille, a bhí ar leac an dorais acu i nGleann Mhac Muirinn, agus a mheall iascairí ó chian agus ó chóngar de bharr go raibh na bric gheala le fáil chomh flúirseach ann.  Thit na cearta sin ar Mhichíl in am trátha, ó tharla gurbh é a d’fhan sa bhaile i dteannta a thuismitheoirí, nuair a d’fhág a chuid deartháireacha agus a chuid deirfiúracha slán leis an nead agus iad ar thóir blaiseadh den saol mór. Choinnigh sé báid locha leis na hiascairí a thabhairt amach ar an loch, mar a bhí déanta ag a athair agus a sheanathair roimhe. 

Bua na Cainte agus Feidhm na hEalaíne

Fáisceadh agus fuineadh Micheál as saol an tseanchais agus an bhéaloidis agus b’óna athair agus óna sheanathair, agus ó mhuintir na háite, a chuala sé na scéalta Fiannaíochta agus Rúraíochta, na piseoga, na seanamhráin, na leigheasanna agus an stór ollmhór seanchais a choinnigh sé greanta ina inchinn go dtí lá a bháis.  Mórann Pádraic Breathnach an chuimhne éachtach a bhí aige:  ‘cuimhne na gcúig gceann, na gcúig mbeann is na gcúig muineál, cuimhne na naoi bhfaobhar!’ (2007: 14), cumas a shainítear go minic leis na filí pobail, agus a bhí riachtanach dóibh siúd nach raibh an pheannaireacht ar a dtoil acu mar nach raibh aon deis eile acu lena gcuid saothar a chaomhnú (Denvir, 2003: 9).  Fearacht cuid mhaith de na filí pobail chumadh sé na hamhráin ar an leaba is d’oíche agus tá cuimhní ag a chlann ar Mhicheál a bheith le cloisteáil ag cur véarsaí trína chéile ag a trí agus ag a ceathair a chlog ar maidin.  Is minic a bhíodh sé ag cumadh le linn dó a bheith i mbun obair an lae chomh maith: ar an bportach, ag baint féir nó ag cur fataí sna garraithe, ar an sliabh i ndiaidh na mbeithíoch, sa choill ag gearradh adhmaid nó thíos ag an loch.   Ní raibh deireadh ar bith leis an méid oibre a bhíodh le déanamh ó d’éirídís le giolc an éin nó go dtéadh an ghrian fúithi sa tráthnóna agus d’fheidhmigh an chumadóireacht mar dheis éalaithe ó anó agus ó anachain an tsaoil réalaigh (Denvir, 1996: 29). 

Dar lena mhac Colm nach raibh ‘cloch as claí, dris i ngarraí, copóg i sráid, scioból gan doras, coca féir gan bhrat ná cruach mhóna gan ghníomh’ (Breathnach, 2007: 11).  Is léiriú é seo ar a chuid críochnúlachta agus ar chomh paiteanta agus a thug sé faoina chuid dualgas, mar gurbh fhear é nár theastaigh uaidh go mbeadh bunchleite isteach ná barrchleite amach, i gcás a chuid oibre fisiciúla agus cruthaithí araon.  Leoga, bhí an fheidhm shiamsaíochta a bhain leis an gcumadóireacht lárnach sna hoícheanta airneáin nó an ‘time’ mar a thráchtaí orthu i gceantair áirithe.  B’annamh leis na Gael ceiliúradh a dhéanamh gan an amhránaíocht, an fhilíocht agus an scéalaíocht a bheith mar chuid lárnach den cheiliúradh sin, agus níorbh aon eisceacht Tigh Mhichíl Bhreathnaigh, teach a mbíodh ‘ceol á chasadh ag na strainséirí agus ceol á chasadh ar an mbosca ceoil ag Michael Phatch féin.’ (Breathnach, 2007: 10).  Ba ag na hócáidí sóisialta seo a rinneadh buanú ar a n-oidhreacht, ach ní ó thaobh na siamsaíochta amháin a bhain tábhacht leis na hamhráin dar le Ó Madagáin:

as well as having an aesthetic function they belonged to the culture of this particular society, expressed its values, had a role in the moulding and perpetuation of the culture, and enhanced the sense of belonging of both singer and audience (1985: 172)

Dáimh Áite

Is léir go raibh cion ag an mBreathnach ar gach uile chloch de Ghleann Mhac Muirinn agus rinne sé gaisce as a fhód dúchais i dtrí cinn ar fad dá chuid amhrán, péire acu i nGaeilge ‘Amhrán Fada Ghleann Mhac Muirinn’ agus ‘Amhrán Gearr Ghleann Mhac Muirinn’ agus ceann amháin i mBéarla, ‘Glenicmurrin Townland’.  Léirigh sé a chuid saineolais ar an dinnseanchas sa liostáil a rinne sé ar bhailte agus ar thíortha, abhus agus i gcéin, ach is dá bhaile féin a thugadh sé an chraobh i gcónaí ‘lena áilleacht is aghaidh gréine, gach am tríd an mbliain’ (1. 8).  Go deimhin, mhaígh sé go mórtasach, ‘nach bhfuil sé sna chúig Chúige an té a thabharfadh as an barr’ (4. 32).  Áitíonn Ó Madagáin gur chuir an ‘local colour of the songs’, na tagairtí do dhaoine agus do logainmneacha áitiúla, leis an ‘sense of security and belonging’, agus ba mhinic an tseift sin in úsáid ag an mBreathnach, más go neamh-chomhfhiosach féin é (1985: 172).  Bhain sé gaisneas as friotal fileata chun cur síos ar staid idéalach na timpeallachta agus ar thréithe na ndaoine.  Léirigh sé mar ab éigean do dhaoine dul i dtuilleamaí an nádúir chomh maith, agus tráchtar ar phobal Ghleann Mhac Muirinn mar a bheadh pobal féinchothaithe ann, dá réir.  

Ceantar scoite go maith ab ea é, fiú agus an bóthar tógtha idir Casla agus Uachtar Ard ag deireadh na 1920idí (Ó Coimín, 2000: 18), ach ní raibh aon stró air 28 ceathrú a chumadh á mholadh agus á mhóramh go cranna na spéire in ‘Amhrán Fada Ghleann Mhac Muirinn’ mar sin féin: 

Tá chuile short ní ann, a gcuirfeadh fear spéis ann

Tá an fiach in sna sléibhte ann, is an t-iasc ins an líon

Tá an bradán is an breac geal, ag poinceann is ag léimneach

Dhá marú ina gcéadta ann, is á roinnt ar an tír. (1. 24-28)

 

Níl mórán á dteastaíonn nach bhfuil ann de dalladh

Tá ábhar an jam ann ar bharra na gcraobh

Tá úllaí breátha blasta ann, tá sméara dubha daite ann

Tá mairteoil is feoil chearc ann go fairsing dá réir. (1. 37-40)

 

Tuigtear ó na hamhráin mholta a chum sé faoi Ghleann Mhac Muirinn (1. 1-116), (4. 1-32), (10. 1-60), agus faoi Fhormaoil (5. 1-64) go raibh sé i dtiúin go mór le dúile Dé ar fad agus tá rian de litríocht na Fiannaíochta le sonrú go láidir ar an ngrá a léirigh sé do gach neach dár chruthaigh Dia.  Ní hamháin go raibh an-eolas aige ar an iliomad éan a bhí le fáil sa cheantar, ach liostáiltear na crainn, na sméara, agus na cnónna éagsúla a bhí ar fáil go flúirseach i ‘nGleann na Muir Mór’, mar a thugadh sé air in amanna, chomh maith.  

Tá sin ann le gearradh gach adhmad dá dhaoire

Seiceamar, caorthann, cabhail giúsach is fuinseog

Agus cranna breá daraigh atá ag fás le seacht sinsear

Is nach bhfeicfeadh fear snoite iad an fhad is a mhairfeadh sé beo.

(1.41-44)

 

Tá ábhar an bháid ann seas, post agus cíle

Tá lárach ina chrainnte ann nár gearradh riamh fós

Tá na scoilb á nglanadh ann faoi chóir na droch-oíche

Is tá an tslat ann a dhéanfadh cis, cléibh agus lóib. (1. 61-64)

Bhí an dáimh áite seo go mór chun cinn san fhilíocht phobail araon agus chraobhscaoil Filí Bhaile na mBroghach agus Colm de Bhailís a ngrá dá gceantar dúchais, ‘ós é ceartlár na cruinne é agus nach bhfuil a leithéid eile ar dhroim an domhain’, ina saothar féin chomh maith (Denvir, 1996: 34).  Go deimhin, ba bheag idir chur síos s’acusan agus an léiriú a rinne Ó Direáin ar Inis Mór, ‘áit a raibh ionad cinnte so-aitheanta ag an duine agus a shaothar taobh istigh de chleachtadh saoil an phobail trí chéile’ (Nic Eoin, 2005: 138).

An Phátrúnacht

Áitíonn Nic Dhonncha gur fheidhmigh saothar na seanfhilí pobail ‘mar eiseamláir do stíl chumadóireachta na nglúnta a lean’ (2002: 2) agus d’ainneoin gur athraigh ról na bhfilí ó bhun nuair a thit an seanchóras as a chéile sa 17ú aois, ba dhlúthchuid den tsochaí í an phátrúnacht riamh anall.   Fiú nuair a chaill na filí a stádas sa tsochaí, bhronn an pobal an t-aitheantas ba dhual dóibh orthu siúd a raibh bua na filíochta ar a dtoil acu. 

Ba iad a choinnigh taifead ar thraidisiún na muintire ach d’uireasa lucht éisteachta umhal níorbh fhiú dóibh a bheith ag cumadh. Thagair an file pobail aitheanta Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha den ghradam a samhlaíodh le lucht na héigse, agus dóibh siúd a bhronn an stádas orthu féin: ‘Tá daoine ann inniu a thug filí orthu fhéin, ach is daoine eile a thugann ormsa é’ (1987: 9).  Fearacht an Choisdealbhaigh, ar chol cúigear don Bhreathnach é, níor shamhlaigh sé an chumhacht osnádúrtha a samhlaíodh le ‘filí’ leis féin, mar is léir ó agallamh le hAingeal Ní Chonchubhair do Raidió na Gaeltachta i 1977, nuair a mhaígh sé nár scríobh sé aon phíosa filíochta riamh, ach go raibh sé ag cumadh amhrán ó bhí sé seacht mbliana d’aois. Níorbh ionann sin agus Filí Bhaile na mBroghach, a chreid ‘go raibh an fhilíocht istigh ann agus nár bheo é go bhfaigheadh dá chroí é’ (Mac an Iomaire, 1983: 28). 

Is léir mar sin nár shamhlaigh sé é féin mar fhile, d’ainneoin gur lean sé na múnlaí ceannann céanna is a lean filí pobail eile na dúiche.  Ba é an saoi i measc a phobail féin é, áfach: roinn sé a chuid eolais go fial orthu agus chuir comhairle orthu faoi eachtraí náisiúnta agus logánta.  D’fhéadfaí a mhaíomh gurbh ionann a thuiscint ar an gcumadóireacht agus tuiscint Finnegan:

The oral poet is not merely the voice of communal pressures, neither is every poet an individual and untrammelled genius: poetry is the creation both of a particular community and of a particular individual’ (1992: 213)

B’fhíor di, ar ndóigh, mar go raibh an pobal lárnach ní hamháin sna heachtraí a spreag na hamhráin, ach gur dóibh a aithrisíodh iad agus gurbh iad a choinnigh seachadta ó ghlúin go glúin iad. 

I bhfianaise a chuid spéise agus a chuid eolais ar an mbéaloideas, d’fhéadfadh gur chreid an Breathnach gur rud ab ea an fhilíocht ‘nár lean aon rath é’ (Ó hÓgáin, 1974: 4) agus gur chloígh sé leis an leagan ‘amhrán’ dá réir.  Chomh maith leis sin, baineadh úsáid as an téarma ‘cainteoir’ mar mhalairt ar an bhfocal ‘file’ i nGaeilge Cho. na Gaillimhe agus ní dhearnadh aon deighilt idir ‘caint’ agus filíocht dá réir (Ó hÓgáin, 1982: 7).  Áitíonn Denvir gurb ‘í an chaint agus a saothrú go healaíonta’ bun agus barr na filíochta (1988: 202).  Díol spéise é sin féin mar nár chuir an Breathnach aon fhonn leis na hamhráin ach iad a reic mar a tháinig siad ina inchinn.  Chloígh sé le meadaracht an amhráin mar ba dual do na filí pobail riamh anall. 

Comhairle an tSaoi

B’fhear chneasta é an Breathnach nár bhain aon chur i gcéill leis, mar a léiríonn ‘Amhrán an Phríosúin’ a thráchtann ar an tréimhse trí mhí a chaith sé sa phríosún.  Mhallaigh sé an poitín san amhrán pearsanta faoin eachtra nuair a rugadh i dteach an tsíbín air lá aonaigh, d’ainneoin nárbh fhear é a d’óladh mórán. 

I leaba an eachtra a shéanadh le teann náire, d’airigh sé go raibh éagóir déanta air, ó tharla ‘gurbh é an fear a dhaor é a rinne an feall’ (16. 50) agus theastaigh uaidh comhairle a chur ar a chomharsana agus ar ‘a dhaoine muinteartha’ agus a mhíshástacht a chur in iúl dá réir:

As an matal crochta ab fhearr liom cinnte

Nó a bheith ag dul go Maoghras i gcónra chláir.

Ná mé a thabhairt chuig beairic idir lámha peelers

Mo mhuintir taobh liom, is nár bhocht an cás. (16. 25-28)

 

Chuaigh trí mhí mhór fhada orm istigh sa bpríosún

Is dá mbeadh sé tuillte agam bheadh rud le rá

Ach braoinín dhríodarlach a tógadh as gríosach

Is nach mba brocach an braon é i gcúirt le taispeáint. (16. 41-44)

 

Cháin sé an tseanbhean mhallaithe a raibh fad ar a teanga agus a thug a ainm do na gardaí, agus bhain sé leas as feidhm chomhairleach an tseanfhocail leis an bpointe a threisiú.  Dhearbhaigh sé dlisteanacht an tseanfhocail, gné eile de thraidisiún na healaíne béil, chomh maith: ‘Ach mar a dúirt an seanfhocal, ‘gus is deacair cinnte air/Ní thagann caonach ar theanga mná’ (16. 39-40). 

Ní san amhrán sin amháin a fheictear ceachtanna morálta á roinnt ag an mBreathnach lena dhaoine muinteartha, áfach, agus luí an trioblóid agus an t-achrann a tharraing an dole idir beirt deartháir as an mbaile ba gaire dó go trom air.  Go deimhin, mhaígh sé gurbh é an dole ba chiontaí leis na peacaí marfacha a bhí á ndéanamh ‘ag sean is óg’ agus é ag cur síos ar an raic a tharraing an íocaíocht i gcás píosa talún chomh bocht agus a bhí in Éirinn in ‘Amhrán an Dole’:

Dia dhá réiteach nach bocht an scéal é

Ar thamhnach shléibhe ná ar thalamh bán

Nach fiú dhá phingin é idir sliabh is mínleach

Go gcailltear na caoirigh ann leis an ngalar cam.

 

Níl fraoch ná cíb ann, níl féar ná tuí ann

Níl foscadh dídean ann ag lao ná ag bó

Is go gcaillfí an naoscach ann ar fhad an gheimhridh

Mar ní scalann an ghrian ann ach uair nó dhó. (11. 25-32)

Thuig sé go raibh dochar á dhéanamh ag an dole do chaidreamh na beirte agus ghlac seisean ról an tsaoi agus an oideachasóra air féin agus é ag iarraidh an carthanas agus an muintearas a spreagadh arís.  Ba iad an chomhairle agus an teagasc na gnéithe ba thábhachtaí den Fhabhalscéal, ar ndóigh, agus feictear gaois agus saoldearcadh traidisiúnta an Bhreathnaigh sa bhéim a leag sé ar mhoráltacht agus ar dhea-iompar.   Nocht sé gliceas agus slíomadóireacht an óstóra, a thugann aire na huibhe don té a bhfuil póca teann aige, ach nach bhfuil aon bhlas dílseachta ag baint leis i ndeireadh na dála, ach ag tochras ar a cheirtlín féin san amhrán ‘The Publican’: ‘The public man will welcome you when he knows you have the pence’ (13. 7). Ní raibh aon dul amú ar an mBreathnach agus thuig sé go rímhaith nach gcuirfeadh maoin an tsaoil fad le beatha aon duine: ‘And those who have money in the bank as well as us must die’ (13. 24). 

Na hAmhráin Mholta

Tuigtear de réir choinbhinsiúin na filíochta béil gur buaine an fhilíocht ná an bheatha fiú, agus mórann an Breathnach Tomás Ó Céide, fear óg as Cnoc Aduaidh, a maraíodh i dtimpiste sa mhonarcha éisc ina raibh sé ag obair san amhrán pearsanta a scríobh sé dó, ‘Amhrán Thomáis Mhaidhc Bhill’.  Is gearr le marbhna é an t-amhrán pearsanta seo ina gcaoineann sé mac le deartháir a chéile. Cuireann sé síos ar an timpiste féin tráth ar dódh an fear óg nuair a thit sé isteach i gceann de na humair uisce fiuchta sa mhonarcha.  Tráchtar do bhriseadh croí na muintire, ‘You can’t relate or even translate their misery and woe’ (6. 7), agus don bhail a d’fhág an tragóid ar an gcomharsanacht, ‘From eyes tears were falling and prayers they were said’ (6. 28).  Arís, cuirtear comhairle ar an bpobal gan a bheith brónach, mar go gcaitear glacadh le toil Dé agus muinín a chur in pé plean atá leagtha amach aige dúinn.  Faightear léargas ar an dearcadh a bhí ag na daoine i leith an chreidimh sa chaoi a nglacadh siad lena gcinniúint san amhrán seo:

From the days of our childhood, though we imagine it long

We hardly ever remember or pass no remark

Our life is just passing like waters do flow

When from death comes the warning, then off we will go. (6. 34-37)

 

Is ag baint leasa as an bhfilíocht ar mhaithe le díchuimhne an duine a chosaint a bhí sé san amhrán pearsanta a chum sé faoi iníon le deartháir a chéile, ‘Anna Bheag Bhán Dheas’, sular thug sí an bád bán uirthi féin i dtús na seascaidí.  Déanann sé cur síos ar a dea-thréithe agus ar a háilleacht agus in ainneoin gur chaillteanas ollmhór don cheantar í, áit nach raibh an oiread sin comhluadair, déantar a cuimhne a bhuanú san amhrán, ionas go mairfidh sé beo trí mheán na filíochta, i bhfad ina diaidh.

Is cuma cleamhnas nó bainis é, ceol ná pléaráca

A bheas thart in san áit seo agus muid leagtha san uaigh.

Beidh muintir na mbailte ar fad i ngreim lámha

A gabháil Anna bheag bhán dheas a bhí ar thaobh Chnoc Aduaidh. (18. 49-52)

 

Chloígh an Breathnach le nósanna a dtéann a bhfréamhacha siar i bhfad sa litríocht agus é ag cur síos ar áilleacht an chailín óig: ‘A cúilín donn casta atá ag dul síos thar a básta/Nach bhfuil rós in sa ngairdín is áille ná a grua’ (18. 5-6), agus arís sa tríú véarsa: ‘A dá shúilín glasa atá chomh cruinn leis an airne/Nach raibh tada níos áille i gceann ainnir na gcuach’ (18. 9-10).  Baineann na samhlaoidí seo a mbaintí úsáid astu chun cur síos a dhéanamh ar ghnéithe ar leith d’áilleacht na hainnire, le traidisiún ársa na n-amhrán grá (Ó Fiaich, 1983: 60). 

Feictear arís é san amhrán molta ban, a bhí láidir i dtraidisiún na nGael chomh maith, ‘An Ógbhean Álainn a Bhí i gCnoic Mhám Aodha’.  Is do Bhríd de Búrca, iníon an bhailitheora béaloidis Proinnsias de Búrca, a bhíodh ag bailiú béaloidis uaidh a chum Micheál an t-amhrán molta seo:

Bhí dhá shúil ghlasa inti chomh cruinn le hairne

Agus na deora cráite uathu síos

Is a grua ba dheirge ná an rós sa ngairdín

Ach an té a mbeadh sí i ngrá leis go mb’fhada a shaol.  (9. 13–16)

 

Is maith do gheallúint dom a chúilín fáinneach

Ach a Rí na nGrásta nach bocht an aoi

Nach bhfuil ionam ach sclábhaí bocht atá i ngreim sa láí

Ó ghealas an lá go ndubhaí an oíche. (9. 69-72)

Baineann an cur síos seo ar dhaoine áitiúla agus ar eachtraí logánta go sonrach le ról na bhfilí pobail, a bhaineann gaisneas as an bhfriotal fileata chun ealaín a chruthú as an ngnáthshaol réalaíoch.  Sampla maith de dhán molta an phátrúin ag leibhéal tuaithe agus an file ag moladh an fhir uasail is ea an t-amhrán, ‘The Lovely Green Valleys around Fermoyle’.  Is ar iarratas ó úinéir Lodge Fhormaoile, an Sasanach Ronald Stevens, a raibh cáil dhomhanda air mar thraenálaí fabhcúin, a chum an Breathnach an t-amhrán.  Tagraíonn an Breathnach do na boicíní agus do na huaisle a mheall an iascaireacht, an fiach agus áilleacht an cheantair san amhrán, ach léirítear an leas eacnamúil a bhain leis na cuairteoirí seo don phobal áitiúil chomh maith.  Ní hamháin go ndéantar ceiliúradh ar an gceantar, ach moltar an t-úinéir go cranna na spéire agus ba léir ón amhrán gur chaith an fear uasal go maith leis an lucht oibre. 

It’s a credit to Connaught and to its goodhearted owner,

That’s very well-known through the whole British Isles,

As a rich man, a good man, for the public all over,

May God spare and restore him for the rest of his life. (5. 41-44)

 

Léiríonn na hamhráin Bhéarla seo go raibh lucht éisteachta ag an mBreathnach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge, agus go deimhin go raibh cumas aige a bheith ag cumadh sa dá theanga.  Feictear an cuireadh chun éisteachta in úsáid aige in oscailt chuid mhaith dá chuid amhrán freisin: ‘Now all ye friends and neighbours, I mean to let you know’ (12. 1), ‘All ye friends and neighbours, be seated if you may’ (6. 1) agus ‘Dear friends and old neighbours I’d like to remind you’ (5. 1).   Tá an cuireadh sin chun éisteachta ar cheann de na tréithe is mó a shainítear leis na bailéid, ‘véarsaí’ a bhí á scríobh in Éirinn dar le Ó Fiaich, ‘le beagnach trí chéad bliain anuas’ (1976: 121).

Tráchtaireacht Shóisialta

Cé go bhfuil, agus go mbeidh, easaontas idir na saineolaithe maidir le bailíocht na litríochta mar fhoinse eolais shocheolaíoch agus antraipeolaíoch, feidhmíonn saothar an Bhreathnaigh mar thráchtas ar stair shóisialta an phobail as ar fáisceadh é, mar a léirítear go soiléir sna hamhráin pholaitiúla a chum sé.  Chonaic sé spleodar mór polaitiúil lena linn mar gur mhair sé trí dhá chogadh dhomhanda, mar aon le Cogadh na Saoirse, idir 1919 agus 1922,  agus  an Cogadh Cathartha i 1922, agus tagraítear don scliúchas a tharla le linn thréimhse chorraitheach thús an chéid seo caite, in ‘Amhrán an Chogaidh’ agus in ‘Amhrán an Mhajor’.  Ba thréimhse éabhlóide í in Éirinn leis ar ndóigh, agus bhí tionchar ollmhór ag bunú an tSaorstáit ar phobal na tíre, mar go raibh impleachtaí ag na polasaithe éagsúla a cuireadh i bhfeidhm ar shaol na ngnáthdhaoine. 

Tagraíodh cheana do cháineadh an Bhreathnaigh ar Scéim an Deolchaire, a thug Fianna Fáil isteach i 1933, in ‘Amhrán an Dole’.  Níorbh é Micheál amháin a bhí cáinteach ar an scéim úd ná ar an easpa airde a tugadh ar phobal Chonamara a bhí fágtha ar an bhfaraor géar ó thaobh aon leas eacnamaíochta de, áfach, agus ba mhinic an drochbhail a fágadh ar phobal na Gaeltachta ina ábhar cainte agus conspóide ag lucht na cúise.  Admhaíonn Ó Conghaile go raibh ‘dochar agus dochar mór déanta ag an dole’, agus dar leis go raibh spiorad na ndaoine múchta scriosta ‘de bharr na leisce a tháinig as an díomhaointeas’, rud nár chleacht muintir an cheantair cheana riamh (1988: 178).  Thacódh an léargas a fhaightear ar dhrochthionchar na scéime in ‘Amhrán an Dole’ go láidir leis an argóint seo:

A Dhia is a Mhuire nach bocht an scéal é

Le léamh in Éirinn ná sa nGaeltacht mhór

Dhá chréatúr shalacha gan ciall gan réasún

Ag marú a chéile ann mar gheall ar dole.

 

Mura socróidh an sagart é nó Mr. Grady

Ní bheidh ann ach réabadh luath nó mall

Mar tá trioblóid talún ann nach féidir a réiteach

Nó go leagtar téip air agus go ndéantar fál.

 

Tá Mike ag fáil íocaíochta air agus Pat á shéanadh

Nó tá an páipéar bréagach ar a bhfuil sé ann

Ach go bhfuil a fhios ag Muire is ag an t-aon Mhac Naofa

Nach baile Críostúil a bhfuil siad ann. (11. 9-20)

 

Níorbh í Scéim an Deolchaire an t-aon scéim rialtais a lochtaigh an Breathnach, áfach, mar is léir ó ‘Amhrán na Móna’, faoi scéim a bhí á reáchtáil ag na húdaráis áitiúla ar mhaithe le fuinneamh dúchais a sholáthar le linn an Chogaidh Mhóir.  Is ar an mbonn céanna leis an scéim feabhsúcháin bóthair a bhí sé á reáchtáil, ach gur i rith an gheimhridh a dhéantaí an obair ar na bóithre agus gur ón earrach ar aghaidh a bhíodh obair ar bun faoi Scéim na Móna. 

Bhí ganntanas ola sa tír de bharr na contúirte go ndéanfaí dochar do na báid a bhíodh ag tabhairt an ola go hÉirinn agus dá bhrí sin cuireadh na daoine a bhí i dteideal an dole amach ag obair ar na portaigh.  Bhíodh fir agus mná ag obair ar an Scéim ach thuill na fir pá ní b’airde, fiú nuair a bhídís ag gróigeadh agus ag scaradh na móna, mar a bhíodh le déanamh ag na mná.  Osclaíodh portaigh nua ag an am agus ní raibh an talamh draenáilte agus ba ag trácht ar a leithéid sin a bhí sé agus caighdeán na móna á lochtú sna ceathrúna a leanas:

Tá an fear is an gasúr ann mar a bheadh múille

Aníos go dtí a nglúine go domhain i láib

Is nach maithfí ceathrú dóibh ná uair tráthnóna

Ach an nóiméad comhartha má bhíonn siad mall. (17. 13-20)

 

Beidh rates is taxes ann is ní íocfaidh i gcumhacht iad

Ní íocfaidh an mhóin iad, ná fear an tsleáin.

Mar níl teas ná maith inti, dhá bhféadfá a chomhaireamh

Is nach olc an tinteán í i gContae an Chláir.

 

Nach aisteach an obair í Scéim na Móna

Ach dá mbeadh móin ann bheadh rud le rá

Ach is gearr le cadás í nó olann fómhair

Nó carnán clúmhaigh a d’éireodh ard.  (17. 25-32)

Tugtar léargas ar an gcrá croí agus ar an gcrácamas a bhain leis an Scéim seo sa gcéad véarsa thuasluaite agus tuigtear nár spáráladh an gasúr ó obair chrua an phortaigh ach oiread leo siúd a raibh na géaráin curtha go maith acu.  Tá teanga ghéar an fhile le sonrú sa dara véarsa thuas, agus cuireann an faobhar seo le cumhacht an amhráin, a éiríonn níos nimhní agus níos drochmheasúla le chuile véarsa.  Tacaíonn sé le léirmheas Denvir, go dtráchtar sna hamhráin ‘ar athruithe a tharla agus ar dhearcadh agus ar mheon an phobail a chonaic iad’ (2003: 5), sa mhéid agus go bhfaightear léargas sna véarsaí seo ar an easpa pleanála ag leibhéal an Rialtais, agus ar an drochbhail a d’fhág sé sin ar mhuintir na Gaeltachta:

Mura bhfóire Muire orthu is Mac Rí an Domhnaigh

Agus beagán cúnaimh a fháil ó Mheiriceá

Beidh gorta is anó ann roimh thús an fhómhair

Is beidh Éireann dhúchais ar fad le fán.

 

Ní bheidh plúr ná fataí ann, tae ná siúcra

Ach ruidín tútach nach bhfuil abhus ná thall

Ná sláinte an tseanduine, an tobac sa dúidín

Is go dtí fiú is an t-unsa ní bheidh le fáil.   (17. 37-44)

 

Gob Géar an Fhile

Níl fuacht ná faitíos ar an mBreathnach a dhearcadh polaitiúil a fhógairt agus ní spáráiltear Éamon de Valera ó ghob géar an fhile, beag beann ar an méid tacaíochta a bhí aige féin agus ag Fianna Fáil i gceantar Chonamara ag an am.  Bhí baint ag an teorannú stairiúil a rinneadh nuair a thosaigh an Cogadh Cathartha, nuair a láidrigh carachtair éagsúla a chur fúthu sa cheantar vótaí na bpáirtithe éagsúla, leis na claonta polaitiúla i gceantair éagsúla.  Feictear go raibh Filí Bhaile na mBroghach agus Learaí Phádraic Learaí Ó Finneadha an-dílis d’Fhianna Fáil mar shampla, mar go mbíodh de Valera ag tabhairt cuairte ar an Lochán Beag go minic lena linn (Mac an Iomaire, 1983: 21) & (Denvir, 1999: 174). 

Níorbh ionadh go raibh cloch sa mhuinchille ag muintir Ghleann Mhac Muirinn d’Fhianna Fáil, nuair a smaoinítear ar theip na Scéime Athlonnaithe a bhunaigh an Rialtas i Seanadh Phéistín i dtús na 1930aidí.  Dar le Ó Cíosáin nach raibh beatha ag caoirigh ná beithígh ann, go raibh an talamh go fíordhona agus go raibh na claíocha a thógtaí á slogadh sa mhuing (1985: 4).  Sheas an eagraíocht ‘Muintir na Gaeltachta’, a bunaíodh i 1933, i gcoinne chinneadh an Rialtais tuilleadh clann a aistriú ó na ceantair cois cladaigh, a bhí róphlódaithe, go Seanadh Phéistín.  Thug Ó Cadhain faoin Rialtas agus faoin scéim in An t-Éireannach, agus é ag maíomh go bhfuair ‘oifigeach grinn éicin de’n Stat-Sheirbhís Tír na nÓg amach i lár an tsléibhe ag Seana-Phéistín, agus cuireadh bailchríoch ar mhallacht Chromail’ (1.9.1934).  D’éirigh le feachtas Mhuintir na Gaeltachta, nuair a chonaic de Valera na tailte dó féin ar an 27 Bealtaine 1934.  Deirtear sa seanchas áitiúil, áfach, gur sheas muintir Sheanadh Phéistín roimhe sa tslí agus nár ligeadar chomh fada leis an mbaile ar chor ar bith é. Cinneadh teaghlaigh as Conamara a aistriú go Co. na Mí dá thoradh sin, áit a raibh tailte maithe agus deis ar shaol níos fearr dá réir.

Níorbh iad na polaiteoirí amháin a fuair léasadh de theanga an Bhreathnaigh, áfach.  Scríobh sé an t-amhrán cáinte, ‘The Publican’, roimh chodladh dó oíche ar fhill sé ó theach tábhairne áitiúil, nuair nár thairg an t-óstóir an braon fuisce féin dó mar luach saothair ar an amhrán molta a bhí cumtha aige fúithi.  Thug an t-amhrán molta stádas don phátrún, agus ba é an rud ba lú a d’fhéadfadh sí a dhéanamh ná cúiteamh a thabhairt don fhile ar a s(h)aothar.  Ar ndóigh, ní le mailís a chumtaí na hamhráin cháinte i gcónaí, ach le teann spraoi agus siamsaíochta, cé go bhféadfadh go raibh an ‘spontaneous overflow of powerful feelings’ a luann Wordsworth leis an bhfilíocht, i gceist an oíche úd freisin (Finnegan, 1977: 31). 

Bhí cumas sa Bhreathnach an moladh nó an cáineadh a dhéanamh, agus cé nach raibh leisce ar bith air faobhar a theanga a imirt, ba nádúrtha i bhfad a tháinig an moladh leis, mar a léiríonn an dá líne seo ó ‘Amhrán Molta an Óstóra’, a chum sé faoin óstóir céanna: ‘Ach nach raibh tinneas ná míshláinte uirthi, más fada gearr a mhairfidh sí/Is iomaí fear a déarfaidh paidir di an lá a rachaidh sí sa chré. (8. 3-4)’

Greann agus Áibhéil

Bhí tóir riamh anall ar an amhrán greannmhar mar gur fhuascail sé an pobal ó anó agus ó chruatan an tsaoil, agus gur chomhlíon sé feidhm na siamsaíochta a bhain go dlúth le traidisiún an bhéaloidis agus an tseanchais.  Léiríonn ‘Amhrán an Bhacstaí’ go raibh féith an ghrinn go tréan sa Bhreathnach, tréith a shamhlaítear le filí pobail Chonamara i gcoitinne (Ní Dhonncha, 2002: 18). Ba mhinic go dtéadh sé i muinín an ghrinn fiú agus é ag trácht ar ábhar a ghoill air, fearacht an mheatha a bhí ag teacht ar an seansaol as ar fáisceadh é féin.  Thuig sé go maith go raibh an saol ag athrú ar cosa in airde mar bhí muirín air féin agus ar a bhean chéile, Bríd Ní Chéide, as Cnoc Aduaidh, agus níorbh ionann an caitheamh aimsire ar chuir siadsan spéis ann agus na cleasa a bhíodh aigesean leis na laethanta a ghiorrú agus é ina stócach.  Ní spárálann sé na mná agus é ag cáineadh an fonn bóithreoireachta a bhíonn orthu agus iad ‘craiceáilte ag imeacht i gcarranna ag rambleáil ar fud na tíre’ (2. 12).  Is cás leis an seanfhear bocht, atá fágtha ag baile ina chadhan aonair, agus maíonn gurbh fhearr dó ‘go básta i bhfarraige nó seachtain ag tarraingt céachta/Ná a bheith ceangailte le babóigín is gan inti ach harem scarem’ (2: 48-49).   Is ag caitheamh i ndiaidh an tseansaoil agus an chultúir a bhí sé, ar ndóigh, ach gur chuir sé craiceann an ghrinn ar na híomhánna a chuir sé inár láthair de na mná ag cur smideadh orthu féin agus iad á ngléasadh féin do ‘chéilí Chotter’, nó ‘An Poitín Stil’ mar is fearr aithne anois air.    Spreag an t-athrú saoil é le dul i mbun pinn agus léirigh sé go raibh cumas na sciolladóireachta ann fiú agus gan aon mhailís lena chuid cainte.   

Is le linn do bheirt den bhaile a bheith abhus ar chuairt oíche a cumadh ‘Amhrán an Bhacstaí’.  Labhraíodh ar bhacstaí agus ní dhearnadh ach canna pónairí a oscailt, a fholmhú agus a ghlanadh sular rollaíodh amach é.  Cuireadh poill ann le tairní agus cuireadh i bhfostú de chlár é.  Tugadh isteach na fataí, níodh, scríobadh agus fáisceadh iad agus rinneadh bacstaí, agus sular fhág na comharsana an teach an oíche sin bhí an t-amhrán cumtha aigesean.   Aontaíonn sé seo leis an gcumas a shamhlaítear leis an bhfile pobail a bhí in ann píosa a cheapadh as a sheasamh.  Tá áibhéil i gceist san amhrán seo, ar ndóigh, mar a fheictear go soiléir sa véarsa seo:

Bhí dream ag ullmhú adhmaid ann, agus á ghearradh amach ina phíosa

Bhí Máirtín Bán is an steamdrill ann, ag tolladh tin is á chriathrú

Bhí seaimpíní agus banners ann ina lashings ina dtimpeall

Ach a bhfuil de mhargarine i nGaillimh nach mbealódh a raibh scríobtha. (2. 5-8)

 

Bhain sé gaisneas as an áibhéil chéanna san amhrán Béarla, ‘Martin’s Old Rock’, a chum sé faoi bhráca a thóg sé ag Aill Mhártain ionas go mbeadh foscadh aige agus é i mbun oibre ar an bportach.  Ba mhinic a bhain sé suas le dhá scór leoraí móna, agus ó tharla go raibh an t-aicearra trasna an tsléibhe chuig an bportach breis agus míle siúil óna theach cónaithe, nó beagnach ceithre mhíle bóthair, b’iontach an difríocht a rinne dídean agus deis suite agus scíthe dó féin, dá mhuintir agus dá chomharsana a bhíodh ag saothrú obair an phortaigh bliain i ndiaidh bliana.  Bhí an tráthúlacht a fágadh aige le hoidhreacht i dteannta bua na scéalaíochta go smior ann,  agus d’fhuascail an greann ón anó agus ón anachain a bhain le baint, le scaradh, le gróigeadh agus le hath-ghróigeadh na móna é, mar a fheictear sa véarsa seo:

It’s reported by travellers that are coming along

That in the whole British Islands they can’t come across

A hotel or mansion, a pub or a bar

Compared to our favourite near Martin’s Old Rock. (14. 25-28)

Feictear an chruthaitheacht a bhain lena cheird sa gcor a chuirtear san eachtra a raibh bunús fírinneach léi san amhrán ‘Martin’s Old Rock’.  Tagraíonn Denvir don chruthaitheacht mhór a bhaineann le déanamh agus le gabháil amhrán, agus é ag cur síos ar Choilm de Bhailís (1996: 37), agus go deimhin tá cosúlachtaí móra idir ‘Cúirt an tSrutháin Bhuí’ de Bhailís, agus ‘Martin’s Old Rock’ an Bhreathnaigh, ó thaobh na háibhéile  agus an ghrinn de. 

Conclúid

Is cinnte go dtugann na hamhráin Ghaeilge léargas dúinn ar chultúr, ar thraidisiún, ar stair agus ar ghinealach na ndaoine a tháinig romhainn.  Is scáthán iad ar oidhreacht ár muintire agus tá tuiscint againn ar shaol ár sinsir agus ar an traidisiún béil, a mhair ó ghlúin go glúin, dá mbarr.  San alt seo rinneadh iarracht a chruthú gur scáthán dílis é stór amhrán Mhichíl Bhreathnaigh ar shaol comhaimseartha a linne.  Cuimsíonn an stór amhrán réimse leathan ábhar a nochtann ní hamháin a dhearcadh féin ar an saol, ach dearcadh an phobail as ar shíolraigh sé.  Faightear spléachadh ar chlaonta polaitiúla, ar chaitheamh aimsire, ar dhearcadh saoil i leith an chreidimh agus ar dhílseacht agus ar dhúchas an chomhthionóil fuinniúil fuinte as ar fáisceadh é.  

Tá muid go mór faoi chomaoin aige as a leithéid de bhailiúchán a fhágáil mar oidhreacht againn agus is mór an faillí go bhféadfadh gur ligeadh a oiread eile sa chré leis.  Is fíor do Denvir, go n-imíonn an focal béil le gaoth ach go maireann an focal scríofa go buan ar phár (1999: 193).  Ba mhór an mhaise saothar iomlán an Bhreathnaigh a chur ar phár agus deis a thabhairt don lucht léinn staidéar agus léirmheas cuimsitheach a dhéanamh air, mar atá déanta i gcás a chomhfhilí pobail a threabh iomaire na filíochta. 

Lean seisean na coinbhinsiúin chéanna, agus chloígh sé leis na téamaí agus leis na modhanna reacaireachta céanna agus a chloígh filí pobail eile an cheantair agus dar liom go bhfuil an meas agus an urraim céanna tuillte aigesean agus a bronnadh orthusan dá réir.

 

Aguisín

1.Amhrán Fada Ghleann Mhac Muirinn

Chomh fada ‘gus is léir dom, ó tháinig mé in éifeacht

Shiúil mise sléibhte, ‘gus mórchuid den tír

Ó d’fhág mé Gaillimh, go barr Sheanadh Phéistín

‘S ó bharr Chnoic na Léime go Béal an Átha Buí.                                                                            4

 

An Clochán, An Caiseal, Leic Aimhréidh is dá réir sin

Na tailte breá réidh atá i gContae na Mí

Ach ‘sé Gleann Mhac Muirinn an baile, a dtabharfainn-se an chraobh dhó

Lena áilleacht is aghaidh gréine, gach am tríd an mbliain.                                                            8

 

Nuair a thiocfaidh an samhraidh agus thosóidh an séasúr

Tá ceol binn na n-éan ann, a thógfadh do chroí

An chrotach, an smólach, an lon dubh is an chéirseach

‘S tá ard rí na n-éan ann, ina chónaí san oíche.                                                                              12

 

Tá cruithneacht is coirce ann, chomh fairsing le sprémhóin

Tá plúr ina chéadta ann, le fuint ag gach mnaoi

Tá fíoruisce fairsing ann chomh maith is atá istigh in Éirinn

Mar níor féadadh é a shéanadh, in Ard Bhaile Átha Cliath.                                                          16

 

Tá sin is togha talamh ann, ina bhfásann gach aon ní

Bhfuil mangles is suedes ann, is togha tornapaí

Mar tá an leasú go fairsing le gearradh sna sléibhte

Agus togha na tuí léana, le clúdach na dtithe.                                                                                20

 

Tá chuile short ní ann, ina gcuirfeadh fear spéis ann

Tá an fiach ins na sléibhte ann, is an t-iasc ar an toinn

Tá an bradán is an breac geal, ag poincean is ag léimneach

Dhá marú ina gcéadta, is dhá roinnt ar an tír.                                                                                 24

 

Tá íseal is uasal as gach aon cheard in Éirinn

Ag tógáil deá-aer ann, ó mhaidin go dubhoíche

Mar tá gaoithe bhreá ghlan ann, isteach ó na sléibhte

‘gus an ghrian mar an gcéanna, ag scalladh ar a thaobh.                                                              28

 

Tá foghlaeireacht is iascach le fáil ag gach aon fhear

Mar is iontach an game í sa gceard seo den tír

Tá neart uisce beatha le n-ól ag na céadta

‘S más féidir mé a bhréagnú is gearr é mo shaol.                                                                           32

 

Níl mórán á dteastaíonn nach bhfuil ann de dalladh

Tá ábhar an jam ann ar bharra na gcraobh

Tá úllaí breátha blasta ann, tá sméara dubha daite ann

Tá mairteoil is feoil chearc ann go fairsing dá réir.                                                                        36

 

Tá sin is togha bainne ann, líonta ina channaí

Tá gabháil de bharr leana ann agus scataí gan bhréag

‘S á gcuirtí sa talamh í is í a chlúdach le coincréit

Go dtógfadh sí an caipín seacht slata san aer.                                                                                40

 

Bíonn sin ann go fairsing pórtar á tapáil

Tá sú na mil bheacha ann chomh fairsing le féar

Tá fuisce ‘gus branda ann, tá rum is Old Scotch ann

Is go gcoiscfí do thart ann sa ló ‘gus san oíche.                                                                              44

 

Níl trioblóid, níl anró, níl anó ón saol ann

Tá chuile short ní ann ag teacht mar is cóir

Tá an chairt is an capall ag obair gan scíth ann

Níl iompar cliabh aoiligh ann chúns mhairfidh siad beo.                                                               48

 

An té a ghabhfadh sa seanchas is deacair cur síos air

Is maith an áit saothrú é ag sean agus óg

Ó thiocfaidh an samhradh go gcaitear Lá ‘l Michíl

Tá uaisle na tíre ann ag imirt is ag ól.                                                                                               52

 

Tá sin ann le gearradh gach adhmad dá dhaoire

Seiceamar, caorthann, cabhail giúsach is fuinseog

Agus cranna breá daraigh atá ag fás le seacht sinsear

‘S nach bhfeicfeadh fear snoite iad an fhad ‘s a mhairfeadh sé beo.                                          56

 

Tá ábhar an bháid ann seas, post agus cíle

Tá ladhrach ina chrainnte ann nár gearradh riamh fós

Tá na scoilb á nglanadh ann faoi chóir na droch-oíche

‘S tá an tslat ann a dhéanfadh cis, cléibh agus lóib.                                                                       60

 

Ón gClochán go Gaillimh is thar timpeall na tíre

Tá carranna mílte ann san oíche ‘s sa ló

Ag tarraingt an adhmaid le haghaidh úsáid na tíre

‘S á ghearradh ina phíosaí in yard Mháirtín Mhóir.                                                                        64

 

Ní dheachaigh sin thart ann sa ló ná san oíche

Duine uasal ná íseal, fear bealaigh ná bóthair

Nach bhfaigheadh lóistín go maidin agus a dhóthain le n-ithe

‘S ní ghlacfaí sin pingin uaidh ná tada dhá short.                                                                           68

 

Tá daoine breátha deasa ann, cneasta dea-chroíúil

Nach bhfuil tada ar a n-intinn ach siamsa ‘gus spóirt

‘S nach bhfuil seanfhear ná seanbhean ann, malrach ná naíonán

Nach bhfuil chaon seachtú hoíche ann ag damhsa is ag ceol.                                                      72

 

An té a d’éireodh ar maidin agus a bhreathnódh ina thimpeall

Tá an radharc ann is aoibhne dhá bhfaca aon fhear beo

Tá na báid ag cur líonta, na seolta ar na crainnte

‘Gus na soithigh ag teacht timpeall ar Chuan an Fhir Mhóir.                                                       76

 

Tá sin is na Breathnaigh, is na Beanna lena dtaobh sin

Na coillte breá aoibhinn ina bhfásann gach sort

A bhfuil cnónna agus airní ann, sú craobh is fraochóg

Go gcruinní na mílte ann á mbaint ins an bhfómhar.                                                                    80

 

Níl tinneas, níl galar ann, níl sioc ann, níl sneachta ann

Níl aon sort míshláinte ann dár chuala tú fós

‘S nach bhfuil dochtúir ná sagart nár chaith ann ach seachtain

Nach dtug as dea-shláinte má theastaigh sí uathu.                                                                        84

 

Nuair a bhíonn sé ina chalm ‘s gan smeámh as an aer ann

Tá an chuach ar na géaga ann ag seinm cuckoo

‘S gur geall le ceol band an macalla ins na sléibhte

Nuair a bhuailtear bell séipéil thar timpeall an chuain.                                                                 88

 

Á bhfágtá-sa an baile ‘gus téirigh go hEgypt

Amach go New Zealand nó trasna go dtí an Róimh

Go gcasfaí ort céad fear a d’fhéadfadh scéal a inseacht

Nó a scríobhfadh duit líne ar Ghleann na Muir Mhór.                                                                   92

 

Tá cáil mhór ar Bhoston, ar Pháras na Fraince

Ar Norway, ar Holland ‘gus ar chathair na Róimh

Ach nach bhfuil sé ar an talamh seo townland ná baile

Chomh sábháilte ar chatha le Gleann na Muir Mhór.                                                                   96

 

Tá aerphoscaí maithe ann atá déanta sa seansaol

Gan suimint, gan coincréit, ná tada dhá short

‘S á mbeadh an Ghearmáin is an Francach ag pléascadh air go maidin

Nach mbainfeadh as splanter ná spalladh a bheadh mór.                                                            100

 

Níl trioblóid ná faitíos ar fhear ná ar bhean ann

Tá foscadh chomh fairsing ‘s atá uisce le n-ól

Má leanann den achrann seo suas go deireadh Earraigh

Beidh an Rí ag iarraidh foscadh ann ‘gus an bhanríon ar ndóigh.                                                104        

 

Tá a chlú ‘gus a cháilíocht i leabhar is i bpáipéar

Amach faoi na Státaí ‘gus i bpláinéid Mhaigh Eo

‘S an té a chaithfeadh ann ráithe, is nach n-iarrfadh sé é a fhágáil

Gur ann a bheadh a áras, an fhad is a mhairfeadh sé beo.                                                           108

 

An té a cheapfadh gur magadh é, níl ann ach an fhírinne,

full guarantee leis i bpáipéar is i gcomhad

Is má tá tada mícheart ann má fhaighim notice míosa

Beidh leabhar fada scríofa air nuair a bheas mise faoin bhfód.                                                   112

 

2.Amhrán an Bhacstaí

Tráthnóinín Dé Máirt seo caite, ‘gus é ag crónachan na hoíche

Casadh isteach i dteach don bhaile mé, ‘gus bhí bacstaí ann á scríobadh.

Bhí mná cnaptha go dtína n-ascaillí, ‘gus ní maith liom bréag a dhéanamh

Nach raibh bacstaí ar fud na ngarrantaí, ‘gus greamaithe do na taobháin.                               4

 

Bhí dream ag ullmhú adhmaid ann, ‘gus á ghearradh amach ina phíosaí

Bhí Máirtín Bán ‘s an steamdrill ann ag tolladh tin’s á chriathrú

Bhí seaimpíní ‘gus banners ann ina lashings ina dtimpeall

Ach a bhfuil de mhargarine i nGaillimh nach mbealódh a raibh scríobtha.                               8

 

Nach maith an scéal do sheanfhir é gur thosaigh an scheme sa tír seo

Mar fanann na mná sa mbaile acu ag glanadh fataí ‘gus á scríobadh

Ós é nádúr mná a bheith beadaí b’fhéidir go n-athródh sé a n-intinn

Seachas a bheith craiceáilte ag imeacht i gcarrannaí ag rambláil ar fud na tíre.                      12

 

Dhá dtiocfá isteach i dteach den bhaile seo ó thiocfadh tús na hoíche

Ní raibh de chomhluadar le fáil agat ann ach an seanfhear is a phíopa

Dhá gcuirteá ceist nó caidéis air muise cá bhfuil bean an tí seo?

D’fhreagródh sé go gasta thú, a stór ná fiafraigh díomsa,

mar ní fios cén pub ó Ghaillimh é go mbuailfidh tú ceann scríbe.                                               15

 

Nár bhocht an saol ag seanfhir é oícheanta fada i ráithe an gheimhridh

Ní raibh fiú ‘s an cáca bacstaí ann ná greim ag dul i bpíosa

Ní raibh braon ola ins an lampa acu ná aithinne sa ngríosach

Ach rite isteach i gcarrannaí is iad gléasta amach le síodaí.                                                         19

 

Nach bhfuil a fhios ag chuile amadán a mbeadh meabhair ar bith ina intinn

Go mba mná a bhí cineál seafóideach nó mná ar bheagán tíobhais

Nach raibh tada ag cur isteach orthu ach powder agus péinteáil

‘S go mba gearr le fataí carrach iad nó cam a bheifeá a ghréiseáil.                                             23

 

Bhí sé ráite ag na seandaoine, ‘gus ba deacair iad a bhréagnú

Go mbeadh an saol seo ag imeacht ar rothaí ‘gus cá bhfuil an fear atá in ann é a shéanadh

Ach mura n-athraí scéim an bhacstaí iad ‘gus go gcaillfidh siad a dtréada

Ní bheidh áit sna hadmission blocks ag mná craiceáilte na hÉireann.                                         27

 

Os ag caint ar scéim an bhacstaí é ba sean-nós é bhí in Éirinn

Bhí neart de shean-im baile acu ‘gus fataí mar an gcéanna

Ach tá bealadh anois an-chostasach ‘gus ní bheadh ann ach imagination

Mar ba daor an phlaic le cangailt é ‘gus gan agat ach an déirce.                                                 31

 

Ní leanfaidh ró-fhada ag seanchas, ach tógaigí uaimse an méid seo

Gur fhága Dev drochbhail orthu nuair a thug sé dole go hÉirinn

Mar á siúltá Conamara anois ní bhfaighfeá bean as céad ann

A d’fhuafadh píosa ar do chuid balcaisí ná cnaipe a chur sa léine.                                              35

 

A Chríost nach mór an t-athrú é is gan ann ach seafóid is dícéille

Níl caint ar aon phioc maitheasa ann ach éirí ins na spéartha

Tá a gcuid béil is a gcuid máillí daite acu is ingní a gcuid méara

Ach gur fear é a mbeadh pus dearg air a bhainfeadh aon phóg béil díobh.                              39

 

Nach brocach tútach scannalach an phast-time í ar aon chaoi

Ós iondúil gur peaca marfach é más fíor don rud a léigh muid

Ach más olc nó maith a thaitneoidh sé le haon bhean óg in Éirinn

Ní bheadh mórán spéise sa mbacstaí agam a leagfaidís a méar air.                                           43

 

Sé an tarraingt síoraí bheith ag dul go Gaillimh anois, ag an bhfear é a bheadh ag tóraíocht céile

Óir más fada gearr a rachaidh sé níl aige ach an scéal céanna

B’fhearr dhó go básta i bhfarraige nó seachtain ag tarraingt chéachta

Ná a bheith ceangailte le babóigín is gan inti ach harem scarem.                                               47

 

Dhá ngeallfadh Dia aon mhuirín dhó ba fear é a bheadh á chéasadh

Bheadh bleán na bó sa ngarraí air is ag iarraidh a bheith dhá bhréagadh

Bheadh ocras agus anó air is cérbh ionadh dhó a bheith spréachta

Is an bhabóigín ag céilí Chotter, is á tabhairt timpeall ins na spéartha.                                      51

 

 

3.Amhrán an Chogaidh

Nach fada caint is trácht ar Shir Hitléir is a dhream

Ar an gcreach is ar an gcrá atá sé a dhéanamh

Ach is gearr go dtaga an lá go n-ísleoidh sé a cheann

Is nach dtógfaidh sé go deo na díle é.                                                                                              4

 

Nach crua is nach bocht an cás a bheas le fuascailt aige ar ball

Agus nach deacair dósan aithrí a dhéanamh

Mar sé ó bun is barr leis an domhan a chur á chrá

‘Gus níl maithiúnas le fáil gan é a shaothrú.                                                                                    8

 

Ní seachtain ná trí lá a bhí sé ag réiteach roimh an am

Ná ag cuimhniú ar an gcreach a bhí le déanamh

Ach seacht mbliana roimh an am leis an domhan a chur ar lár

Agus é féin a bheith ina cheann ar na tíortha.                                                                                12

 

Nach mairg a bhíonn teann agus nach mbreathnaíonn roimhe in am

‘Gus a liachtaí oíche is lá a bheas muid sínte

Buailfear é ar ball ‘gus ní éireoidh leis go brách

Ní bheidh triúr sa nGearmáin lena chuimhne.                                                                                16

 

Ní magadh é ná bréag nach raibh Hitléir an-tréan

‘Gus an slad agus an sléacht a bhí sé a dhéanamh

Den talamh is as an aer, faoin bhfarraige is á réir

Is na báid á gcur ó chéile ina bpíosaí.                                                                                               20

 

Bhí dódh ‘gus bruith ‘gus bádh á dhéanamh ins gach cearr

Ní raibh foscadh ar bith le fáil acu ná dídean

Tá na céadta fir is mná is iad ag caointeachán go hard

‘Gus iad ag imeacht lá ar bharr na taoille.                                                                                        24

 

Bhí Sasana an-réidh nó go bhfuair sí féin faoi réir

Mar ní chinnfeadh an ball séire ar a críonnacht

Tá Meiriceá an-tréan is í ina seasamh lena taobh

Le arm is báid aeir ina mílte.                                                                                                               28

 

An té a mhairfeas ann ar ball feicfidh siad an lá

Go mbeidh só acu le fáil agus suaimhneas

Beidh brat Mheiriceá go hard ‘gus ní stróicfear í go brách

Is beidh ceart is cóir le fáil ag gach Críostaí.                                                                                    32

 

Beidh bealach long is bád trasna tríd an snámh

Go Sasana, go dtí an Spáinn agus New Zealand

Beidh gual ag teacht anall agus é gan leathphingin cáin

Is tobac ag fear le fáil gona phíopa.                                                                                                  36

 

Nach crua is nach bocht an scéal a bheas ag an domhan uilig le léamh

Go mbeidh an Ghearmáin faoi léan go cinnte

Is go mbraithfear Hitléir i measc a mhuintir féin

Mar Iúdás, an t-aon mhac naofa.                                                                                                      40

 

4.Amhrán Gearr Ghleann Mhac Muirinn

Tá clú agus cáil an bhaile seo i bhfad agus i ngearr

Le deiseacht ó le maiseacht le súgradh ‘gus le greann

Níl cúlchaint ná drochtheanga ann, cúis scannail ná scéal cám

Is nach bhfuil bocht ná nocht a chasfas ann a imeoidh as faoi chál.                                           4

 

An té is faide a shiúil, níor leag sé súil is níor casadh air aon áit

Ná ar aon dream is múinte is geanúla ná atá ar an mbaile seo faoi láthair

Tá na céadta ag triail is ag tarraingt ann san oíche agus gach lá

Is gurb é carachtar fear is bean acu nach bhfaca siad a bharr.                                                    8

 

Á gcasfaí thart sa samhraidh ann tú nó amach faoi Oíche Fhéile Sin Seáin

Níl sólás croí ná ceol breá binn ná aoibhneas nach bhfuil ann

Tá ceol na mbeach i measc na sceach, na héanlaithe ar bharr na gcrann

An gealbhan buí, an coileach fraoigh, an chearc agus a hál.                                                        12

 

Níor chualathas fós ag sean ná óg go bhfuil a mháistir in aon áit

Mar tá cruthú leabhar sa bpáipéar leis le léamh ag fear a fáil

Tá an iascaireacht is tá an fhoghlaeireacht ag íseal is ag ard

Is an té a bhfuil galar ná míshláinte air tá leigheas acu le fáil.                                                      16

 

An té a leanfadh ceart an seanchas tá pointí i bhfad níos fearr

Ní bheidh aon easpa tine orthu más fuar nó fliuch an lá

Tá adhmad gan aon chuntas ann, gan deireadh tús gan ceann

Sin agus togha na cloch mhóna, ina cruacha ar na cnocáin.                                                        20

 

Níl mórán páirt de Shasana, den Fhrainc ná den Spáinn

 I gcuid de na hIndiacha ná Státaí Mheiriceá

A bhfuil iascaire ná foghlaera, fear siamsa ná fear greann,

A chaith tamall ar an mbaile seo nár mhaith leis tarraingt ann.                                                  24

 

Nach clú den cheann thiar d’Éirinn baile sléibhe mar an Gleann

Le siamsa spóirt is pléisiúr is dea-bhéasa dá bhfuil ann

Tá an fhilíocht is tá an scéalaíocht, is dea-thréithe ag fir is mná

Is á gcaiteá-sa seacht séasúr ann nach gcomhairfeá dhó naoi lá.                                                28

 

Giorróidh mise feasta é mar níl agamsa mórán ama

Tá an lá ag éirí fada ‘gus an oíche ag éirí gearr

Is é a chríochnú ‘gus a dheireadh díobh a thús agus a cheann

Nach bhfuil sé sna chúig Chúige an té a thabharfadh as an barr.                                                32

 

5.The Lovely Green Valleys around Fermoyle

Dear friends and old neighbours I’d like to remind you,

That as a real sportsman I most spent my life

But of all places I travelled the most place I fancied

 was the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                             4

 

From all parts of the world the birds are all singing,

The hawk and the pheasant are high in the sky

The lark and the thrush and the blackbirds are plenty,

To be found in the valleys around Fermoyle.                                                                                  8

 

As for budgies and pigeons and birds I can’t mention,

You can hardly repicture all those in your life

For they’re there like the midgets in cages and benches

In the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                                  12

 

From the lakes and the mountains the rivers are flowing,

The sea trout and salmon are jumping up high

The sound of the shotgun and the fishing reels going

Can be heard in the valleys around Fermoyle.                                                                                16

 

The hare and the rabbit they live there in batches,

Grouse laying and hatching during all the springtime

As for foxes and badgers they’re always there rambling

In the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                                  20

 

It’s strictly preserved by headkeepers and bailiffs,

And thousands of labourers are all occupied

As for trees they are planted, and rocks are all blasted

In the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                                  24

 

It’s high story buildings that’s well regulated

With all accommodation that can be surely supplied

As for power stations, electric lights, water pipes flowing,

It’s nothing but glory around Fermoyle.                                                                                           28

 

From England and Scotland and Europe all over,

They’re crossing the ocean to enjoy their spare time

For there’s welcome and friendship for bigshots and locals,

By servants and chauffeurs around Fermoyle.                                                                                32

 

It’s surrounded by mountains and green woods all over,

Where all things are growing that’s good for mankind

As for fruit on the branches can always be handled

In the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                                  36

 

I’m sorry to tell you my good days are over,

Though in my youthful motion I can’t realise.

A place more I’d rather to ramble or wander

Than the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                            40

 

It’s a credit to Connaught and to its goodhearted owner,

That’s very well-known through the whole British Isles

As a rich man, a good man, for the public all over,

May God spare and restore him for the rest of his life.                                                                44

 

I can’t continue much longer the cocks are all crowing,

The white heather growing and flowers blooming high,

As for woodbines and lilies, primroses and dandrums,                                                                

Grow lovely and handsome around Fermoyle.                                                                               48

 

I might as well finish for I’ll shortly be going,

I have travelled all over through Erin’s green isle,

But of all birds and pheasants it was cheerful and pleasant,

In the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                                  52                                                          

 

It was wealthy and healthy with fresh air all over,

As for bedding and clothing are all in full style,

All needed or wanted there is nothing like shortage,

In the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                                  56

 

The pears and the apples, the grapes and bananas,

Spuds, turnips and cabbage grow all in that soil,

As for plenty grand honey can be got without money

In the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                                 60

 

Goodbye to the mountains and long rivers flowing,

To all friends I had known and am leaving behind,

As we will hardly again wander in a place far more grander,

Than the lovely green valleys around Fermoyle.                                                                            64

 

Goodbye to the Twelve Pins and high Beanna Beola

To the sheep and the goats, and their sloping green soil

In a far foreign land and I stretched on my sofa

I think I see them all over around Fermoyle.                                                                                   68

 

6.Amhrán Thomáis Mhaidhc Bhill

All ye friends and neighbours, be seated if you may,

Listen to those few sad lines, I won’t you long delay

It’s of a handsome young handyman, a sad and sorrowful tale

That was burned in a fish factory on the banks of Casla Bay.                                                       4

 

What a terrible shock his parents got when this horrible news reached home

That he was sent to Galway hospital and burnt to the bone

You can’t relate or even translate their misery and woe

For they were not inclined to see their friend alive forever more.                                             8

 

What an awful mistake that they didn’t take care

Or look after this dangerous plot

When the accident came they were late for the game

Which was sure to be a treacherous loss.                                                                                       12

 

This uncovered tank was a disastrous trap

That can destroy human beings and rats

But it’s easily seen they were a careless old team

Or a neglecting bad managing staff.                                                                                                 16

 

No man can express only Jesus himself

All the suffering that young man went through

But if there’s land overhead, he had it surely deserved

And joy in his soul will aloom.                                                                                                            20

 

To ease his all suffering they surely defied

And done all in their power to spare his young life

But in spite of all treatment or medical care

Like the leaves on the trees he had faded away.                                                                            24

 

On the day of his funeral there was a wonderful crowd

The largest ever to be seen that had marched through the town

They marched to his grave and lay him down to rest

Then from eyes tears were falling and prayers they were said                                                  

But if it’s true what we learned there’s no reason to dread.                                                       29

 

To shorten those verses although they are sad

As for weeping or mourning it’s only a cod

Even God gave him mercy, it’s no wonder at all

For our Lord hardly suffered much more for us all.                                                                       33

 

From the days of our childhood, though we imagine it long

We hardly ever remember or pass no remark

Our life is just passing like waters do flow

When from death comes the warning, then off we will go.                                                         37

 

This young man was loved by his neighbours around

As for work or hard labour he can true stand his ground

But when this accident happened it was dreadful and sad

When his body was burned in an old boiling tank.                                                                         41

 

In inventing this factory was only a cod

For all they are producing can make no advance

All those they invented in the times that have passed

In west Connemara are all gone to the dogs.                                                                                  45

                               

 

7.Amhrán an Mhajor

Tráthnóinín Dé Sathairn is é ag ceobhránach báistí

‘Gus muide go sásta ag balla an tí nua

Ag ól leathphionta is cnaigín, bhí buidéal is cárta ann

Bhí airgead bán ann is pingineachaí rua.                                                                                         4

 

Bhí muintir na mbailte ann thar timpeall na háite

Tír an Fhia ‘s an Máimín, ‘s an Cladach ó dheas

Bhí Doirne Né Casla ann, an Tuairín ‘s Doirefhearta

Bhí muintir an tSrutháin ann, captain na leaids.                                                                             8

 

Ach nuair a chruinnigh na hasail, agus bhíodar ag grágaíl

Go mba ghearr leis an ‘Town Hall’ é, atá ar shidewalk New York

Bhí fuisce go fairsing ann, fíon, brandaí is pórtar

Cider á dhoirteadh ann is neart lemon squash.                                                                              12

 

Bhí Kate ina léine ann, is Pat as a chéile ann  

Ag cur rashers ag pléascadh is ag hoppáil den phan.                                                                    14

 

Bhí cácaí wholemeal ann, bhí peeláil á réir ann

Bhí an ciotal is an teapot líonta go barr

Bhí mil na mbeach fairsing ann, jam sméara is sú craobh ann

Is an marmalade réitithe le cur ar an arán.                                                                                     18

 

As sin go ceann tamaill bhí an Major go sásta

Le chuile phléaráca dhá raibh ag dul thart

Nuair a d’airigh sé O’Connor ag teacht ar a shála

Bhí an rifle i lámh leis is an bailiff ar top.                                                                                          22

 

Fuair an Major an fheadóg agus thosaigh sé ag séideadh

Is ní i bhfad go raibh na céadta fear cruinnithe ar an sráid

Ach Arm Khing Edward agus an Free State in éineacht

Nach scaipeadh sé an méid sin go raibh sé ina lá.                                                                          26

                               

 

8.Amhrán Molta an Óstóra

(…)

Níl sí stuacach gruamach feargach mar a bhíonn go leor atá ag díol dí

Ach nach raibh tinneas ná míshláinte uirthi, más fada gearr a mhairfidh sí,

Is iomaí fear a déarfaidh paidir di an lá a rachaidh sí sa chré.                                                      4

 

Is clú do Chonamara í, ‘gus is fada é sin ag teastáil uaidh

Tá sé tugtha síos ag strainséirí atá ag taisteal thart sa tslí

I Sasana ná in Albain ná in áit ar bith dhá ndeachadar

Nach bhfuil máistir Theach Uí Fhlaithearta in aon chearn de na seacht ríocht.                       8

 

Tá sin go de shliocht ‘gus smais orthu, is a bhfuil thar timpeall thart uirthi

Níor chuir sé cois thar farraige an té a chaith seachtain ann nó mí

Nach raibh buaireamh air ag scaradh leis, níorbh ionadh mór ar bhealach é

Mura mbeadh déidín tite ceart aige chuirfeadh sé fad mór ar a shaol.                                      12

 

Á gcasfá thart sa samhradh ann bheadh ionadh shúl cheart agat ann

Chomh fada is a ligfeadh d’amharc tú, na línte ar gach taobh

Le busanna, le veaineanna, le leoraithe is le carrannaí

Ach chomh fada gus tá amhras agam ní imeoidh fear gan braon.                                              16

 

Mar tá sin is togha lucht freastail ann nach bhfuil ag blatheráil ná ag chattáil ann

Ach ag líonadh piontaí is leathghallúin is ag cur maoil orthu faoi chúr

Ach leis an scéal a dhéanamh gairid daoibh is gearrfaidh mise an aicearra

Dá mba pórtar í Abhainn Chasla ‘gus go dtriomóidís a tóin.                                                         20

 

An dream is tábhachtaí ar fad acu ó d’éirigh liom i ndearmad

Tá na céadta fear ag tarraingt ann ó thús Earraigh go Féile Michíl,

Dream portaigh móna is feamainne…                                                                                               23

                                               

 

9.An Ógbhean Álainn a bhí i gCnoic Mhám Aodha

Tráthnóinín sa samhradh is mé ag siúl na ngleannta

Bhí an ghrian go hard ag teannadh síos

Bhí na héanlaithe ag sionnúint agus ag ceol in ard réim

‘Gus an chuach go hálainn ar bharr gach craobh.                                                                          4

 

Ar chasadh abhaile dhom, trom tuirseach tarraingthe

Rinne mé stánadh agus shuigh mé síos

Nuair a dhearc mé chugam í an ógbhean álainn

Agus a cúilín fáinneach thar a básta síos.                                                                                         8

 

Bhain sí geit asam agus ní gan ábhar

Mar go mba aisteach an áit é ag bean mar í

Ach ar bhreathnú tharam dhom le hiontú láimhe

Bhí an ógbhean álainn le m’ais ina suí.                                                                                             12

 

Bhí dhá shúil ghlasa inti chomh cruinn le hairne

Agus na deora cráite uathu síos

Is a grua ba deirge í ná an rós sa ngairdín

Ach an té a mbeadh sí i ngrá leis go mb’fhada a shaol.                                                                 16

 

Ní bheadh pian ná tinneas air, briseadh ailt ná bearna

Fiabhras cnámha ná tinneas cinn

Go mb’olc í a shláinte nó b’fhada an bás uaidh

Ach é a bheith páirteach leis an gcailín fian.                                                                                   20

 

Dá mba mhó do pheacaí ná leath Chruach Phádraig

Go mba mheasa an cás é ná an té a bhraith Críost

Bheifeá ag súil le maithiúnas agus seal i bparthas

Ach an ógbhean álainn a bheith romhat sa tslí.                                                                              24

Shiúil mise Sasana agus páirt den Státa

An Fhrainc is Páras agus ar m’ais arís

Ach níor casadh cailín liom ba mhúinte mánla

Ná an ógbhean álainn a bhí i gCnoic Mhám Aodha.                                                                       28

 

Leis sin go mairfidh mé ‘gus níor ligeas ar cairde é

Is d’iarras láimhín ar an gcailín fian

Is é an chaint a chaith sí liom, ‘Tá romhat céad fáilte

Ach más tú atá i ndán dom is mór do shlí’                                                                                       32

 

Anois ná raibh m’aiféala a chúilín fáinneach

Murar tú atá i ndán dom is gearr mo shaol

Is mura dtaga tú abhaile liom roimh an am seo amárach

‘Sí mo leaba an bhraillín go domhain sa gcré.                                                                                 36

 

Dá mbeadh fios na faile agat níor mhaith leat trácht air

Níor mhó Cruach Phádraig ná mo bhriseadh croí

Ach gurb é mo gheallúint duit nach baol aon bhás duit

Má thógann tú lámh liom i gCnoic Mhám Aodha.                                                                          40

 

Iníon banríon mé as Oileán Bhál Bé

Bhí mo thriall thar sáile agus d’ardaigh gaoth

Buaileadh chun cladaigh mé gus briseadh an báidín

‘Sé d’fhág an fán orm agus a bhris mo chroí.                                                                                  44

 

Bhuail ceo ‘gus mearbhall mé agus aistíl ghránna

I measc cnoic is gleannta faoi chóir na hoíche

Gan fear a bhainfeadh liom a thógfadh lámh liom

Ach a mhic na páirte is tú fuil mo chroí.                                                                                          48

 

Sé an rud is measa orm a chúilín fáinneach

Nach bhfuil ar m’fháltas aon chuid ná maoin

Nach bhfuil mo dhiaidh ag baile ach an tseanbhean smáilín

Atá le ráithe ar an leaba tinn.                                                                                                            52

 

Beidh ór is airgead agus maoin le fáil agat

Is ní bheidh ort lá ganntanas go dté tú i gcré

Is ní bheidh lá anró ort go lá na braillín

Dá mbeifeá i mBál Bé, le m’ais i do shuí.                                                                                          56

 

Sí an tír is deise í dá bhfuil faoin bpláinéad

Le clú agus cáilíocht ar óg is ar aois

Is á gcaithfeá tamall ann ní iarrfá é a fhágáil

Go mba mhór é d’áthas nó ba dubh do chroí.                                                                60

 

Níl ceo dá dteastóidh uait nach mbeidh le fáil ann

Le bia agus anlann agus ór an tsaoil

Is go bhfuil mil na ndilliúr ann le n-ól ina cása

‘Gus ceol na cláirsí de ló is d’oíche.                                                                                                   64

 

Tá leigheas gach tinneas ann dá bhféadfá trácht air

Le sú gach gráinne dá dtéann i gcré

Tá fás eorna is cruithneacht ann is coirce gallda

Cá bhfaighfeá máistir, ó togha an phoitín.                                                                                      68

 

Is maith do gheallúint dhom a chúilín fáinneach

Ach a Rí na nGrásta nach bocht an ní

Nach bhfuil ionam ach sclábhaí bocht atá i ngreim sa láí

Ó ghealas an lá nó go ndubhaí an oíche.                                                                                         72

 

Beidh sin abhaile leat cóistí álainn

Acra bána chomh luath le gaoth

Longa farraige atá i gcónaí ag tráchtáil

‘Gus an ógbhean álainn a bhí i gCnoic Mhám Aodha.                                                                    76

 

Sé sin mo gheallúint dhuit a mhic na páirte

‘Gus a bhfuil ar m’fháltas go dtí fuil mo chroí

Beidh bainis seachtaine againn, beidh brandaí is grátain

Gus tinte cnámha ag dódh gan scíth.                                                                                               80

 

10.Glenicmurrin Townland

In a lonesome townland in the west of Galway

I was bred and born in the month of June

And as a farmer’s son I’m working always

From break of dawn until dark at noon.                                                                                          4

 

My only objection is that my land is awkward

For rocks are awful that can be hardly moved

And no matter how you work in Spring or Autumn

The spade or ‘spáid’ are your only tool.                                                                                           8                                                                             

 

The sights for mowing and the hoop for reaping

Are the only weapons that can be produced

But while grass is growing or water flowing

A plough or more can be hardly used.                                                                                             12

 

Though we grow the best of spuds, oats, wheat and barley

Plenty of cabbage and carrots too

Or the most enjoying stuff from here to Norway

We have it always our mountain dew.                                                                                             16

 

We are all surrounded by lovely mountains

Lakes and rivers and valleys green

And those travelling Ireland and the British Islands

A place more nicer have never seen.                                                                                                20

 

There’s no doubt about it but it’s always crowded

With plenty of tourists from across the sea

For there’s fishing, shooting and sometimes boozing

But the only curer is our own poitín.                                                                                                24

The times are passing like sea waves splashing

With singing, dancing and gambling too

And there is more rejoicing when the sun is rising

From the foreign islands is our blight cuckoo.                                                                28

 

Promoted, greeted by many people

And our summer feelings are back once more

And around the green fields the lambs are bleating

And the goat kids screaming in the woods below.                                                                         32

 

From South Australia our friends are sailing

From Pennsylvania and the Isle of Mann

For from angling, shooting they’re all recruiting

For they can’t find in Europe a better stand.                                                                                  36

 

The trout and salmon in lakes and rivers

Are just as plenty as the flies in June

And as for game in mountains they are there in thousands

So for sporting tourists there is no excuse.                                                                                      40

 

They can enjoy their holiday until the last of autumn

Without thunderstorm on lake or land

And they have obliging servants who obey their orders

Liker their fathers had taught them in this townland.                                                                   44

 

Glenicmurrin townland is the name we call it

Long miles from Galway near Casla Bay

Where for many a foreigner from here to Norway

Had spent happy autumns in olden days.                                                                                        48

 

It has the loveliest scenery in the West of Ireland

With the Aran Islands in Galway Bay

And the big ships crossing the Atlantic Ocean

On their voyage all over from America.                                                                                            52

 

The Connemara Twelve Pins and high Beanna Beola

With the sheep and goats on their sloping soil

And its’ lovely green buds where all things are growing

That’s good and wholesome for all mankind.                                                                                 56

 

To shorten verses without fun or joking

Or either boasting as you understand

There isn’t a place more healthier for foreign tourists

Than the lovely mountains of our townland.                                                                                  60

 

 

11.Amhrán an Dole

Tráthnóna deireanach Dé Luain is é ag báisteach

Is mé ag teacht anall ag an Talamh Óir

A d’airigh mé an caointeachán agus an tsíonaíl chráite

A bhí idir an Sruthán agus Gleann na Bó.                                                                                         4

 

Sheas mé tamall go ndéanfainn éisteacht

Go bhfaighinn-se léargas go cé raibh an gleo

Nuair a d’airigh mé an torann a bhí ag na maidí géara

Agus an fhuil ag phléascadh go poll a mbróg.                                                                                 8

 

A Dhia is a Mhuire nach bocht an scéal é

Le léamh in Éirinn ná sa nGaeltacht mhór

Dá chréatúr shalacha gan ciall gan réasún

Ag marú a chéile ann mar gheall ar dole.                                                                                         12

 

Mura socróidh an sagart é nó Mr. Grady

Ní bheidh ann ach réabadh luath agus mall

Mar tá trioblóid talún ann nach féidir a réiteach

Nó go leagtar téip air agus go ndéantar fál.                                                                                    16

 

Tá Mike ag íocaíocht air agus Pat á shéanadh

Nó tá an páipéar bréagach a bhfuil sé ann

Ach go bhfuil a fhios ag Muire is ag an t-aon mhac naofa

Nach baile Críostúil a bhfuil siad ann.                                                                                               20

 

Tháinig Mike abhaile ‘gus é millte stróicthe

Agus an fhuil chomh reoite air is a bheadh tarra ar bhád

Ach gurb é mo bharúil-sa roimh thús an fhómhair

Go mbeidh a leaba cóirithe i gcónra chláir.                                                                                     24

Dia dhá réiteach nach bocht an scéal é

Ar thamhnach shléibhe ná ar thalamh bán

Nach fiú dhá phingin é idir sliabh is mínleach

Go gcailltear na caoirigh ann leis an ngalar cam.                                                                            28

 

Níl fraoch ná cíb ann, níl féar ná tuí ann

Níl foscadh dídean ann ag lao ná bó

Is go gcaillfí an naoscach ann ar fhad an gheimhridh

Mar ní scalann an ghrian ann ach uair nó dhó.                                                                               32

 

A Mhuire dhílis nach deacair scríobh air

A liachtaí díobháil atá sa dole

An greimín salach sin atá ag dul timpeall

Agus an madra caorach nach gcoinneodh beo.                                                                              36

 

Tá troid is achrann ann agus marú daoine

Is an peaca á dhéanamh ann ag sean is óg

Ach más fíor don tseanchas is don Bhíobla Naofa

Parthas aoibhinn ní bhfaighidh go deo.                                                                                            40

 

12.The Rocks of Knockadoe

Now all ye friends and neighbours, I mean to let you know

Of a champion bike that’s raffled tonight on the Rocks of Knockadoe

It’s tied up tight with strong twines, copper wires and rope

Brakes and tyres and every tie that ever was composed.                                                             4

 

They’re gathering from the seashore side and from the county all around

From Athenry to Clifden’s Point, from Galway to Mayo

They’ll march in troops like common fools, or wild ducks on a shore

They’ll dance half sets and play like hell on the Rocks of Knockadoe.                                        8

 

It was advertised in the Champion and in the Daily Mail

That the dance it would occur at 8pm, and end in the break of day

Which were preserved by high big swell and managers on the dole

So you’ll sure enjoy St. Patrick’s night on the Rocks of Knockadoe.                                            12

 

This bike was manufactured in the year of 1924

And was notified by its solid tyres and brakes that never broke

It travelled miles both day and night but never missed its course

And was transferred from County Cavan to the Rocks of Knockadoe.                                       16

 

As far as I consider and everybody knows,

Oh the dance is nearly over and fighting they will go

They need no guns or rifles but use the granite stone

And you could hear the cracks like penny shots on the Rocks of Knockadoe.                          20

 

To finish this recitation and bring it to a close

You may travel miles both day or night but no matter where you go

In all your life you never enjoyed a better night before

But cries and cheers of mountaineers on the rocks of Knockadoe.                                            24

 

13.The Publican

I’ll tell you now between a woman and a man

She told him very plainly how times were rolling on

Some have gold and silver as many notes and pence

And more people in this world to us have got but little sense.                                                    4

 

When you go to the market Pat to sell your oats and tea

It’s there you’ll meet your comrades and get drunk upon the way

The public man will welcome you when he knows you have the pence

So that’s the drunken people who have got but little sense.                                                       8

 

The public man keeps sober saying Pat I will tend to you all

But if you dare to start a row and the policeman I will call

They’ll throw you on your head and to the barracks you will go

And you’ll be shivering until morning in that dirty cold black hole.                                            12

 

You then are sure to get a summons to appear the next court day

Were you drunk or disorderly the magistrate will say

According to the evidence that’s given by the crowd

You may be fined ten shillings or otherwise a pound.                                                                   16

 

Now this money goes to lodge, you must pay or go to jail

Would be better to buy a bag of flour or a bag of engine maid

To support your little family in times are rolling on

Or a piece of Irish bacon and to fry it on the pan.                                                                          20

 

The women now sir Jack, the men are going to rule

So that’s a lesson I never learned when I was going to school

I can take a pint of porter whenever I feel dry

And those who have money in the bank as well as me must die.                                               24

 

You can take a pint of porter like a man and have your chair

With two or three in company I think that would be fair

But when you are drunk you are fighting and breaking all the delph

You’re making a rich man of the publican and a poor man of yourself.                                     28

 

 

14.Martin’s Old Rock

(…)

I’ll sing you a few verses that may give you a shock

It’s about this grand building that’s built on the bog

A few yards from the roadside near Martin’s Old Rock                                                                4

 

Those new starting builders they began in June

Without even much hammers either crowbars or tools

But still kept on working and continued their job

And now it’s completed near Martin’s Old Rock.                                                                           8

 

There are only two locals that worked on the bog

They had no place to shelter from hailstones or frost

But instead of a shelter or building a camp

They can now advertise it a hotel and bar.                                                                                     12

 

It’s a wonderful building that’s reinforced on top

It’s roofed with real bog oak and strong iron bars

It’s underground chimneys a quarter mile long

That the smoke can be seen from here to Hong Kong.                                                                 16

 

From the Connemara Islands, from Galway to Maam

From lower down Casla to high Oughterard

They’re passing in thousands by daylight and dark

But whenever they enter there is always response.                                                                      20

 

In the long days of summer when work is at hand

As for drink in Old Martin’s there is always demand

If you travelled all of Ireland from the South to the North

There is no place for business like Martin’s Old Rock.                                                                  24

It’s reported by travellers that’s coming along

That in the whole British Islands they can’t come across

A hotel or mansion, a pub or a bar

Compared to our favourite near Martin’s Old Rock.                                                                     28

 

To shorten those verses as you all understand

I am now very busy and drink is at hand

But if you are tiresome or thirsty or feel anyway slack

Have a drink in our Martin’s and you’ll soon be a man.                                                                32

 

 

15.Sweet Kathleen

(…)

Ní dheachaigh cailín thar sáile in aon bhád ar bharr maidhm

Ná ar sidewalk South Boston ní shiúlfaidh go brách ann,

Aon chailín chomh hálainn le Sweet Kathleen.                                                                               4

 

Tá blas na mil is na meala ar an mbia a ngabhfaidh do láimh ann

Beidh sonas ar an Áras ina socróidh tú síos

Is an té a gcóireoidh tú an leaba dhó ní baolach aon bhás dhó

Nuair a thógfaidh tú walk leis amach sna Státaí.                                                                            8

 

Ach anois ná déan dearmad ní i bhfad uainn an lá cairde

Tá an ghrian ag dul ag ardú gus tá na sleánta ag dul síos

Tá portaigh breá fada le gróigeadh ag Aill Mhártain

Ach cuimhnigh ar an saucepan le go bhfiuchfaidh muid braon.                                                  12

 

Beidh tine bhreá fadaithe lasta agamsa sa mbráicín

Cácaí sna málaí agus tae lena dtaobh

Is beidh an lá fuílleach fada agat mar más fíor mar atá ráite

Ní bheidh sí ag fágáil Aill Mhártain go dtí ceathrú chun a naoi.                                                   16

 

Nach maith go do shláinte é theacht ar ais ar do nádúr

Is a liachtaí fóidín a chuir tú in airde ann i dtosach do shaoil

Is nach deise go fada é ná thall ins na Státaí

Go do phlúchadh ag deannach sráide ‘gus ag slogadh deataigh.                                                 20

                                               

 

16.Amhrán an Phríosúin

Anois a chomharsana, agus a dhaoine muinteartha

Is minic a thagann sé i m’intinn le hachar gearr

Gur chaith mé tamall nó seal i bpríosún

San áit ar shíl mé nach ngabhainn go brách.                                                                                   4

 

Ní mba cúis le mailís ná le gadaíocht cinnte í,

Ach ba gnás le daoine é bheith riamh san áit

A bheith ag ól béaláiste margaidh i dteach an tsíbín

Mar ba é an mí-ádh cinnte a chas muid ann.                                                                                  8

 

Bhí comhluadar deas againn ann ag ól a mbraoinín

Ní raibh troid ná bruíon ann ach súgradh is greann

Ach níor hairíodh an anachain go dtáinig na peelers

Agus a bpardún cinnte ní raibh le fáil.                                                                                              12

 

Bhí cartadh is tóraíocht ann is gach áit thar timpeall

Ard is íseal, ar sheilf is ar chlár

Ach bhí leathphionta poitín agam, i bpóca mo bhríste

Is ba í leac an tinteáin a shú a raibh ann.                                                                                         16

 

Bhuail scanradh is faitíos mé ní nárbh ionadh

‚Gus rinne mé smaoineamh ar an mbeart ab fhearr

Ach rinne mé splanters dhe a bhuail na taobháin

Chroith sé peelers agus scanraigh a lán.                                                                                          20

 

Rug fear is beirt orm go mo thógáil cinnte

Agus a Mhuire dhílis, nach mba crua mo chás

Ach ar chasadh mo lámha dhóibh, lena dtabhairt thar timpeall

Sea d’ardaigh m’intinn is chuaigh an bheirt ar lár.                                                                         24

 

As an matal crochta ab fhearr liom cinnte

Nó bheith ag dul go Maoghras i gcónra chláir

Ná mé a thabhairt ag beairic idir lámha peelers

Mo mhuintir taobh liom, is nár bhocht an cás.                                                                               28

 

Ach dhá mbeadh breith ar m’aiféala agam, bheadh murder cinnte ann

An buidéal a bheith i ngreim agam istigh i mo lámh

Is má bhí peeler sa mbeairic a bhainfeadh díom é

Is i dteach an tsíbín a bheadh fód a bháis.                                                                                       32

 

Ach thug Dia agus Muire dom nach dtáinig sé i m’intinn

Mar faoi bholtaí cinnte a bheinn go lá mo bháis

Is mo mhuintir ag baile bheith ag gol is ag caoineadh

Mar fear le mé a shaoradh ní raibh le fáil.                                                                                       36

 

Murach an chailleach mhallaithe bhí mise saortha

Thug m’ainm síos dhóibh is gan fios cén fáth

Ach mar a dúirt an seanfhocal, ‘gus is deacair cinnte air

Ní thagann caonach ar theanga mná.                                                                                               40

 

Chuaigh trí mhí mhór fhada orm istigh sa bpríosún

Is dhá mbeadh sé tuillte agam bheadh rud le rá

Ach braoinín dhriadalach a tógadh as gríosach

Is nach mba brocach an braon é i gcúirt le taispeáint.                                                                   44

 

Ní hé sin a mharaigh mé, ná a ghoill ar m’intinn

Ach an té nár thuill é, ‘gus nach raibh aige ann lámh

An seanfhear cráite bocht á chur isteach sa bpríosún

Ag caitheamh trí mhí ann ag ól bracháin.                                                                                        48

 

Nach bhfuil a fhios ag Muire agus ag an t-aon Mhac Naofa

Gurbh é an fear a dhaor é a rinne an feall

Ach más fíor don tseanchas go bhfuil ifreann cinnte ann

Ní bheidh fear sna tinte mura mbeidh sé ann.                                                                               52

                                                               

 

17.Amhrán na Móna

Tá scéal le n-aithris agam a ba mhaith liom a dhúiseacht

Mar ní rud le plúchadh é abhus ná thall

Go bhfuil an tír seo creachta ag Scéim na Móna

Agus dath na dúigh ar an mbáinín bán.                                                                                            4

 

Tá lucht na gcladaí ann thar timpeall Úraid

Aniar ón Uaimín agus isteach ón Mám

I gcriathraigh dearglaíoch go dtí na súile

Is gan fear a dtrua ach Rí na nGrásta.                                                                                               8

 

Tá díol na beatha acu a dtugtar ainm plúr air

Is é measctha suas as gach uile ghráin

Is nach mairfeadh na luchain air ná madra ar fónamh

Mar ba mhaith an cúnamh dhó iad a chur chun báis.                                                                   12

 

Tá na portaigh tomhaiste dóibh le téip nó ruler

Mar a thomhaisfeá cónra, nó cíle báid

Agus Donald Sullivan, is ba fear ar fónamh é,

Thrí fhód den mhóin sin nach gcuirfeadh sleán.                                                                             16

 

Tá an fear is an gasúr ann mar a bheadh múille

Aníos go dtína nglúine go domhain i láib

Is nach maithfí ceathrú dhóibh ná uair tráthnóna

Ach an nóiméad comhartha má bhíonn siad mall.                                                                         20

 

Tá fuacht is fliuchán ann, is ní maith é i gcónaí

Níl foscadh ar mhúr ann, cnoc ná gleann

Ach beidh tinneas is aicíd ann, is ní leigheasfaidh i gcumhacht é,

Is a Mhuire dhúchais nach bocht an cás.                                                                                         24

 

Beidh rates is taxes ann is ní íocfaidh i gcumhacht iad

Ní íocfaidh an mhóin iad, ná fear an tsleáin

Mar níl teas ná maith inti, dhá bhféadfá a chomhaireamh

Is nach olc an tinteán í i gContae an Chláir.                                                                                     28

 

Nach aisteach an obair í scéim na móna

Ach dá mbeadh móin ann bheadh rud le rá

Ach is gearr le cadás í nó olann fómhair

Nó carnán clúmhaigh a d’éireodh ard.                                                                                             32

 

Fiche leoraí dhi agus é a bheith in éineacht

Is nach bocht an scéal é ag fear le rá

Nach mbainfeá tine aisti, dhá mbeifeá ag séalú

A bhfuil in Éirinn den spairteach bhán.                                                                                            36

 

Mura bhfóire Muire orthu, is Mac Rí an Domhnaigh

Agus beagán cúnaimh a fháil ó Mheiriceá

Beidh gorta is anó againn roimhe thús an fhómhair

Is beidh Éirinn dhúchais ar fad le fán.                                                                                               40

 

Ní bheidh plúr ná fataí ann, tae ná siúcra

Ach ruidín tútach nach bhfuil abhus ná thall

Ná sláinte an tseanduine, an tobac sa dúidín

Is go dtí fiú is an t-unsa, ní bheidh le fáil.                                                                                         44

 

18.Anna Bheag Bhán Dheas

Is dá siúltá-sa Gaillimh agus Droichead an Chláirín

Ó Bhéal na Trá Báine go Mullach na Cruach

Níl cailín chomh geanúil chomh múinte chomh mánla

Le Anna Bheag Bhán dheas atá ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                                          4

 

A cúilín donn casta atá ag dul síos thar a básta

Nach bhfuil rós in sa ngairdín is áille ná a grua

‘S go mba áirid í a sláinte nó ba gairid an bás uaidh

An té a scaradh a grá leis ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                                                     8

 

A dá súilín glasa atá chomh cruinn leis an airne

Nach raibh tada níos áille i gceann ainnir na gcuach

Is an té a dtabharfaidh sí gean dó ní baolach aon bhás dó

Nuair a thógfaidh sí walk leis ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                                              12

 

A samhail de chailín níl tógtha faoin bpláinéid

In Éirinn ná in Árainn, ó dheas ná ó thuaidh

Le deiseacht, le maiseacht le clú agus le cáilíocht

Níl a mhalraid le rá léi ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                                                          16

 

Níl comharsan ar na bailte, bean, leanbh ná páiste

Nach ann atá a gceann stáisiúin ó mhaidin go nóin

Mar tá muintearas, carthanas agus rompu céad fáilte

Ag Anna bheag bhán dheas atá ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                                          20

 

Nuair a fhágfaidh sí an baile beidh mo bheannacht go brách léi

Beidh mo chúig mhíle slán léi nó go dtéigh mé san uaigh

Ach a Mhic Dé agus a Mhic Dara nach buartha is nach cráite

Is nach uaigneach a bheas a háras le theacht ann ar cuairt.                                                        24

 

Nach iomaí tráthnóinín deas samhradh a tháinig mé trasna na ngleannta

Agus anall tríd an áthín ag an hallín ó thuaidh

Ach céad faraor crua deacrach ní i bhfad uainn an lá cairde

Go mbeidh na mílte toinn bháite ag dul idir mé agus tú.                                                              28

 

Nuair a chastaí isteach mé bhí do bhéilín ag gáire

Agus a Rí gheal na ngrásta nárbh álainn do shnua

Nuair a labhraínn ar an mbaile, ‘muise, fan go dtí ar ball beag,

Beidh Deaide ‘gus an cairrín sa mbaile ag a cúig.’                                                                          32

 

Bhí an tae-pot á ghlanadh agat, an cupán agus an saucer

Bhí im ar an bpláta agus cácaí ina gcruach

Ach ní bheidh ocras ná anó ar fhear bealaigh ná ceardaí

A chasfar ar d’áras ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                                                                36

 

Nuair a bheas mise sa talamh agus lobhfaidh mo chnámha

Beidh tú mílte thar sáile ar thalamh chois cuain

Beidh na véarsaí seo scríofa dhá gcleachtadh ag na páistí

Cois teallaigh do chairde ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                                                     40

 

Ní leanfad rófhada é ach is ríbhocht an cás é

Beidh an abhainn ag dul le fána agus an easín ag srúill

Ach ní bheidh an bradán ná an breac geal ag snámh le mo shála

Ná Anna Bheag Bhán dheas le fáilte a chur romham.                                                                    44

 

An fhad agus a bheas nead ag an bhfáinleog ná an fiach dubh ag grágaíl

Crann úlla sa ngairdín ná an eala ar an gcuan

An fhad ‘s a bheas mil ag na mbeachain le bailiú sa bhfásach

Beidh cuimhne go brách ort ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                                               48

 

Is cuma cleamhnas ná bainis é, ceol ná pléaráca

Os iondúil gur gnás é a mhairfeas go buan

Beidh muintir na mbailte ar fad i ngreim lámha

A gabháil Anna Bheag Bhán dheas a bhí ar thaobh Chnoc Aduaidh.                                           52

Leabharliosta: 

Leabhair

Breathnach, P., (2007) Bróga Páipéir agus Stocaí Bainne Ramhar.  Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Dégh, L., (1969) Folktales and Society, Story-telling in a Hungarian Peasant Community.  Bloomington & Indianapolis: Indiana University Press.

Denvir, G., (1996) Amhráin Choilm de Bhailís.  Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Denvir, G., (2010) Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádraic Learaí Uí Fhínneadha.  Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Finnegan, R., (1992) Oral Poetry – Its Nature, Significance and Social Context. Bloomington, Indiana: Indiana University Press.

Mac an Iomaire, P. (eag.), (1983) Dánta Fhilí Bhaile na mBroghach.  Indreabhán: Cló Chois Fharraige.

Nic Eoin, M., (2005) Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge.  Baile Átha Cliath: Cois Life.

Ó Coisdealbha, S., (1987) Buille faoi Thuairim Gabha.  Béal an Daingin: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Conghaile, M., (1988) Conamara agus Árainn 1880-1980: Gnéithe den Stair Shóisialta.  Béal an Daingin: Cló Iar-Chonnacht.

Ó hÓgáin, D., (1982) An File: Staidéar ar Osnádúrthacht na Filíochta sa Traidisiún Gaelach.  Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ó Riain, D., (1996) Stair na Gaeilge. Gill & MacMillan.

Ailt

Denvir, G., (1988) ‘An Béal Beo: Filíocht Bhéil Chonamara Inniu’. Ó Fiannachta, P. (eag). Léachtaí Cholm Cille XIX: Litríocht na Gaeltachta.  Maigh Nuad: An Sagart.  192-222.

Denvir, G., (1999) ‘Filíocht Learaí Phádhraic Learaí Uí Fhinneadha’. Ó hUiginn, R. (eag). Léachtaí Cholm Cille XXIX: Foinn agus Fonnadóirí. Maigh Nuad: An Sagart.  161-97.

Mac Cuaige, S., (1927) ‘An Ghaeltacht’. Gearrbhaile. Earrach, 1927.

Nic Pháidín, C., (1987) ‘Na hIrisí Gaeilge’. 300 Years of Irish Periodicals. Baile Átha Cliath: Lilliput Press. 68-85.

Ó Coimín, P., (2000) ‘An Stát agus an Ghaeltacht’. Ó Tuathaigh et al. (eag), Pobal na Gaeltachta: A scéal agus a dhán.  15-33.

Ó Fiaich, T., (1976) ‘Na Bailéidí Béarla’. Ó Fiannachta, P. (eag.) Léachtaí Cholm Cille VII: An Ceol i Litríocht na Gaeilge.  Má Nuad: An Sagart.  121-48.

Ó Fiaich, T., (1983) ‘Na hAmhráin Ghrá’. Ó Fiannachta, P. (eag.) Léachtaí Cholm Cille VI: An Grá i Litríocht na Gaeilge.  Maigh Nuad: An Sagart.  59-87.

Ó Madagáin, B. (1985) ‘Functions of Irish Song in the Nineteenth Century’.  Béaloideas 53.  130-216.

Tráchtais

Denvir, S. (2003) Dearcadh an tSaoil: Amhráin Chiaráin Uí Fhátharta. Tráchtas MA.

Nic Dhonncha, R. (2002) Amhráin Val agus Mhichíl Bheairtle Uí Dhonnchú.  Tráchtas MA.

Foinsí Leictreonacha

Daonáireamh 1911. Le fáil ag: http://www.census.nationalarchives.ie/search/ (Léite: 12 Samhain 2014).

Ó Cíosáin, É., (1985) ‘Bunú Ghaeltacht na Mí: An tÉireannach agus Muintir na Gaeltachta’.  Comhar, Iml. 44, Uimh. 12 (Nollaig 1985) 4-7.  Le fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20555847 (Léite: 3 Márta 2015).

Ó hÓgáin, D. ‘An File Gaelach agus An Pobal’.  Comhar, Iml. 33, Uimh 2 (Feabhra 1974) 4-10.  Le fáil ag: http://www.jstor.org/stable/20553493 (Léite: 1 Nollaig 2014).

Agallamh

Ó Máille, Pádraic. Agallamh le Pádraic Ó Máille, seanchaí, An Cheathrú Rua, 4 Aibreán 2015.

Foinsí Taifeadta

Cartlann RTÉ, Raidió na Gaeltachta.