Togra Taighde Praiticbhunaithe sna Meáin a dhearadh: Roinnt Ceisteanna Modheolaíochta

Uinsionn Mac Dubhghaill

Réamhrá

Sa pháipéar seo fiosraítear cuid de na ceisteanna modheolaíochta a bhaineann le togra taighde praiticbhunaithe a dhéanamh sna meáin agus sna healaíona, ag tagairt ach go háirithe don chaibidil a rinne Leavy (2009), Freeman (2010), Bell (2006) agus Candy (2006) ar na ceisteanna sin. Pléitear an gaol idir an saothar ealaíne a chuirtear ar fáil mar chuid de thráchtas praiticbhunaithe agus an cháipéisíocht scríofa a théann in éineacht leis, agus an bealach neamhshocair agus éiginnte ina meastar an taighde praiticbhunaithe sin in institiúidí éagsúla, in ainneoin go bhfuil tráchtais dochtúireachta á mbronnadh ag cuid acu ar thaighde den chineál sin le breis is 30 bliain anuas. Leagtar béim ar an doimhniú atriallach a d’fhéadfadh a theacht chun cinn nuair a bhíonn ceangal soiléir ann idir gnéithe den phraitic agus den teoiric mar chuid de phróiseas machnamhach leanúnach a fhéachann le hanailís a dhéanamh ar shaothar an ealaíontóra, ní ar mhaithe le hiniúchadh intleachtúil amháin a dhéanamh, ach mar chuid de phróiseas ealaíne a fhéachann le saothar an ealaíontóra a shaibhriú tuilleadh. Sa chomhthéacs sin, déantar iniúchadh ar theoiricí an fhealsúnaí David Davies (2004), gur cheart cleachtais ealaíne a thuiscint mar ‘thaibhiú giniúna’ agus ar an bpeirspeictíocht chriticiúil iarchoilíneach ar an léiriú i gcoitinne a thug an feimineach Meiriceánach Gloria Watkins dúinn faoina hainm cleite bell hooks[1] (1995). De réir hooks, ‘Láthair thábhachtach choimhlinte is ea an léiriú d’aon phobal atá faoi chois nó a bhfuil dúshaothrú á imirt air, agus iad i mbun a gcuid suibiachtúlachta féin a dheimhniú, maraon le díchoilíniú na haigne.’[2] Féachtar leis an ráiteas sin a mheas agus togra taighde praiticbhunaithe sna meáin dhigiteacha á dhearadh a tharraingíonn ar choincheap an détournement mar lionsa trínar féidir feiniméan TG Lurgan a scrúdú.

Ceisteanna Modheolaíochta

Bíonn ceisteanna faoin ngaol nó faoin gceangal ar cheart a bheith idir na heilimintí teoiriciúla agus praiticiúla ar na ceisteanna is práinní a bhíonn ag mic léinn dochtúireachta, agus iad i mbun taighde praiticbhunaithe i réimse na meán agus na n-ealaíon. Is amhlaidh an cás le gach píosa taighde, ar ndóigh, ach is práinní fós í mar cheist i gcás an taighde phraiticbhunaithe, ar cosán taighde neamhthraidisiúnta é a mbaineann cuid mhaith neamhshocrachta agus amhrais leis.

De réir an scoláire agus údair Leavy, is éard a bhíonn i gceist le cleachtais taighde sna healaíona ná ‘réimse uirlisí modheolaíochta...ina mbíonn cur chuige na n-ealaíon cruthaitheach á úsáid mar bhealach le ceisteanna taighde sna heolaíochtaí sóisialta a iniúchadh ar bhealach atá iomlánaíoch agus gníomhach, agus ina mbíonn an teoiric agus an phraitic fite fuaite lena chéile’ (Leavy, 2009: 2-3). Baintear leas as an scríbhneoireacht chruthaitheach nó liteartha, an ceol, an léiriú ar stáitse, an damhsa, an ealaín fhísiúil, na scannáin agus meáin eile, agus daoine i mbun na gcleachtas taighde sin. Ní ‘ealaín ar mhaithe le healaín’ a bhíonn ann: bíonn ceist taighde mar phointe tosaigh ag an taighdeoir i gcónaí, agus é mar sprioc aige fios nua a bheith aige ag deireadh an phróisis, agus tuiscintí nua ar ábhar an taighde a roinnt le pobal níos leithne tríd an gceist sin a iniúchadh ar bhealach ealaíonta. Deir Freeman go dtugann an taighde praiticbhunaithe

...dúshlán soiléir na smaointeoireachta gnásúla, lena téis bhunúsach gur féidir le praitic an taibhithe a bheith ina modh taighde imscrúdaitheach agus ag an am céanna an bealach lena ndéantar an taighde sin a chraobhscaoileadh. (2010: 7)

Tá sainmhíniú níos cuimsithí ag Candy. Is éard atá sa taighde praiticbhunaithe, dar léi, ná:

…fiosrú bunaidh a dhéantar chun teacht ar fhios nó ar eolas nua tríd an bpraitic, cuid mhaith, agus trí thorthaí na praitice sin. Sa tráchtas dochtúireachta, tig le taighdeoir bunúlacht nó úire a chuid forthorthaí taighde, agus an méid a chuireann siad le heolas bunaidh, a chur in iúl trí léirithe cruthaitheacha a dhéanamh i bhfoirm dearthaí, ceoil, ábhar sna meáin dhigiteacha, taibhithe agus taispeántas. Cé go ndéantar cur síos ar shainbhrí agus ar chomhthéacs an mhaímh i dtéacs scríofa, ní féidir lántuiscint a fháil air ach trí iniúchadh díreach a dhéanamh ar na léirithe céanna sin. (2006: 1)

Leagann Candy béim ar a thábhachtaí is atá sé gur slánchuid den phróiseas taighde iad an phraitic agus na torthaí cruthaitheacha. Mar sin féin, ní mór torthaí na praitice a chuimsiú sa cháipéisíocht ina ndéantar cur síos ar an bpróiseas taighde, dar léi, chomh maith le hanailís théacsúil nó míniúchán a sheasfas mar thaca le hargóintí an taighdeora, agus chun a mhachnamh criticiúil a chur in iúl. Ar an gcaoi sin, ba cheart go mbeadh scoláireacht bhunaidh le feiceáil sa tráchtas, chomh maith le hábhar ar féidir a fhoilsiú nó a chur ar taispeáint (Candy, 2006: 2).

Cuir an méid sin thuas i gcomparáid leis an taighde dochtúireachta ‘traidisiúnta’. Bíonn ceist taighde nó téis mar phointe tosaigh, faoi mar a tharlaíonn i gcás an taighde phraiticbhunaithe, ach bíonn an tráchtas bunaithe ar thaighde cainníochtúil nó cáilíochtúil, nó meascán den dá rud. Sna daonnachtaí agus sna heolaíochtaí sóisialta, is iondúil gur téacs fada nó an-fhada i scríbhinn a bhíonn mar thoradh ar an bpróiseas sin. Sa tráchtas féin, is iondúil go mbíonn cur síos ar an bpróiseas taighde; forléirmheas litríochta; iniúchadh ar cheisteanna modheolaíochta, agus anailís ar thorthaí an taighde atá déanta. Bítear ag súil le heolas nó le torthaí feasa nua agus le léargas úr ar dhisciplín léinn atá réasúnta socair, nó a bhfuil ceangal soiléir le feiceáil ann idir réimsí éagsúla, i gcás taighde idirdhisciplínigh.

Téann préamhacha an taighde phraiticbhunaithe siar go dtí ollfhorbairt na n-institiúidí ilteicneolaíocha – na ‘Polytechnics’ mar a tugadh orthu – mar shruth nua oideachasúil ar an tríú leibhéal sa Bhreatain ón mbliain 1968 ar aghaidh. Nuair a chinn an Council for National Academic Awards (CNAA) ar rialacháin nua maidir leis na hiarchéimeanna a bhronnfadh na hinstitiúidí nua, chuir siad abairt chinniúnach amháin leo: ‘Is féidir cur leis an tráchtas scríofa le hábhar i bhfoirmeacha eile seachas foirm na scríbhneoireachta’ (Candy, 2006: 4). Don chéad uair, bhí cead ag mac léinn píosa ealaíne a chur isteach mar dhlúthchuid dá thráchtas dochtúireachta. B’amhlaidh an cás ag Tebby, a bhí ar an gcéad duine a lean an cosán sin, lena tráchtas dochtúireachta Patterns of Organisation in Constructed Art (Tebby, 1983). Chuir sí taispeántas ealaíne ar bun chun torthaí a cuid taighde a thaispeáint go poiblí, agus chuir sí sraith sleamhnán 35mm isteach leis an tráchtas scríofa, mar thaifead ar an taispeántas céanna, nuair a tháinig an t-am chun an tráchtas a chur faoi bhráid na scrúdaitheoirí seachtracha.

Le breis is 30 bliain anuas tá ardú leanúnach ag teacht de réir a chéile ar líon na dtráchtas praiticbhunaithe in institiúidí léinn ar fud na cruinne, go dtí gurb é an múnla praiticbhunaithe an ceann is coitianta sna healaíona faoin tráth seo (Candy, 2006). Sa lá atá anois ann bíonn taighde praiticbhunaithe ar siúl ag scannánóirí, dearthóirí, ailtirí, ceoltóirí, damhsóirí, dealbhóirí, scríbhneoirí agus ealaíontóirí den uile chineál. Ach, más ea, níor réitíodh go sásúil fós na ceisteanna is achrannaí a bhaineann leis an gcur chuige nua seo. An taighde ‘eolaíoch’ é? Céard iad na modheolaíochtaí ar cheart leas a bhaint astu? Cén chaoi ar cheart na torthaí taighde a mheas?

Bíonn freagraí éagsúla ag institiúidí éagsúla ar na ceisteanna sin. Mar shampla, i Scoil an Cheoil in Ollscoil Dhún Éideann glactar le punann nó portfóilió cumadóireachta a bheadh feiliúnach le cur i láthair mar chlár ceolchoirme. San ollscoil sin, ní gá aon téacs scríofa a chur isteach mar chuid den tráchtas i réimse an cheoil, ‘taobh amuigh de nodaireacht an cheoil féin, agus na nótaí cláir’ (Coyne & Triggs, 2007: 3). Is é an múnla is coitianta, áfach, ná corpas oibre nó léiriú móide ‘cáipéis’ scríofa a mbíonn stádas éagsúil leis ar uairibh i súile daoine éagsúla – mar shampla, d’fhéadfadh an t-ealaíontóir breathnú ar an gcáipéis scríofa mar ábhar tacaíochta, ach d’fhéadfadh na scrúdaitheoirí seachtracha breathnú ar an téacs scríofa amhail is gurb é an chuid is tábhachtaí den tráchtas é, agus is minic go mbreathnaíonn.

Is léir ón méid sin thuas go mbíonn teannas áirithe le mothú go minic maidir leis an gceangal atá, nó ar cheart a bheith, idir an próiseas cruthaitheach a bhaineann le saothar ealaíne a ghiniúint ar thaobh amháin, agus an próiseas taighde agus léinn ar an taobh eile. Ina iniúchadh ar an teannas sin tráchtann Bell (2006) ar an ‘dearmad eipistéimeolaíoch' i bhforbairt na ndochtúireachtaí praiticbhunaithe in institiúidí éagsúla sa Bhreatain le 30 bliain anuas. De bharr brúnna institiúideacha agus maorlathacha a tháinig chun cinn le torthaí coincréiteacha taighde a thaispeáint do lucht maoinithe agus faireacháin, spreagadh baill foirne in institiúidí ealaíne áirithe le cur síos a dhéanamh ar a gcuid saothar ealaíne féin mar ‘thorthaí taighde’, agus anailís chainníochtúil a dhéanamh ar na torthaí sin i dtéarmaí líon agus méid na dtaispeántas a rinneadh, líon an lucht féachana a tháinig chuig na taispeántais sin, agus ábhar eile mar é. ‘Níor cuireadh an oiread sin diancheisteanna faoin mbealach arbh fhéidir taighde a thabhairt ar shaothar ar thoradh é ar chleachtais ealaíne chruthaitheacha thraidisiúnta’ (Bell, 2006: 3). Scrúdaíonn sé agus lochtaíonn sé dhá fhreagra ar leith ar an aincheist sin. B’shin iad freagra na ‘reitrice posaitíbhí’ a chuir Newbury (1996) agus an Research Training Initiative chun cinn ar thaobh amháin; agus an freagra ‘rómánsúil’ a bhí ag Knudsen (2004), a thug tús áite don chur in iúl agus don chur i láthair seachas don anailís intleachtúil. Ina fhreagra féin ar an gceist, déanann Bell nasc leis an traidisiún pragmatach Meiriceánach, agus glacann sé leis an gcur chuige a mhol an fealsúnaí David Davies ina leabhar Art as Performance (2004).

De réir Davies, ba cheart cleachtais ealaíne a thuiscint mar ‘thaibhiú giniúna’ (2004: 229), agus ba cheart breithiúnas agus luacháil a dhéanamh orthu ina dtéarmaí féin in áit iad a mheas de réir critéar seachtrach posaitíbhíoch. Ba cheart díriú ar ‘chódú foighneach’ a dhéanamh ar an gcleachtas féin, agus ar an ábhar nuálach a eascraíonn as, más mian linn breithiúnas fírinneach a thabhairt ar an taibhiú giniúna sin, dar leis. Cuireann Bell leis an méid sin, agus deir sé gur fiú díriú ar mhionanailís agus ar mhachnamh cruinn ar an méid a bhíonn ar siúl ag ealaíontóir nuair a bhíonn saothar ealaíne á ghiniúint aige, agus gur cheart an cur chuige sin a úsáid le modheolaíocht taighde ar leith a thógáil don taighde sna healaíona cruthaitheacha.

Tá an ráiteas seo a leanas ina eochair ar chur chuige Bell:

Ní hamháin gur dual do chlár taighde sa phraitic chruthaitheach (agus trí mheán na praitice cruthaithí) a bheith gafa le léirthuiscint agus le measúnú an ‘tsaothair fhollasaigh’ a chuirtear i láthair taispeántais, faoi mar a chreidtear san eimpíreachas aeistéitiúil, nó leis na cóid agus na struchtúir a bhíonn faoi chaibidil sa léann scannánaíochta agus i bhfoirmeacha eile den léann criticiúil, ach leis an saothar ealaíne mar thaibhiú. Chun an saothar follasach a thuiscint i gceart ní mór dúinn caitheamh leis ní mar struchtúr comharthaíochta oibiachtaithe ach mar thaibhiú atá ionchollaithe ina chomhthéacs stairiúil[3]. Go deimhin, ní mór dúinn a chur san áireamh an chaoi a dtugann ealaíontóir cruth dá rún cruthaitheach, agus meáin ealaíonta ar leith in úsáid aige agus é faoi réir coinníollacha sainiúla stairiúla – rún cruthaitheach a fhíorófar nó nach bhfíorófar le linn na gníomhaíochta giniúna a bhaineann leis an saothar a thabhairt ar an saol. Is é an príomhfhócas atá leis an rún cruthaitheach sin, ó thaobh an ealaíontóra de, ná saothar ealaíne a thabhairt ar an saol. I gcás na praitice ealaíonta a bhaineann le torthaí taighde, is é an príomhfhócas ná teacht ar thuiscint ar an taibhiú giniúna a bhaineann leis an saothar ealaíne. Is é seo, dar liom, an toradh feasa ar cheart a bheith ar an taighde praiticbhunaithe cruthaitheach. (2006: 11)

Gné eile den scéal is ea tráchtaireacht Leavy ar úsáid na scannánaíochta agus na grianghrafadóireachta san antraipeolaíocht fhísiúil (Leavy, 2009: 217‐9). Sa phlé sin, leagann sé béim ar a thábhachtaí is atá an comhthéacsú sóisialta agus staire in úsáid na n-íomhánna sin i dtaighde ar bith sna daonnachtaí. Foinse thábhachtach eolais iad na híomhánna sin faoin saol sóisialta mórthimpeall orainn, dar leis, ina measc ‘gnéithe cultúrtha den saol sóisialta; struchtúir eacnamúla agus pholaitiúla; féiniúlacht ag an leibhéal domhanda, náisiúnta, grúpa agus aonair; agus go leor gnéithe eile’ (Leavy, 2009: 218).

Is léir ón méid sin ar fad gur cosán taighde achrannach agus neamhshocair é an cosán taighde praiticbhunaithe. Cén fáth, mar sin, a roghnódh duine an cosán áirithe sin? I gcás an údair seo, baineann freagra na ceiste sin leis an rud a dtugann socheolaithe an ‘casadh físiúil sna daonnachtaí’ air, chomh maith leis an réasúnú a thugann an feimineach Meiriceánach Gloria Watkins dúinn faoina hainm cleite bell hooks.

Ina leabhar Art on My Mind: Visual Politics, déanann hooks cur síos ar roinnt macra-chomhthéacsanna ina dtarlaíonn coimhlintí maidir leis an léiriú a dhéantar ar phobail nó ar mhionlaigh éagsúla. Is de bharr na gcoimhlintí sin sa léiriú físiúil ar mhionlaigh go mbíonn tarraingt ag taighdeoirí ar úsáid na n-ealaíon físiúil, dar léi, go háirithe má bhíonn siad ag bunú a gcuid oibre ar pheirspeictíochtaí feimineacha nó iarchoilíneacha, nó ar pheirspeictíochtaí criticiúla eile. Deir sí: ‘Láthair thábhachtach choimhlinte is ea an léiriú d’aon phobal atá faoi chois nó a bhfuil dúshaothrú á imirt air, agus iad i mbun a gcuid suibiachtúlachta féin a dheimhniú, maraon le díchoilíniú na haigne’ (hooks, 1995: 3).

Bíonn Rolling (2005) agus údair eile ag trácht ar an deis a bhíonn ag ealaíontóirí físiúla cur i gcoinne léirithe stairiúla a imríonn ansmacht nó cos ar bolg ar mhionlaigh. Fiosraíonn Rolling an chaoi a gcuireann íomhánna sa chultúr físe le tógáil féiniúlachtaí, agus eispéireas na nAfra-Mheiriceánach mar ‘Eile’ faoi scrúdú aige. Toisc gur láthair é an cultúr físe ina mbíonn coimhlintí ar bun maidir le féiniúlacht agus léirithe, dar leis, is fiú tarraingt ar an rud a dtugann sé ‘seandálaíocht chultúrtha fhísiúil’ air mar bhealach le teacht ar na modhanna ina gcruthaítear íomhánna den Norm agus den Eile (Leavy, 2009: 221).

Casadh, détournement

Ar na cúiseanna sin ar fad, b’fhacthas don údar gur cur chuige saibhir é an cur chuige praiticbhunaithe agus clár taighde á dhearadh a bhain le féiniúlacht, cultúr agus domhandú i gcomhthéacs na hÉireann agus i gcomhthéacs shuíomh mionlaithe na Gaeilge sa lá atá inniu ann. É sin in ainneoin na ndeacrachtaí praiticiúla maidir le modheolaíocht agus neamhshocracht a bhí faoi chaibidil thuas. Bhí spéis ar leith ag an údar i gcoincheap an détournement freisin, agus san úsáid a bhaineann grúpaí freasúracha ar nós Adbusters as fógraí tráchtála teilifíse le critique frithchaipitlíoch a chur inár láthair. B’fhacthas gurbh fhiú a fhiosrú an bhféadfaí próiseas sin an détournement a úsáid mar bhealach le cur síos a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí éagsúla a bhíonn ar bun ag grúpaí éagsúla ar cás leo seasamh leochaileach na dteangacha neamhfhorleathana i ré seo an domhandaithe. I ndiaidh roinnt fiosruithe in Éirinn agus thar lear, socraíodh ar chás na bhfíseán YouTube a réitíonn scoláirí agus foireann Choláiste Lurgan a fhiosrú mar chás-staidéar ar leith a thabharfadh deis na ceisteanna sin a iniúchadh ar bhealach ní ba dhoimhne.

Tháinig coincheap an détournement chun cinn i bPáras sna 1950í, i measc grúpaí raidiceacha d’ealaíontóirí agus den lucht teoirice a bhí faoi anáil an scoláire agus scannánóra Guy Debord agus a tháinig le chéile faoi bhrat an Letterist International. Ag an leibhéal is bunúsaí, bhain sé le hathmhúnlú a dhéanamh ar tháirgí cultúir sna mórmheáin chumarsáide, d’fhonn an claonadh ceilte idé-eolaíoch a bhain leo a thabhairt chun solais agus chun an bholscaireacht nó an fheidhm mhargaíochta a bhain leo a chur ó mhaith. Sampla comhaimseartha den fheiniméan sin is ea an casadh a bhain Adbusters (eagraíocht idirnáisiúnta neamhrialtasach atá lonnaithe i gCeanada agus a dhéanann critique leanúnach ar an dearcadh tomhaltach i leith an tsaoil) as an bhfógra físe Go Forth a sheol an comhlacht Levi mar chuid dá fheachtas domhanda margaíochta in 2011. Ag an bpointe seo san alt is fiú breathnú ar an bhfógra sin ag an láithreán seo a leanas:  https://www.youtube.com/watch?v=pnNblizjuEk.

Montage ealaíonta d’íomhánna paiseanta atá san fhógra: fir óga dhathúla i mbun círéibe ar na sráideanna; fear gnéasúil ag casadh ceoil ar ghiotár leictreach a théann trí thine; lánúin óg ag damhsa agus ag pógadh a chéile. Iarracht fhollasach a bhí ann íomhánna mealltacha a bhain le ceannairc nó éirí amach a cheangal leis na táirgí a dhíolann an comhlacht: baineadh úsáid freisin as an dán The Laughing Heart leis an bhfile frithbhunaíoch Meiriceánach Charles Bukowski don tharghuthú. Más ea, níorbh fhada gur fhoilsigh Adbusters freagra ar an bhfógra ar láithreáin éagsúla: faoin teideal Go Forth and Revolt tá na híomhánna céanna le feiceáil ach le fotheidil curtha leo a cháineann lucht an rachmais as seilbh a ghlacadh ar íomhánna ceannairce ar mhaithe le táirgí a dhíol. San fhógra détourné seo, spreagtar daoine le dul i mbun ceannairce iad féin. Tá an físeán seo ar fáil ar líne ag https://www.youtube.com/watch?v=UVc8auO1vuA.

TG Lurgan

Sa chomhthéacs sin, b’fhacthas don údar gurbh fhiú iniúchadh a dhéanamh ar TG Lurgan, an cainéal YouTube atá ag an gcoláiste samhraidh Coláiste Lurgan, agus ar an gcaoi a gcuireann scoláirí agus foireann an choláiste físeáin shnasta cheoil ar fáil le leaganacha Gaeilge d’amhráin chomhaimseartha i mBéarla. Díríodh aird na tíre ar na físeáin seo i gceart faoi fhómhar na bliana 2013, nuair a bhain a leagan Gaeilge den traic Wake Me Up le Avicii os cionn 1.5 milliún buille ar TG Lurgan. Bhí idir dhéagóirí, léirmheastóirí nuachtáin agus tuismitheoirí meallta ag an ardchaighdeán físe agus fuaime a bhain le leagan Choláiste Lurgan den amhrán, agus tugadh cuireadh dóibh an t-amhrán a chanadh ar an Late Late Show an fómhar sin. Ach lean na buillí ar aghaidh ó shin: faoi lár 2014 bhí an físeán feicthe níos mó ná 3.5 milliún uair thart timpeall an domhain, toradh ar deacair a shamhlú d’aon fhíseán Gaeilge roimhe sin.

Thosaigh an t-údar ag dearadh leaganacha éagsúla de thogra praiticbhunaithe mar bhealach leis an bhfeiniméan seo a fhiosrú, agus roinnt buncheisteanna á gcur: arbh fhéidir breathnú ar fhíseáin TG Lurgan agus ar phróiseas a ndéanta mar ghníomh détourné i gcoinne phróisis an domhandaithe chultúir in Éirinn na linne seo? Is é sin le rá, an bhféadfaí breathnú ar uileláithreacht na bhfíseán ceoil comhaimseartha i mBéarla – ar físeáin iad a dtagann a bhformhór as Stáit Aontaithe Mheiriceá – mar léiriú cumhachtach ar chuid de na próisis sin, agus, más ea, an raibh ról á imirt ag físeáin TG Lurgan mar iarracht ag lucht a ndéanta cur i gcoinne na bpróiseas céanna? Nó, ar an taobh eile den scéal, ar cheart breathnú ar dhéantús na leaganacha Gaeilge, agus ar an éileamh mór a bhí orthu, mar bheartas géillte is síthe leis na fórsaí céanna? Nó, arís eile, ar mheascán den dá rud a bhí ag tarlú?

Chun an scéal sin a fhiosrú tuilleadh, chuaigh an t-údar i mbun cainte le bainisteoir Choláiste Lurgan, Mícheál Ó Foighil, agus le hÉamonn Mac Mánais, an scannánóir agus eagarthóir a bhíonn i mbun na bhfíseán in éineacht le scoláirí agus foireann an choláiste. D’éirigh leis an údar cead a fháil roinnt scannánaíochta a dhéanamh ar an bpróiseas a bhaineann leis na físeáin a chur le chéile. Idir an dá linn, réitíodh dhá iarratas coimisiúnaithe: ceann don Chomhairle Ealaíon faoin scéim Reel Art, a bhain le scannán ealaíne; agus ceann ar chlár teilifíse do TG4 a réitíodh le cúnamh flaithiúil ó dhuine de stiúrthóirí Abú Media, Bríd Seoighe. Cé nár éirigh le ceachtar iarratas, ba phróiseas fiúntach agus torthúil é réiteach na n-iarratas céanna: chabhraigh siad go mór le faobhar níos géire a chur ar an smaointeoireacht faoin gcineál togra praiticbhunaithe ar mhaith leis an údar tabhairt faoi – agus, níos tábhachtaí fós, faoi na fáthanna a mbeifí ag dul síos an cosán áirithe sin. Seo a leanas sliocht as an gcur síos a bhí mar chuid den iarratas do TG4:

An rud atá nua faoin gclár seo ná go mbeidh grúpa déagóirí ag iarraidh teacht ar a gcuid freagraí féin ar cheisteanna a bhaineann le féiniúlacht agus teanga in Éirinn, le linn dóibh a bheith ag tabhairt faoi ghníomhaíochtaí atá lán le haicsean, le paisean, le dathanna agus le craic – is é sin, físeán ceoil a chur le chéile, liricí a scríobh, fuaimrianacha a thaifead, damhsaí a chleachtadh, éadaí a aimsiú, an traic a thaifead, an eagarthóireacht a dhéanamh, agus an físeán críochnaithe a chrochadh ar YouTube ag deireadh an aistir. Ar an gcaoi sin beidh ceisteanna faoin teanga á bplé ar bhealach úrnua agus spleodrach, míle míle ón mbealach tur agus tirim ina bpléitear na ceisteanna seo rómhinic. (Mac Dubhghaill, 2014: 6)

In ainneoin nár éirigh leis an iarratas maoinithe, chuaigh an t-údar ar aghaidh leis an togra praiticbhunaithe tar éis athdhearadh a dhéanamh air mar thogra pearsanta ealaíne. Caitheadh roinnt seachtainí i mbun taifeadta i gColáiste Lurgan le linn shamhradh na bliana 2014 mar chuid den togra nuadheartha sin. Beidh an ionramháil ar na taifid éagsúla sin, agus scagadh teoiriciúil agus machnamhach ar an bpróiseas eagarthóireachta agus scéalaíochta a bhaineann le scannán a dhéanamh astu, mar chuid lárnach den tráchtas praiticbhunaithe a chuirfidh an t-údar ar fáil amach anseo.

Conclúid

Pléadh cuid de na ceisteanna modheolaíochta a bhaineann leis an taighde praiticbhunaithe sna meáin, agus an méid sin mar bhealach le fócas a chur ar chuid de na roghanna a rinne an t-údar agus é ag forbairt a chuid taighde. Is díol iontais é go fóill an neamhshocracht úd faoin gcosán praiticbhunaithe ar tagraíodh dó i dtús an ailt seo. In éagmais na treorach cinnte, fágtar ualach breise ar an taighdeoir a fhreagraí féin a aimsiú ar an neamhshocracht chéanna. D’fhéadfaí breathnú ar an méid sin mar mhíbhuntáiste; ar an taobh eile de, fágann sé scóip agus saoirse neamhghnáthach ag an taighdeoir.

Is ceist oscailte é go fóill an bhfuil fiúntas ag baint leis an gcosán áirithe atá roghnaithe ag an údar mar bhealach le hiniúchadh a dhéanamh ar cheisteanna áirithe a bhaineann leis an domhandú, cultúr agus mionlaigh. D’fhéadfaí a áiteamh go bhfeilfeadh modheolaíochtaí ní ba thraidisiúnta sna heolaíochtaí sóisialta don cheist taighde seo, eadhaon, an gníomh détourné i gcoinne phróiséas an domhandaithe chultúir in Éirinn na linne seo é feiniméan TG Lurgan, nó an géilleadh nó logánú na bhfórsaí céanna é? Tá obair mhall, thrialach le déanamh (munar obair mhalltriallach í) leis na teoiricí éagsúla ón litríocht ábhartha a chur i bhfeidhm  ar chleachtas ealaíne an údar. Ach sa mhéid is gurb é an scáileán beag ar an bhfón póca an pháirc imeartha nó blár catha ar a réiteofar cuid mhaith ceisteanna comhaimseartha cultúir agus teanga – agus ní sna leabhair ná sna tráchtais ollscoile – b’fhacthas don údar gurbh fhiú iarracht a dhéanamh freagairt dó sin le togra taighde agus ealaíne a cheapadh i réimse na híomhá, na físe agus na fuaime.

Próiseas féintagarthach atá ann, ina mbítear sa tóir ar an doimhniú atriallach a d’fhéadfadh a theacht chun cinn nuair a scrúdaítear gnéithe den phraitic trí lionsa na teoirice agus vice versa. Is é sin le rá, is próiseas machnamhach leanúnach é ina bhféachtar le hanailís a dhéanamh ar shaothar an údair, ní ar mhaithe le hiniúchadh intleachtúil amháin a dhéanamh, ach mar chuid de phróiseas ealaíne a fhéachann leis an saothar sin a shaibhriú agus a fhorbairt tuilleadh, agus le léargais agus tuiscintí úra a aimsiú ar ghnéithe den saol sóisialta thart timpeall orainn. Ar an gcaoi sin, chun focail Bell a thabhairt chun cuimhne arís, tá súil ag an údar ‘teacht ar thuiscint ar an taibhiú giniúna a bhaineann leis an saothar ealaíne. Is é seo, an toradh feasa ar cheart a bheith ar an taighde praiticbhunaithe cruthaitheach’ (2006: 11).


[1] San alt seo, tabhar faoi deara go bhfuil ainm an scoláire bell hooks litrithe le litreacha beaga ag an tús seachas litreacha móra. Ní botún é sin. Is ainm cleite é agus ar chúiseanna casta a bhaineann lena cuid feimineachais roghnaíonn sí a hainm a scríobh le litreacha beaga amháin.

[2] Is le  húdar an ailt seo an t-aistriúchán seo agus na cinn eile a leanas.

[3] Is le húdar an ailt seo an bhéim.

Leabharliosta: 

Leabhair

Candy, L., (2006) Practice Based Research: A Guide.  Sydney: University of Technology.

Davies, D., (2004) Art as Performance. Oxford: Blackwell.

Freeman, J., (2010) Blood, Sweat & Theory: Research Through Practice in Performance. Oxfordshire: Libri Pub.

hooks, b., (1995) Art on My Mind: Visual Politics. Nua-Eabhrac: New Press.

Leavy, P., (2009) Method meets art: Arts-based research practice.  Nua-Eabhrac: Guilford Press.

Newbury, D., (1996) Designing and Managing a Research Project: A Research Guide, Birmingham: Research Training Initiative. University of Central England.

Ailt

Bell, D., (2006) ‘Creative film and media practice as research: In pursuit of that obscure object of knowledge’, Journal of Media Practice 7 (2), 85-100.

Coyne, R., & Triggs, J., (2007) ‘Training for practice-based research: Adaptation, integration and diversity’, I: Bianchi, T., (eag.), Creativity or Conformity: Building Cultures of Creativity in Higher Education. Caerdydd: Metropolitan University.

Knudsen, E., (2004) ‘Creation and I, Me and My Work: A Personal Account of Relations Between Film, Film-Maker and Teaching’, Journal of Media Practice, 3 (2), 107-14.

Rolling, J.H., Jr. (2005) ‘Visual culture archaeology: A critic/polit:/cal methodology of image and identity’, Cultural Studies <–  –> Critical Methodologies, 7 (1), 3-25.

Tráchtas Neamhfhoilsithe

Tebby, S. (1983) Patterns of Organisation in Constructed Art. Tráchtas dochtúireachta, Leicester: Leicester Polytechnic.

Foinsí Leictreonacha

Levi’s Go Forth Commercial. (2011) ‘The Laughing Heart - Charles Bukowski.’ 27 Lúnasa 2011. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=pnNblizjuEk. (feicthe 25 March 2015)

Go Forth and Revolt. (2011) ‘Go Forth and Revolt.’ 17 Lúnasa 2011. Ar fáil ag: https://www.youtube.com/watch?v=UVc8auO1vuA. (feicthe 25 Márta 2015)

Iarratas Coimisiúnaithe

Mac Dubhghaill, U., (2014), ’Iarratas ar Choimisiún’, Baile na hAbhann: TG4 (neamhfhoilsithe).