Léirmheas ar an iris Journal of Multilingual and Multicultural Development Imleabhar 35, Eagrán 2, 2014

Eagarthóirí: John Edwards et al.

Bríd Ní Chualáin
Ben Ó Ceallaigh
Declan Quinn

Is iris phiarmheasúnaithe í seo ina bhfuil plé ar réimse leathan topaicí a bhaineann le cúrsaí teangeolaíochta, sochtheangeolaíochta, pleanáil teanga agus teagasc teangacha.  Cuireadh tús leis an iris in 1980 agus foilsíonn Routledge seacht n-eagrán sa bhliain.  Tugtar léargas maith dúinn ar scóip an léinn teanga san iris agus is túsphointe maith atá ann do dhaoine ar spéis leo na réimsí seo uile.  Sa léirmheas seo, breathnófar ar na hailt éagsúla atá in eagrán amháin den iris seo, mí Feabhra 2014.  Tá léirmheasanna san iris chomh maith, ach níltear á bplé anseo.

Tá coincheap na teagmhála teangacha le feiceáil go tréan sa chéad dá alt a bheidh faoi scrúdú sa léirmheas seo.  Ar ndóigh, is coincheap é seo atá lárnach i réimse na sochtheangeolaíochta agus baineann ceist an chódmheasctha go mór le pleanáil teanga na Gaeilge féin, áit a bhfuil tionchar leanúnach na mórtheanga le brath ar an mionteanga.  San altUnomatholo or i-radio? Factors predicting the use of English loanwords among L1 isiXhosa-L2 English bilinguals’, breathnaíonn Emanuel Bylund ar theanga dhúchais san Afraic Theas darb ainm isiXhosa.  Tá stádas oifigiúil sa tír sin aici agus labhraíonn níos mó ná 8.3 milliún duine í, ach mar sin féin, tá sí go mór faoi thionchar an Bhéarla, go háirithe sna cathracha agus sna sainréimsí sin a bhaineann leis an teicneolaíocht, leis na meáin chumarsáide agus mar sin de.  Déantar cur síos ar na cúinsí is mó ina mbaintear úsáid as focail ‘iasachta’ ón mBéarla nó focail nuachumtha isiXhosa chun tagairt do choincheapa nua-aimseartha i measc cainteoirí T1 isiXhosa.  Breathnaítear ar mhinicíocht an chineáil chódmheasctha seo in urlabhra na rannpháirtithe agus déantar iniúchadh ar an bhfáth a bhaineann leis trí scagadh a dhéanamh ar chúlra socheacnamaíoch agus ar chúlra oideachais na ndaoine áitiúla.  Tá an cineál taighde seo tábhachtach d’éinne atá ag plé leis an bpleanáil teanga, áit ar bith ar domhan.  Taispeánann Bylund go bhfuil focail iasachta níos coitianta i measc cainteoirí nach bhfuil an teanga sealbhaithe mar is ceart acu – mar shampla, daoine a bhog ó cheantair láidre isiXhosa ag aois óg, nó daoine a fuair a gcuid oideachais trí Bhéarla amháin.  Fearacht sin, úsáidtear téarmaíocht an Bhéarla chun féiniúlacht nua-aoiseach, iltíreach a chur in iúl go minic – go mór mór nuair atá comhshamhlú na n-imirceach i saol na cathrach i gceist, mar shampla.  Is taighde fiúntach agus tábhachtach é seo agus ní mór d’éinne a bhfuil suim sa tsochtheangeolaíocht acu a bheith feasach ar a leithéid.  Ar ndóigh, tá an cheist seo fíorthábhachtach do chás na Gaeilge chomh maith mar a léiríonn Helena Ní Ghearáin in ‘The Problematic Relationship between Institutionalised Irish Terminology Development and the Gaeltacht Speech Community: Dynamics of Acceptance and Estrangement’in Language Policy, 10 (4) (2011).

Is i gcomhthéacs ilteangach atá an cur síos ar theagmháil teangacha san alt ‘Explaining the ordinary magic of stable African multilingualism in the Vaal Triangle region in South Africa’ le Susan Coetzee-VanRooy. Maítear go neamhbhalbh go bhfuil neamhaird á déanamh ar fheinimeán an ilteangachais sheasmhaigh san Afraic Theas toisc go bhfuil formhór an phlé atá ar bun ag lucht na sochtheangeolaíochta ag díriú ar ollchumhacht an Bhéarla ar fud an domhain.  Glactar leis i gceantar Vaaldriehoek go bhfoghlaimeoidh an pobal i gcoitinne trí theanga, ar a laghad, le linn a shaoil.  Tá an t-ilteangachas á normálú sa cheantar seo agus maítear anois go bhfuil ilteangachas seasmhach i bhfeidhm i Vaaldriehoek.  Ní mór a bheith airdeallach ar mhaíomh den sórt seo agus an fhianaise atá againn i litríocht na sochtheangeolaíochta ar uileláithreacht an Bhéarla agus ar an dainséar a bhaineann le hollchumhacht na teanga sin i ngach gné den saol.  Mar sin féin, tá na tuairimí a nochtar sna hagallaimh agus an cíoradh a dhéantar ar an suirbhé thar a bheith fiúntach agus géarchéim theangeolaíochta i gceist.  Tá pobal Vaaldriehoek ilteangach faoi láthair ach tá mórtheangacha an domhain ag éirí níos cumhachtaí agus tá an t-iompú teanga mar chuid lárnach den saol iar-nua-aoiseach.  Tá codarsnacht láidir le feiceáil idir cás Vaaldriehoek agus an ‘mionteangú’ atá á dhéanamh den Ghaeilge faoi láthair, mar a léiríonn Brian Ó Curnáin é in Sochtheangeolaíocht na Gaeilge, Léachtaí Cholm Cille, (39) (2009), mar shampla.

Ní shealbhaítear teanga gan ionchur agus tá pleanáil corpais mar chuid lárnach den phleanáil ag an macraleibhéal.  Dearadh foclóirí do theangacha atá i mbaol (Endangered Langages – EL) atá faoi chaibidil ag Vamarasi ina alt ‘The creation of learner-centered dictionaries for endangered languages: a Rotuman example’. D’fhoghlaim an t-údar an teanga Rotuman, teanga a labhraítear ar oileán Rotuma atá suite 340 míle ó phríomhoileáin Fiji.  Shocraigh sé foclóir a dhearadh chun cuidiú le foghlaimeoirí na teanga sin agus tá dúshláin éagsúla an liteagrafaí á gcíoradh ag Vamarasi san alt seo.  Tá roinnt den alt thar a bheith teicniúil agus sainiúil ach leathnaítear an plé ansin.  Áitítear go bhfuil práinn le foclóirí EL a dhearadh do theangacha atá i mbaol.  I gcás Rotumanis acmhainn riachtanach é an foclóir chun an teanga a chaomhnú agus a chur chun cinn d’fhoghlaimeoirí agus do chainteoirí dúchais araon.  Deir Vamarasi gur cheart níos mó acmhainní a chaitheamh chun teangacha leochaileacha a chaomhnú – agus tá foclóirí EL ina gcuid thábhachtach den obair sin.

Tá an eolaíocht ag díriú ar mhothúcháin sa dá alt ina bhfuil teagasc teangacha á phlé.  Cuireann na húdair Kormos, Csizér agus Iwaniec a gcuid taighde ar thaithí foghlaimeoirí atá ag freastal ar chúrsa teanga thar sáile, i láthair san alt ‘A mixed-method study of language-learning motivation and intercultural contact of international students’. Tá go leor cainte ar na cineálacha deacrachtaí a bhíonn ag foghlaimeoirí, is cuma cén teanga nó tír atá i gceist – easpa féinmhuiníne, uaigneas, agus mar sin de.  Mar sin, tá an taighde seo tábhachtach d’éinne a bhíonn ag plé le múineadh teangacha.  De réir thorthaí an taighde, is minic a dhéanann mic léinn eachtrannacha iarracht ag tús a dtréimhse staidéir labhairt le cainteoirí dúchais lasmuigh den seomra ranga, ach de bharr easpa scileanna cainte, is minic a theipeann orthu agus goilleann sé sin orthu.  Seachnaíonn siad tuilleadh iarrachtaí mar phróiseas féinchosanta ar a gcuid féinmheasa.   Ar ndóigh, tá impleachtaí móra ag an bhfeiniméan seo ar dhream ar bith atá ag iarraidh clár tumoideachais nó a leithéid a reáchtáil agus déanann na húdair roinnt moltaí faoi na bealaí ar féidir an fhadhb seo a fhuascailt – tuilleadh plé a dhéanamh sa seomra ranga ar an gcaoi ar féidir dul i ngleic le fadhbanna den sórt seo agus tuilleadh tacaíochta institiúidí a chur ar fáil do mhic léinn eachtrannacha.

Breathnaítear ar chúrsaí mothúcháin i réimse teagaisc teangacha san aiste dar teideal ‘Exploring the emotions and needs of English language learners’ le Jie Zhang agus Carole Pelttarifreisin.  Is tuairisc í seo ar thaighde a rinneadh le céimithe agus le fochéimithe ollscoile i Nua-Eabhrac.  Ba í aidhm na dtaighdeoirí modhanna teagaisc a chur i bhfeidhm chun go dtuigfeadh ábhar múinteoirí na mothúcháin a thagann chun cinn nuair a bhíonn páiste ag foghlaim teanga.  Creidtear go bhfuil baol ann nach bhfuil tuiscint ag múinteoirí aonteangacha ar chastachtaí na foghlama teanga.  Sa chás seo, d’fhreastail na mic léinn ar chur i láthair san Ollainnis agus ansin dáileadh ceistneoir orthu.  Sa chuid sin den taighde cáilíochtúil, tuairiscíodh go raibh na rannpháirtithe trína chéile agus go raibh mearbhall orthu nuair a bhí an cur i láthair san Ollainnis ar siúl. Tuigeadh go raibh tábhacht le foighne, athrá agus tuiscint don fhoghlaimeoir chomh maith le spás cairdiúil agus sábháilte a chruthú.  Tá cur síos beacht san alt ar na modheolaíochtaí éagsúla a úsáideadh agus ar na torthaí a d’eascair astu dá bharr, torthaí arbh fhiú do mhúinteoirí na Gaeilge a scrúdú.  Cé nach bhfuil conclúidí láidre le sonrú ón taighde taiscéalaíoch seo, maítear gur cheart deiseanna a chur ar fáil d’ábhar múinteoirí na deacrachtaí agus na buntáistí a bhaineann le foghlaim teanga a mheas. D’fhéadfaí a áiteamh gurbh fhiú d’aon teangeolaí, do mhúinteoir nó do dhaoine ar spéis leo cúrsaí teangeolaíochta an dá alt seo a léamh.  Ní foláir a rá go bhfuil na moltaí a eascraíonn as taighde Zhang agus Pelttari úsáideach do thaighdeoirí chomh maith, de bharr an cur síos teicniúil atá ann ar na modhanna éagsúla taighde a bhí in úsáid acu.

Pléitear na deacrachtaí a eascraíonn as an gcoimhlint idir mórtheanga agus mionteanga go príomha sa réimse seo ach táthar ag breathnú ar mhórtheangacha i gcoimhlint le chéile san alt ‘Reset or forge ahead? Is there a future and ‘value’ in the study of Spanish? Historical trends and calculations of the merit or dollar worth of the language’ le hIsabel Dulfano agus Fernando Rubio. Breathnaítear ar mhúineadh na Spáinnise in ollscoileanna Stáit Aontaithe Mheiriceá le linn an chéid seo caite.  Déantar scagadh ar luach agus ar fhiúntas mhúineadh na teanga sin chomh maith le forbairt na nDaonnachtaí ag an tríú leibhéal go ginearálta.  Tá an t-alt seo ábharach chomh maith céanna toisc gurb iad na ciorruithe airgid atá ag cur cúrsaí teanga tríú leibhéal i mbaol i láthair na huaire.

Is léargas cuimsitheach ar roinnt de phríomhghnéithe na sochtheangeolaíochta atá san iris Journal of Multilingual and Multicultural Development.  Faightear blaiseadh de na deacrachtaí a bhaineann le mionteanga a chothú, chomh maith le teanga nua a shealbhú agus pleanáil corpais don teanga atá i mbaol san eagrán áirithe seo.  Áitítear go bhfuil eolas tábhachtach anseo nach mór dúinn uile atá ag treabhadh i ngort na pleanála teanga agus i réimse teagaisc teangacha a bheith feasach air.  Ní saothar é a bheadh feiliúnach don ghnáth-mhac léinn toisc go bhfuil cuid den ábhar rótheicniúil agus casta, ach don té atá ag obair go gairimiúil i réimse na sochtheangeolaíochta, na pleanála teanga nó teagaisc teangacha, is cinnte go mbainfí tairbhe as.