Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Réamhrá le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Réamhrá le hUachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUiginn

Toradh atá in obair na hirise seo ar fhís, samhlaíocht agus cruthaitheacht mhicléinn iarchéime Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Is comharbaí iad na micléinn seo ar ghaiscígh na hOllscoile sin a shaothraigh gnéithe éagsúla den Léann Teanga i nGaillimh roimhe seo: Tomás Ó Máille, Seoirse Mac Thomáis, Mairéad Ní Éimhigh, Caitlín Ní Mhaolchróin agus Tomás S. Ó Máille, gan ach cuid an bheagáin díobh a lua.

Lárionad don teagasc agus don léann trí Ghaeilge atá in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i gcónaí, agus freisin aithnítear go náisiúnta an cúram speisialta a dhéantar den Ollscolaíocht Ghaeilge ann. Bunchloch den mhúnla sin láithreacht réigiúnach agus Ghaeltachta na hOllscoile agus an nuálaíocht a bhaineann le cláir léinn agus teagaisc an Acadaimh go speisialta.

Tráth dá raibh, shamhlaítí an léann san Eoraip ach go háirithe le traidisiún na gramadaí agus na fileolaíochta agus le hoidhreacht an fhocail scríofa. Ba í an Laidin príomh-mheán seachadta an smaointeachais an uair úd, teanga a d’fhreastail ar riachtanais na litríochta, na diagachta, na fealsúnachta agus na heolaíochta ar feadh na gcéadtabliain.

Leagadh bonn faoi theangacha dúchasacha an uair a tosaíodh ag cumadh litríochta sna teangacha nua san uile chearn den mhór-roinn i gcaitheamh na meánaoiseanna. Díol suntais é gur shaothraigh aos léinn na Gaeilge an ghramadach ar shlí sheiftiúil in aimsir na Nua-Ghaeilge Moiche chun leas na filíochta.

Chuir Johann Casper Zeuss comaoin mhór ar thraidisiún intleachtúil na Gaeilge nuair a chuir sé mór-staidéar ar na teangacha Ceilteacha i dtoll a chéile san naoú haois déag. Mhúscail Grammatica Celtica spéis sa Cheiltis i measc chomhluadar léinn na hEorpa agus is saibhride saol na hÉireann an saothrú leanúnach idirnáisiúnta a dhéantar anois ar chor theanga na Gaeilge.

Tá an tionscadal Léinn Teanga seo ag cur go slachtmhar agus go misniúil leis an gcaibidil chéanna. Tá curtha go mór le coincheapa bunúsacha in Éirinn agus i ndlínsí eile i dtaca le cearta agus rialachas teanga le deich mbliana nó mar sin. Dúshlán pobail agus polasaí don saoránach agus don stát iad ceisteanna cothaithe agus neartaithe na teanga. Idirghabháil thábhachtach thráthúil é foilsiú na hirise seo sa phlé náisiúnta faoin mbeartas teanga dá réir.

D’éirigh le teangeolaithe éagsúla dul i bhfeidhm ar smaointeachas an tsaoil ar bhealach eisceachtúil le linn an chéid seo caite. Cuimhnítear ar Ferdinand Saussure agus Noam Chomsky – gan ach beirt a lua – as lasair a chur imbarrach na scoláireachta go cinnte. D’éirigh lena saothar cumasach áiteamh orainn ar fad go raibh fiúntas san anailís teanga a sheas le dioscúrsa an domhain.

Bímis dóchasach mar sin go mbeidh toradh chomh cinniúnach céanna ag scríbhneoirí agus lucht eagair na hirise seo. Léitheoirí gan teorainn a bheidh ag an iris nua seo de bharr dheis na ríomh-fhoilsitheoireachta. Is iontach go mbeidh teacht ag pobal na Gaeilge ar fud na cruinne ar eolas, ar fhaisnéis agus ar thuairimíocht nua faoin Léann Teanga. Tá aistriúchán den scoth riachtanach do chaighdeán agus d’ábharthacht chomhaimseartha na teanga.

 

Beannacht leat a scríbhinn sa domhan digiteach agus go maire fís, flosc agus fuinneamh an Reiviú nua.

Micheál D. Ó hUiginn

Uachtarán na hÉireann