Teagasc theoiric agus litríocht na haiteachta sa Ghaeilge: dúshláin, débhrí, agus deiseanna

Seán Mac Risteaird
Topaic(í): 

Réamhrá: Cén mhaith dom an aiteacht?

Bhí a dhá lámh scartha amach aige le mé a ghrabáil: boladh trom óil uaidh. Theann sé isteach liom. É i ngreim ioman láithreach. Mé beagnach gan anáil. Mé ar tí titim siar ar chúl mo chinn… Chuir mé mo dhá shúil trína shúile mar a chuirfí meanaí géara seaca… mé ag sú boladh an óil níos láidre de réir mar a bhrúigh sé isteach liom. D’ardaigh mo ghlúin… go ciotach. (Ó Conghaile 1997: 109)

Radharc éignithe idir beirt fhear a chuirtear os comhair an léitheora in ‘Gabhal na gCloch’ gearrscéal de chuid Mhichíll Uí Chonghaile. Mar is dual don scríbhneoir, tógtar teannas agus atmaisféar a bhfuil an míchompord dosheachanta lárnach ann, i gcaitheamh an ghearrscéil, a mheallann an léitheoir isteach i ndomhan samhlaíoch aduain. Agus an t-éigniú, maraon le foréigean inscneach agus collaíoch i mbéal an phobail sa lá atá inniu ann, bhí drogall orm an gearrscéal seo a theagasc i mbliana mar go bhféadfaí a leithéid d’ábhar cuimhní trámacha nó eispéiris phearsanta a dhúiseacht sna léitheoirí os mo chomhair.[1] Ach nach gá an tost áirithe seo a bhriseadh? Nach gá leas a bhaint as an litríocht chun comhráite tábhachtacha saoil a éascú le mic léinn agus le lucht léite na Gaeilge trí chéile? Dar le an scríbhneoir an ailt seo, tugann saothair liteartha Uí Chonghaile, anuas ar theoiric na haiteachta, na fearais dúinn chun ceisteanna den chineál seo a chur orainn féin mar léitheoirí. Nuair a chuirtear saothair Uí Chonghaile i gcomórtas le saothair chanónacha eile, is gá ceisteanna a tharraingt faoin gcur chuige a bhainfeadh le teagasc theoiric na haiteachta anuas ar an oideolaíocht ionchuimsitheach aiteach a bhaineann léi. Cé go bhfuil taighde liteartha déanta ar shaothair Uí Chonghaile ag scoláirí ar nós Phádraig Uí Shiadhail[2], Mháirín Nic Eoin[3], agus Sheáin Mhic Risteaird[4], níor ardaíodh ceisteanna i dtaca le teagasc na litríochta aití ina saothair siúd.

 

Is mar ainmfhocal, mar fhéiniúlacht, agus mar bhriathar a shamhlaítear an aiteacht, nó ‘queerness’ an Bhéarla (Jakobsen 1998: 516–17). Cé go mbaintí leas as an téarma seo mar lipéad maslach, úsáidtear anois é chun an éagsúlacht chollaíoch a cheiliúradh agus chun solas a chaitheamh ar na noirm a théann leis. Le roinnt blianta anuas, tá borradh faoin téarma mar go dtrasnaíonn an coincheap réimsí éagsúla léinn, ealaíne, sóisialta, oideachais agus cultúrtha. Feictear go bhféadfaí an aiteacht a mhúnlú, a chur i bhfeidhm, agus a úsáid chun mionscagadh a dhéanamh ar théacsanna cultúrtha, ealaíne, agus liteartha. Is féidir téacs ar bith a aitiú, ag cur smaointeoireacht theoiric na haiteachta i bhfeidhm ar théacs ar bith liteartha. Ní gá go mbeadh an téacs i gceist ag plé go sonrach leis an homaighnéasacht nó féiniúlachtaí aiteacha, ach go ndéantar noirm na sochaí a cheistiú.

Maíonn Valente (2010: 26) nach beag an seasamh atá ag teoiric na haiteachta sa léann Éireannach, go ginearálta, agus uirlisí, tuiscintí, agus toisí na smaointeoireachta mar chur chuige chun anailís a dhéanamh ar fhéiniúlachtaí collaíocha na hÉireann agus ar Éirinn í féin chomh maith. Is trí mheán theoiric na haiteachta a cheistítear catagóirí agus nóisin sheanbhunaithe a bhaineann le hinscne, le mianta collaíocha, le cumhacht, agus le noirm éagsúla mar chonstráidí agus/nó mar fheiniméin shóisialta. Cé go dtugtar ‘spás sábháilte’ ar an seomra ranga go minic, bíonn ar an oide a phléann le hábhair íogaire, ábhair ar nós na gnéasúlachta agus an fhoiréigin inscnigh i litríocht na Gaeilge, mothúcháin, ionchais, agus cúlraí na bhfoghlaimeoirí a chur san áireamh i bpleanáil agus i seachadadh an chúrsa. Má tá sé mar sprioc ag oideachasóirí ar an tríú leibhéal mic léinn mhachnamhacha chriticiúla a chothú, cén chaoi a mbeifí in ann na snáitheanna téamacha thuasluaite a chur ina láthair? An bhfuil gá le hathmhachnamh agus athphlé a dhéanamh ar mhúineadh na litríochta sa Ghaeilge chun aghaidh a thabhairt ar an míchompord atá i gcroí na dtéamaí a phléitear i gcúrsa ar an litríocht sa Ghaeilge nuair a chuirtear faoi scáth na haiteachta í? Eascraíonn teannas as an téarma úd, go háirithe sa Bhéarla, faoi mar a mhínítear thíos:

The hate-filled history of the term ‘queer’ makes explicit the existence of heterosexism and homophobia, the severity of heterosexism/homophobia, and if the student had ever used the term in a harmful way (or failed to intervene in such a situation), the participation of the student in heterosexism/homophobia. So, although my students did desire to learn, their desire for normalcy and for affirmation of their belief that they do not oppress others was stronger, preventing many of them from confronting and tolerating these new yet discomforting forms of knowledge. (Kumashiro 2000: 6)

Bíodh sin mar atá, mar gur téarma sách nua é ‘aiteach’, ní thagann na dúshláin chéanna chun cinn go minic cé go dtuigtear go forleathan sa lá atá inniu ann gur ceiliúradh ar an éagsúlacht atá i gceist leis an téarma ‘queer’. Má ghlactar leis an oideolaíocht, agus na hinstitiúidí a thagann leis, mar shuíomhanna údaráis, mar shuíomhanna a bhrúnn seasmhacht i leith an phobail oideachasúil agus na féiniúlachta chun cinn, an féidir múineadh na litríochta sa Ghaeilge a aitiú? Nó an féidir leis an oideachas trí chéile réabhlóidí díthógála agus athógala a thosú chun ceisteanna bunúsacha faoin gcoinníoll dhaonna a fhreagairt (Britzman 2012: 292)?

Is éard a chuirim romham san alt seo ná plé a dhéanamh ar theagasc theoiric agus litríocht na haiteachta i gcomhthéacs na Gaeilge. D’fhonn scagadh a dhéanamh ar an gcur chuige turgnamhach seo, déanfaidh mé modúl de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (DCU) a úsáid mar chás-staidéar lena linn. Ba in 2012, mar chuid de Léachtaí Cholm Cille XLII, a tháinig cleachtóirí le chéile chun a ndea-chleachtais i dtaca le múineadh na litríochta sa Ghaeilge a chíoradh agus a roinnt. Is ina haiste ‘An Chanóin, an Caighdeán agus an Curaclam: Clár Léinn á Dhearadh’, a rianaíonn an scoláire liteartha Nic Eoin cúrsa taighde de chuid DCU atá fós á sheachadadh anseo ar champas na hOllscoile. Tugann mic léinn i mbliain na céime anseo in DCU faoi chúrsa taighde ina múintear na mic léinn i ngrúpaí beaga. Déantar sruthú ar na mic léinn de réir sainréimsí spéise na léachtóirí, agus tugtar deis dóibh dul i ngleic le hábhair éagsúla léinn a bhaineann leis na daonnachtaí digiteacha, le litríocht do dhéagóirí, leis an dán díreach, nó leis an aistriúchán agus an eagarthóireacht, ach cuid de na roghanna a lua. Mar thoradh air sin, thapaigh mé an deis modúl ar an litríocht aiteach agus ar theoiric na haiteachta dar teideal ‘Micheál Ó Conghaile: Collaíocht, Co(i)rp, agus Cathú in An Fear a Phléasc’ a thairiscint do na mic léinn. I gcaitheamh an chúrsa, pléitear an cnuasach iomráiteach seo i gcomhthéacs bhuntuiscintí theoiric na haiteachta agus beagán ar bheagán luíonn na rannpháirithe isteach ar theoiric na haiteachta mar fhearas amháin chun téamaí an chnuasaigh a thuiscint. Cur chuige ‘[…] téamach léirmhínitheach’ (de Brún 2012: 157) a bhíonn i gceist leis an gcúrsa ina ndéantar an téacs a ghrinnléamh faoi scáth (bun)tuiscintí aiteacha. Más é raison d’être na litríochta ‘ceisteanna cigilteacha a bhaineann le cora an tsaoil’ (Ní Fhrighil 2012: 45) a chur ar léitheoirí, is minic a tharraingíonn an cúrsa ar thuairimí nó ar thaithí phearsanta, agus tuiscintí na mac léinn ar an gcollaíocht, ar an ngnéasúlacht, agus ar an bhféiniúlacht chun spriocanna an chúrsa a chur i gcrích. Agus mar go bpléann Ó Conghaile leis an bhféinaithne, leis an gcollaíocht, agus leis an meabhairshláinte i rith an téacs thuasluaite, tagann bealaí éagsúla chun cinn chun na mic léinn a spreagadh i dtreo na léitheoireachta neamhspleáiche. Is mar sin a scrúdaíonn de Brún (2017: 24) saothair liteartha Uí Chonghaile, agus í ag cur san áireamh an daonnacht a bhaineann leis an gcollaíocht trí chéile:

[…] it is notable that the male desire to express his sexuality as a fundamental human need is as commonly seen in Ó Conghaile’s realist writings as in his non-realist work. Male sexuality is frequently expressed in his works not primarily as a physical need, but rather as a facet of the intellect, the imagination, and the physical, in a portrayal that gives prominence to the integration of the whole self. In Ó Conghaile’s work, then, sexual desire, whether gay or straight, is an essential aspect of being human and of the experience of being male.

Ach ní hé cur síos cuimsitheach a dhéanamh ar chúrsa amháin a thairiscítear anseo in DCU bun agus barr an ailt seo. Caitheann an aiteacht, teoiric na haiteachta, agus an stair shóisialta a bhaineann léi, solas ar cheisteanna arbh fhiú a fhreagairt. Is sa taighde féin, ag ullmhú don chúrsa seo, a tháinig ceisteanna aníos faoi mhodhanna múinte, faoin oideolaíocht, agus faoi thógáil cúrsa ar theoiric na haiteachta. Cé go mbeidh an modúl thuasluaite in úsáid agam mar chás-staidéar i gcaitheamh an ailt seo, déanfar ceisteanna eile a bhaineann leis an oideachas ar an tríú leibhéal a phlé go ginearálta. I gcaitheamh an ailt seo déanfar sainmhíniú gairid ar an oideolaíocht aiteach (is é sin, foréimse de chuid theoiric na haiteachta a bhaineann leis an gcleachtas); breathnófar ar thógáil an chúrsa ag cur riachtanais, ionchais, agus cumas teanga sa mheá; pléifear an cur chuige machnamhach a chuirim i bhfeidhm mar áisitheoir an chúrsa; agus ar deireadh déanfar tagairt don todhchaí, is é sin, cá bhfuil ár dtriall ar chosán casta débhríoch seo na haiteachta.

An Aiteacht agus an Oideolaíocht Aiteach: Débhrí agus Dúshláin

Tháinig borradh mór faoi léann na haiteachta agus na collaíochta mar réimse ann féin ag tús na nóchaidí agus glúin nua taighdeoirí ag cur leis an ngort ó shin i leith sa Ghaeilge (smaoiním ar Dean Farrell, Caitlín Nic Íomhair, John Walsh, Jeannine Woods, go príomha) agus i gcomhthéacsanna éagsúla léinn, agus i réimsí idir- agus ildhisciplíneacha. Tá teoiric na haiteachta, mar mhodh anailíse, fréamhaithe i saothair chritice Michel Foucault (1926–1984), Adrienne Rich (1929–2012), Eve Kosofsky Sedgwick (1950–2009), David M. Halperin (1952–), Judith Butler (1956–), Lauren Berlant (1957–2021), agus Michael Warner (1958–) ach cuid de theoiriceoirí na smaointeoireachta seo a lua. Is é an ceistiú ar an normatacht, ar an bhfhéiniúlacht, agus ar an gcumhacht, príomhthéada na scoláirí aiteacha a shnámhann i gcoinne an status quo agus a bhíonn ag cur is ag cúiteamh faoi céard is féiniúlacht chollaíoch ann. Níl sé beartaithe ag teoiriceoirí na haiteachta rialacha modheolaíocha faoi leith a leagan síos mar chur chuige aontaithe amháin (Sullivan 2005: 46). Is é sin le rá go bhfuil féiniúlacht agus teanga ag obair as lámha a chéile; díreach mar a mhíníonn Roland Barthes in Mythologies (1978), go dtuigeann an duine é féin trí mheán na teanga agus mar sin, tá dlúthbhaint idir féiniúlacht agus an teanga a úsáidtear chun muid féin a léiriú. Ní chuardaíonn teoiriceoirí na haiteachta féiniúlachtaí uilíocha le cruth a chur ar an bpobal LADT+ (an pobal leispiach, aerach, déghnéasach, trasinscneach anuas ar fhéiniúlachtaí/inscní neamhnortmacha eile) ach le go mbeidh na féiniúlachtaí agus an smaointeoireacht a bhaineann leo ‘[…] to be navigated, revisited, revised and elided on a moment-to-moment basis’ (Giffney & O’Rourke 2009: 7). Mar sin, is cur chuige léirmheastóireachta nó léitheoireachta é teoiric na haiteachta, teoiric áirithe nach féidir a shainmhíniú go docht nó go simplí agus as a n-eascraíonn debhrí agus, ó am go chéile, míthuiscint. Ach is féidir teacht ar phatrúin éagsúla smaointeoireachta a chuireann cruth ar an gcineál seo critice más ag díriú ar mhic léinn bhunchéime atá muid.

Mar go nglactar leis an smaointeoireacht seo, agus na fearais agus na huirlisí léitheoireachta a n-eascraíonn aisti, mar chur chuige critice a d’fhéadfaí a úsáid go hildisciplíneach, is cinnte nach féidir an aiteacht a shuíomh in institiúid ar leith go náisiúnta ná go hidirnáisiúnta. Tugann Halberstam (2003: 362) seo faoi deara nuair a deir sí:

 ‘The liability of not having a clear institutional home, of course, is that the study of sexuality is central to no single discipline or program and in fact may be taught everywhere and nowhere simultaneously […it therefore] becomes a promiscuous rogue in the field of focused monogamists.’

Mar thoradh air seo, is féidir an dlí, an stair, litríocht an Bhéarla, an tíreolaíocht shóisialta, agus aon cheann de réimsí na ndaonnachtaí, a léamh, a thuiscint, agus a theagasc trí lionsa theoiric na haiteachta. Ní heol don scríbhneoir seo an bhfuil insititúid ar bith in Éirinn nó thar lear ag plé leis an aiteacht, agus/nó le teoiric na haiteachta, trí mheán na Gaeilge, agus má tá, is tearc iad na hacmhainní agus an taighde a bhaineann leis an réimse úd atá ar fáil i ngort acadúil comhaimseartha na teanga ar an tríú leibhéal[5]. Cruthaítear dúshláin, go cinnte, ach cothaítear deiseanna chomh maith. Tugtar canbhás leathbhán do na mic léinn a gcuid féin a dhéanamh den léamh aiteach, déantar iarracht iad a chumasú chun grinnléitheoireacht a dhéanamh ar théacsanna eile ina bpléitear an chollaíocht nó an aiteacht iontu, agus bunaítear pobal nua léitheoirí agus criticeoirí i spás aitithe an tseomra teagaisc.

Agus an cúrsa thuas á dhearadh, tugadh faoi deara go raibh deis ann cúrsa comhaimseartha a thuigfeadh na mic léinn, atá ábhartha dá saol, a chruthú. Más ag dul i dtreo na hoideolaíochta aití (queer pedagogy) a bhíothas, tuigeadh nach luíonn an dá choincheap seo le chéile go nádúrtha; is as sin a chothaítear teannas nuair a dhéantar an oideolaíocht agus an aiteacht a phósadh le chéile. Mar go dtéann teoiric na haiteachta i gcoinne coinbhinsiúin sheanbhunaithe i leith na féiniúlachta agus na cumhachta, ceistítear struchtúir éagsúla na sochaí, agus dá bharr sin, tagtar ar dhinimic áirithe agus mí-réir nuair a dhéantar iarracht seo a chur i bhfeidhm. Mar gur deacair sainmhíniú docht a thabhairt ar an aiteacht, agus go bhfuil an téarma féin fiú ‘deliberately ambiguous’ (Monaghan, 2016: 7), is údar suime é nóisean seo na hoideolaíochta aití. Faoi mar a mhíníonn Britzman (2012: 293) dúinn:

‘Queer theory transgresses the stabilities of the representational; pedagogy situates the problem of normalcy in classroom sites and worries about the social production of the learning self […] Can this reading of normalcy be a queer reading practice [in and onto itself]?’

Nó mar a deir Neto (2018: 591):

‘Queer pedagogy does not seek the “correct” method or the “right” questions, but rather the possibility to question our practices or notions of equality and acceptance […] queer pedagogy offers everyone […] the possibility of understanding issues of sexuality from a new angle.’

D’fhéadfaí a mhaíomh gur suíomh normatach agus normalaithe é suíomh an tseomra ranga ina ndéantar iarracht an t-oideachasóir a léiriú mar chadhain nó mar fhoinse údaráis; duine a bhfuil na freagraí ar fad aige, gur tobar an eolais é an t-oide, a shoilsíonn ród an scoláire agus é ar a aistear oideachais. Cé go mbeifeá in ann a rá go bhfeidhmíonn an t-oide mar threoraí don iníon léinn, agus go ndéanann sí iarracht chomhfhiosach, b’fhéidir, scileanna machnamhacha agus criticiúla an mhic léinn a chothú, is fiú a mheabhrú dúinn féin gur gá don mhac léinn dul i ngleic le pé ábhar a bhfuil aghaidh á thabhairt aici air le go mbeidh sí in ann an cúrsa a chur i gcrích go rathúil, agus, ar deireadh, go mbronnfar céim uirthi. Cothaítear dinimic cumhachta idir an mac léinn agus an t-oide dá bharr, gréasán cumhachta a bhfuil an aiteacht go hiomlán ina choinne (Boud, 1995: 5). Mar sin, is gá an cheist a chur: cén chaoi a mbeifí in ann teoiric na haiteachta agus litríocht aiteach na Gaeilge a theagasc nuair a chuirtear na dúshláin agus an débhrí a bhaineann leo san áireamh?

Tógáil an Chúrsa: Deiseanna

Faoi mar a phléann Smith ina halt ‘Decolonizing Queer Pedagogy’, is minic a roghnaíonn mac léinn cúrsa a bhaineann leis an aiteacht mar go ndéanann sé scáthánú ar a bhféiniúlacht aiteach féin, agus go dtugann siad leo ionchais agus inspreagadh ar leith pearsanta; ‘[…] they bring with them [this] depressingly urgent need to experience a course in which their lives are fully recognized’ (468). Ní hé sin le rá go dtugann gach mac léinn faoin gcúrsa seo idir lámha mar gur duine ait é, í, nó iad[6] an mac léinn, ach go mb’fhéidir go bhfuil spéis acu gné ar leith de litríocht na teanga nach bpléitear go rialta i hallaí léachta Gaeilge a scrúdú ‘[…] where old certaintites made no sense’ (Britzman, 2012: 297). Bíodh sin mar atá, tá baol ann go gceapfaí gur sórt gimic é seo, nó go gceapfaí gur ar mhaithe le haidhmeanna nó tuairimí polaitiúla é an cúrsa seo, mar shlí chun an normatacht a bhriseadh síos nó ‘[…to] recognize difference outside the imperatives of normalcy’ (Neto, 2018: 591). Is ar mhaithe le fiúntas na litríochta, agus na mic léinn ag feidhmiú mar ábhair chriticeora, bun agus barr an chúrsa seo. Cé go nglactar leis na dúshláin agus an débhrí a bhaineann le teoiric na haiteachta, is féidir príomhchoincheapa na teoirice a sholáthar chun na mic léinn a chur ag smaoineamh agus chun an téacs a léamh trí pheirspictíocht áirithe chritice. Mar sin, bíonn sé mar aidhm sna seimineáir na príomhchoincheapa a bhaineann le teoiric na haiteachta a phlé leis na mic léinn le go mbeidh siad in ann anailís phearsanta a dhéanamh ar na téacsanna a ndéanfar staidéar orthu. Bunaithe ar chéimlathas Gayle Rubin in Thinking Sex: Notes for a Radical Theory of the Politics of Sexuality (1984), agus an céimlathas céanna de chuid Rubin léirithe thíos in Queer Theory Now (2020), is féidir cuid de phríomhchoincheapa theoiric na haiteachta a rangú agus a phlé i gcomhthéacs na normatachta go han-simplí leis na mic léinn agus gnéithe a nglactar leo agus nach nglactar leo go sóisialta a ionramháil:

Inghlachta go sóisialta

Doghlactha go sóisialta

An duine heitreaghnéasach Lánúin phósta

Caidreamh monagamach

Caidreamh collaíoch saor in aisce i gcaidreamh

Ag siúl amach le chéile

Caidreamh collaíoch sa bhaile (gníomh príobháideach)

An duine homaighnéasach

Lánúin in aontíos (nach bhfuil pósta) Caidreamh scaoilte

Caidreamh collaíoch trí íocaíocht

Gnéas gan choinníoll/caidreamh oscailte

An chrúsáil chollaíoch (gníomh poiblí)

Figiúr 1: McCann & Monaghan, 2020: 84

Aistear thar a bheith pearsanta í an léitheoireacht, agus is amhlaidh atá aistear na teoirice agus na critice liteartha. Leis na bunchoincheapa seo curtha ina láthair, is féidir na mic léinn a chur ag smaoineamh ar an tsochaí agus ar théacsanna cultúrtha go simplí trína dtuiscint ar an saol thart timpeall orthu. Ach más ar mhaithe le léitheoirí neamhspleácha criticiúla a chruthrú is í an phríomhaidhm a chuirim romham sa chúrsa, bíonn orm cumas teanga na mac léinn a chur san áireamh sa phleanáil. Chuige seo, is gá timpeallacht foghlama atá tacúil agus measúil a chruthú, más ag díriú ar an ngné seo de thraidisiún comhaimseartha na litríochta sa Ghaeilge atá muid, ina dtugtar gluaiseanna léitheoireachta agus mínithe do na mic léinn chun dul i ngleic le teanga shaibhir dhomhain Uí Chonghaile. Ag baint leasa as cur chuige na malairte foghlama (flipped classroom), déantar gach aonad a dhearadh i dtrí chuid: tascanna réamhranga, an rang féin, agus tascanna iar-ranga. Baintear leas as Moodle, ardán ríomhfhoghlama, chun freastal ar an modh teagaisc seo. Léirítear thíos struchtúr an chéad ranga chun dhá sprioc a chomhlíonadh: an timpeallacht chuí ghairmiúil a thógáil, agus na mic léinn a dhíriú ar mhórthéamaí theoiric na haiteachta:

Tascanna Réamhranga

  1. Déan réamhrá Queer Theory: An Introduction le Jagose a léamh agus freagair na ceisteanna thíos (le plé sa rang):
    1. Céard is brí leis an téarma normatacht (normativity)?
    2. Céard é an difear idir an homaighnéasacht agus an aiteacht, dar leis an scríbhneoir?
    3. Cén bhaint a bhí ag SEIF (AIDS) le bunú theoiric na haiteachta?
  2. Déan an gearrscéal ‘An Fear a Phléasc’ (1997) le Micheál Ó Conghaile a léamh (féach an ghluais léitheoireachta le tacú leat) agus scríobh nótaí bunaithe ar an ngearrscéal. Pléifear seo sa rang.
    1. Cén fáth a bpléascann an fear le linn an ghearrscéil seo?
    2. An bhfuil mná léirithe sa phíosa seo agus má tá, cén léiriú a chuirtear os comhair an léitheoira?
    3. Déantar corp an fhir a phléascadh sa ghearrscéal. Cé na baill bheatha a ndéantar trácht orthu sa ghearrscéal?

Struchtúr an Ranga

A. Aidhmeanna agus ábhar a mhíniú: 20 nóiméad

  1. Plé ar theoiric na haiteachta agus ar mhór-argóintí na smaointeoireachta sin
  2. Scagadh a dhéanamh ar sheánra an ghearrscéil chomhaimseartha sa Ghaeilge anuas ar phlé ar an ngearrscéal ‘An Fear a Phléasc’ trí ghrinnléamh
  3. Tuiscint a fháil ar conas is féidir an gearrscéal seo a aitiú

B.Gníomhaíochtaí (i ngrúpaí beaga): 20 nóiméad

  1. An bhféadfaí a rá go ndéantar iarracht corp an fhir seo in ‘An Fear a Phéasc’ (1997) a chur os comhair an phobail ar bhealach foréigneach? An mbeifí in ann seo a cheangal leis an gcumhacht a bhíonn i gceist ar choirp go ginearálta i bhfianaise chaibidil Jagose?
  2. An siombail de shaghas éigin é an corp, a bhfuil mhí-úsáid bainte as, ar mhaithe le healaín agus ar mhaithe le daoine eile sa scéal?
  3. Céard é príomhthéama an ghearrscéil seo? An bhfuil noirm ar leith á gceistiú ag an scríbhneoir?

C.Suirbhé agus aiseolas 10 nóiméad

  1.  Déantar achoimre ar ábhar an ranga trí leas a bhaint as an uirlis Vevox le néal focal a churthú – céard a d’fhoghlaim tú inniu i dtrí fhocal?

D. Tascanna Iar-Ranga

  1. Déan iontráil bunaithe ar shaol agus ar shaothair Mhichíl Uí Chonghaile a léamh ar an suíomh https://portraidi.ie/en/micheal-o-conghaile/agus breac síos nótaí beathaisnéise ina leith.
  2. Léigh an t-alt ‘Homosexuality is not a problem – it doesn’t do you any harm and can be lots of fun’: Students and Gay Rights Activism in Irish Universities, 1970s–1980s’ le Patrick McDonagh. Scríobh achoimre 200 focal bunaithe ar an alt. Pléifear é ag an gcéad rang eile.
  3. Déan an gearrscéal ‘Athair’ le Micheál Ó Conghaile a léamh. An gearrscéal traidisiúnta é an scéal seo? Cén cineál stíle a léirítear sa téacs? Cuir an gearrscéal seo i gcomórtas leis an ngearrscéal ‘An Fear a Phléasc’; cé acu ab fhearr leat agus cén fáth? Scríobh iontráil bunaithe ar na ceisteanna seo i bhfóram Moodle an chúrsa seo.

 

Conclúid

Nuair a dhéantar ábhar aiteach a fhorbairt go hoideolaíoch i gclár ginearálta litríochta nó taighde, déantar an cur chuige ildisciplíneach a thathant mar go ndírítear ar an mórphictiúr staire, sóisialta, agus liteartha inar scríobhadh an téacs (Halberstam, 2003: 362). Díol spéise é go dtagann na saothair liteartha is mó le rá faoin aiteacht i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge ó pheann na bhfear agus nach bhfuil mórán scríofa faoin éispéireas trasinscneach go fóill sa teanga. Mar sin, d’fhéadfaí a rá go bhfuil an homanormatacht (homonormativity) i gceist anseo agus iarracht ar bun ag scríbhneoirí an t-éispéireas aiteach a normalú agus grúpaí eile neamhnormatacha, nach fiú fir aeracha ghealla iad, a imeallú (Smith 2013: 468). Cé go ndéantar an cultúr drag a phlé in Teach an Gheafta Uí Shearcaigh (2018), an trasfheisteoir in Cúigear Chonamara Uí Chonghaile (2007), agus lánúin leispiacha in Cion Mná (Standún 1993), is ar éigean go bhfuil plé cuimsitheach déanta ar inscní neamhnormatacha go fóill beag i litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Dá uaillmhianaí is a bhí iarracht Uí Chonghaile in 1997, agus téamaí aiteacha ar fáil againn sa téacs An Fear a Phléasc (1997), is gá a mheabhrú do na mic léinn gur pointe tosaigh é seo agus go bhféadfaí pictiúr níos iomláine a fháil ach dul ag tochailt sa leabharlann smaoiním ar shaothair liteartha Nuala Ní Dhomhnaill, Biddy Jenkinson, Chathail Uí Shearcaigh agus Phádraig Standúin.

Is gá a chur san áireamh nach beag an fhreagracht í cúrsaí ar an tríú leibhéal a theagasc, a mheas, agus a uasdátú – le cinntiú go bhfuil cothrom na Féinne á thabhairt againn dár mic léinn agus dár réimsí taighde féin. Tá sé de dhualgas orainn mar oidí, a phléann leis an litríocht agus leis an gcritic liteartha nó leis an teoiric liteartha, riachtanais na mac léinn a chur san áireamh agus spás oscailte (ach gairmiúil) a chur ina láthair ina gcuirtear fiúntas na dtéacsanna liteartha i gcroí an chúrsa. Is gá mar sin, na tacaíochtaí cuí a chur ar fáil do rannpháirithe an chúrsa, chun blaiseadh a fháil – ní  hamháin ar theoiric dhébhríoch na haiteachta – ach ar litríocht chomhaimseartha na Gaeilge. Is éard atá i gceist leis an gcúrsa seo idir lámha ná: cíoradh ar an gcnuasach gearrscéalta An Fear a Phléasc (1997); an léamh ag tarraingt ar bhuntuiscintí a bhaineann le teoiric na haiteachta; agus torthaí inmheasta i gceist leis an gcur chuige seo á chur i bhfeidhm. I gcaitheamh an chúrsa, tugtar léargas do na mic léinn ar an stair shóisialta a bhaineann le litríocht aiteach na Gaeilge ag tús an chúrsa, agus pléitear scéal casta na féiniúlachta collaí in Éirinn ó na 1970í ar aghaidh. Déantar é seo chun an comhthéacs staire a cheangal leis an gcnuasach gearrscéalta idir lámha le go dtuigfí an tírdhreach sochaíoch inar scríobhadh an téacs, nó mar a deir Britzman (2012: 295) ‘[…] queer theory is an insistence on understanding identity as both a social and historical production and as a relation ethic: identity as neither transcendence nor equivalence’.

 

Ag leibhéal na bunchéime, is léir go mbeadh sé dúshlánach go leor an teoiric, nó aon chineál teoirice, a phlé go mion, ceal ama, agus ó am go chéile, dúshláin teanga maidir le cumas teanga, cé go dtugtar tacaíochtaí cuí do na mic léinn le linn sheachadadh an chúrsa. Tá tuilleadh tochailte is taighde ag teastáil sa réimse seo trí chéile agus tá sé i gceist agam an cúrsa a fhorbairt ag cur glór na mac léinn san áireamh trí shuirbhéanna agus ceistneoirí agus iad mar chuid den phróiseas machnamhach a chuirim i bhfeidhm. Sin ráite, más í an litríocht chomhaimseartha croí an chúrsa seo, tá súil agam go ndéantar gréasán beag léitheoirí a spreagadh, léitheoirí a bheidh in ann dul i ngleic le téamaí agus le hábhair nach samhlaítear go minic le traidisiún liteartha na Gaeilge.

 

[1] Bíodh sin mar atá, tugtar foláireamh do na mic léinn roimh thús an chúrsa go mbeidh ábhair íogaire á bplé ó am go ham. Déantar seo a mheabhrú do na mic léinn i gcaitheamh an chúrsa agus tugtar cead imeachta dóibh murar mhaith leo an cineál seo ábhair a léamh nó a scrúdú. Tugtar obair eile dóibh nuair is cuí.

[2] Féach Ó Siadhail, P. (2010) ‘Odd Man Out: Micheál Ó Conghaile and Contemporary Irish Language Queer Prose’, The Canadian Journal of Irish Studies, 36(1). 143–61.

[3] Féach Nic Eoin, M. (2021) ‘An soitheach il-luchtaithe agus ionad an fhile gan (mórán) iomrá: spléachadh ar fhilíocht Sheáin Hutton’ Ní Mhaonaigh, T. et al. (Eag.). Irisleabhar Mhá Nuad 2021. Maigh Nuad: An Sagart. 22–53.

[4] Déantar scagadh ar dhá úrscéal aiteacha Gaeilge in alt liom ‘Coming Out, Queer Sex, and Heteronormativity in two Irish-language Novels’, Studi Irlandesi, 10(10). 63–75.

[5] Déantar plé ar shaothair Éilís Ní Dhuibhne Hurlamaboc i gcomhthéacs daltaí Ardteiste in Mac Risteaird, Seán & Ronan Doherty. ‘Hurlamoboc na déaglitríochta: Féiniúlachtaí gnéis sa seomra ranga,’ In Adams, Dunne & Nic Lochlainn, Thar an Tairseach. 181–200.

[6] Cé go bhfuil cur agus cúiteamh ann faoi úsáid an tríú pearsa iolra sa Ghaeilge, is minic a úsáidtear é do dhaoine neamh-dhénártha (non-binary) nó do dhaoine nár mhaith leo forainmneacha inscneacha a úsáid ar chúis amháin nó ar chúis eile.

Leabharliosta: 

Leabhair

Barthes, R., (1957) Mythologies. Paris: Éditions du Seuil.

Giffney, N. & O’Rourke, M., (2009) The Ashgate Research Companion to Queer Theory. Burlington: Ashgate Publishing Company.

Kumashiro, K.K., (2002) Troubling education : queer activism and antioppressive pedagogy. New York: Routledge.

McCann, H. & Monaghan, W., (2020) Queer Theory Now: From Foundations to Futures. London: Bloomsbury.

Ó Conghaile, M., (1997) An Fear a Phléasc. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Searcaigh, C. (2019) Teach an Gheafta. Indreabhán: Leabhar Breac.

Standún, P., (1993) Cion Mná. Indreabhan: Cló Iar-Chonnacht.

Sullivan, N., (2003). A Critical Introduction to Queer Theory. Edinburgh: Edinburgh University Press.

Ailt

Britzman, D.P., (2012) ‘Queer Pedagogy and Its Strange Techniques.’ Counterpoints, 367. 292–308.

de Brún, F., (2012) ‘Ficsean nó Facebook? Do Phléisiúr Féin.’ Ní Dhonnchadha, A. (Eag.), Léachtaí Cholm Cille XLII: Teagasc na Litríochta. An Daingean: An Sagart: 149–61.

de Brún, S., (2017) ‘History Repeating Itself: Men, Masculinities, and “His Story” in the Fiction of Micheál Ó Conghaile.’ Éire-Ireland (St Paul), 52(1). 17–48.

Halberstam, J., (2003) ‘Reflections on Queer Studies and Queer Pedagogy.’ Journal of Homosexuality 45(2-4). 361–64.

Jakobsen, J.R. (1998) ‘Queer Is? Queer Does? Normativity and the Problem of Resistance.’ GLQ, 4(4). 511–36.

Kumashiro, K.K., (2000) ‘Teaching and Learning through Desire, Crisis, and Difference: Perverted Reflections on Anti-Oppressive Education.’ Radical Teacher (58). 6–11.

Mac Risteaird, S., (2020) ‘Coming Out, Queer Sex, and Heteronormativity in two Irish- language Novels.’ Studi Irlandesi 10(10). 63-75.

McDonagh, P., (2019) ‘“Homosexuality is not a problem – it doesn’t do you any harm and can be lots of fun’: Students and Gay Rights Activism in Irish Universities, 1970s–1980s.’ Irish Economic and Social history 46(1). 111–41

Neto, N.J., (2018) ‘Queer pedagogy: Approaches to Inclusive Teaching.’ Policy Futures in Education, 16(5). 589–604.

Nic Eoin, M., (2021) ‘An soitheach il-luchtaithe agus ionad an fhile gan (mórán) iomrá: spléachadh ar fhilíocht Sheáin Hutton.’ Ní Mhaonaigh, T. et al. (Eag.). Irisleabhar Mhá Nuad 2021. Maigh Nuad: An Sagart. 22–53.

Ní Fhrighil, R. (2012) ‘Léirigh do fhreagra le tagairtí don téacs: Teagasc agus Measúnú na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal.’ Ní Dhonnchadha, A. (Eag.). Léachtaí Cholm Cille XLII: Teagasc na Litríochta. An Daingean: An Sagart: 43–56.

Nic Eoin, M., (2010) ‘An Chanóin, an Caighdeán agus an Curaclam: Clár Léinn á Dhearadh’ Ní Dhonnchadha, A. (Eag.), Léachtaí Cholm Cille XLII: Teagasc na Litríochta. An Daingean: An Sagart. 57–73.

Ó Siadhail, P., (2010) ‘Odd Man Out: Micheál Ó Conghaile and Contemporary Irish Language Queer Prose’, The Canadian Journal of Irish Studies 36(1). 143–61.

Smith, K., (2013) ‘Decolonizing Queer Pedagogy’, Affilia 28(4). 468–70.

Valente, J., (2010) ‘Self-Queering Ireland?’ Canadian Journal of Irish Studies 36(1). 25–43.