An Litearthacht Acadúil agus an Fhéiniúlacht Acadúil: Cás-Staidéar ar an Ionad Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Dorothy Ní Uigín

Le Dorothy Ní Uigín

Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Topaic(í): 

Réamhrá[1]

Déantar scagadh san alt seo ar a bhfuil i gceist leis an litearthacht acadúil agus leis an bhféiniúlacht acadúil.  Mar chuid den scagadh déantar anailís ar obair an Ionaid Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus pléitear na bealaí ar féidir mic léinn na Gaeilge a chumasú sa litearthacht acadúil, agus a bhféiniúlacht mar scoláirí Gaeilge a chothú.

 

Céard é an litearthacht acadúil?

Dar le van Schalkwyk (2008: 3) gur deacair cur síos beacht a thabhairt ar an litearthacht acadúil; deir sí ‘Literacy in an academic connotation is fluid’, ach luann sí teoiricí Ballard, Clanchy agus Moore a rinne cur síos ar an litearthacht acadúil mar ‘a compound of linguistic, conceptual and epistemological rules and norms of the academe’.  Ní bhíonn na nósmhaireachtaí i gcónaí soiléir, áfach, rud a fhágann go mbíonn deacrachtaí ag mic léinn tríú leibhéal uaireanta teacht isteach go héasca ar úsáid na teanga acadúla a éilíonn an saol acadúil.     

Tá iarrachtaí á ndéanamh in institiúidí tríú leibheál aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo le blianta beaga anuas, agus is gné amháin de na hiarrachtaí iad na hionaid scríbhneoireachta acadúla atá le fáil go forleathan anois i gcuid mhór ollscoileanna agus institiúidí tríú leibhéal.  Tá an obair a dhéantar sna hionaid seo luachmhar, ach tá an baol ann go gcuirfear an iomarca béime ar fhorbairt scileanna praiticiúla agus go bpléifear an scríbhneoireacht agus an litearthacht acadúil i dtéarmaí rialacha; na coinbhinsiúin i gcás na gcóras tagartha, mar shampla, nó ceisteanna poncaíochta, agus mar sin de.  Is éard a theastaíonn ná forbairt a dhéanamh ar fhéiniúlachtna mac léinn mar scoláirí, scoláirí a bhfuil áit tuillte acu san academe.  Má dhéantar é seo, beidh scoláirí againne a bheas compórdach sa saol acadúil agus a bheas muiníneach dul i ngleic le cúrsaí éagsúla acadúla, agus a nguth acadúil a léiriú.   Má chuirtear an iomarca béime ar fhorbairt scileanna, tá féiniúlacht an mhic léinn in easnamh.  Ní mór do na hionaid scríbhneoireachta acadúla éascaíocht a dhéanamh ar idirghníomhaíocht na mac léinn leis an saol acadúil, agus ba cheart cur chuige a úsáid a fhorbraíonn, mar a mhíníonn Cummins (1991), ní hamháin na scileanna praiticiúla(BICS: basic interpersonal communicative skills), ach an fhéiniúlacht acadúil (CALP: cognitive academic language proficiency) freisin.  Ní dhéanfaidh na hionaid scríbhneoireachta acadúla é seo ina n-aonar, áfach; beidh ionchur an luchta acadúil trí chéile ag teastáil.

Maíonn Warschauer et al. (2004) go bhfuil i bhfad níos mó i gceist i bhforbairt na litearthachta acadúla ná múineadh na teanga féin; cuireann siadsan an-bhéim ar fhéiniúlacht shóisialta na mac léinn, féiniúlacht a ligeann dóibh gníomhú i mbealach bríomhar sa saol acadúil. Pléann Cummins, (in van Schalkwyk, 39-40) tábhacht an sóisialaithe laistigh den dioscúrsa acadúil, agus maíonn sé go bhfuil an sóisialú agus an infheistíocht féiniúlachta seo riachtanach le go n-éireoidh le mic léinn sa saol acadúil.  Ní mór dóibh a bheith páirteach go gníomhach chun a litearthacht acadúil a fhorbairt.  Is faoi léachtóirí agus faoi theagascóirí atá sé é seo a éascú, agus tá ról tábhachtach ag na hionaid scríbhneoireachta acadúla san obair seo freisin.  Is tábhachtaí fós, áfach, an idirghníomhaíocht a fhorbairt sa churaclam féin agus trasna an churaclaim.  Ní meicníochtaí na scríbhneoireachta amháin is ea an scríbhneoireacht agus an litearthacht acadúil, mar sin: is cruthú féiniúlachta acadúla is tábhachtaí sa chás seo, laistigh de dhioscúrsa réimse staidéir an mhic léinn.

Is litearthacht acadúil sa dara teanga a bhíonn i gceist i gcás thromlach na mac léinn atá i mbun staidéir ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal, ach maíonn Bourdieu, Passeron agus de Saint Martin (in Paxton, 2007: 47) nach céad teanga duine ar bith í an teanga acadúil: ‘Academic language is…no one’s mother tongue, not even that of children of the cultivated classes (1994: 8)’.  Is cinnte, mar sin féin, go mbíonn constaicí sa bhreis le sárú ag an mac léinn Gaeilge; deir Antain Mac Lochlainn (2010: 17-8):

Tá go leor den chruinneas smaointeoireachta ag trá as an Ghaeilge, ar an drochuair, agus anuas air sin, sciar maith de lucht na Gaeilge nach bhfuil an teanga ó dhúchas acu níl siad chomh heolach ar an teanga, ná chomh gafa léi mar mheán, agus ba dhóigh le duine a chaithfidís a bheith le saothar fiúntach a scríobh.

Níl dioscúrsa príomhúil ag go leor mac léinn Gaeilge sa teanga; ní úsáideann siad an teanga lasmuigh den seomra ranga, agus mar sin, is dúshlán sa bhreis dóibh an dioscúrsa acadúil.  Mar sin féin, cuireann Ní Ghallachair (2009a: 221) béim ar thábhacht na hinfheistíochta féiniúlachta i bhfoghlaim na Gaeilge agus luann sí an ‘gaol ar leith’ a airíonn na hÉireannaigh leis an nGaeilge, lena dteanga ‘féin’.  Is gaol tábhachtach é seo, mar ní fhorbrófar féiniúlacht acadúil sa Ghaeilge áit nach bhfuil féiniúlacht phríomhúil sa teanga. 

Pléann Paxton (2007: 46) idirlitearthachtaí agus cuireann sí síos orthu mar phróiseas aistrithe ón scoil agus ón mbaile go dtí an litearthacht acadúil.  Síleann Ní Ghallachóir (2009b) gur cheart – i gcomhthéacs an deisteangachais – luach a chur ar na hidirlitearthachtaí.  Ba cheart breathnú orthu mar thúsphointe dearfach, tús thuras an mhic léinn i dtreo na hardlitearthachta acadúla agus na ballraíochta iomláine sa saol acadúil.  Ach cén chaoi a ndéantar é seo go praiticiúil, agus an bhfuil ról ag na hionaid scríbhneoireachta acadúla san obair seo?  An bhfuil, go sonrach, an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag éascú an phróisis ionadachta seo, nó cén chaoi ar féidir an próiseas seo a éascú go héifeachtach?

An tIonad Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Comhaltas na Mac Léinn a bhunaigh an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla i mí Eanáir 2009.  Is mic léinn iarchéime iad tromlach na dteagascóirí san Ionad; tá an chuid is mó acu ag tabhairt faoi mháistreachtaí le Disciplín an Bhéarla, agus tá teagascóir amháin ag tabhairt faoin MA sa Nua-Ghaeilge.[2]  I samhradh 2011, rinneadh scagadh ar bhreis is 500 foirm aiseolais de chuid an Ionaid ó bunaíodh é in 2009 go dtí deireadh na bliana acadúla 2011.  San áireamh anseo bhí foirmeacha na mac léinn féin agus foirmeacha aiseolais na dteagascóirí.  Tá an cur síos san alt seo ar obair an Ionaid Scríbhneoireachta Acadúla bunaithe ar a raibh sna foirmeacha seo agus ar thaithí an údair féin agus í ag obair san Ionad ó 2009 go dáta.

227 foirm aiseolais san iomlán a fuarthas ó na mic léinn sa tréimhse atá i gceist.  An chéad cheist a cuireadh ar na foirmeacha ná ‘An raibh an seisiún úsáideach chun do chuid scríbhneoireachta a fheabhsú?’  D’fhreagair gach duine an cheist seo go dearfach, rud a léiríonn an tábhacht a bhaineann leis an Ionad do na mic léinn seo.  Cuireadh ceist an úsáidfidís seirbhísí an Ionaid arís agus dúirt gach duine acu go n-úsáidfidís – rud a tharla i go leor cásanna.  An tríú ceist a cuireadh ná ar chuidigh an seisiún le feabhas a chur ar a gcuid scríbhneoireachta, agus cén fáth?  Dúirt na mic léinn ar fad go raibh na seisiúin úsáideach, ach níor mhínigh gach duine acu an fáth.  Fiú nuair a tugadh freagra ar an bhfáth ní bhíodh ann ach focal amháin ar nós, ‘Gramadach’ nó ‘Litriú’ go minic.  Níor léir aon domhaintuiscint ar na deacrachtaí a bhí ag na mic léinn, ná ar an gcaoi a raibh na seisiúin ag cuidiú leo.  Tá an easpa feasachta seo soiléir i roinnt mhaith de na bileoga aiseolais. 

Bhíodh na teagascóirí in ann míniú ní ba dhoimhne agus ní ba chaolchúisí a thabhairt go minic: mheas na teagascóirí gur easpa muiníne ina gcumas féin ba chúis leis na fadhbanna go minic, agus deacrachtaí acu iad féin a chur in iúl.  Ní raibh ‘guth acadúil’ aimsithe acu, agus níor airigh siad compordach sa saol acadúil.  Ba bhac a bhí sa teanga acadúil agus ba bheag líofacht a bhí acu sa teanga nua seo.  Ba mheasa fós na deacrachtaí seo i gcás na mac léinn Gaeilge a d’fhreastail ar an Ionad go minic.

Ar an iomlán bhí foirmeacha aiseolais na dteagascóirí i bhfad ní ba léirsteanaí ná cinn na mac léinn.  Rinneadh scagadh ar 296 foirm san iomlán don tréimhse atá i gceist.  Ba é ba shuntasaí faoi na foirmeacha seo ná doimhneacht na hdirghníomhaíochta a bhí ag na teagascóirí leis na mic léinn agus a gcuid scríbhneoireachta.  Ba léir cur chuige machnamhach i gcás na dteagascóirí ar fad.  Tá samplaí thíos den aiseolas a fuarthas sna foirmeacha seo:

 I felt she was trying to get some last minute touch ups and rearrangements before handing up the essay.  So, I advised her to come back when we could get to the bottom of some of her problems.

Ba léir gur thuig an teagascóir sa chás seo nár leor an cuidiú a tugadh don mhac léinn sa seisiún aonarach seo, agus moladh don mhac léinn filleadh ar an Ionad lá eile.  Ar fhoirmeacha eile dúirt na teagascóirí:

 ...I think (student) needed to vent a little...

I tried to simplify the overall structure of an essay...I believe she left with a better understanding and was less daunted by the task of writing.

...She really wanted someone to ensure her that she was on the right track...

Writer seemed insecure about her work; took a sensitive approach to suggesting areas of improvement...

Léiríonn na sleachta athfhriotail thuas an ról tréadach a bhíonn ag na teagascóirí san Ionad Scríbhneoireachta Acadúla go minic, ach tugann siad an-léargas freisin ar an éiginnteacht a mhothaíonn go leor mac léinn agus iad i mbun na scríbhneoireachta acadúla.  Is léiriú soiléir é seo ar a riachtanaí is atá sé féiniúlacht na mac léinn mar scoláirí a chothú.  A luachmhaire is atá obair an Ionaid Scríbhneoireachta Acadúla sa chás seo, tá ionchur níos córasaí ag teastáil tríd an earnáil tríú oideachas ar fad ón gcéad bhliain fhochéime ar aghaidh. 

Léiríodh thuas a bheag luach a bhain le foirmeacha aiseolais na mac léinn i gcás thuairimí na mac léinn a shoiléiriú faoina gcuid scríbhneoireachta féin.  Arís, sholáthair na teagascóirí léargas ar na cúiseanna a raibh cúrsaí amhlaidh.  Dúirt duine acu ‘Students who attend the Writing Centre for assistance often cannot explain in what way they need help with their essays.’  Níl siad feasach ar na fadhbanna a bhíonn acu, nó go minic, ní bhíonn an teanga acu leis na fadhbanna seo a mhíniú go soiléir.  Ní easpa éirime is cúis leis seo.  Tagann na mic léinn faoi thionchar chóras na hArdteiste, áit a raibh sé inghlactha aistí a fhoghlaim de ghlanmheabhair.  Is daoine cliste iad, ach ní bhíonn an teanga acu go minic dul i ngleic leis an scríbhneoireacht acadúil.  Ní aithníonn siad iad féin mar scoláirí, agus níl na BICS ná an CALP a phléann Cummins sealbhaithe acu.

Tá sé tábhachtach freisin nach n-úsáidtear an tIonad Scríbhneoireachta Acadúla mar sheirbhís phrofála.  Tuigeann na teagascóirí[3] é seo go maith, ach ní bhíonn an tuiscint sin chomh soiléir céanna ag na mic léinn uaireanta.  Deir Alan Tait linn (2000: 289) ‘knowledge is in a real sense made and remade by participation in learning’.  Is é idirghníomhaíocht an mhic léinn sa phróiseas teagascóireachta is tábhachtaí le go mbeidh dea-thoradh ar an seisiún; cleachtar an idirghníomhaíocht seo sna seisiúin de chuid an Ionaid Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Deir Helen Sword (2009: 319) ina haiste chumasach ‘Writing higher education differently; a manifesto on style’:

…the most effective and engaging academic writers are those who express complex ideas clearly and succinctly; write with originality, imagination and creative flair; convey enthusiasm, commitment and a strong sense of self; tap into a wide range of intellectual interests; avoid excessive jargon; employ plenty of concrete examples and illustrations; demonstrate care for their readers; and know how to tell a good story… (Is leis an údar an cló trom.)

Tá an tIonad Scríbhneoireachta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ag soláthar seirbhís luachmhar do mhic léinn na hollscoile agus taithí iontach do na teagascóirí a bhíonn ag obair ann.  Ba cheart go gcuideodh sé leis na mic léinn an bua cruthaitheach a luann Helen Sword a bhaint amach, agus ní ba thábhachtaí fós, féintuiscint láidir – an fhéiniúlacht acadúil a theastaíonn ó gach mac léinn le go mbeidh rath ar a dtréimhse ollscoile.[4]

 

Ceist na Gaeilge agus an litearthacht acadúil

Tugann van Schalkwyk (3)le fios nach féidir an litearthacht acadúil a phlé gan machnamh a dhéanamh ar ról na teanga féin san fhoghlaim agus ar thábhacht an chumais teanga.  In Éirinn, déantar staidéar forleathan ar an nGaeilge ag an tríú leibhéal, agus de bharr gur ábhar éigeantach í ag an mbun agus ag an meánleibhéal, tá sí éigeantach freisin sna coláistí oiliúna do mhúinteoirí.  Le roinnt mhaith blianta anuas, tá imní léirithe ag léachtóirí agus ag teagascóirí ollscoile faoi dhroch-chaighdeán teanga a gcuid mac léinn (Féach Ní Fhrighil agus Nic Eoin, 2008).  Sa bhliain 2008 bunaíodh an Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal chun curaclam teanga a fhorbairt bunaithe ar an gComhchreat Eorpach do Theangacha[5].  I réamhrá an leabhair a ríomhann bunú na Meithle seo, deir Rióna Ní Fhrighil:

Cé nach bhfuil a leithéid de thaighde cuimsitheach teangeolaíochta (taighde Uí Ghiollagáin, C. (2007) et al atá i gceist anseo) déanta ar theagasc na Gaeilge ar an tríú leibhéal, tuigtear go bhfuil litearthacht na Gaeilge ina dúshlán ag an leibhéal seo fosta.  Níl aon amhras ar na húdair a bhfuil aistí leo i gcló anseo faoin fhreagracht ar leith atá ar na coláistí tríú leibheál caighdeán na Gaeilge sa chóras oideachais trí chéile a chothú agus a chinntiú. (Ní Fhrighil & Nic Eoin, 2009: 1-2)

Níl sé i gceist ábhar chomhchúrsa na Meithle a scagadh anseo; is fiú go mór a lua, áfach, gur próiseas torthúil a bhí i bhforbairt an chúrsa, agus spreag sé díospóireacht agus plé luachmhar faoi theagasc na Gaeilge sna coláistí tríú leibhéal ar fud na tíre.  Bhí, agus tá, toradh dearfach freisin ag na scrúduithe TEG (Teastas Eorpach na Gaeilge[6]) ar na hiarrachtaí atá ar bun le blianta beaga anuas córasú agus caighdeánú a dhéanamh ar theagasc na Gaeilge do dhaoine fásta.  Is é Ollscoil Mhá Nuad a bhronnann na teastais seo, agus iad faofa ag Comhairle na hEorpa.  Tá iarrachtaí fiúntacha déanta ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge[7] a gcuid cúrsaí a dhearadh le teacht leis an gComhchreat Eorpach do Theangacha chomh maith.  Ní mór a admháil, áfach, nach raibh an earnáil oideachais sách dian ag tabhairt faoi na fadhbanna a bhaineann leis an nGaeilge sa saol acadúil go dtí le déanaí.  Deir Anna Ní Ghallachair (2008: 200):

Until relatively recently, criticism of any area relating to the Irish language was perceived as criticism of the language itself and was thought to endanger its position within the educational system, and even within the state.

Ag cruinniú de chuid an Chomhchoiste Oideachais agus Scileanna ar an 18 Samhain 2010, mhaígh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) gur fhág an siollabas nua Gaeilge don Ardteist go raibh teagasc na Gaeilge ag leibhéal ní b’ísle ná teagasc an Bhéarla i meánscoileanna na tíre trí chéile agus dúirt Fiona Uí Uiginn, thar Mheitheal na Gaeilge:

In the English examination, students in Gaeltacht schools and gaelscoileanna are studying Shakespeare, John Donne, Seamus Heaney, Adrienne Rich etc.  If one looks at what they are studying in Irish, it is just not comparable, and it is at a very basic level.  What message are we giving to these students? Are they to understand in studying Irish, that the language has no valuable literary tradition as compared with another European language?

Fágann sé seo ar fad nach mbeidh na scileanna cuí teanga agus litearthachta ag mic léinn a thugann faoin nGaeilge ag an tríú leibhéal scríobh go hacadúil ná go saoráideach sa Ghaeilge.  Luann Anna Ní Ghallachóir fadhbanna breise sna meáscoileanna:

At second level, the emphasis is on examinations.  Teachers frequently complain that after the first two years they can no longer afford to teach the language but must teach to the examinations.  Pupils are frequently given essays and answers to other questions to learn by heart, which will be regurgitated on the day of the state examination...

There have been many calls for the removal of literature from the Leaving Certificate Irish syllabus.  It would seem that the debate has been reduced to the opposition of literature and communication, with the inherent suggestion that it is possible to learn to communicate in the language or gain an insight into Irish literature but not both together.  This is not necessarily the case.  Irish as a school subject is, and should be, about more than language for communicative purposes.  It should be about giving Irish citizens an understanding of their heritage, the Irish world view, both past and present.  (2008: 193)

Agus gearradh siar mór déanta ar an ábhar litríochta ar shiollabas na hArdteiste Gaeilge ó 2012, beidh sé an-deacair ar mhic léinn Ghaeilge litearthacht agus féiniúlacht acadúil a bhaint amach sa Ghaeilge ag an tríú leibhéal.  Fiú sna cásanna a n-airíonn mic léinn gaol leis an teanga – nó sna cásanna arbh í a gcéad teanga í – beidh dúshlán ann dóibh ag iarraidh ardlitearthacht acadúil a bhaint amach i gcás plé ar litríocht na Gaeilge, ach beidh an litearthacht acadúil trí chéile sa Ghaeilge easnamhach i gcás mac léinn nach mbíonn an oiread sin deiseanna acu – ná brú orthu – léitheoireacht agus anailís dhomhain a dhéanamh trí Ghaeilge in ábhar ar bith.

Idirlitearthachtaí agus Deisteangachas

Lárnach sa Chomhchreat Eorpach do Theangacha tá coincheap an deisteangachais agus a fhiúntas; míníonn Anna Ní Ghallachair a bhfuil i gceist leis seo:

Gné thábhachtach de choincheap an deisteangachais ná go dtugann sé aitheantas do na leibhéil chumais go léir sna teangacha atá ag an duine.  Is féidir ardchumas sna ceithre scil a bheith ag duine in dhá theanga, mar shampla, agus bheith ábalta ábhar a léamh ag leibhéal measartha íseal sa tríú teanga, nó feidhmiú mar thurasóir sa cheathrú teanga.  Is céim mhór chun tosaigh an t-idirdhealú seo, a aithníonn den chéad uair go bhfuil fiúntas ag baint le cumas teanga ag leibhéil ísle agus nach gá go mbeadh na scileanna go léir i gceist.  Tugann an FTCE bealach dúinn le cur síos a dhéanamh ar na cumais dhifriúla seo… (2009b: 60)

Tá sé in am breathnú ar an deisteangachas mar chomhartha dóchais, seachas leanacht den ghearán faoi dhroch-chaighdeán na Gaeilge ag an tríú leibhéal, agus tá sé in am glacadh leis na hidirlitearthachtaí a bhíonn ag roinnt mac léinn mar uirlisí is féidir a úsáid leis an ardliteathacht acadúil a bhunú orthu.[8]  I dtéarmaí praiticiúla is éard a bheadh i gceist leis seo ná iachall a chur ar mhic léinn Ghaeilge aghaidh a thabhairt ar cheisteanna litearthachta sa chéad bhliain ollscoile acu.

 

An Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Sa bhliain 2010 scaipeadh suirbhé ar na daoine a bhíonn ag teagasc Gaeilge agus ag teagasc trí Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Is 23 a chomhlánaigh an suirbhé ar-líne, a dearadh le hiniúchadh a dhéanamh ar thuairimí na dteagascóirí i leith chaighdeán na scríbhneoireachta agus na litearthachta acadúla a léirigh a gcuid mac léinn.   D’aontaigh an 23 a d’fhreagair go raibh gá le seirbhís Ghaeilge san Ionad Scríbhneoireachta Acadúla.  Fiafraíodh díobh ar cheap siad go raibh caighdeán na scríbhneoireachta acadúla sa Ghaeilge tite i measc na mac léinn le cúig bliana roimhe.  21 a d’fhreagair an cheist seo agus dúirt 20 acu sin go raibh.  Ba chúis imní é do 17 acu go raibh tuilleadh béime á cur ar an nGaeilge labhartha ag leibhéal na hArdteiste; d’airigh siad go bhféadfadh sé seo drochthionchar a bheith aige ar scileanna scríbhneoireachta ag an tríú leibhéal.  Fiafraíodh díobh ansin cé nabotúin/deacrachtaí ba choitianta a bhí ag mic léinn i gcás a gcuid scríbhneoireachta acadúla.  Is 20 a d’fhreagair an cheist áirithe seo, agus luaigh siad litriú, poncaíocht agus tagairtí – rudaí a mbeifí ag súil leo.  Ba shuimiúil an ní é, áfach, gur luadh ‘Easpa cumais a gcuid tuairimí a chur in iúl go soiléir i bprós casta’, ‘Easpa cur amach ar struchtúr na teanga’ freisin.  Luaigh duine amháin nach raibh ‘fhios acu conas taighde a dhéanamh, ná conas scríobh faoi, is cuma cén teanga atá á scríobh acu’, agus dúirt duine eile go mbíodh ‘Ráitis róphearsanta and róghinearálta’ acu agus ‘easpa nathanna/foclóra etc le pointí a chur i láthair i gceart’.  Luadh bradaíl liteartha freisin, ach an bhradaíl mar gheall ‘ar easpa tuisceana ar chóras na dtagairtí’.

Nuair a fiafraíodh faoin gcaoi a bhféadfaí cabhrú leis na mic léinn san Ionad Scríbhneoireachta, d’fhreagair 18 agus luaigh siad ‘comhairle le tabhairt faoi thaighde, comhairle faoi ábhar scríofa ó thaobh struchtúir’.  Airíodh gur cheart freisin ‘oiliúint a chur ar mhic léinn faoi conas argóintí a dhéanamh’.  Thug duine amháin freagra réasúnta fada ar an gceist seo agus dúirt:

Is dóigh liom gur cheart léitheoireacht shimplí a dhéanamh le mic léinn. Bheadh Gaeilge chruinn, shimplí sna sleachta agus bheadh ar mhic léinn díriú isteach ar phointí a bhainfeadh le séimhiú agus le hurú, le briathra agus réamhfhocail, le haimsirí na mbriathra agus mar sin de. Chothódh sé sin feasacht agus géarchúis dar liom, atá in easnamh ar go leor anois de bharr nach bhfuil na scileanna sin ar eolas ag a bhformhór ag teacht ón dara leibhéal. Deacracht mhór atá leis an gcéim nach bhfuil cúrsa riachtanach Gaeltachta trí seachtaine i gceist. Ar bhonn deonach atá na cúrsaí deireadh seachtaine ar an gCeathrú Rua. Feileann an socrú seo chuile dhuine ach dar liom nach bhfuil dóthain ionchuir ag mic léinn maidir leis an teanga. Fágann siad an ollscoil le céim agus iad fós ag leibhéal na hidirtheanga (go leor acu, ní gach duine) agus ní éiríonn leo greim ceart a fháil a choíche ar bhunstruchtúir na Gaeilge.

 

An tIonad Scríbhneoireachta Acadúla agus mic léinn na Gaeilge

Bíonn cuid mhór de na deacrachtaí céanna ag na mic léinn Ghaeilge a fhreastalaíonn ar an Ionad Scríbhneoireachta Acadúla is a bhíonn ag na mic léinn eile, ach cuireann na deacrachtaí atá ag go leor de na mic léinn leis an nGaeilge féin go mór leis na fadhbanna a bhíonn acu leis an scríbhneoireacht acadúil.  Deir Colm Ó Cuaig (2012), teagascóir iarchéime a d’oibrigh san Ionad Scríbhneoireachta sa bhliain acadúil 2011-2012:

Mic Léinn fochéime uilig a bhí isteach agam agus bhí deacrachtaí móra ag go leor acu. Ar ndóigh ba í an deacracht ba mhó a bhí acu ar fad ná an ghramadach. Profáil is mó a bhí ag teastáil agus ba mhinic leis an gcomhréir a bheith as a riocht…chuir an struchtúr an-iontas orm. Beagnach chuile aiste a léigh mé bhí an struchtúr beagán ciotach, ní raibh aon leanúnachas le feiceáil ná aon argóint snoite slachtmhar…

Pléann Antain Mac Lochlainn (2010: 2) deacrachtaí an fhoghlaimeora le struchtúr na Gaeilge: ‘...tá lorg na haistriúcháinise go trom fiú ar théacsanna a scríobhtar in Gaeilge an chéad lá riamh.  Tá an Ghaeilge á saothrú faoi scáth an Bhéarla agus ní fhéadfaí gan éigean a dhéanamh uirthi lena linn sin.’  Ceann de na hiarrachtaí ba shuntasaí a rinneadh dul i ngleic leis an bhfadhb seo in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh is ea an modúl sa Scríbhneoireacht Acadúil a dhéantar mar chuid den BA sa Ghaeilge Fheidhmeach; cuireadh an modúl seo ar fáil den chéad uair i 2012 de bharr thaithí an údair san Ionad Scríbhneoireachta Acadúla, agus chun aghaidh a thabhairt ar roinnt de na deacrachtaí a léirigh na mic léinn Ghaeilge agus iad ag freastal ar sheisiúin san Ionad Scríbhneoireachta Acadúla in Ollscoil nan hÉireann, Gaillimh.  Ar an iomlán, léirigh mic léinn an mhodúil sin an-sástacht leis an modúl, agus d’airigh siad gur cuidíodh leo guth acadúil a chothú dóibh féin.

 

Conlúid

Ní mór glacadh leis go bhfuil mic léinn ag teacht chugainn ag an tríú leibhéal le scileanna níos ísle scríbhneoireachta agus litearthachta acadúla ná mar a bhí amhlaidh scór nó fiú deich mbliana ó shin.  Fágann sé sin go mbíonn deacrachtaí acu féiniúlacht acadúil a bhaint amach dóibh féin.  Bíonn an deacracht níos suntasaí fós i gcás roinnt mhaith de na mic léinn Ghaeilge a fhreastalaíonn ar an tríú leibhéal.  I dtuairsic a d’ullmhaigh Lisa Ní Fhlatharta agus Daithí Ó Madáin (2011) faoi cheardlanna feasachta teanga a reáchtáil siad le mic léinn chéad bhliana in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh (Seimeastar 1, 2011), luadh gur airigh na mic léinn míchompordach ag úsáid na Gaeilge mar mheán cumarsáide.  Luaigh roinnt mac léinn gur múineadh an Ghaeilge dóibh trí Bhéarla ar scoil, agus bhreathnaigh roinnt mhaith acu ar an nGaeilge mar ábhar léinn, agus ní mar theanga bheo.  Is léir mar sin nach bhfuil an gaol a luann Ní Ghallchóir thuas láidir i gcónaíi measc na mac léinn Gaeilge.  Pléadh i dtuairisc Ní Fhlatharta agus Uí Mhadáin freisin go raibh leisce ar go leor de na mic léinn nach raibh ina gcainteoirí dúchais, Gaeilge a labhairt le daoine a raibh an Ghaeilge mar chéad teanga acu, agus sheachain na cainteoirí dúchais an teanga a labhairt le mic léinn nárbh í an Ghaeilge a gcéad teanga.  Ba shuimiúil an ní é, áfach, gur aithin a dtromlach na deacrachtaí a bhí acu leis an scríbhneoireacht acadúil sa Ghaeilge agus mhol siad féin gur cheart roinnt mhaith ama a chaitheamh le ‘cumarsáid trí Ghaeilge’ sular tosaíodh ar an staidéar ar an litríocht.  Thuig siad féin gur mhór dóibh máistreacht a fháil ar an dioscúrsa príomhúil sula mbeidís compordach leis an dioscúrsa acadúil.

Maíonn Cummins (2010), agus é ag caint faoi fhoghlaimeoirí na Gaeilge ag an gcéad agus ag an dara leibhéal, gur cheart béim a chur ar cheist na féiniúlachta ‘we need to give identity planning equal weight to corpus planning and status planning’ má theastaíonn uainn go mbreathnófar ar an nGaeilge mar chuid den fhéiniúlacht Éireannach.  Deir sé freisin: ‘The learning of a language (and academic success generally) requires identity investment.’  Tá an rud céanna seo fíor i gcás fhoghlaim na Gaeilge ag an tríú leibhéal, agus i gcás fhorbairt na litearthachta acadúla i measc na mac léinn atá ag feidhmiú go hacadúil trí mheán na Gaeilge.  Beidh ról tábhachtach le glacadh ag na hIonaid Scríbhneoireachta Acadúla sa phróiseas seo, ach is tábhachtaí fós na hiarrachtaí a dhéanfaidh an lucht acadúil le hionadacht shásúil na mac léinn Gaeilge san academe a éascú.

 

[1]Cuireadh roinnt den anailís ar fhoirmeacha aiseolais a phléitear san alt seo i láthair ag Comhdháil EATAW i Luimneach i 2011.

[2]Oibríonn an t-údar san Ionad ar bhonn deonach freisin.

[3]Bíonn agallamh agus seisiún oiliúna ag na teagascóirí sula dtosaíonn siad ag obair san Ionad Scríbhneoireachta Acadúlaagus bíonn cruinnithe rialta acu le riarthóir an Ionaid.

[4]Is fiú a lua gur leasaíodh na foirmeacha aiseolais don bhliain acadúil 2011-2012 le cuidiú linn aiseolas ní ba luachmhaire a bhailiú; leasaíodh arís iad sa bhliain acadúil reatha agus beidh anailís á déanamh orthu ag deireadh na bliana acadúla.

[5]Comhairle na hEorpa a d’fhorbair in 2001; Féach Little & Perclová (2001) & http://www.europeanlanguageportfolio.com.

[8]Féach Paxton, M. ‘Students’ interim literacies as a dynamic resource for teaching and transformation’ in Southern African Linguistics and Applied Language Studies, 2007, 25(1): 45-55.

Leabharliosta: 

Leabhair:

Little, D. & Perclová, R. (2001) The European Language Portfolio: a guide for teachers & teacher trainers,

http://www.coe.int/t/dg4/education/elp/elpreg/Source/Publications/ELPguide_teacherstrainers_EN.pdf

Mac Lochlainn, A. (2010) In Ord is in Eagar, Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ní Fhrighil, R. & Nic Eoin, M. (eag.) (2009) Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga: Múineadh & Foghlaim na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal.  Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Ó Giollagáin, C., Mac Donnacha, S., Ní Chualáin, F., Ní Shéaghdha, A. & O’Brien, M. (2007) Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Príomhthátal & Moltaí, Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.       

Van Schalkwyk, S.C. (2008) Acquiring Academic Literacy: A Case of First-Year Extended Degree Programme Students at Stellenbosch University. Dissertation presented for the Degree of Doctor of Philosophy in the Department of Curriculum Studies, Faculty of Education at Stellenbosch University.

 

Ailt:

Cummins, J. (1991) ‘Conversational & Academic Language Proficiency in Bilingual Contexts’, Reading in Two Languages, AILA Review-Revue de l’AILA 8, 75-89.

Ní Ghallachair, A. (2008) ‘Teaching & Learning Irish Today’, Nic Phaidín, C. & Ó Cearnaigh, S. (eag.) A New View of the Irish Language. Dublin: Cois Life, 191-201.

Ní Ghallachair, A. (2009a) ‘“Ciúnas, bóthar, cailín, bainne”: ag filleadh ar an Ghaeilge’, Ó Cathain, B. (eag.) Léachtaí Cholm Cille XXXIX, 220-33.

Ní Ghallachair, A. (2009b)‘An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: Fíricí & Finscéalta’, Ní Fhrighil, R. & Nic Eoin, M. (eag.) Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga: Múineadh & Foghlaim na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal.  Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta, 59-72.

Paxton, M. (2007) ‘Students’ interim literacies as a dynamic resource for teaching & transformation’, Southern African Linguistics & Applied Language Studies, 25(1), 45-55.

Tait, A. (2000) ‘Planning Student Support for Open & Distance Learning’, Open Learning, Vol.15, No.3, 287-99.

Sword, H. (2009) ‘Writing higher education differently: a manifesto on style’, Studies in Higher Education, Vol.34, No.3, 319-36.

 

Ailt ar-líne:

Cummins, J. (2010) ‘“When can you ask why?” Exploring language policy choices in Ireland, past present & future’.  Sleamháin ó chur i láthair a tugadh i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, 21 Eanáir 2010.

http://www./teach/learn.com/cummins/bicsalp.html. (Léite: 20 Meitheamh 2010)

Warschauer, M., Grant, D., Del Real, G., & Rousseau, M. (2004) in ‘Promoting academic literacy with technology: successful laptop programs in K-12 schools’ www.elsevier.com/locate/system. (Léite : 16 Deireadh Fómhair 2010)

 

Tuairisc Neamhfhoilsithe:

Ní Fhlatharta, L. & Ó Madáin, D. (2011) ‘Ceardlanna ar Fheasacht Teanga & ar Iompar Teanga in Áras na Gaeilge: aischothú ó Mhic Léinn na Chéad Bhliana Roinn na Gaeilge & Moltaí’.

 

Cáipéisí Chomhairle na hEorpa:

Council of Europe ‘Relating Language Examinations to the Common European Framework of Reference for languages: Learning, Teaching, Assessment (CEF), Samhain 2003.

Council of Europe ‘European Language Portfolio: Key Reference Documents’, Feabhra 2006.

Council of Europe ‘The Common European Framework in its political & educational context’

Iad ar fad le fáil ag http://www.coe.int/t/dg4/linguistic/(Léite: 6 Eanáir 2012). 

 

Díospóireachtaí Dála:

An Comhchoiste um Oideachas & Scileanna: Irish Language Education: Plé, 18 Samhain 2010.

http://193.178.1.238/DDebate.aspx?F=EDJ20101118.xml&Node=H3(Léite: 29 Samhain 2011).

 

Ríomhphost:

Ó Cuaig, C. (2012) Ríomhphost chuig an údar, 6 Eanáir.