Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Staid Reatha an Mheaisínaistriúcháin Gaeilge | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Staid Reatha an Mheaisínaistriúcháin Gaeilge

Caoilfhionn Lane

Réamhrá

Idir 2015 agus 2017, mar chuid dá rannóg grinn, d’fhoilsigh tuairisc.ie sraith alt le samplaí den drochaistriúchán Gaeilge i gcáipéisí agus in áiteanna poiblí ar fud na tíre.  Sa tsraith sin, Amú san aistriúchán, foilsíodh samplaí ar nós ‘Leanbh cheantar atá ag athrú’ mar aistriúchán ón mBéarla ‘baby changing zone’.[1]

Dá mbeadh aistritheoir gairmiúil ag iarraidh Gaeilge a chur ar an mBéarla sin, d’fhéadfaidís leas a bhaint as foclóir.ie, ina bhfuil seomra gléasta páiste, seomra athraithe páiste[2] tugtha, agus tá ionad friothála ar naíonáin ar fáil ó téarma.ie[3].  Is léir, mar sin, nach ndeachaigh aistritheoir gairmiúil, coinsiasach i ngleic le ‘baby changing zone’.  Go deimhin, drochsheans gur cainteoir Gaeilge a bhuail faoin aistriúchán sin.

Ach cárbh as a dtáinig an leagan Gaeilge mar sin?  Seans láidir gur meaisínaistriúcháin a bhí in úsáid ag pé duine a bhí i mbun aistriúcháin.  Tá dul chun cinn suntasach déanta i réimse an mheaisínaistriúcháin le blianta beaga anuas (Bojar et al., 2016), ach caithfear a bheith cúramach faoin gcaoi a gcuirtear an teicneolaíocht i bhfeidhm.  Is iomaí sampla atá ar fáil i nGaeilge de drochaistriúcháin (nó de ‘phraistriúcháin’, mar a thugtar orthu sna meáin), sa tsraith a d’fhoilsigh tuairisc.ie agus i bhfoinsí eile, agus is léir go n-eascraíonn go leor de na samplaí sin as mí-úsáid an mheaisínaistriúcháin.

Mar sin, is ábhar conspóideach i gcónaí é an t-aistriúchán in áiteanna poiblí (agus úsáid an mheaisínaistriúcháin sa chomhthéacs sin), go háirithe i gcás mionteangacha.  Mar shampla, i mí Aibreáin 2019, chinn an Coimisinéir Teanga gur sháraigh Comhairle Contae Chorcaí a gcuid dualgas nuair a d’úsáid siad Google Translate chun a suíomh gréasáin a aistriú go Gaeilge agus bhí an t-aistriúchán lochtach[4].

San alt seo, déanfar athbhreithniú ar an teicneolaíocht seo i gcomhthéacs na Gaeilge agus pléifear na forbairtí is déanaí sa réimse.  Breathnófar freisin ar na gnéithe comhchoiteann a théann i bhfeidhm ar úsáideoirí agus ar fhorbróirí an mheaisínaistriúcháin: caighdeán an aschuir ó chórais mheaisínaistriúcháin Gaeilge, agus úsáid chuí agus mí-úsáid na teicneolaíochta.  Pléifear freisin na difríochtaí idir córas ilfheidhmeach ar nós Google Translate, agus córas le sainfheidhm, mar shampla córas meaisínaistriúcháin a bhaineann le teanga an rialtais amháin.

Úsáid Chuí an Mheaisínaistriúcháin

Tá an-tóir ar Google Translate mar uirlis mheaisínaistriúcháin agus in 2016 rinne Google comóradh ar dheich mbliana ó cuireadh an uirlis ar fáil, uirlis a bhí ag freastal ar 500 milliún duine gach lá ag deireadh na tréimhse sin[5].  Tá na bogearraí seo saor in aisce ar líne, agus ag úsáid an chomhéadain is féidir leis an úsáideoir leagan aistrithe de théacs a nochtadh, i gcibé rogha teanga atá ag an úsáideoir.  Tá Google Translate in ann os cionn 100 teanga a láimhseáil, an Ghaeilge san áireamh, ach ní gá go mbeadh an caighdeán aistriúcháin céanna ag dul le gach teanga, mar go láimhseáiltear na teangacha ar bhealaí éagsúla[6].

Cé go dtéann úsáideoirí difriúla i ngleic le teicneolaíocht mheaisínaistriúcháin ar nós Google Translate ar bhealaí éagsúla, ag brath ar a gcuid riachtanas agus leibhéal cumais i dteangacha éagsúla, is féidir a rá go bhfuil dhá mhórghrúpa úsáideoirí ag Google Translate – úsáideoirí gairmiúla agus úsáideoirí nach úsáideoirí gairmiúla iad, úsáideoirí ócáideacha ina measc siúd.

Is minic a bhíonn an t-úsáideoir ócáideach ag iarraidh eolas simplí a aimsiú, nó a chur in iúl.  Ag úsáid comhéadain de chuid Google Translate, is féidir leis an úsáideoir ócáideach éirim an scéil a bhaint amach i dteanga nach bhfuil ar eolas aige nó aici.  Mar shampla, d’fhéadfadh cainteoir aonteangach Béarla teach saoire a chur in áirithe i nGearmáinis gan stró ag úsáid Google Translate.  Sa chás seo, tá ról an úsáideora agus leas an mheaisínaistriúcháin soiléir: tá an t-úsáideoir ócáideach ag iarraidh eolas simplí a fháil amach, agus is leor aistriúchán garbh chun an sprioc sin a bhaint amach.  Tá a mhalairt fíor freisin, mar bhainfeadh an cainteoir Gearmáinise ar bheagán Béarla an luach céanna amach as aistriúchán garbh ar nasc Béarla.

Cé go gceapfaí go luíonn sé seo le réasún, ní gá gurb amhlaidh atá sé seo le gach teanga.  Ar nós fhormhór na dteangacha coitianta, tá Google Translate in ann Gaeilge a aistriú go teangacha eile agus vice versa.  Ach, go minic, ní bhaineann pobal na Gaeilge leas as, mar go bhfuil Béarla acu go léir.  Is iad úsáideoirí gan Ghaeilge a úsáideann Google Translate (Gaeilge) den chuid is mó.  Tugtar úsáid aontaobhach air seo.  Is nósmhaireacht coitianta go maith é seo i gcás na mionteanga.

Bhí an méid seo le rá ag (Měchura, 2017) faoin úsáid ócáideach seo i gcás an mheaisínaistriúcháin:

…meaisínaistriúchán le haghaidh tuisceana, chun téacs atá i dteanga nach bhfuil ag an léitheoir a dhéanamh sothuigthe dó nó di. Is féidir an meaisínaistriúchán a úsáid chun aistriúchán garbh a chruthú agus, cé go mbeidh sé beagáinín ciotach agus mícheart, tabharfaidh sé éirim an téacs don léitheoir. (Měchura, 2017: 67)

Tá riachtanais éagsúla ag úsáideoirí gairmiúla.  De ghnáth is aistritheoirí proifisiúnta iad seo, ach d’fhéadfaí gur iar-eagarthóirí iad freisin.  Déanann iar-eagarthóirí eagarthóireacht ar an gcéad dréacht de phíosa aistriúcháin.  Ar na huirlisí atá ina gcabhair don aistritheoir agus don iar-eagarthóir tá: foclóirí, bunachair téarmaíochta, agus an t-aistriúchán ríomhchuidithe.  Ach, baineann iar-eagarthóirí leas as an meaisínaistriúchán chun an chéad dréacht de phíosa aistriúcháin a chruthú.  Go deimhin, is as teacht réimse an mheaisínaistriúcháin a d’eascair ról an iar-eagarthóra (Church & Hovy, 1993).

Thug Offersgaard et al. (2008) achoimre ar na scileanna atá ag teastáil go hidéalach ón iar-eagarthóir nó an t-aistritheoir atá ag baint úsáid as an meaisínaistriúchán don chéad dréacht:

A good post-editor knows the domain; A good post-editor has very good skills in his/her native language; A good post-editor can implement style guides and consistent terminology; A good post-editor is an experienced proof-reader.  He/she can make swift decisions on ‘good – no good’ in order to be able to discard machine-translated text strings that are not worthwhile post-editing, but need to be translated from scratch.

I gcás an aistriúcháin ríomhchuidithe faigheann an t-aistritheoir méadú ar tháirgiúlacht ag úsáid sainbhogearraí ar nós SDL Trados[7]MemoQ[8].  Ach cén chaoi a bhfuil caighdeán an aschuir ón meaisínaistriúchán i comparáid leis an aistriúchán ríomhchuidithe?  Braitheann sé sin ar an gcineál algartaim atá sa chóras meaisínaistriúcháin, agus ar an gcóras é féin.  Ar chúiseanna éagsúla, is féidir dhá chóras meaisínaistriúcháin bunaithe ar an algartam céanna a chur i gcomparáid agus ní gá go mbeadh an caighdeán céanna acu.  Míníonn Měchura (2017) an comhthéacs ina bhfuil an meaisínaistriúchán inmholta agus ina chabhair don aistritheoir:

...mar chuid de phróiseas an aistriúcháin ina ndéantar meaisínaistriúchán ar dtús, ansin déanfaidh aistritheoir nó profléitheoir daonna iar-eagarthóireacht air. Is amhlaidh a bhíonn sé níos tapúla, uaireanta, téacs a aistriú le meaisinaistriúchán go gceartóidh duine na botúin ansin, seachas duine á aistriú ón tús. Bíonn próiseas mar seo ar siúl ag eagraíochtaí a mbíonn orthu líon mór téacasanna a aistriú arís agus arís eile... (Měchura, 2017: 68)

Ach tugann sé foláireamh don té a bheadh ag iarraidh meaisínaistriúchán a úsáid chun tabhairt faoi phíosa a aistriú:

 Níl sé inmholta, mar shampla, an meaisínaistriúchán a úsáid chun suíomh idirlín nó bróisiúr a aistriú go teanga éigin nach bhfuil ar do thoil agat agus an t-aistriúchán a fhoilsiú go poiblí.  (Měchura, 2017: 68)

Is dócha nach bhfuil an chomhairle seo á leanúint i roinnt  cásanna de na ‘praistriúcháin’ ar chomharthaí poiblí atá fós ag teacht aníos sna meáin.  Go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur ar an úsáideoir atá an locht, ní ar an teicneolaíocht.  Bheifí ag súil go mbeadh úsáideoir oilte nó úsáideoir gairmiúil ag aistriú comhartha poiblí, ach seans gur chomhlíon úsáideoir ócáideach an ról sa chás sin, ní dhearnadh  machnamh ar an tasc, agus baineadh mí-úsáid as inneall meaisínaistriúcháin.

Samhlacha Meaisínaistriúchán

Tá bealaí éagsúla ann chun córas meaisínaistriúcháin (MT) a fhorbairt: meaisínaistriúchán bunaithe ar rialacha nó meaisínaistriúchán riailbhunaithe (RBMT), an meaisínaistriúchán staitistiúil (SMT), an meaisínaistriúchán néarach (NMT) agus an meaisínaistriúchán hibrideach.  Déanann na téarmaí SMT[9] nó NMT[10] cur síos ar an gcineál algartaim, agus tugtar samhail ar an táirge a chruthaíonn algartam ar leith.  Tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint le gach cineál córais, agus bíonn caighdeán an aschuir éagsúil ag brath ar an tsamhail a úsáidtear chomh maith leis an mbuntéacs atá le haistriú.  Tá córais aistriúcháin éagsúla bunaithe ar shaineolas teanga agus scríobhann forbróirí rialacha aistriúcháin dóibh.  Tá córais eile bunaithe ar chorpas téacs a bheith ar fáil agus léiriú staitistiúla de rialacha teangeolaíochta a bhaint den téacs le halgartaim.  Tá caighdeáin na gcóras seo taobh leis an saineolas sa chéad chás nó le méad an chorpais sa dara cás.  Déantar cur síos ar na samhlacha seo thíos.  Tabhair faoi deara, go mb’fhéidir go bhfuil córas meaisínaistriúcháin ag úsáid níos mó ná samhail amháin.  Mar shampla, i gcás Google Translate, is minic go mbraitheann an tsamhail atá in úsáid ar na teangacha atá i gceist.[11]    

Meaisínaistriúchán riailbhunaithe

Bhí na chéad chórais mheaisínaistriúcháin bunaithe ar rialacha teangeolaíochta, agus tá an cur chuige seo fós in úsáid i bhforbairt córais mheaisínaistriúcháin.  Ach bíonn go leor laincisí ag baint leis an gcur chuige sin, go príomha mar tá saineolas sa dá theanga ag teastáil ón bhforbróir (an ríomheolaí nó an t-innealtóir bogearraí) ar an dá theanga atá i gceist.  Caithfidh córais riailbhunaithe (RBMT) cruinne a bheith in ann rialacha casta teanga, gach gné den ghramadach, agus  eisceachtaí a láimhseáil.  Buntáiste a bhaineann le córais mar seo na nach bhfuil corpas mór téacs de dhíth chun iad a fhorbairt, agus feileann sé seo do roinnt teangacha (Forcada et al., 2011). 

Meaisínaistriúchán staitistiúil

Le gairid, is iad na córais mheaisínaistriúcháin staitistiúla (SMT) is iomadúla in úsáid.  Tá córas SMT bunaithe ar chorpas comhthreomhar.  Is éard is corpas comhthreomhar ann ná bailiúchán de phéirí abairtí sa dá theanga, agus a bhfuil an bhrí chéanna ag gach péire acu.

Go ginearálta, is féidir a rá go bhfuil patrúin chomónta le haithint sa dá theanga nuair atá an t-ábhar céanna faoi chaibidil.  Tá sé seo le feiceáil go soiléir i gcorpas comhthreomhar.  Is féidir le córas meaisínaistriúcháin samhail staitisitiúil den ghaol idir an dá theanga sa chorpas comhthreomhar seo a chruthú.  Déanann Měchura (2017) cur síos ar an bpróiseas seo:

As sin, cruthóidh an ríomhaire samhail staitistiúil den dá theanga agus den ghaol eatarthu. Go bunúsach, tá an ríomhaire ag tabhairt faoi phróiseas foghlama, é ag obair as a stuaim féin faoi stiúir ag algartam staitistiúil, gan d’ionchur aige ach an fhianaise atá le fáil sa chorpas agus gan tuiscint aige ar bhrí na n-abairtí. (Měchura, 2017: 66)

Ach is aistritheoirí daonna a chruthaíonn na corpais chomhthreomhara atá riachtanach d’fhorbairt córas meaisínaistriúcháin.  Míníonn Kenny (2012) an tábhacht a bhaineann leis na haistriúcháin dhaonna sin mar shlat tomhais:

SMT thus relies on human translation for its training data, but it also relies on human translation for its legitimacy: the reason developers of SMT systems use parallel corpora to train their systems is because such corpora are assumed to contain good answers to translation problems; and they are assumed to contain good answers precisely because they contain translations performed by human beings. (Kenny, 2012)

Chomh maith leis an gcorpas comhthreomhar, úsáidtear corpas aonteangach i gcórais SMT chun mionshamhlacha staitistiúla a dhéanamh de na patrúin a bhaineann le teanga amháin gan tagairt don teanga eile.  Sa chaoi sin, tá níos mó na samhail amháin staitistiúil ag an gcóras, an ceann a bhaineann leis na bealaí a gcomhfhreagraíonn na teangacha lena chéile, agus samhlacha aonteangacha freisin a bhaineann le rialacha gramadaí na dteangacha.

Córas meaisínaistriúcháin hibrideach

Is féidir córas meaisínaistriúcháin hibrideach a chruthú freisin. Mar shampla, is féidir dréacht a chruthú le córas SMT mar chéad chéim agus ansin rialacha gramadaí breise a chur i bhfeidhm ar an dréacht uaidh ionas gur féidir an cruinneas a fheabhsú (Dowling et al., 2016).

Meaisínaistriúchán néarach

Le cúpla bliain anuas, tá samhail meaisínaistriúcháin nua in úsáid: an meaisínaistriúchán néarach (NMT ó neural machine translation i mBéarla) (Bojar et al., 2016).  Tá córas NMT bunaithe ar líonraí néaracha saorga córais atá iad féin bunaithe go scaoilte ar na líonraí néaracha in inchinn dhaonna.  Dá thoradh seo bíonn go leor algartam in úsáid in aon chóras amháin.

De ghnáth bíonn caighdeán an aschuir ó chóras NMT níos fearr ná na córais eile, ach tá na riachtanais ó thaobh méid téacs de fós bailí (Bojar et al., 2016).  Mar sin, is féidir torthaí maithe a bhaint amach sna mórtheangacha le NMT.  Ag deireadh 2016, thug Google an NMT isteach mar cheann de na samhlacha atá in úsáid ag Google Translate.  Ar dtús, bhí Google NMT ar fáil d’ocht teanga (Wu et al., 2016) agus tugadh isteach an NMT do go leor teangacha eile (an Ghaeilge san áireamh) de réir a chéile.  Ionas gur féidir córas NMT a fhorbairt, tá corpas comhthreomhar ag teastáil, ach is féidir córas NMT a fhorbairt gan téacs aonteangach.

Caighdeán Aistriúcháin ó Chórais Meaisínaistriúcháin

Tá difríochtaí idir na samhalacha éagsúla ó thaobh caighdeáin de.  Mar shampla, de ghnáth bíonn na haistriúcháin a eascraíonn ó NMT níos inléite i gcomparáid leis na haistriúcháin ó SMT (Bojar et al., 2016).  Ach braitheann an difríocht sa chaighdeán idir dhá chóras meaisínaistriúcháin freisin ar na mionsonraí a bhaineann leis an dá chóras agus ar ghnéithe eile.  Chomh maith leis an tsamhail atá in úsáid i gcóras meaisínaistriúcháin, tá tionchar ag téacs an chorpais chomhthreomhair agus an corpas aonteangach ar chaighdeán an aschuir.

Méid an Chorpais

Ní féidir samhail ar ardchaighdeán a chruthú gan téacs cruinn sa chorpas comhthreomhar agus, i gcás SMT, don chorpas aonteangach.  Deirtear go minic i réimse na ríomheolaíochta (agus réimsí eile atá ag brath ar chruinneas sonraí): ‘dramhaíl isteach, dramhaíl amach’ (Kim, Huang & Emery, 2016).  Mura bhfuil corpas téacs cruinn ag dul isteach, ní féidir dul i muinín an téacs a thagann amach.  Ní hamháin go gcaithfidh an téacs a bheith cruinn, ach tá go leor téacs (na milliúin focal) ag teastáil chun córas athléimneach a chruthú.

Ní furasta líon mór téacs atá i dteangacha éagsúla a aimsiú, agus bíonn an-tóir ar na corpais chomhthreomhara atá amuigh ansin, go háirithe corpais atá i dteangacha nach mórtheangacha domhanda iad.  Is foinse mhór de chorpais chomhthreomhara é an tAontas Eorpach (AE), ach cé go bhfuil an Ghaeilge ar cheann de theangacha oifigiúla an AE ó 2007, mar gheall ar mhaolú na Gaeilge san AE, ní gá go n-aistrítear go Gaeilge gach aon cháipéis a fhoilsíonn institiúidí de chuid an AE.  Dá thoradh sin, bíonn na corpais chomhthreomhara beag i gcomparáid le teangacha eile an AE.  Beidh maolú na Gaeilge san AE i bhfeidhm go dtí deireadh na bliana 2021.

Tá staid na Gaeilge i gcomparáid leis na teangacha oifigiúla eile soiléir i gcás DGT-TM: Directorate General for Translation, corpas comhthreomhar atá ar fáil ón Aontas Eorpach:

The first version of DGT-TM was released in the year 2007, including EU documents up to the year 2006.  There have been three updates since (releases 2011, 2012 and 2013) and it is planned to release new data every year. The data up to the year 2013 includes 23 languages (all official EU languages except Croatian), but the 23rd language, Irish, is as usual much under-represented.  The next release of DGT-TM (release 2014, including the data for the year 2013) is expected to include 30,000 Irish and about 200,000 Croatian Translation Units (TUs).  (Steinberger et al., 2014)

Níl an deacracht chéanna le corpas aonteangach: is féidir corpas nua a chruthú ó aon téacs Gaeilge fad is go bhfuil sé ar fáil i bhfoirm atá inléite ag ríomhairí.  Níl aon laincis téacs Gaeilge ó fhoinse oscailte (mar shampla, téacs ón Vicipéid), i bhfoirm atá inléite ag ríomhaire, a íoslódáil chun é a úsáid.  Is féidir freisin comhéadan feidhmchláir (API) nó cnuaschóipeáil ón ngréasán a úsáid chun é a íoslódáil go huathoibríoch.   Fós féin, níl an méid céanna téacs oscailte ar fáil i nGaeilge i gcomparáid leis na mórtheangacha.

Réimse Teanga an Chorpais

Chomh maith le líon na bhfocal i gcorpas éigin, bíonn an friotal sa chorpas an-tábhachtach mar ionchur do chóras meaisínaistriúcháin.  Bíonn tionchar freisin ag réimse teanga an chorpais ar an gcóras aistriúcháin a eascraíonn as.  Má tá córas ilfheidhmeach nó uileghabhálach ag teastáil, bíonn téacs ó réimsí teanga éagsúla ag teastáil.  Ar an lámh eile, má tá córas le bheith dírithe ar úsáideoirí agus iad ag plé le réimse teanga amháin – aistritheoirí ar cháipéisí leighis, cuir i gcás – bíonn cáipéisí leighis ag teastáil mar ionchur, mar go mbíonn na cáipéisí sin lán le samplaí den téarmaíocht agus den stíl chuí.  Ar an gcaoi chéanna, má tá tvuít nó giolc le haistriú, is iad am-línte Twitter an corpas is fearr le húsáid.

Léiríonn na samplaí seo cuid bheag den éagsúlacht teanga, ach taispeánann siad dúshlán amháin a bhaineann le forbairt córas ilfheidhmeach.  Go ginearálta, bíonn sé deacair aistriú gan leid faoin gcomhthéacs, agus tá an rud céanna amhlaidh don mheaisínaistriúchán.  Is féidir dul i ngleic leis an dúshlán sin le córas atá dírithe ar réimsí teanga ar leith (leigheas, stair, eolaíocht, srl.) ach is é an toradh air sin go mbeadh córais iomadúla le forbairt do na réimsí ar leith teanga, cur chuige atá níos costasaí agus níos fadálaí.  Dar le Offersgaard et al. (2008) is comhréiteach an réiteach is fearr:

...in principle it would be preferable to train an SMT system on texts with almost identical writing styles and within the same subject domain.  On the other hand, for practical and financial reasons, it would desirable that the SMT system had a broad coverage being usable for different text types without a negative impact on the translation quality.  So, the solution is a compromise.

Measúnú Caighdeáin an Mheaisínaistriúchán

Tá forbróirí agus iar-eagarthóirí araon ag súil le bunchaighdeán ar leith ó chóras meaisínaistriúcháin, is é sin go bhfuil an t-aistriúchán inléite.  Ach bíonn tosaíochtaí breise ag aistritheoirí.  Níl siad ag iarraidh an iomarca ama a chaitheamh i mbun iar-eagarthóireachta agus tá siad ag iarraidh comhéadan iar-eagarthóireachta atá inúsáidte (Offersgaard et al., 2008).

Úsáideann aistritheoirí agus forbróirí modhanna difriúla chun caighdeán an aschuir a mheas (Sun, 2010). Go minic, úsáideann forbróirí na gcóras aistriúcháin slata tomhais ar leith chun caighdeán na n-aistriúchán a mheas agus chun córais a chur i gcomparáid lena chéile (Papineni et al., 2002; Turian, Shen and Melamed, 2003; Snover et al., 2006).  Déanann na slata tomhais is coitianta luacháil ar chaighdeán an chórais bunaithe ar rialacha agus critéir ar leith, agus is i bhfoirm uimhreach atá an scór deiridh.  Cé go n-úsáideann forbróirí na scóir seo chun córais a chur i gcomparáid lena chéile, níl cuid acu an-iomasach d’aistritheoirí agus ní gá go mbeadh an luach céanna ag aistritheoirí ar an scór seo agus iad ag meas chaighdeán an aistriúcháin.

Mar a léiríonn Sun (2010): ‘…as humans are the end-users of MT, human judgement is ultimately the benchmark to assess the usefulness of automatic metrics.  How good an automatic metric is depends on its correlation with human evaluation.’  Uaireanta, úsáidtear slata tomhais atá níos iomasaí d’aistritheoirí, mar shampla an slat tomhais TER (Translation Edit Rate): Translation Edit Rate (TER) measures the amount of editing that a human would have to perform to change a system output so it exactly matches a reference translation.’ (Snover et al., 2006)

Is féidir, chomh maith, comparáid dhíreach a dhéanamh idir córas meaisínaistriúcháin agus uirlis aistriúcháin eile – mar shampla, bogearraí cuimhne aistriúcháin (TM).  Phléigh Moorkens & Way (2016) staideár amháin ar an aistriúchán idir Spáinnis agus Béarla i réimse teicniúil ar leith.  D’aistrigh iar-eagarthóirí sleachta téacs ag úsáid córas meaisínaistriúcháin nó bogearraí cuimhne aistriúcháin.  Dar leis an staidéar sin, chaith na hiar-eagarthóirí an méid céanna ama ag déanamh eagarthóireachta ar aschur an mheaisínaistriúcháin agus a chaith siad nuair a d’úsáid siad na bogearraí cuimhne aistriúcháin le meaitseáil neamhbheacht (fuzzy match) de 85 – 94% ann.

D’ardaigh Moorkens & Way (2016) ceist lárnach faoi chaighdeán an mheaisínaistriúcháin i gcomparáid le TM:

Is comparative acceptability of TM over MT predicated on the user’s ability to optimise the precision and usefulness of match suggestions by setting a minimum match threshold?  We contend that the answer to this question is yes, and that:

1. MT would be considered more acceptable to users if only those matches that required relatively small amounts of editing were presented to post-editors.

2. TM would be less acceptable to users if matches that required large amounts of editing were presented to translators. (Moorkens & Way, 2016)

Chomh maith leis na slata tomhais sin, is féidir caighdeán meaisínaistriúcháin a luacháil de réir scéimre ar leith.  Léann measúnóirí abairtí ó chóras meaisínaistriúcháin agus déanann siad measúnú suibiachtúil de réir scéimre ar nós Ideal/Acceptable/Possibly acceptable/Unacceptable (Coughlin, 2003).

Athbhreithniú ar an litríocht: Meaisínaistriúchán na Gaeilge

Tá go leor athruithe le cúpla bliain anuas i réimse an mheaisínaistriúcháin agus baineann na hathruithe sin le meaisínaistriúchán na Gaeilge freisin.  Tháinig feabhas ar chaighdeán na n-aistriúchán ó Google Translate nuair a d’athraigh an comhlacht an tsamhail aistriúcháin ó SMT go NMT (Wu et al., 2016).  Cuireadh an tsamhail NMT ar fáil chun aistriúchán a dhéanamh idir Béarla agus dornán mórtheangacha in 2016.  De réir a chéile, mhéadaigh Google líon na dteangacha leis an tsamhail NMT, agus anois tá an Ghaeilge ina measc.

Chomh maith le Google Translate, tá córais mheaisínaistriúcháin eile a aistríonn go Gaeilge.  Ar cheann de na córais is luaithe acu tá córas Scannell (2006).  Forbraíodh an córas riailbhunaithe sin ionas gur féidir aistriú idir an Ghaeilge agus Gàidhlig na hAlban, agus d’éirigh go maith leis an gcóras sin mar gheall ar an gcosúlacht idir an dá theanga.  Níor forbraíodh córas Béarla–Gaeilge, áfach, go dtí níos déanaí, agus is córais SMT agus NMT iad.

De réir Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, bíonn dualgais teanga ar anSstát de réir rialachán, scéimeanna, reachtaíochta agus eile.  Chun cabhrú leis an éileamh ar aistriúchán ar cháipéisí riaracháin go Gaeilge mar gheall ar an Acht, d'fhorbair Dowling et al., (2015) córas SMT dírithe ar aistritheoirí atá ag obair san earnáil riaracháin phoiblí.  Cuireadh feabhas ar an gcóras sin leis an iar-eagarthóireacht uathoibríoch (Dowling et al., 2016) agus tá an córas hibrideach sin in úsáid sa Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta.  Chomh maith leis an gcóras hibrideach sin, a bhaineann go sainiúil le réimse teanga amháin, d’fhorbair Arčan et al. (2016) córas SMT ilfheidhmeach a aistríonn ó Bhéarla go Gaeilge agus a mhalairt treo.

Córas

Scannell (2006)

Dowling et al. (2015, 2016)

Arčan et al. (2016)

Dowling et al. (2018)

Google Translate

Samhail

 RBMT

SMT

SMT

SMT, NMT

SMT, NMT

Bunteanga

Gaeilge, Gàidhlig na hAlban

Béarla

Gaeilge, Béarla

Béarla

Roinnt teangacha, Gaeilge san áireamh

Sprioctheanga

Gaeilge, Gàidhlig na hAlban

Gaeilge

Gaeilge, Béarla

Gaeilge

Roinnt teangacha, Gaeilge san áireamh

Réimse teanga

Ilfheidhmeach

Riarachán poiblí

Ilfheidhmeach

Riarachán poiblí

Ilfheidhmeach

Slat tomhais

Uathoibríoch

Uathoibríoch

Uathoibríoch & Suibiachtúil

Uathoibríoch

Anaithnid

Tábla 1: Meaisínaistriúchán na Gaeilge

De ghnáth, bíonn caighdeán an aschuir níos fearr ó chóras NMT i comparáid le córas SMT, ach ní gá go mbeadh sé sin fíor i gcomhthéacs na Gaeilge.  Rinne Dowling et al. (2018) comparáid chuimsitheach idir SMT agus NMT sa chás sin agus forbraíodh dhá chóras inchomparáide.  Chun comparáid réasúnta díreach a dhéanamh idir an dá chóras, úsáideadh an corpas comhthreomhar céanna chun na córais a chruthú: téacs ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta; DCEP: Digital Corpus for European Parliament (Hajlaoui et al., 2014); DGT-TM: Directorate General for Translation (Steinberger et al., 2012).  Baineadh úsáid as slat tomhais uathoibríoch agus fuarthas go raibh an caighdeán níos fearr ón gcóras SMT,  is dócha go bhfuil níos mó téacs ag teastáil chun córas NMT den chaighdeán céanna a fhorbairt.

Conclúid

San alt seo pléadh cuid de na forbairtí i réimse an mheaisínaistriúcháin le blianta beaga anuas.  Cé go bhfuil méadú as cuimse ar úsáid an mheaisínaistriúcháin ó d’fhorbair Google a gcóras féin, ní fhéadfaí a rá go bhfuil an teicneolaíocht ag dul i dtreo na foirfeachta sna mórtheangacha, gan trácht ar mhionteangacha ar nós na Gaeilge.

Is uirlis úsáideach atá sa mheaisínaistriúchán d’aistritheoirí na Gaeilge, fad is go bhfuil tuiscint acu ar conas é a úsáid, agus na laincisí a bhaineann leis.  Tá córais atá dírithe ar réimse ar leith níos úsáidí (mar go bhfuil siad níos cruinne) ná córais ilfheidhmeacha – mar go bhfuil an corpas níos gaolmhaire le comhthéacs an téacs.

 

 

Leabharliosta: 

Arčan, M. et al., (2016) ‘IRIS: English-Irish Machine Translation System.’  Proceedings of the Ninth International Conference on Language Resources and Evaluation (LREC 2016). Portorož, Slovenia.

Bojar, O. et al. , (2016) ‘Findings of the 2016 Conference on Machine Translation’.  Proceedings of the First Conference on Machine Translation (WMT 2016), Volume 2: Shared Task Papers. doi: 10.18653/v1/W18-64028.

Church, K.W. & Hovy, E.H., (1993) ‘Good applications for crummy machine translation.’ Machine Translation. doi: 10.1007/BF00981759.

Coughlin, D., (2003) ‘Correlating Automated and Human Assessments of Machine Translation Quality.’   Proceedings of the MT Summit IX.

Dowling, M. et al., (2015) ‘Tapadóir: Developing a Statistical Machine Translation Engine and Associated Resources for Irish.’  The 4th LRL Workshop: ‘Language Technologies in support of Less-Resourced Languages’.  Poznan.

Dowling, M. et al., (2016) ‘English to Irish Machine Translation with Automatic Post-Editing.'  https://www.computing.dcu.ie/~ygraham/tapadoir-cltw.pdf

Dowling, M. et al., (2018) ‘SMT versus NMT: Preliminary comparisons for Irish.’  Proceedings of the AMTA 2018 Workshop on Technologies for MT of Low Resource Languages (LoResMT 2018). Association for Machine Translation in the Americas.  12–20.  Le fáil ag: http://aclweb.org/anthology/W18-2202.

Forcada, M.L. et al., (2011) ‘Apertium: A free/open-source platform for rule-based machine translation.'  Machine Translation. doi: 10.1007/s10590-011-9090-0.

Hajlaoui, N. et al., (2014) ‘DCEP: Digital Corpus of the European Parliament.’  Proceedings of the Ninth International Conference on Language Resources and Evaluation (LREC’14).

Kenny, D., (2012) ‘The Ethics of Machine Translation.’  NZSTI Annual Conference.

Kim, Y., Huang, J. & Emery, S., (2016) ‘Garbage in, garbage out: Data collection, quality assessment and reporting standards for social media data use in health research, infodemiology and digital disease detection.’ Journal of Medical Internet Research. Journal of Medical Internet Research, 18(2). doi: 10.2196/jmir.4738.

Měchura, M.B., (2017) An Ríomhaire Ilteangach. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Moorkens, J. & Way, A., (2016) ‘Comparing Translator Acceptability of TM and SMT Outputs.’  Baltic J. Modern Computing.

Offersgaard, L. et al., (2008) ‘Domain specific MT in use.’  EAMT 2008 12th annual conference of the European Association for Machine Translation September.  22–3.

Papineni, K. et al., (2002) ‘BLEU: a Method for Automatic Evaluation of Machine Translation.’  ACL. doi: 10.3115/1073083.1073135.

Scannell, K.P., (2006) ‘Machine translation for closely related language pairs.’  Proceedings of the 5th SALTMILWorkshop on Minority Languages and the 5th Interna-tional Conference on Language Resources and Evalua-tion (LREC-2006).

Snover, M. et al., (2006) ‘A Study of Translation Edit Rate with Targeted Human Annotation.’  Proceedings of association for machine translation in the Americas. doi: 10.1.1.129.4369.

Steinberger, R. et al., (2012) ‘DGT-TM: A freely available Translation Memory in 22 languages.’  8th international conference on Language Resources and Evaluation (LREC).  454–9. doi: 10.1002/gcc.20795.

Steinberger, R. et al. (2014) ‘An overview of the European Union’s highly multilingual parallel corpora’, Language Resources and Evaluation. doi: 10.1007/s10579-014-9277-0.

Sun, Y., (2010) ‘Mining the Correlation between Human and Automatic Evaluation at Sentence Level.’  Proceedings of the Seventh International Conference on Language Resources and Evaluation (LREC’10). Valletta, Malta: European Language Resources Association (ELRA).

Turian, J.P., Shen, L. & Melamed, I.D., (2003) ‘Evaluation of Machine Translation and its Evaluation.’   Proceedings of MT Summit IX. doi: 10.1021/jp982896o.

Wu, Y. et al., (2016) ‘Google’s Neural Machine Translation System: Bridging the Gap between Human and Machine Translation’.  https://arxiv.org/abs/1609.08144