An Tairbhe agus na Dúshláin a bhaineann le CLIL a chur i bhfeidhm i mBunscoileanna Lán-Bhéarla

Fergus Seoighe
Topaic(í): 

Réamhrá

In 2012, ghlac dhá rang agus beirt oidí in dhá scoil T2 (scoileanna ina múintear trí mheán an Bhéarla) páirt i dtaighde a mhair thar thréimhse sé seachtaine.  D'fhoghlaim 28 páiste i Rang a Trí i scoil uirbeach agus 23 páiste i Rang a Trí agus a Ceathair (comhrang measctha) i scoil tuaithe, a gceachtanna ealaíne trí mheán na Gaeilge, in ionad an Bhéarla, faoi mar ba ghnách dóibh.  Tugtar CLIL ar an modh teagaisc seo: ‘Content and Language Integrated Learning (CLIL)’ nó Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga. I gcás CLIL, múintear ábhar eile an churaclaim trí theanga eile (teanga nach máthairtheanga an pháiste í), ionas go bhfoghlaimítear an t-ábhar trí mheán na sprioctheanga, ‘In short, CLIL is a dual-focused educational approach in which an additional language is used for the learning and teaching of both content and language’ (Mehisto et al., 2008: 9).  Níor úsáid an bheirt oidí CLIL riamh roimhe seo agus bhí sé ina choincheap úrnua i measc na bpáistí chomh maith.  Ar an ábhar sin, ba í an phríomhcheist a thug an taighde seo chun solais: cad é an tairbhe agus cad iad na dúshláin a bhaineann le CLIL a chur i bhfeidhm i mBunscoileanna T2 (bunscoileanna a mhúineann trí Bhéarla ach a mhúineann an Ghaeilge trí Ghaeilge), ó thaobh dhearcadh na bpáistí agus ó thaobh dhearcadh na múinteoirí de, mar aon le caighdeán foghlama na Gaeilge?  Go sonrach, bhí roinnt ceisteanna tánaisteacha ag eascairt as: Cén dearcadh a bhí ag na múinteoirí maidir leis an tairbhe agus na dúshláin a bhaineann le CLIL nuair a chuirtear CLIL i bhfeidhm den chéad uair?  Cén dearcadh a bhí ag na páistí i leith CLIL agus ar athraigh dearcadh na bpáistí i leith na Gaeilge agus i leith na healaíne, dá bharr?  I dtuairim na múinteoirí agus i dtuairim na bpáistí, ar chuir CLIL isteach ar fhoghlaim na healaíne nó ar chabhraigh sé? 

Cúlra an Taighde

Rinneadh an taighde seo toisc go bhfuil an-díospóireacht ar siúl le tamall anuas faoi dhul chun cinn na Gaeilge, todhchaí na teanga agus múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna T2.  I mbunscoileanna T2, tá meath tagtha ar éisteacht agus ar labhairt na Gaeilge (Harris et al., 2006: 156).  Sa mhullach air sin, léirigh tuairisc na Cigireachta in 2007 agus arís in 2013 go bhfuil fadhbanna ag baint le múineadh na Gaeilge i mbunscoileanna T2 agus nach mbaineann foghlaim na Gaeilge leibhéal inghlactha amach.

Luann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ábhar eile an churaclaim a mhúineadh trí mheán na Gaeilge.  CLIL atá i gceist leis seo, cé nach dtugtar CLIL air go sonrach sa straitéis (An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, 2010: 11).  Ar a bharr sin‚ moltar leas a bhaint as CLIL i gCuraclam na Bunscoile (Rialtas na hÉireann, 1999: 11).

Is i gcomhthéacs an taighde seo a rinneadh an staidéar, ionas go bhfiosrófaí an éifeacht a bheadh ag CLIL ar fhoghlaim na Gaeilge agus go mbeadh múinteoirí eolasach (a bhí ag tabhairt faoi CLIL le Gaeilge den chéad uair) maidir leis na dúshláin a bhaineann le CLIL a chur i bhfeidhm sa seomra ranga, chomh maith leis an tairbhe a bhaineann leis, i gcomhthéacs na Gaeilge.

Cad is CLIL ann?

Stair CLIL mar Thionscnamh Múinteoireachta

Ní tionscnamh ná coincheap nua é CLIL.  Bhíodh sé in úsáid san Eoraip ón naoú haois déag i leith (cé nár tugadh CLIL air um an dtaca sin) agus i Meiriceá Theas agus i gCeanada ó na seascaidí i leith, ach tugtar Teagasc Ábharbhunaithe nó ‘Content-Based Instruction’ air sna tíortha siúd (Ruiz de Zarobe et al., 2009: xi-xii). Tugadh CLIL air i 1994, nuair a tháinig grúpa saineolaithe le chéile faoi threoir an Choimisiúin Eorpaigh (ibid: vii).  Thosaigh an tAontas Eorpach ag déanamh tagartha dó agus ag leagan tábhachta ar CLIL i 1995 agus in 2003, nuair a labhair siad go sonrach faoi CLIL, ‘... a major contribution to make to the Union's Language Learning Goals’ (Eurydice, 2005: 9)

Bunphrionsabail CLIL

Déanann Mehisto et al. (2008: 11) cur síos ar thrí phríomh-bhunphrionsabal CLIL.  An chéad prionsabal ná go múintear foclóir agus téarmaíocht an ábhair sa cheacht teanga, sula dtugann an foghlaimeoir faoin gceacht ábhair.  Sampla de seo ná eolaíocht a fhoghlaim trí Ghaeilge: bheadh téarmaíocht bholcáin foghlamtha ag an bhfoghlaimeoir sa cheacht teanga roimh ré, sula ndéanfaí an ceacht eolaíochta leis/léi.  Ansin, d'fhoghlaimeodh sé faoi bholcáin sa cheacht ábhair ina dhiaidh.  An dara prionsabal ná go bhfuil foghlaim teanga curtha san áireamh sa cheacht ábhair agus, ar an ábhar sin, múintear an t-ábhar ar bhealach atá difriúil ón modh traidisiúnta, a éascaíonn tuiscint a fháil ar an ábhar trí leas a bhaint as an méid a leanas: cairteacha, léaráidí, líníochtaí, trialacha faoina bhfuil bonn daingean agus eochair-choincheapa a tharraingt. An tríú prionsabal ná go dtacaíonn forbairt scileanna foghlama le spriocanna na teanga ábhair a bhaint amach (ibid).

De réir Coyle et al. (2010: 41), tá ceithre bhloc tógála CLIL ann a chruthaíonn CLIL ar bhonn éifeachtach: ábhar (baineann sé seo leis an ábhar a fhoghlaimítear sa cheacht ábhair), cumarsáid (úsáid teanga agus foghlaim teanga), cognaíocht (próiseas foghlama agus smaointeoireachta) agus cultúr (tuiscint a fháil ar an idirchultúr agus ar shaoránacht a fhorbairt).

Tá sé thréith lárnacha ann i modheolaíochtaí CLIL: ilfhócas (fócas ar an ábhar agus ar an teanga), sábháilteacht agus saibhreas na timpeallachta foghlama, dílseacht (go mbaineann foghlaim an ábhair agus na teanga le saol an fhoghlaimeora), foghlaim ghníomhach, scafall (tacaíocht leanúnach a thabhairt do na foghlaimeoirí), comhoibriú (Mehisto et al., 2008: 29-30).  

CLIL agus Foghlaim Dara Teangacha: Cad a léiríonn taighde CLIL?

De réir Dalton-Puffer, léiríonn an chuid is mó den taighde go mbíonn an méid céanna eolais ag foghlaimeoirí CLIL ar an ábhar agus a bhíonn ag a bpiaraí, a fhoghlaimíonn an t-ábhar sa mháthairtheanga.  Taispeánadh, fiú, gur éirigh ní b’fhearr le foghlaimeoirí CLIL sna trialacha sa mháthairtheanga, ná mar a d’éirigh lena bpiaraí, nuair a rinne na foghlaimeoirí CLIL na trialacha sa mháthairtheanga (Day agus Shapson 1996, deCraen et al. 2007, dá dtagraítear in Dalton-Puffer 2008: 4).  Ina theannta sin, oibríonn foghlaimeoirí CLIL i bhfad níos déine ar thascanna agus léiríonn siad caighdeán caoinfhulaingthe níos airde.  Tríd an méid seo, forbraítear caighdeán níos airde iontu ina ngnáthaimh eolais san ábhar (Vollmer et al, 2006, dá dtagraítear in Dalton-Puffer, 2008: 4).  Sa mhullach air sin, in ionad tascanna a bhaineann le fadhbanna teangeolaíocha a thréigean, spreag sé, ‘...intensified mental construction activity (through elaborating and relating details, discovering contradictions) so that deeper semantic processing and better understanding of curricular concepts can occur’ (Dalton-Puffer, 2008: 4).

D'aimsigh Bonnet (2004, dá dtagraítear in Dalton-Puffer, 2008: 4) an rud céanna.  Dúirt sé, má iompaíonn mic léinn ar ais ar an máthairtheanga chun fadhbanna coincheapúla a réiteach, ní chabhraíonn sé leis an bhfadhb a réiteach.  In ionad a bheith mar bhac, is soiléir go bhfuil cumas tréan ag próiseáil na dara teanga i bhfoghlaim coincheapa a bhaineann go sonrach le hábhar.

I dtaighde a rinneadh i dTír na mBascach in 2008 faoin bhfoghlaim trí CLIL, b’fhearr a d'éirigh le foghlaimeoirí CLIL sna scrúduithe Béarla ná foghlaimeoirí a bhí ag foghlaim an Bhéarla trí ghnáthcheachtanna teanga amháin.  Bhí torthaí sna cúig chatagóir an-suntasach: sna scálaí go léir a ndearnadh anailís orthu, bhí torthaí mac léinn CLIL i bhfad ní b’fhearr (Ruiz de Zarobe et al., 2010: 15-6).  Bhí torthaí na scrúduithe ábhair ní b’fhearr sa ghrúpa CLIL ná an grúpa a d'fhoghlaim an t-ábhar trína máthairtheanga.  Dá mbeadh múinteoirí bunscoile in Éirinn buartha faoi mheath ar fhoghlaim an Bhéarla mar gheall ar CLIL, ‘... this gain in English proficiency is achieved without any detrimental effect on the normal development of the other two languages present in the curriculum, namely Basque and Spanish’ (ibid: 25).

Ina n-alt faoi CLIL sa Chatalóin, sa Spáinn, pléann Naves et al. torthaí taighde a rinneadh le foghlaimeoirí an Bhéarla i mbunscoileanna agus i meánscoileanna.  Sna torthaí sin, deimhníodh gur éirigh ní b’fhearr le foghlaimeoirí CLIL sa Bhéarla ná mar a d’éirigh le foghlaimeoirí a d'fhoghlaim an Béarla i ngnáthcheachtanna Béarla.  Chomh maith leis sin, i gcásanna áirithe sa taighde, d'éirigh ní b’fhearr le foghlaimeoirí níos óige CLIL, ná mar a d’éirigh le páistí níos sine, a d'fhoghlaim an Béarla i ngnáthcheachtanna Béarla (2010: 31-48).

An Taighde

Sa taighde seo, socraíodh go múinfeadh na múinteoirí sé cheacht ealaíne trí Ghaeilge ar feadh sé seachtaine.  Bhí orthu trí cheacht an duine a réiteach agus iad a mhalartú nuair a bhí siad réidh, ar líne, mar chomhphobal foghlama agus mar thoradh air sin, bheadh sé cheacht réitithe ag an mbeirt. Toisc go raibh an taighdeoir ag iarraidh dearcadh na múinteoiría bhailiú sula ndearnadh an taighde, agus arís i ndiaidh an taighde, roghnaíodh iad a chur faoi agallamh ag tús agus ag deireadh an taighde. Chun tuairimí na múinteoirí a fháil maidir le dul chun cinn gach ceachta, rinne siad a n-iontrálacha a bhreacadh i ndialann mhachnamhach ag deireadh gach ceachta. 

I gcás na bpáistí agus a ndearcthaí a fháil, tugadh ceistneoir simplí dóibh ag tús agus ag deireadh an taighde, agus rinneadh grúpa fócais le grúpa amháin ón dá scoil tar éis an cheachta dheireanaigh. 

D’fhonn breathnú ar an gcaidreamh idir na páistí, iad féin, agus idir an múinteoir agus na páistí, bhí an taighdeoir i láthair ag na ceachtanna, i mbun breathnóireachta.  Thug sé seo an deis don taighdeoir a bheith tumtha sa cheacht agus taithí a fháil ar dhul chun cinn an cheachta agus na hidirgníomhaíochtaí a thabhairt faoi deara.

Chun tagairt a dhéanamh do na múinteoirí, tugtar Múinteoir A agus B ar na múinteoirí.  Tugtar páistí ar na foghlaimeoirí agus rang A agus B ar na ranganna.

Cuireadh na ceisteanna ar na páistí i mBéarla, toisc nach mbeadh tuiscint acu orthu i nGaeilge.  Cuireadh na ceisteanna ar na múinteoirí i nGaeilge ach ní raibh sé de chumas acu iad féin a chur in iúl i nGaeilge agus ar an ábhar sin, d'fhreagair siad i mBéarla.

Na Torthaí

Na Páistí – Dearcadh i leith na Gaeilge

Tháinig athrú suntasach ar dhearcadh na bpáistí i leith na Gaeilge ag deireadh an taighde. I gcás Rang A, bhí Múinteoir A den tuairim gur thaitin CLIL go mór leis na páistí agus nár chuir an Ghaeilge isteach ar fhoghlaim na healaíne, '... they seemed to be enthusiastic about the art and the Irish didn't seem to get in the way.' Labhair siad níos mó Gaeilge agus cheap sé freisin gur fheabhsaigh caighdeán Gaeilge na bpáistí thar an tréimhse CLIL, 'I think the children's standard of Irish improved alot, over the weeks ... it helps with the motivation as well.' 

I gcás Rang B, cheap Múinteoir B gur thaitin na ceachtanna go mór leis na páistí, ach dar léi nár labhair na páistí mórán Gaeilge léi ná eatarthu féin agus nár fheabhsaigh caighdeán Gaeilge na bpáistí.  Níos déanaí san agallamh, áfach, dúirt sí:

I think it would give them a more positive attitude towards Irish because every time ... you take out the Irish book it's: ‘awww.’  They just have such a negative... but I think by doing it like this... they'd have more of a positive attitude...

Tháinig méadú ar an líon foghlaimeoirí a thug le fios gur thaitin an Ghaeilge leo, áfach, ó dheichniúr ag tús an taighde aníos go dtí 13 dhuine ag deireadh an taighde i Scoil A agus ó 4 aníos go dtí 12 dhuine i Scoil B.  Ar an taobh eile den phingin, tháinig laghdú ar an líon daoine a léirigh nár thaitin an Ghaeilge leo ó ochtar ag tús an taighde anuas go dtí cúigear ag deireadh an taighde i Scoil A agus ó 20 duine anuas go dtí 12 dhuine i Scoil B.  Chabhraigh CLIL go mór leis an dearcadh diúltach seo a athrú.

Bhí seisear i ngach grúpa fócais agus roghnaíodh go randamach iad sa dá scoil agus baineadh úsáid as agallaimh bhreacstruchtúrtha. Tugtar sampla de na ceisteanna agus na freagraí anseo thíos:

 

Ceist 1: What did you think about learning art through Irish?

Don cheist seo, bhí na freagraí i Scoil A go hiomlán dearfach.  I Scoil B, bhí siad dearfach freisin, ach amháin i gcás Phóil, a dúirt, 'It was fun, but I'd prefer it through English.   I thought it as kind of hard, but not all the time.'  I gcás na bpáistí eile sa dá scoil, thaitin sé go mór leo.  Seo sampla de chuid de na rudaí a thug na páistí le fios:

Áine: We did better stuff than we did through English.  Like, in Irish, things are way better than English.

Niall: I thought the art was excellent and it was Irish and it was actually quite good, because you're learning art and you're learning Irish, at the same time.  It's very fun.

 

Ceist 2: What was good about learning art through Irish?

Niall: We were learning a new language.

Emily: If you didn't understand it, you could do actions.

 

Ceist 3: Was there anything you didn't like or was hard about it?

Pól: You might get stuck on some words.

Seosamh: Trying to get used to saying things in Irish.

Darren: Sometimes you didn't understand it, what they were saying and that. 

Pól: I just thought it was hard to speak Irish

 

Taighdeoir: Darren, did you eventually figure it out? Did it get easier as it went on or was it always hard?

Darren: Yeah! it did.

 

Na Páistí – Caighdeán Sealbhú Teanga

Ní raibh scrúduithe caighdeánaithe Gaeilge déanta leis na páistí sa taighde seo agus mar sin, bhí orainn brath ar thuairim na múinteoirí agus ar bhreathnóireacht an taighdeora chun dul chun cinn sa Ghaeilge a thomhas.

Ó thaobh ionchur teanga agus aschur teanga de, d'éirigh go maith le Múinteoir A, dar leis.  D'úsáid páistí an teanga a d'fhoghlaim siad sna ceachtanna agus cé nár labhair siad mórán Gaeilge, bhí idirtheanga le cloisteáil uathu i measc sprioctheanga an cheachta.  D'fhoghlaim siad stór foclóir fairsing, a d'úsáid siad sa chaint (uaireanta) leis an múinteoir nó eatarthu féin agus iad ag freagairt ceisteanna nó ag oibriú i mbeirteanna ag tabhairt treoracha.

I gcás Rang B, bhí ionchur ní ba mhó ná aschur teanga le tabhairt faoi deara, dar léi.  D'éirigh go maith leis na ceachtanna sa rang seo ina raibh caidreamh pleanáilte agus teanga an cheachta agus freagraí ar cheisteanna an mhúinteora arna réamhchleachtadh ag na páistí.  Nuair nach raibh sé pleanáilte, ní raibh caint ar bith ann i measc na bpáistí. Sna dea-cheachtanna, bhí sé de chumas ag na páistí an teanga a úsáid gan stró, thaitin sé leo, bhí tuiscint ní b'fhearr acu ar an gceacht agus bhí fíorchuspóir ag baint leis an teanga a fhoghlaim roimh ré dóibh.  

Tionchar na Foghlama trí Ghaeilge ar Fhoghlaim na hEalaíne

I dtuairim Mhúinteoir A, níor chuir foghlaim na healaíne trí Ghaeilge isteach ar fhoghlaim na healaíne, ach a mhalairt ghlan a tharla, 'It was as good, if not better.  They had to listen.' Dar leis go raibh foghlaim na healaíne ní b'fhearr trí Ghaeilge, 'And one major thing ... they tried to listen.  They tried to figure it out when it was in Irish.  Whereas, often times, we speak so much English ... when you explain a thing in English, they just switch off.'

Cheap Múinteoir B gur chuir an fhoghlaim trí Ghaeilge isteach ar fhoghlaim na healaíne. Ní raibh sí cinnte áfach, arbh í an Ghaeilge ba chúis leis sin nó an chaoi nach raibh sí ag míniú rudaí i gceart.  I gcás thorthaí an ghrúpa fócais i Scoil B, cheap ceathrar as seisear go raibh foghlaim na healaíne ní b'fhearr i nGaeilge ná trí Bhéarla.

Na Múinteoirí

Bhí Múinteoir A thar a bheith sásta leis agus dearfach i leith na bpróiseas ar fad, 'I wouldn't mind doing that again.  I'd like to do it for at least a part of the year... I thought... doing it through Irish is going to be very, very difficult, but, it worked fine.'

Bhí Múinteoir B dearfach i leith CLIL. Thaitin sé léi de bharr gur chruthaigh sé dúshlán di, 'I liked being able to use Irish through a different lesson, definitely... I'm learning new things as well, so it's not just the children.  So yeah, (I) definitely liked it.'  Dúirt sí go leanfadh sí ar aghaidh le CLIL, dá mbeadh ceachtanna réamhullmhaithe ar fáil di.

Éifeacht CLIL ar an gCaighdeán Gaeilge

Mar gheall ar CLIL, d'fheabhsaigh Gaeilge Mhúinteoir A agus d'éirigh sé ní ba mhuiníní leis an nGaeilge, dar leis. Bhí sé nach mór ag múineadh trí Ghaeilge an t-am ar fad, '...by doing the CLIL, I'd say I achieved better results.  I'd say I got closer to the 100%, definitely.'  D'éirigh sé ní b'éasca dó, ar a bharr sin, agus d'fhoghlaim sé stór foclóra nua. Tháinig feabhas ar a scileanna ceistiúcháin agus feabhas ar a chumas rudaí a mhíniú trí Ghaeilge.

Níor tháinig feabhas ar chaighdeán Gaeilge Mhúinteoir B, ach dá leanfadh sí ar aghaidh leis, thiocfadh feabhas uirthi, 'No.  I wouldn't say it improved.  I'd say if I kept going, it probably would improve. I do think if you were doing it the whole time definitely there would be an improvement in your Irish.'  Bhí an-fhadhbanna muiníne aici as a cuid Gaeilge ach, d'admhaigh sí ag deireadh an taighde gur éirigh sí beagáinín ní ba mhuiníní, tar éis na ceachtanna a dhéanamh.

Na Dúshláin a bhaineann le CLIL

Ba í an téarmaíocht theicniúil a bhain le healaín agus le hullmhúcháin na gceachtanna an rud ba dheacra, dar le Múinteoir A. Léirigh sé go raibh sé éasca an ceacht a mhúineadh trí Ghaeilge, ach go bhféadfadh sé éirí casta rudaí a mhíniú nuair a chuir páiste ceist air, agus nuair nár rith na focail chearta leis.

Bhí tréanfhrustrachas ar Mhúinteoir B uaireanta, nuair nach raibh sí in ann smaoineamh ar fhoclóir nó frásaí a bhí de dhíth go spontáineach sa cheacht (nach raibh réamhullmhaithe aici) agus bhí sé deacair uirthi smaoineamh orthu.  Bhí frustrachas uirthi, freisin, nuair a d'imigh na páistí as smacht agus í ag iarraidh smacht a choinneáil trí Ghaeilge:

I found it really difficult ... because I was getting frustrated, because... there was so much going on at the one time.  It was so hard to... keep them in line in Irish... I was trying to think of what to say in Irish.  Everything at once, I just got so frustrated.

Iarradh uirthi cur síos a dhéanamh ar an bhfrustrachas a mhothaigh sí agus léirigh sí:

It's so frustrating... you actually nearly snap!  You feel like you are getting cross and you know you shouldn't be, but, I feel like I was snapping at them when I shouldn't have been, 'cause it's my own (fault), you know, but, you feel just like speaking in English and you feel like just giving up nearly.

Cé go ndúirt an taighdeoir nach raibh uirthi a bheith ag múineadh trí Ghaeilge an t-am ar fad, nochtaigh sí: 'I suppose I was putting pressure on myself to be able to do it all in Irish, all the time ... but you just feel like you should be doing it...'  Léirigh sí gur mhothaigh sí ciontach toisc nach raibh sí in ann múineadh trí Ghaeilge an t-am ar fad, 'I feel I should be fluent and you know if you're not and you're a primary school teacher.'

Moltaí na Múinteoirí

I dtaca le comhairle a chur ar mhúinteoirí a bheadh ag tabhairt faoi CLIL den chéad uair, dúirt Múinteoir A, 'I would tell them that it's not as difficult as it may seem... I'd say most teachers are well capable of doing it.  Even with an average standard of Irish, it can be achieved. Dar le Múinteoir B gur chóir ceachtanna a dhéanamh a úsáideann an teanga chéanna i ngach ceacht, leis an tsnáith chéanna agus gan náire a bhrath mar gheall ar an mBéarla a úsáid.  Mhol sí láithreán gréasáin a dhearadh go sonrach do CLIL trí Ghaeilge.Mhol an bheirt acu gur chóir go mbeadh ceachtanna réamhullmhaithe curtha ar fáil do mhúinteoirí ionas go gcuirfear béim ar an múineadh in ionad a bheith ag cuardach focal.

Tátal

Tá roinnt tátal ann is féidir a bhaint as an taighde seo, a thabharfaidh leideanna (cé nár thaighde fairsing a bhí ann) d'oideachasóirí maidir le cur i bhfeidhm CLIL le Gaeilge i mbunscoileanna in Éirinn.  Tá na tátail seo bunaithe, faoi mar a luadh, ar thuairimí na bpáistí, na múinteoirí agus ar bhreathnóireacht an taighdeora.

Bhainfeadh múinteoirí agus foghlaimeoirí Gaeilge taitneamh as CLIL, toisc go mbíonn eispéireas maith foghlama acu agus taitníonn sé le páistí agus múinteoirí.  Dá mbeadh dearcadh diúltach ag páistí i leith na Gaeilge, d'fhéadfadh CLIL an dearcadh diúltach seo a iompú, macasamhail a tharla sa taighde seo agus cé gur thosaigh na páistí ag úsáid idirtheanga ag deireadh an taighde seo, is féidir coinne a bheith leis go dtosódh páistí ag úsáid níos mó Gaeilge dá ndéanfaí amhlaidh thar thréimhse ama níos faide ná mar a bhí curtha ar leataobh sa taighde seo, agus thiocfadh feabhas ar Ghaeilge na bpáistí dá bharr. 

Tugann CLIL muinín do mhúinteoirí a gcumas Gaeilge a fhorbairt. Tugann sé fócas do pháistí, mar aon le hinspreagadh do mhúinteoirí agus do pháistí.  Chomh maith leis sin, cuireann sé le stór foclóra páistí agus múinteoirí sa Ghaeilge. Mar gheall go mbaineann foghlaim na healaíne trí Ghaeilge le hobair ghníomhach agus le foghlaim thascbhunaithe, cloíonn sí le dea-chleachtas um fhoghlaim teangacha agus is ábhar oiriúnach í an ealaín inar féidir CLIL a chur i bhfeidhm.

Tugann an taighde seo le tuiscint go gcuireann CLIL páistí ag machnamh agus go gcuireann sé dúshlán rompu. Mar gheall air sin, forbrófar scileanna smaointeoireachta agus scileanna réitigh fadhbanna.

Cé gur féidir le múinteoirí níos mó ná ábhar amháin a chomhcheangal le CLIL, ní leagfadh CLIL ualach breise oibre ar mhúinteoirí, ach is a mhalairt ghlan a dhéanfadh sé.  Ina theannta sin uile, cé go bhfuil dea-thionchar ag CLIL ar fhoghlaim an ábhair, thiocfadh feabhas ar scileanna éisteachta páistí, toisc go gcaithfidh siad cluas níos géire éisteachta a thabhairt nuair a fhoghlaimíonn siad le CLIL.

Moltaí

De réir Thuairisc na Cigireachta, tá 'laigí ag baint lena gcumas labhartha sa Ghaeilge nó lena gcumas teagasc Gaeilge i measc nach mór leath de na múinteoirí sa mheastóireacht' (An Chigireacht, 2007: 19) I gcomhthéacs na tuairisce sin, bheadh CLIL in ann cabhrú le sárú na faidhbe seo. De réir an taighde seo, mothaíonn roinnt múinteoirí ciontach, toisc nach bhfuil Gaeilge líofa acu agus d’fhéadfadh CLIL cabhrú leo líofacht ní b’fhearra bhaint amach.  Bheadh idir thacaíocht agus inseirbhís leanúnach de dhíth ar na múinteoirí, leis an múnla ‘The Gradual Release of Responsibility Model’ ina scaoiltear leis an dualgas céim ar chéim (Fisher et al., 2008). Mura bhfuil tacaíocht mar seo ar fáil dóibh, ní bheadh múinteoirí ach ag sracadh leo le CLIL a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus ní bheadh tuiscint ná taithí cheart acu ar na féidearthachtaí um shealbhú teanga a chruthaíonn CLIL. 

Cé gur féidir le múinteoirí a bheith díograiseach ag tabhairt faoi CLIL, tá an chontúirt ann go dteipfeadh orthu toisc go bhfuil easpa fearas (Harris et al., 2006: 167) agus easpa pleananna ceachta ar fáil do mhúinteoirí.  Sa taighde seo, caitheadh an-chuid ama ag lorg foclóra agus is beag múinteoir a bheadh in ann an oiread ama a theastódh a chur ar leataobh ar mhaithe leis seo. D'éireodh ní b'fhearr leis, dá mbeadh ceachtanna réamhullmhaithe ar fáil dóibh, a chuirfí i dtoll a chéile ar bhonn gairmiúil agus a bheadh ríshoiléir, agus furasta le ciall a bhaint astu.  Ba chóir suíomh gréasáin a dhearadh a bheadh dírithe go sonrach ar CLIL le Gaeilge in Éirinn, áit a mbeadh ceachtanna réamhullmhaithe agus samplaí de dhea-cleachtas ar fáil.

Conclúid

Tugann an taighde seo le fios go n-éiríonn go geal le CLIL, i gcás mhúineadh agus fhoghlaim na healaíne, agus fhoghlaim na Gaeilge. Ní furasta a thuigtear cén fáth nach bhfuil CLIL in úsáid i mbunscoileanna in Éirinn cheana féin. Toisc go bhfuil meath tagtha ar fhoghlaim na Gaeilge (Harris, 2006), tá deis iontach ag oideachasóirí in Éirinn é seo a chlaochlú trí CLIL a shaothrú. Taitníonn sé le páistí agus‚ faoi mar a léirigh Harry (páiste i Scoil B), tugann sé dearcadh dearfach do pháistí i leith na Gaeilge agus taitníonn sé leo, 'This is the best Irish lesson I ever had, since we came into this dungeon!'

Leabharliosta: 

Leabhair

 An Chigireacht (2007).  An Ghaeilge sa bhunscoil: Stáidéir mheastóireachta na cigireachta. Baile Átha Cliath 1: An tAonad Tacaíochta um Meastóireacht agus Taighde.

An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta (2010). Straitéis 20 bliain don Ghaeilge 2010-2030. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Coyle, D., Hood, P. & Marsh, D.C. (2010). CLIL: Content and language integrated learning. An 3ú hEag. Cambridge: Cambridge University Press.

Eur-Lax: Access to European Union Law Council regulation (EC) No 920/2005 of 13 june 2005 amending regulation No 1 of 15 april 1958 determining the language to be used by the european economic community and regulation No 1 of 15 april 1958 determining the language to be used by the european atomic energy community and introducing temporary derogation measures from those regulations. [Ar líne]. Ar fáil ag: http://eur-lex.europa.eu/LexUriServ/LexUriServ.do?uri=CELEX:32005R0920:EN:NOT   [arna léamh an 01/18/2014].

European Commission Content and language integrated learning (CLIL) [Ar líne]. Ar fáil ag: http://ec.europa.eu/languages/language-teaching/content-and-language-integrated-learning_en.htm   [arna léamh an 11/11/2013].

Eurydice (2005). Content and language integrated learning (CLIL) at school in Europe. Brussels: Eurydice.

Fisher, D. & Frey, N. (2008). Better learning through structured teaching: A framework for the gradual release of responsibility. ASCD.

García, O. (2009). Bilingual education in the 21st century: A global perspective. Chichester: Wiley-Blackwell.

Harris, J., Forde, P., Archer, P. & O’Gorman, M. (2006). Irish in Primary Schools: Long Term National Trends in Achievement. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Marsh, D. (2002). CLIL/EMILE: The European Dimension: Actions, Trends and Foresight Potential. Brussels: European Commission.

Mehisto, P., Marsh, D. & Frigols, M.J. (2008). Uncovering CLIL: content and language integrated learning in bilingual and multilingual education. Oxford: Macmillan Publishers.

Rialtas na hÉireann (1999). Curaclam na Bunscoile: Gaeilge. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.

Ruiz de Zarobe, Y. and Jiménez Catalán, R.M. (2009). Content and language integrated learning: Evidence from research in Europe. Bristol: Multilingual Matters.

 

Ailt

Breidbach, S. & Viebrock, B. (2012). ‘CLIL in Germany: Results from recent research in a contested field of education.’ International CLIL Research Journal, 1(4), 5-16.

Dalton-Puffer, C. (2008). ‘Outcomes and processes in content and language integrated learning (CLIL): Current research from Europe.’ Future Perspectives for English Language Teaching. Heidelberg: Carl Winter.

Georgiou, S.I. (2012). ‘Reviewing the puzzle of CLIL.’ ELT Journal, 66(4), 495-504.

Lasagabaster, D. and Sierra, J., Manuel. (2009). ‘Language attitudes in CLIL and traditional EFL classes.’ International CLIL Research Journal, 1(2)

Naves, T. & Victori, M. (2010).  ‘CLIL in Catalonia: An overview of research studies’inLasagabaster, D. and Ruiz de Zarobe, Y. (eag.) CLIL in Spain: Implementation, Results and Teacher Training.  Newcastle upon Tyne: Cambridge Scholars Publishing, 30-54.

Ruiz de Zarobe, Y. and Lasagabaster, D. (2010). ‘CLIL in a bilingual community: The Basque autonomous community.’ CLIL in Spain: Implementation, Results and Teacher Training, 12-29.

Wolff, D. (2005).  ‘Approaching CLIL.’ i Approaching CLIL. The CLIL Quality Matrix. Central Workshop Report, Coord. D. Marsh. Http://Www.Ecml.at/Mtp2/CLILmatrix/Pdf/wsrepD3E2005_6.Pdf(arna léamh an 10/7/2010).