Eagrán: 2015

Eagarfhocal

Bhur gcéad fáilte chuig Léann Teanga: An Reiviú, atá á fhoilsiú ar bhonn bliantúil le trí bliana anuas mar chuid den chúrsa MA (Léann Teanga) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Cuimsítear réimse leathan ábhar san iris, idir aistriúchán, phleanáil teanga, teangeolaíocht agus sochtheangeolaíocht, teagasc teangacha, agus, i mbliana den chéad uair, chúrsaí cumarsáide agus na meáin Ghaeilge. Is é seo an tríú heagrán den Reiviú, agus táthar ag súil go mbeidh an t-eagrán seo ina acmhainn spéisiúil agus luachmhar do mhic léinn agus do dhaoine eile atá ag plé leis an nGaeilge go hacadúil nó go gairmiúil in Éirinn agus thar lear.

Tá an Coiste Eagarthóireachta go mór faoi chomaoin acu siúd ar fad a chuir comhairle orainn agus a thug cabhair agus cúnamh dúinn an t-eagrán is déanaí den Reiviú a chur in eagar. Is mór an onóir dúinn gur ghlac an tOllamh Nollaig Mac Congáil lenár gcuireadh réamhrá a scríobh don eagrán seo. Ba é an tOllamh Mac Congáil a sheol an chéad eagrán den iris seo i mí na Bealtaine 2013, agus tá muid an-bhuíoch as an tacaíocht leanúnach a thugann sé don togra.

Ní bheadh iris ar bith ann i mbliana murach na scríbhneoirí cumasacha uile a d’fhreagair an glaoch agus a roinn a gcuid eolais, taighde agus ama go fial flaithiúil linn. Ba mhór an pléisiúr a bheith ag obair leo. Mar thoradh ar shárobair na scríbhneoirí seo, ar an éacht oibre a rinne coistí na hirise a tháinig romhainn, agus ar ardchaighdeán an chéad agus an dara heagrán den Reiviú, bhí muid in ann eagrán ní ba chuimsithí a chur le chéile i mbliana. Tá muid ag súil go gcoinneofaí leis an bhfás agus leis an bhforbairt seo de réir mar a thagann an iris in aibíocht.

Ba mhaith linn buíochas ó chroí a ghabháil le foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge – go háirithe an Dr Dorothy Ní Uigín agus Belinda McHale – a bhí sásta i gcónaí tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dúinn, agus le foireann riaracháin agus tacaíochta Áras na Gaeilge, OÉ Gaillimh, as a gcabhair agus a gcomhoibriú. Tá muid an-bhuíoch de Shiobhán Ní Chualáin ach go háirithe, a bhí cráite le ceisteanna ach a bhí i gcónaí sásta cuidiú linn agus leideanna óna taithí féin a roinnt linn. Ba mhaith linn buíochas a ghabháil le Séamus Ó Coileáin chomh maith, as an téarma breá nua a chum sé dúinn ar linguicism nuair a theip na foclóirí orainn.

Ár mbuíochas leis na piarmheasúnóirí uile a chinntigh ardchaighdeán na hirise, agus le dearthóir shuíomh an Reiviú, Shannon Reeves, as an tsárobair atá déanta aige le trí bliana anuas i ndearadh agus i bhfoilsiú an tsuímh.

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl d’Fhoras na Gaeilge a rinne urraíocht ar sheoladh na hirise agus a thacaigh leis an togra seo ón tús. Is mór againn an mhuinín a léiríonn an tacaíocht seo don togra, agus díol misnigh, tá súil againn, don Choiste a bheidh ag teacht i gcomharbacht orainn in 2016.

Coiste Eagarthóireachta –  Léann Teanga: An Reiviú

Siobhán Fay, Feargal Mac Thréinfhir, Clodagh Ní Cheallaigh, Hannah Ní Dhoimhín, Majella Ní Mheádhra