Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Impleachtaí do Ghaeltachtaí Mhaigh Eo

Conchúr Ó Giollagáin
Topaic(í): 

Le Conchúr Ó Giollagáin

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh[1]

 

1. Réamhrá

Leagann an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (SCT) béim ar leith ar an riachtanas straitéiseach a bhaineann le cineálacha éagsúla pobal teanga a shainiú mar chéim tosaigh riachtanach i bpróiseas na pleanála teanga sa Ghaeltacht.[2] Is chuige sin a roinneadh na ceantair éagsúla sa Ghaeltacht i gCatagóirí anailíse d’fhonn ceantair éagsúla feidhme a aithint ina gcuirfí straitéisí éagsúla teanga i bhfeidhm iontu.

Pléitear sa pháipéar seo ceithre ghné de stádas oifigiúil na Gaeltachta mar a bhí is mar atá i gceantair éagsúla i gCo. Mhaigh Eo:

  • Cúlra na sainmhínithe oifigiúla a rinneadh ar cheantair oifigiúla Ghaeltacht Cho. Mhaigh Eo;
  • Léargas ar chineál na Gaeltachta a shonraigh an SCT sna limistéir seo agus ar na próifílí teanga a bhaineann leo i gcás Cho. Mhaigh Eo;
  • Impleachtaí théagar/leochaileacht na Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo d’idirghabhálacha pleanála teanga a fhéachfaidh le dul i ngleic lena chinniúint teanga;
  • Ceisteanna a mhúscailt faoi inmharthanacht na Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo faoi réir cúinsí reatha.

Tá an plé seo ag eascairt as torthaí taighde reatha, i.e. an SCT 2007 agus as an gcur is an cúiteamh atá á dhéanamh faoi láthair faoina bhfuil i ndán don Ghaeltacht amach anseo. Iarracht atá san alt seo aird a dhíriú ar chuid de na ceisteanna is cinniúnaí do bhrí shoch-chultúrtha a thabhairt do choincheap na Gaeltachta i gcás na gceantar i gCo. Mhaigh Eo a bhfuil an stádas sin acu.

Rinneadh dhá iarracht roimhe seo an Ghaeltacht a shainiú go limistéarach agus go teangeolaíoch ó aimsir Choimisiún na Gaeltachta (CG) 1926 i leith. Léirítear i dtograí taighde éagsúla ar an ábhar seo (Ó Riagáin 1997: 30 agus Hindley 1990: 45) go raibh an claonadh le sonrú ar iarrachtaí an Stáit sa réimse seo boilsciú a dhéanamh ar líon na gcainteoirí Gaeilge i gcás na Fíor-Ghaeltachta agus na Breac-Ghaeltachta (féach Ó Giollagáin 2009). Ba é cumas sa Ghaeilge seachas úsáid na Gaeilge i measc an phobail ba bhonn leis na sainithe seo, dar ndóigh (Ó Riagáin 1997: 51 agus CG 1926: 6).

Chuir bunú Roinn na Gaeltachta agus dréachtú a teorainn feidhme i 1956 deireadh leis an idirdhealú stáit idir ceantair Fhíor-Ghaeltachta agus Bhreac-Ghaeltachta. Laghdaíodh ar limistéir fheidhme na Gaeltachta de bharr na leasuithe stáit i 1956, ach chuimsigh limistéar feidhme na Roinne nuabhunaithe cineálacha éagsúla ceantar teangeolaíoch, .i. díréir idir an limistéir a sainíodh agus an pobal teanga a raibh an ceantar feidhme ag freastal air:

  • Ceantair a raibh an seachadadh teanga idirghlúineach réasúnta slán iontu;
  • Ceantair a raibh comharthaí sóirt an aistrithe teanga le haithint orthu;
  • Ceantair a raibh an t-aistriú teanga, nach mór, curtha i gcrích iontu seachas i nósmhaireacht na seanghlúine;
  • Bailte a raibh an t-aistriú teanga curtha i gcrích le glúnta roimhe sin iontu (féach Ó Giollagáin 2009).

Níor ceadaíodh aon mheicníocht straitéise le dul i ngleic le castacht na hilghnéitheachta seo; cineál amháin stádais Ghaeltachta a bronnadh ar cheantar beag beann ar théagar agus dlús sóisialta na gcainteoirí sa limistéar.

Sonraíodh sainiú teangeolaíoch, mar sin féin, a bhí beagáinín débhríoch ó thaobh na tíreolaíochta de, i bhforálacha an Achta Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956, .i. Acht bunaithe na Roinne:

‘… límistéirí ar Gaeilgeoirí mórchuid de na daoine iontu agus límistéirí ina n-aice sin ar dóigh leis an Rialtas gur cheart iad d'áireamh sa Ghaeltacht d'fhonn an Ghaeilge a chaomhaint agus a leathnú mar ghnáth-urlabhra.’

Tá sainiú na Gaeltachta mar a shonraítear é in Acht na Gaeltachta 2012 débhríoch ó thaobh na teangeolaíochta agus na tíreolaíochta de. Is cosúil go bhfuil sainiú na Gaeltachta i limistéir ar leith ag brath ar acmhainn an phobail plean teanga chun sástachta an Údaráis a réiteach:

‘Déanfaidh Údarás na Gaeltachta, i ndáil le limistéar is ábhar d’fhógra faoi fho-alt (3), eagraíocht a roghnú a rinne iarratas faoi fho-alt (4) agus arb í, i dtuairim Údarás na Gaeltachta, an eagraíocht is cumasaí chun plean a ullmhú arb é is cuspóir leis socrú a dhéanamh maidir le méadú ar úsáid na Gaeilge i saol teaghlaigh, oideachais, poiblí, sóisialta, áineasa agus tráchtála an limistéir lena mbaineann (dá ngairtear “plean Gaeilge” san alt seo) agus an céanna a spreagadh, de réir critéar pleanála teanga forordaithe, agus nuair a bheidh déanta amhlaidh aige, cuirfidh sé an roghnú in iúl don eagraíocht sin i scríbhinn’ (2.7(6)).

 

2. SCT agus Idirdhealú idir na Catagóirí A, B agus C i Limistéar Gaeltachta Cho. Mhaigh Eo

Ba é an taighde a rinne Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng (OGCC)[3] ar dháileadh na bpopal Gaeilge sa Ghaeltacht an bonn comhairleach a bhí ar fáil don Rialtas maidir le dréachtú Ordú na Limistéar Gaeltachta, 1956 (OLG) a síníodh go gairid i ndiaidh achtú Acht na nAirí agus na Rúnaithe (Leasú) 1956. Ba léir ó thaighde OGCC go raibh léiriú le fáil iontu ar próifílí éagsúla teanga agus comharthaí sóirt na gCatagóirí éagsúla Gaeltachta, a sonraíodh sa SCT 2007.

Mhol Stiúrthóir na OGCC, Seán Mag Fhloinn, ina chuid taighde (pléite níos mine in Ó Giollagáin 2006) i meamram a chuir sé ar fáil don Rialtas an 8 Meán Fómhair 1956 go gcuirfí sceideal sonraithe toghrann san áireamh in OLG a dtabharfaí aitheantas Gaeltachta dóibh. Moladh sa mheamram céanna go bhfoilseodh an Rialtas sceideal eile ag an am céanna le hachtú an Ordaithe liosta na dtoghrann (Aguisín 3 sa mheamram) a d’fhéadfaí a chur san áireamh amach anseo in OLG dá sásódh na pobail iontu critéir áirithe teanga. Cuireadh an dá sceideal san áireamh in aon sceideal amháin, in ainneoin chomhairle OGCC, san Ordú a shínigh an Rialtas an 21 Meán Fómhair 1956. Seo thíos liosta na dtoghrann i gCo. Mhaigh Eo a sonraíodh in Aguisín 3 de chuid Mheamram OGCC an 8 Meán Fómhair 1956 nár moladh don dréacht tosaigh d’OLG 1956 (féach OAG 1956 thíos):

(a) Toghranna iomlána a luadh in Aguisín 3 den Mheamram Rialtais (8/9/1956) ach a cuireadh san áireamh i Sceideal an Orduithe (21/9/56):

Barr Rúscaí; Béal Deirg Mór; Béal an Mhuirthead; Cnoc na Lobhar; An Geata Mór Thuaidh; Gleann na Muaidhe; Na Monga.

(b) Toghranna ar cuireadh na bailte fearainn dá gcuid a luadh in Aguisín 3 i Sceideal an Orduithe sa chaoi go raibh toghranna iomlána á n-áireamh san Ordú:

Acaill; An Cheapaigh Dhuibh; Cnoc na Ráithe; An Corrán; Dumha Éige; Gleann Chaisil; An Geata Mór Theas.

(c) Toghranna ar cuireadh na codanna dá gcuid a luadh in Aguisín 3 san áireamh i Sceideal an Orduithe mar pháirt-toghranna:

Guala Mhór; Tamhnaigh na Graí.

Mínítear thíos an tátal anailísithe a baineadh as an scagadh ar an bhfianaise staitistiúil a rinneadh ar fhaisnéis teanga Dhaonáireamh 2002 agus ar fhaisnéis Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) i gCuid 2 den SCT. Idirdhealaítear trí chineál pobal teanga faoi leith laistigh de na limistéir reachtúla Ghaeltachta mar a shainítear iad faoi láthair, mar seo a leanas (ar lorg an SCT agus Uí Ghiollagáin 2009):[4]

Limistéir Ghaeltachta Chatagóir Aa chuimsíonn na toghranna a bhfuil breis is 67% dá ndaonra iomlán (3bl.+) ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Is iad seo na toghranna a bhfuil an speictream is airde úsáide Gaeilge le fáil iontu agus seasmhacht áirithe le sonrú ar an bpatrún úsáide Gaeilge sna rannóga aoise ar fad, cé is moite d’iompar teanga na n-óg. Is ionann 67% den phobal a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge agus tairseach chinniúnach theangeolaíoch. Léirítear san anailís a rinneadh i gCaibidlí 3 agus 6 de chuid an SCT go dtagann laghdú tobann ar úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail nuair a thiteann líon na gcainteoirí laethúla i gceantar faoi bhun na tairsí seo.

Limistéir Ghaeltachta Chatagóir Ba chuimsíonn na toghranna a bhfuil idir 44%–66% dá ndaonra iomlán (3bl.+) ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Is ceantair iad seo a bhfuil úsáid na Gaeilge le sonrú iontu i gcónaí ach gur léir go bhfuil úsáid an Bhéarla in uachtar. Tá comharthaí sóirt an aistrithe teanga le feiceáil go soiléir sna difríochtaí i bhfaisnéis an Daonáirimh maidir le húsáid na Gaeilge in aoisghrúpaí éagsúla, .i. is iondúil go mbíonn líon na gcainteoirí laethúla níos airde i measc na n-aoisghrúpaí scoile ná mar a bhíonn in aoisghrúpaí na ndaoine fásta. Tugann sé seo le tuiscint go bhfuil an Ghaeilge imithe ar gcúl sna ceantair seo agus gur i gcomhthéacs scoile is mó atá sí á húsáid ag daoine óga. In ainneoin gur mionlach iad, i gcás chomhdhéanamh sochtheangeolaíoch an phobail trí chéile, is iondúil go mbíonn céatadán suntasach de na haoisghrúpaí níos sine sna ceantair seo ina gcainteoirí laethúla freisin. Léiríonn an fhaisnéis staitistiúil go bhfuil úsáid áirithe á baint as an nGaeilge mar ghnáthurlabhra sna pobail seo go fóill, ach go bhfuil sí teoranta d’aoisghrúpaí faoi leith agus/nó d’institiúidí faoi leith, agus/nó do ghréasáin aitheantais faoi leith.

Limistéir Ghaeltachta Chatagóir Ca chuimsíonn na toghranna a bhfuil faoi bhun 44% dá ndaonra iomlán (3bl.+) ina gcainteoirí laethúla Gaeilge. Cuimsíonn an chatagóir seo an líon is mó toghrann agus daonra de na trí chatagóir seo. Is iondúil gur i measc na n-aoisghrúpaí scoile den chuid is mó a úsáidtear an Ghaeilge sna limistéir seo. Is gá a chur san áireamh, áfach, go gcuimsíonn an chatagóir seo roinnt ceantar beag a mbeadh tréithe teangeolaíocha ag baint leo nach dtagann leis an bpróifíl ar an gcatagóir trí chéile. Tarlaíonn sé seo de bharr gur mionlach iad na pobail atá i gceist laistigh de na toghranna a bhfuil siad suite iontu. Cé gur léir i gcásanna áirithe go bhfuil leas an-teoranta á bhaint as an nGaeilge mar theanga phobail nó institiúideach i gcás cuid de na toghranna atá i gCatagóir C, i gcásanna eile, tugann an fhaisnéis le fios go n-úsáidtear an Ghaeilge fós i gcuid de na gréasáin aitheantais agus de na hinstitiúidí oideachais agus pobail a bhaineann le Catagóir C.[5]

Léirítear sa tábla thíos na toghranna Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo[6] de réir Chatagóirí an SCT agus sna léarscáileanna thíos faoi sin faightear léiriú comparáideach ar fhaisnéis teanga an Daonáirimh (2002), ar dháileadh limistéarach na gCatagóirí A, B agus C agus ar dháileadh thorthaí Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don bhliain 2002/3 de réir bandaí céatadánacha.

 

GAELTACHTaÍ MHAIGH EO: Comparáid idir faisnéis teanga an Daonáirimh (2002) agus faisnéis Scéim Labhairt na Gaeilge (SLG) 2003/4

Tugtar léiriú sa léarscáil contae seo a leanas ar an gcoibhneas idir faisnéis na ndaoine (aois 3 bl. +) a thuairiscíonn i nDaonáireamh 2002 cumas sa Ghaeilge a bheith acu, céatadán na gcainteoirí laethúla Gaeilge, agus faisnéis SLG ón mbliain 2003/4 de réir toghroinne. Léirítear an fhaisnéis chumais sa mhaide faisnéise gorm, an fhaisnéis a bhaineann le húsáid laethúil na Gaeilge sa mhaide faisnéise dearg, agus faisnéis SLG sa cheann glas.

 

NIRSA a réitigh. Ceadúnas Uimhir MP 8252

© Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus Rialtas na hÉireann

An Phríomh-Oifig Staidrimh – faisnéis SAPS an Daonáirimh

COMPARÁID IDIR FAISNÉIS dhAONáIREAMH 2002 AGUS FAISNÉIS SLG 2003/04 i LIMISTÉIR GHAELTACHTA Mhaigh Eo

 

GAELTACHTaÍ MHAIGH EO: lÉARSCÁILEANNA COMPARÁIDEACHA idir FAISNÉIS slg AGUS CATAGÓIRÍ a, b AGUS c AN SCT

 

Leagtar amach sa léarscáil thíos faisnéis SLG (ar chlé) de réir bandaí céatadánacha taobh le léarscáil a shonraíonn na toghranna céanna ina gCatagóirí Gaeltachta A, B nó C (Cat. A [dúghorm]: 67% + cainteoirí laethúla Gaeilge (CL); Cat. B [gorm meánach]: 44–67% CL and Cat. C [gorm éadrom]: <44% CL). Léiriú soiléir atá sna léarscáileanna comparáideacha seo ar na patrúin éagsúla a bhaineann le húsáid na Gaeilge sna ceantair éagsúla i gceantair Ghaeltachta Cho. Mhaigh Eo.

NIRSA a réitigh. Ceadúnas Uimhir MP 8252

© Suirbhéireacht Ordanáis Éireann agus Rialtas na hÉireann

An Phríomh-Oifig Staidrimh – faisnéis SAPS an Daonáirimh

comparáid idir faisnéis SLG (ar chlé) agus na Catagóirí Gaeltachta A, B agus C DO ghaeltacht mhaigh eo

 

Nuair a dhéantar scagadh ar dháileadh na dtoghrann Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo i measc Chatagóirí an SCT, tuigtear a leochailí is atá an Ghaeltacht mar aonad cultúrtha agus teangeolaíoch sa chontae seo. Cé is moite de thoghrann Chnoc an Daimh (ceantar Cheathrú Thaidhg),[7] is léir gur i gcomhthéacs na hathnuachana nó na hatógála is gá tabhairt faoi chúraimí na pleanála teanga sa chontae seo má táthar le réasúnaíocht nó brí a thabhairt do choincheap na Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo ar bhealach atá níos uaillmhianaí ná coincheap dromchlach an aonaid riaracháin stáit atá á fheidhmiú faoi láthair. D’fhéadfaí a mhaíomh ina cheann sin go bhfuil an stádas á fheidhmiú go príomha de réir na neodrachta teangeolaí. I gcás cheantar Cheathrú Thaidhg, an t-aon cheantar sa chontae a áiríodh i gCatagóirí A de réir na hanailíse staitistiúla, beidh tacaíocht agus idirghabháil ar leith pleanála teanga ag teastáil uathu má tá úsáid na Gaeilge mar theanga phobail le caomhnú ann. Is é an claonadh nádúrach a bhíonn ag daoine nuair a thugtar eisceacht thíreolaíoch faoi deara ná fiafrú cén fáth nár tharla an rud céanna ansin is a tharla i gcás na gceantar eile. Is é an freagra simplí air seo ná gur éirigh leis an bpobal, in ainneoin na laincisí ar fad, líon coibhneasta níos airde cainteoirí baile a chruthú agus a chothú ná mar a tharla i gcás na bpobal eile sa chontae seo. Tuigtear anois, áfach, go bhfuil dúshláin mhóra roimh an bpobal má tá siad le glúin eile cainteoirí gníomhacha Gaeilge a chruthú i ngeall ar a mheasctha is atá an t-iompar teanga i dteaghlaigh óga an cheantair. Comhthéacs caomhnaithe teanga atá i gceist anseo sa mhéid is go bhfuil na gréasáin Ghaeilge réasúnta láidir fós i gcás na meán- agus na seanghlúine, ach gur i dtuilleamaí na hatógála is gá tabhairt faoin bpleanáil teanga sa cheantar seo freisin i ngeall ar na laincisí atá ar acmhainn an phobail timpeallacht shlán a chothú d’úsáid shóisialta na Gaeilge i measc aos óg Cheathrú Thaidhg. Ní hamháin go mbeidh cur chuige samhlaíoch ag teastáil i réimse na teanga, ach is léir go mbeidh tacaíocht réamhghníomhach de dhíth freisin i gcás sheasmhacht an phobail féin in aghaidh na mbrúnna déimeagrafacha atá ag bagairt orthu.

Claonadh i dtreo na rannóg aoise is sine sa phobal atá le sonrú ar phobal Abhainn Bhrain (ceantar Fhionnaithe i ndeisceart an chontae) freisin, an t-aon toghroinn a cuireadh san áireamh i gCatagóir B de chuid an SCT. Thabharfadh líon teoranta coibhneasta na dteaghlach a shaothraigh deontas iomlán SLG le blianta beaga anuas le fios gur gníomhaí na gréasáin Ghaeilge i gcás na glúine is sine sa cheantar seo. Tá sé le tabhairt faoi deara go bhfuil daonra coibhneasta an-bheag sa toghroinn i gcomparáid leis na toghranna eile sa Ghaeltacht. Áitíonn an SCT go bhfaightear i bhfaisnéis na dtoghrann a bhaineann le Catagóir B léiriú ar phobal teanga atá neamhsheasmhach in aghaidh bhrú an aistrithe teanga. Faightear léiriú iontu ar chlaonadh, seachas staid teanga, i dtreo an athraithe pobail agus teanga go dtagann an claochló i dtreis ina measc go dtí go mbunaítear an phróifíl teanga sa phobal a bhfuil cosúlacht phróifíl Chatagóir C uirthi; is é sin gur staid idirthréimhseach i dtreo chomharthaí sóirt Chatagóir C atá i bpróifíl teanga Chatagóir B.

Is i gceantar an Gheata Mhóir Theas a ghnóthaítear an líon coibhneasta is airde deontas SLG i measc na dtoghrann a áirítear i gCatagóirí B agus C i gCo. Mhaigh Eo. Ní mór a aithint go mbaintear líon coibhneasta níos airde deontas de chuid SLG sa toghroinn seo ná mar a shaothraítear i gcás Chatagóir C sa Ghaeltacht trí chéile. I measc na gcúinsí is suntasaí is bunús le ráta SLG sa toghroinn seo tá: líon áirithe teaghlach i gcuid den cheantar a labhraíonn an Ghaeilge mar theanga bhaile; gréasáin Ghaeilge atá níos láidre i gcuid den cheantar; polasaithe éagsúla teanga á bhfeidhmiú i scoileanna an cheantair, dearcadh réamhghníomhach i gcuid de na forais phobail atá ag feidhmiú sa cheantar gur ceart díriú ar thacaíocht a chur ar fáil do dhaoine óga SLG a bhaint amach mar spriocphobail.

I measc an 22 toghroinn (nó páirt-toghroinn) ar bronnadh stádas Gaeltachta orthu i 1956, déantar 20 díobh a áireamh i gCatagóir C de chuid an SCT, sin le rá gurb í an phróifíl teanga a bhaineann le Catagóir C a shainmhíníonn an cineál pobal teanga is coitianta a bhfuil aitheantas Gaeltachta acu i gCo. Mhaigh Eo. Mar a pléadh thuas i gcas na tairsí inmharthana, tagann claochló an-tobann ar na pobail Ghaeilge sa Ghaeltacht nuair a thiteann líon na gcainteoirí gníomhacha faoi bhun dhá thrian den phobal agus cailleann siad an acmhainn úsáid cheannasach na Gaeilge i measc an phobail trí chéile a mhúnlú de bharr an laghdaithe seo. Fágann sin go n-iontaíonn úsáid choitianta na Gaeilge i measc an chuid is mó den phobal ina ghnás mionlaigh taobh istigh d’achar ama atá réasúnta gairid. Tar éis don phobal titim faoi bhun an phointe chinniúna seo airíonn na cainteoirí gníomhacha Gaeilge atá ar marthain sa phobal go bhfuil siad ag feidhmiú i ngréasáin nach bhfuil ach tacaíocht pháirteach nó theoranta á roinnt leo ón bpobal trí chéile. Léirítear sa SCT (agus i dtograí eile taighde, Mac Donnacha et al. 2005 agus Ó Giollagáin 2002, 2004 agus 2005, mar shampla) go bhfuil an patrún aistrithe teanga ó Ghaeilge go Béarla á thiomáint go príomha mar thoradh ar an dinimic shóisialta a bhaineann leis an gcaidreamh atá ag pobal na Gaeltachta leis na gréasáin réigiúnacha, náisiúnta agus idirnáisiúnta lena mbaineann siad agus a fhágann go bhfuil comhdhéanamh phobal na Gaeltachta ag athrú de réir a chéile. Is ar an gcaoi seo a thugtar an deis chomhfhiosach nó neamhchomhfhiosach do rannpháirtithe nua sna gréasáin Ghaeltachta, ar mionlach ó thús iad, an bhunchloch shóisialta a bhfuil úsáid na Gaeilge sa phobal tógtha uirthi a leagan i dtosach agus a dhíphréamhú óna láthair stairiúil sa deireadh. Is é an titim faoi bhun na tairsí de dhá thrian den phobal a bheith ina gcainteoirí gníomhacha Gaeilge an pointe athraithe ina ndéantar na gréasáin Ghaeilge a dhíphréamhú óna bpobal limistéarach agus a chuireann tús le próiseas an mhionlaithe ar a lorg sin. Is é an difríocht theangeolaíoch idir na pobail atá os cionn na tairsí agus na cinn atá faoina bun go bhfreagraíonn ráta úsáide na mionteanga i measc an phobail cuid mhór do ráta cumais an mhórlaigh sa mhionteanga nuair atá dlúthchoibhneas idir an daonra agus na cainteoirí gníomhacha, agus go n-osclaíonn agus go méadaíonn an bhearna idir cumas sa mhionteanga agus úsáid na mionteanga sa phobal de réir mar a thiteann líon na gcainteoirí gníomhacha faoin ard-dlús de 67% de dhaonra an cheantair agus de dhaonra na nglúnta éagsúla sa cheantar; is é sin an difríocht idir pobal Gaeilge Gaeltachta agus ceantar Gaeltachta a bhfuil cónaí ar chainteoirí Gaeilge ann.

Baineann 95% de na ceantair laistigh de theorainn oifigiúil na Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo le Catagóirí B agus C an SCT a bhfuil gréasáin Ghaeilge de théagair éagsúla, seachas pobail Ghaeilge, ag feidhmiú iontu. Léirítear sa staitistic seo go bhfuil próiseas an díphréamhaithe teanga curtha i gcrích i gcás na bpobal uilig beagnach a bhfuil aitheantas Gaeltachta acu i gCo. Mhaigh Eo ó 1956 i leith. Mheabhródh taighde Sheáin Mhig Fhloinn (OGCC 1956) go bhfaighfí léargas ar an bpróiseas céanna ag an am sin i gcuid mhór de na ceantair ar bronnadh an stádas Gaeltachta orthu an bhliain sin, go háirithe nuair a chuimhnítear gur thograigh an Rialtas ag an am comhdhlúthú a dhéanamh ar na sceidil éagsúla a réitigh foireann OGCC in aon sceideal amháin in Ordú na Limistéar Gaeltachta. Thug Patrick Lindsay, an chéad Aire Gaeltachta, le fios ina dhiaidh sin go raibh na deiseanna forbartha a chuirfeadh an Roinn nua ar fáil do phobail imeallacha ar thús cadhnaíochta an aosa pholaitiúil ag an am seachas iarrachtaí a thionscnódh an Roinn nuabhunaithe le dul i ngleic le próiseas an aistrithe teanga (Lindsay 1992: 164). D’fhéadfaí a áiteamh gurbh é an dearcadh aontomhaiseach tosaigh seo a leag síos múnla easnamhach a chuirfeadh laincis ar an Roinn straitéisí ní ba dhinimiciúla a fhorbairt a thabharfadh aghaidh ar cheisteanna a bhí i bhfad ní ba chasta agus ní ba choimpléacsaí ná na riachtanais a bhain leis an bhforbairt tuaithe i gceantair imeallacha, saintréith mhodh oibre na Roinne ó shin i leith.

Is léir, mar sin, gurb é an cuspóir is cóir a bheith leis an bpleanáil teanga i limistéar Chatagóir A i gCo. Mhaigh Eo ná dlús na gcainteoirí Gaeilge a chosaint iontu agus tacaíocht a chur ar fáil a dhéanfaidh buanú ar úsáid na Gaeilge mar theanga theaghlaigh agus phobail iontu. Beidh cuspóir eile i gceist leis an bpleanáil teanga i limistéir Chatagóirí B agus C sa chontae, .i. na gréasáin aitheantais agus institiúideacha Gaeilge iontu a chothú, a bhuanú agus a neartú. I ngeall ar líon ard na gceantar a bhfuil próifíl Chatagóir C orthu i gCo. Mhaigh Eo, is léir gurb é an clár oibre pleanála teanga a dhíríonn ar na gréasáin Ghaeilge de chineál Chatagóir C is mó a bhaineann le hábhar i gcás cuspóirí Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo.

Is léir gur láidre na gréasáin seo i bpobail áirithe thar a chéile, agus nach é an cineál céanna gréasáin atá i ngach uile phobal. Tá trí ghné go príomha le sonrú ar na ceantair a bhfuil gréasáin Ghaeilge fós ar marthain iontu sa chatagóir seo: tá na gréasáin bunaithe ar roinnt bheag teaghlach a bhfuil an Ghaeilge fós mar phríomhtheanga theaghlaigh acu; tá úsáid na Gaeilge níos coitianta i measc ghréasáin na n-aoisghúpaí is sine, agus i gcás na gceantar a bhfuil gréasáin réasúnta láidir iontu is minic a fheidhmíonn na hinstitiúidí oideachais ag an mbunleibhéal agus institiúidí eile sa phobal trí Ghaeilge nó go dátheangach. Faightear léiriú ar ghréasáin níos laige ná seo i bpobail eile sa chontae a bhfuil úsáid na Gaeilge ina measc bunaithe ar na haoisghrúpaí is sine sa phobal agus gan ach aitheantas dromchlach á thabhairt do ghné na Gaeltachta sna hinstitiúidí oideachais. I gcás roinnt mhaith de na pobail is laige i gCatagóir C i gCo. Mhaigh Eo, ní dhéantar an méid sin féin. Fágann sin go bhfuil comhthéacsanna agus túsphointí éagsúla i gceist ag na pobail i limistéir Chatagóir C fiú más spéis leo aghaidh a thabhairt ar na critéir phleanála teanga atá á moladh sa SCT.

 

3. Ceantair Ghaeltachta Mhaigh Eo agus an Phleanáil Teanga amach anseo

Is é an impleacht is tábhachtaí a bhaineann leis an bpríomh-mholadh a rinneadh sa SCT maidir le stádas Gaeltachta ceantair go mbeadh an stádas sin bunaithe go príomha ar choincheap dinimiciúil den Ghaeltacht seachas ar shainmhíniú limistéarach mar a rinneadh go nuige seo. Moltar sa staidéar go ndéanfaí leasú ar an Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956 chun meicníocht reachtúil a chur ar fáil le hidirdhealú a dhéanamh idir na cineálacha éagsúla pobal teanga, Catagóirí A, B nó C, atá laistigh de na limistéir reachtúla Ghaeltachta agus chun sainiú a dhéanamh ar na bunchritéir a bhaineann leis an stádas reachtúil Gaeltachta a shaothrú. Soiléiriú a bheadh mar aidhm leis na leasuithe seo a dhearbhódh gurbh é an tsainbhrí reachtúil a bheadh leis an bhfocal ‘Gaeltacht’ i gcomhthéacs an Achta feasta ná ‘limistéir shainithe phleanála teanga’ seachas aon bhrí theangeolaíoch eile. Ciallaíonn seo go bhféadfaí aitheantas de réir na gcatagóirí éagsúla a ghnóthachtáil nó a chailleadh.

Moltar sa SCT go n-ullmhófaí plean teanga do gach limistéar Gaeltachta agus go mbeadh comhaontú an phlean sin leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag brath ar éifeacht agus ar thoilteanas an phobail i limistéar feidhme an phlean na critéir a bhaint amach. Tagraíonn an SCT do na riachtanais a bhaineann le comhtháthú a dhéanamh ar na príomhréimsí pleanála a bhaineann le saol na Gaeltachta, ar a n-áirítear an phleanáil teanga, an phleanáil fhisiciúil, an phleanáil oideachais, an phleanáil forbartha, an phleanáil shóisialta agus an fhorbairt pobail sna pleananna teanga seo.

Táthar ag moladh go mbunófaí gach plean ar thimthriall seacht mbliana, .i. gur tréimhse seacht mbliana a bheidh i gceist le gach plean, ach go gcuirfí tús leis an bpróiseas measúnaithe ar éifeacht an phlean reatha agus le hullmhú na chéad phlean eile ag tús an tséú bliain den timthriall.

I gcás na gCatagóirí B agus C, táthar ag moladh nár chóir don phróiseas pleanála iontu díriú ach ar na príomhghnéithe a bhaineann le cur chun cinn na Gaeilge agus le láidriú na ngréasán Gaeilge iontu agus go mbeidh an próiseas pleanála teanga atá i gceist iontu teoranta do na réimsí pleanála ar féidir a bheith deimhin de ina dtaobh go mbeidh an caiteachas a eascróidh astu teangalárnaithe, chun go ndéanfar idirdhealú soiléir idir caiteachas an Stáit ar an nGaeilge agus caiteachas an Stáit ar réimsí forbartha eile sna limistéir atá i gceist. Is é éirim na moltaí pleanála teanga do na catagóirí seo go mbeidh an caiteachas ó bhuiséad Gaeltachta an Stáit, agus go háirithe caiteachas na bpríomheagraíochtaí stáit a bhfuil feidhm acu sa Ghaeltacht, .i. an Roinn Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta, ag eascairt go príomha feasta as na beartais forbartha agus eile a eascróidh as na pleananna teanga a thagann chun cinn mar thoradh ar an bpróiseas seo. Is é aidhm an chur chuige seo go ndeimhneofar go mbeidh critéir phleanála teanga mar bhunús le caiteachas Gaeltachta an Stáit feasta agus bheifí ag súil, dá bharr, go léireodh seo don phobal, ar bhealach ní ba shoiléire ná mar atáthar á dhéanamh faoi láthair, an ceangal atá idir leas na Gaeilge agus caiteachas an Stáit sa Ghaeltacht.

 

3.1 Critéir Phleanála Teanga Limistéir Ghaeltachta Chatagóirí B agus C

Moltar gurb iad na cleachtais agus na spriocanna seo a leanas ba chóir don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a úsáid mar chritéir mheasúnaithe agus í ag déanamh breithiúnais ar fhiúntas agus ar éifeacht na bpleananna teanga a chuirtear faoina bráid mar bhunús d’éilimh na bpobal i gceantair Chatagóirí B agus C ar aitheantas Gaeltachta i dtaca leis an straitéis nua stáit atá á mholadh sa SCT:[8]

  1. I gcás Chatagóir B, 44% den daonra a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir fhaisnéis an Daonáirimh agus 30% de na teaghlaigh a bhfuil leanaí acu i réimse aoise na scéime a bheith i dteideal dheontais SLG faoin scéim leasaithe.
  2. I gcás Chatagóir C, 30% den daonra a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir fhaisnéis an Daonáirimh agus 10% de na teaghlaigh a bhfuil leanaí acu i réimse aoise na scéime a bheith i dteideal dheontais SLG faoin scéim leasaithe.
  3. Gréasáin Ghaeilge a bheith gníomhach i measc an phobail.
  4. Oideachas trí Ghaeilge (cé is moite de ranganna Béarla) ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal a bheith curtha ar fáil do dhaltaí an cheantair.
  5. Polasaithe iompar teanga a dhréachtú agus a fheidhmiú sna scoileanna a thacaíonn le húsáid na Gaeilge mar theanga shóisialta lasmuigh den seomra ranga.
  6. Go mbeadh seirbhísí tacaíochta teaghlaigh teangalárnaithe (ar a n-áirítear seirbhísí cúram leanaí, seirbhísí réamhscolaíochta agus seirbhísí comhairleoireachta teaghlaigh), agus socruithe faoi leith a bheith déanta, nuair is cuí, do leanaí a bhfuil an Ghaeilge mar theanga bhaile acu agus do leanaí nach bhfuil aon Ghaeilge acu.
  7. Clubanna óige, campaí samhraidh agus imeachtaí spóirt agus sóisialta eile don óige a bheith á riaradh trí Ghaeilge agus polasaí iompar teanga a bheith á fheidhmiú iontu.
  8. Seirbhísí eaglasta trí Ghaeilge a bheith ar fáil do phobal Gaeilge an cheantair.
  9. Go mbainfí leas as forálacha an Achta um Phleanáil agus Forbairt, 2000 le cosaint a thabhairt do dhlús na gcainteoirí Gaeilge sa cheantar (i gcás Chatagóir B) agus le huasmhéadú a dhéanamh ar úsáid agus ar fheiceálacht na Gaeilge sna limistéir trí chéile.

Is cinnte go bhfuil acmhainn institiúideach an phobail feidhm phraiticiúil a thabhairt do na critéir phleanála seo níos forbartha i gceantair áirithe de chuid Ghaeltacht reachtúil Cho. Mhaigh Eo seachas a chéile agus go gcruthódh na critéir thuasluaite dúshláin ar leith do phobail áirithe. Ar an láimh eile, áfach, tugann an clár oibre is bunús le straitéis na gcritéar pleanála deis do na pobail éagsúla teacht ar chomhaontú faoi na cuspóirí pobail agus na réimsí polasaí teanga is cinniúnaí a thabharfaidh brí do choincheap na Gaeltachta ina gcás féin. Is é is aidhm leis na critéir i ndeireadh na dála ná modh oibre agus treoirlínte a mholadh don phobal sa chaoi is go mbeidh siad in ann fáil faoi réir leis an mbuntáiste is fearr a bhaint as straitéis a bheadh ag díriú ar aidhmeanna comhtháite pleanála teanga, agus go ndéanfadh an Stát agus a chuid foras freastal feiliúnach ar na haidhmeanna seo. Mheabhródh próifíl éigeandálach teanga na Gaeltachta comhaimeartha a léiríodh sa SCT go bhfuil dhá phríomhrogha le déanamh ag na forais éagsúla stáit atá ag feidhmiú sa Ghaeltacht faoi láthair: (a) tacú le hiarrachtaí an phobail i gceantair Chatagóir A cur in aghaidh an aistrithe teanga agus (b) tacú le hiarrachtaí an phobail i gceantair Chatagóirí B agus C athnuachan nó atógáil a dhéanamh ar na gréasáin Ghaeilge agus institiúideacha, is é sin má táthar leis an nGaeltacht a chosaint mar aonad teangeolaíoch. Is forleithne a thuigtear anois, áfach, gurb amhlaidh is lú éifeacht a bheidh le straitéisí na pleanála teanga dá mhéad cúngú nó imeallú a dhéantar ar sheachadadh agus ar shealbhú teanga i gcás teanga mhionlaigh. I gcomhthéacs na géarchéime seo, ach go háirithe, ba dheacair an réasúnaíocht reachtúil agus straitéiseach a bhaineann le stádas mar cheantar Gaeltachta a bhronnadh ar phobail a chosaint mura mbeidís toilteanach agus inniúil ar na forais oideachais agus pobail atá faoina smacht a stiúradh agus a fheidhmiú ar bhealach atá taobh le haidhmeanna na pleanála teanga Gaeilge.

Aithnítear freisin nach acmhainn dúinn leanacht den laissez-faire feasta más spéis linn dul i ngleic leis na dúshláin atá ag bagairt ar inmharthanacht oidhreacht theangeolaíoch na Gaeltachta i ngeall ar a leochailí is atá na pobail Ghaeilge inti. Tuairiscítear líon na ndúshlán sa SCT don tuiscint thraidisiúnta limistéarach i bhfianaise leathnú chúinsí na Breac-Ghaeltachta sa limistéar trí chéile:

  • Léiriú ar phobal teanga atá faoi bhrú agus gan ach duine as beirt a thógtar le Gaeilge sna ceantair is láidre (Cat. A);
  • Is ar éigean ar ann do phobail Ghaeltachta a bhfuil trí ghlúin de chainteoirí gníomhacha Gaeilge ar marthain iontu;
  • Laige na n-iarrachtaí atá ar bun leis an gcomhthéacs measctha sochtheangeolaíochta a bhainistiú le brú an aistrithe teanga a laghdú ar na cainteoirí óga Gaeilge;
  • Laghad na ndeiseanna agus na dtacaíochtaí a thugtar do chainteoirí óga an Ghaeilge a úsáid mar theanga shóisialta i measc a gcomhaoiseach;
  • Doiléireacht polasaithe agus cleachtas á léiriú ag na forais stáit sa Ghaeltacht, go háirithe i réimse an oideachais.

 

4. Clabhsúr

Is é tátal lom an SCT ná go bhfuil na pobail Ghaeltachta i ngreim ag géarchéim theangeolaíoch a bhfuil saolré fiche bliain fanta aici. Is léir go bhfuil dúshláin ar leith roimh na pobail éagsúla sna limistéir Ghaeltachta i gCo. Mhaigh Eo i ngeall ar líon na gceantar de chuid Chatagóir C nach bhfuil sé soiléir ina dtaobh cén polasaí teanga ar mian leo a chur i bhfeidhm. Is é mianach agus ábharthacht an chomhrá inmheánaigh a bheidh ag na pobail éagsúla i gceantair oifigiúla Ghaeltachta Cho. Mhaigh Eo a chinnfidh cén rath a bheidh ar chinniúint na Gaeilge sa chontae seo amach anseo. Faraor, ní bheidh seachantacht agus dearcadh laissez-faire na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 agus Acht na Gaeltachta 2012 maidir leis na croí-réimsí a bhaineann le teanga an teaghlaigh agus tacaíochtaí oideachais do mhionteangóirí ina gcrainn láidre taca do na pobail ina gcuid iarrachtaí bonn níos téagartha a chur faoin nGaeilge sna ceantair éagsúla.

Ní mór mar sin tosaíochtaí a aithint in aghaidh na géarchéime seo agus straitéis a chumadh a fhéachfaidh leis na naisc nó an nexus a chothú idir labhairt na Gaeilge sa teaghlach agus a húsáid i measc an phobail agus a treisiú i measc na hóige in institiúidí oideachais na bpobal seo. Tá moltaí agus critéir phleanála teanga an SCT fréamhaithe sa chur chuige seo, atá faoi chomaoin ag smaointeoireacht Joshua Fishman (1989, 1991) ar shocheolaíocht agus eitneolaíocht na mionlach teanga. Ní bhíonn aon chur chuige ná aon mholadh gan locht, dar ndóigh, ach is léir gur cruthaithí iad ná samhail feidhme na Straitéise 20 Bliain agus an Achta Ghaeltachta 2012 ar údar an-simplí, .i. go bhfuil siad níos ábhartha do na dúshláin agus na riachtanais a bhaineann leis an mionteangachas sa Ghaeltacht faoi láthair. Mar a léiríodh sa Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas (Lenoach et al. 2012) agus in Ó Curnáin (2009), beidh misneach thar na bearta ag teastáil ó phobal a thriálfaidh dul i ngleic le castachtaí an mhionteangachais, ach beidh an éirim choiteann uathu freisin le treoir agus míthreoir a idirdhealú óna chéile i ngeall ar a lagbhríche is atá tiomantas na bhforas oifigiúil do riachtanais na féiniúlachta Gaelaí faoi láthair. Guítear gach uile rath agus misneach ar phobail na gceantar Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo ina gcuid iarrachtaí!

 

Noda

CG – Coimisiún na Gaeltachta (1926)

OAG – Oifig Aire na Gaeltachta

OLG – Ordú na Limistéar Gaeltachta

OGCC - Oifig na Gaeltachta agus na gCeantar gCúng

SCT – Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Tuarascáil Chríochnaitheach. BÁC: Oifig an tSoláthair (2007)

SLG – Scéim Labhairt na Gaeilge de chuid na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta

 

[1]Tá an páipéar seo bunaithe ar chaint a tugadh ag Comhdháil ar Ghaeltachtaí Mhaigh Eo a eagraíodh in Ard-Mhúsaem na hÉireann, Saol na Tuaithe, Caisleán an Bharraigh an 10 Aibreán 2008. Gabhaim buíochas leis an Dr Séamus Mac Philip, Ard-Mhúsaem na hÉireann, Saol na Tuaithe, agus a choiste eagrúcháin as an gcomhdháil a réiteach agus an deis a thabhairt do na cainteoirí éagsúla a gcuid smaointe ar chinniúint na Gaeltachta i gCo. Mhaigh Eo a roinnt lena chéile agus leis an lucht éisteachta. Tá moladh ag dul don lucht eagrúcháin as an deis phoiblí seo a thapú le seans a thabhairt do dhaoine aghaidh a thabhairt ar cheisteanna deacra agus leochaileacha ar bhealach atá ag iarraidh a dhul i ngleic leis na dúshláin a bhaineann le hoidhreacht agus aitheantas na Gaeltachta a shaothrú go praiticiúil agus go réadúil ina chuid réimsí agus comhthéacsanna éagsúla.

[2]Tá údar an ailt seo ar dhuine de na húdair a scríobh an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007).

[3]Ba í OGCC an áisíneacht stáit ar leagadh cúram na Gaeltachta uirthi roimh 1956.

[4]Is éard a leag mé romham in Ó Giollagáin (2009) plé achoimreach a dhéanamh ar thorthaí agus ar mholtaí an SCT i bhfianaise cuid den phlé poiblí agus earnálach a rinneadh ar lorg fhoilsiú an SCT.

[5]Mar shampla, thabharfaí próifíl ní ba láidre faoi deara maidir leis na gréasáin teanga atá ag feidhmiú i gceantar na hEachléime sa chuid ó dheas de Thoghroinn an Gheata Mhóir Theas ná mar a bheadh le sonrú ar na gréasáin sa chuid ó thuaidh. Mar sin féin, tá gnéithe éagsúla de réimsí saoil na ngréasán pobail i gceantar na hEachléime atá comhtháite i ngréasáin institiúide agus pobail sa chuid eile de leithinis Bhéal an Mhuirthead a bhfuil próifíl Chatagóir C i réim inti.

[6]Is ionann na huimhreacha a nasctar leis na toghranna agus uimhir aitheantais na Príomhoifige Staidrimh. Gabhann na réamhuimhreacha 29(0)- leo freisin a léiríonn toghranna Cho. Mhaigh Eo.

[7]Pléitear gnéithe eile de phróifíl teanga Cheathrú Thaidhg in Ó Giollagáin 2011.

[8]Leagtar critéir eile amach sa SCT do Chatagóir A (a bhaineann le ceantar Cheathrú Thaidhg) atá ag díriú ar straitéis níos cuimsithí pleanála teanga. I measc na spriocanna ginearálta pobail moltar go ndíreofar ar: 67% den daonra a bheith ina gcainteoirí laethúla Gaeilge de réir fhaisnéis an Daonáirimh agus 65% de na teaghlaigh a bhfuil leanaí acu i réimse aoise na scéime a bheith i dteideal deontais SLG faoin scéim leasaithe; úsáid na Gaeilge a bheith in uachtar i nósmhaireachtaí sóisialta agus institiúideacha an limistéir.

 

Leabharliosta: 

Foinsí Clóite

An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta (2002/3). Scéim Labhairt na Gaeilge: Torthaí.

CG – Coimisiún na Gaeltachta (1926).Gaeltacht Commission: Report. BÁC: Oifig an tSoláthair.

Fishman, Joshua A. (1989). Language and ethnicity in minority sociolinguistic perspective. Clevedon: Multilingual Matters.

Fishman, Joshua A. (1991). Reversing language shift: theory and practice of assistance to threatened languages. Clevedon: Multilingual Matters.

Hindley, R. (1990). The Death of the Irish Language. Londain: Routledge.

Lenoach, C., Ó Giollagáin, C. agus B. Ó Curnáin (eag.í)(2012) An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas. Indreabhán: Leabhar Breac. 2012.

Lindsay, P. (1992). Memories. BÁC: Blackwater.

Mac Donnacha, S., F. Ní Chualáin, A. Ní Shéaghdha, agus T. Ní Mhainín (2005). Staid Reatha na Scoileanna Gaeltachta. BÁC: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ó Curnáin, B. (2009). Mionteangú na Gaeilge.  B. Ó Catháin (eag.) Sochtheangeolaíocht na Gaeilge, Léachtaí Cholmcille XXXIX. An Daingean: An Sagart.

Ó Giollagáin, C. (2002). ‘Scagadh ar rannú cainteoirí comhaimseartha Gaeltachta: gnéithe d’antraipeolaíocht teangeolaíochta phobal Ráth Cairn’, The Irish Journal of Anthropology, Iml. 6, 25-56. Maigh Nuad: Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad.

Ó Giollagáin, C. (2004). ‘Ár scéal féin inár dteanga féin: Dinimicí teanga Ghaeltacht ár linne’, B. Ó Conaire, (eag.). Aistí ag Iompar Scéil: In ómós do Shéamus Ó Mórdha, BÁC: An Clóchomhar.

Ó Giollagáin, C. (2005). ‘Gnéithe d’antraipeolaíocht theageolaíoch Phobal Ros Muc, Co. na Gaillimhe’,  Kirk, J. agus D. Ó Baoill (eag.). Legislation, Literature and Sociolinguistics: Northern Ireland, the Republic of Ireland, and Scotland. Belfast Studies in Language, Culture and Politics 13, 138-62. Béal Feirste: Cló Ollscoil na Banríona.

Ó Giollagáin, C. (2006). ‘Gnéithe de Stair Theorainn na Gaeltachta: coimhlint idir dhá riachtanas’, Doyle, A. agus S. Ní Laoire (eag.). Aistí ar an Nua-Ghaeilge in Ómós do Bhreandán Ó Buachalla. BÁC: Cois Life 2006: 95-116.

Ó Giollagáin C. (2009). Torthaí an Staidéir chuimsithigh theangeolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht. B. Ó Catháin (eag.) Sochtheangeolaíocht na Gaeilge, Léachtaí Cholm Cille 39, 2009: 154-87. An Daingean: An Sagart.

SCT – Ó Giollagáin agus Mac Donnacha et al. (2007). Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Tuarascáil Chríochnaitheach, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, agus an Institiúid Náisiúnta um Anailís Réigiúnach agus Spásúil, Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad, Conchúr Ó Giollagáin, Seosamh Mac Donnacha, Aoife Ní Shéaghdha, Fiona Ní Chualáin agus Mary O’Brien.Tuarascáil taighde don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta. BÁC: Oifig an tSoláthair.

OAG – Oifig Aire na Gaeltachta (1956). ‘Determination of Gaeltacht Areas’ i gComhad S15811B, Roinn an Taoisigh.

Ó Riagáin, P. (1997). Language Policy and Social Reproduction: Ireland 1893–1993. Oxford: Clarendon Press.

OLG – Rialtas na hÉireann (1956). Ordú na Limistéar Gaeltachta. BÁC: Oifig an tSoláthair.

Rialtas na hÉireann (1956). Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú). BÁC: Oifig an tSoláthair.

Rialtas na hÉireann (2010). Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030. BÁC: Oifig an tSoláthair.

Rialtas na hÉireann (2012). Acht na Gaeltachta. BÁC: Oifig an tSoláthair.