Ag ullmhú Mic Léinn Leighis leis an nGaeilge a úsáid agus iad i mbun a gcuid oibre

Dorothy Ní Uigín
Gearóid Ó Flatharta
Máirtín Ó Maoláin
Topaic(í): 

[1] Réamhrá

San alt seo pléitear Modúl Staidéir Speisialta (Special Study Module/SSM) a dhéanann mic léinn leighis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  ‘Teanga an Leighis’ is ainm don mhodúl, agus tugann na mic léinn faoi sa dara bliain dá gcúrsa staidéir.  Is í aidhm an mhodúil mic léinn óga leighis a chumasú le déileáil go muiníneach trí Ghaeilge le hothair, agus tá an modúl á reáchtáil go bliantúil san ollscoil ó 2010 i leith.  Is í aidhm an ailt seo cur síos a dhéanamh ar thionchar an mhodúil ar na mic léinn a thugann faoi, agus moltaí a chur i láthair faoin gcaoi a bhféadfaí an modúl a fhorbairt sa todhchaí.  Bhí baint ag údar an ailt le dearadh agus le seachadadh an mhodúil seo ón tús, agus tá leasuithe déanta ar an modúl ó thosaigh sé bunaithe ar an aiseolas a bailíodh ó na mic léinn gach bliain agus a phléitear thíos freisin.

Cúlra

In alt san Irish Times i samhradh na bliana 2014, tuairiscíodh:

A review of the Royal College of Physicians of Ireland’s specialist training programmes has recommended a greater focus on practical skills and on a specialist’s ability to communicate with patients rather than on the accumulation of knowledge for exam purposes (Healy, 2014).

Tá tábhacht na cumarsáide idir dochtúir agus othar aitheanta le fada – tuigtear, ar ndóigh, go mbraitheann 80% d’fháthmheas an othair ar ghlacadh stair an othair.  In alt le taighdeoirí leighis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh luadh: ‘Dissatisfaction with physician-patient communication is known to be a leading factor influencing patients’ decisions to initiate medicine negligence proceedings’ (Kropmans & Warren, 30).  Bíonn fadhbanna cumarsáide ann ó thráth go chéile i suíomhanna nuair nach bhfuil an dochtúir eolach ar theanga an othair.  Aithníodh an deacracht seo san ollscoil seo, i gcás othar a bhfuil an Ghaeilge acu mar chéad teanga, agus d’eascair an modúl speisialta seo as an tuiscint sin.  Is modúl roghnach é ‘Teanga an Leighis’ i measc réimse leathan modúl roghnach i gColáiste an Leighis a sholáthraítear do na mic léinn agus a fhéachann leis an dochtúir óg a chumasú le feidhmiú go héifeachtach i saol gairmiúil an dochtúra.  Úsáidtear cuir chuige éagsúla a chinntíonn an fhoghlaim ghníomhach sna modúil dhifriúla – an ceann atá faoi chaibidil anseo san áireamh – rud a thagann leis an sainmhíniú a thugann Littlewood thíos faoin bhfoghlaim ghníomhach:

This desire to make learning more student-centred is reflected in widespread attempts, in different areas of the curriculum, to introduce approaches which engage students actively in the learning process  (Littlewood, 2000: 1).

Bhí tionchar freisin ag taighde a rinne an Dr Gearóid Ó Flatharta, léachtóir i gColáiste an Leighis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus an Dr Máirtín Ó Maoláin, (a bhí ina mhac léinn leighis ag an am) in 2009 agus 2010, ar fhorbairt an mhodúil seo agus breathnófar anois ar thorthaí an taighde sin leis an réasúnaíocht a bhain le bunú an mhodúil seo a scagadh.  Tugann an taighde seo an-léargas dúinn ar dhearcadh na gcleachtóirí leighis in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh ar úsáid na Gaeilge ina saol oibre, agus, ar ndóigh, ar dhearcadh phobal na Gaeilge i leith na teanga sa chóras sláinte.

Taighde leis na Mic Léinn Leighis

Sa chéad phíosa taighde a rinneadh, scaipeadh suirbhé ar mhic léinn leighis trí cheistneoir ar líne.  387 mac léinn a chomhlánaigh an ceistneoir, sin ráta freagartha de 65%; chomhlánaigh 13% (n=49) de na mic léinn an suirbhé i nGaeilge, agus b’Éireannaigh iad 78% (n=303) de na mic léinn a d’fhreagair.  I measc na mac léinn a d’fhreagair, ní raibh sna cainteoirí dúchais Gaeilge ach 1% den chohórt iomlán, cé go ndúirt 5% de na mic léinn gur fhás siad aníos i gceantar Gaeltachta.  Is léiriú an-mhaith é seo ar na deacrachtaí a bhaineann le soláthar seirbhís Ghaeilge sa chóras sláinte nuair a thuigtear a laghad cleachtóirí leighis a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu.  Léiríodh sa taighde, áfach, gur cheap tromlach na mac léinn (79%, n=304) go raibh an cumas cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge luachmhar nó an-luachmhar.  Bhí os cionn trian de na mic léinn tar éis cumarsáid a bheith acu le hothair le Gaeilge, agus dúirt 66% acu siúd gur chuir úsáid na Gaeilge leis an rapport a bhí acu leis an othar sna cásanna sin.  Chreid na mic léinn freisin go mbeadh glacadh stair an othair le Gaeilge ní b’eifeachtaí dá ndéanfaí trí mheán na Gaeilge é.

Mhol 50% de na mic léinn a d’fhreagair an ceistneoir gur cheart go mbeadh Modúl Staidéir Speisialta don Ghaeilge ar fáil; 37% a mhol cúrsa athnuachana (gnáthchúrsa teanga, seachas sainchúrsa a bhainfeadh le cúrsa leighis), agus 13% a bhí i bhfabhar theagasc na n-ábhar leighis trí mheán na Gaeilge (cur chuige a thiocfadh le cur chuige CLIL nó ‘Content-based learning’ mar a mhíníonn Lyster agus Ballinger (2011) é).  Glacadh le moladh an tromlaigh, áfach, agus bunaíodh an Modúl Staidéir Speisialta ‘Teanga an Leighis’ in 2010.

Taighde leis na Cleachtóirí Leighis

Rinne staidéar eile in 2012 inar scagadh dearcadh na foirne agus na n-othar i gcás úsáid na Gaeilge in Ospidéal na hOllscoile, Gaillimh.  Rinneadh an taighde seo ag úsáid suirbhéanna ar-líne i gcás na ndochtúirí, agus agallaimh ‘ag taobh na leapa’ leis na hothair a raibh Gaeilge mar chéad teanga acu.  Ar phríomhthorthaí an taighde seo bhí: cheap 78% den fhoireann go raibh an Ghaeilge an-tábhachtach do chainteoirí na teanga, agus d’aithin 75% gur cheart freastal ar riachtanais teanga chainteoirí Gaeilge.  Dúirt 42% de na hothair ar cuireadh agallamh orthu gurbh fhearr leo an Ghaeilge a úsáid san ospidéal, cé nár mhiste le 36% de na hothair ar cuireadh agallamh orthu an Béarla a úsáid. 

I measc na dtorthaí eile a léirigh an taighde seo, bhí cúpla rud ar leith ar díol spéise iad: nuair a cuireadh ceist ar na dochtúirí cén chaoi ar aithin siad gur as an nGaeltacht d’othar, dúirt 24% acu gurbh é blas cainte an othair a léirigh é sin dóibh.  Is léiriú é seo ar an nós atá fós ag muintir na Gaeltachta leaganacha Béarla dá gcuid ainmneacha a úsáid agus iad ag plé leis an gcóras sláinte. 

Na hOthair

B’as Gaeltacht Chonamara 86% de na hothair ar cuireadh agallamh orthu, agus cheap 54% acu gur cheart go mbeadh Gaeilge ag foireann an ospidéil. Dúirt 94% acu, áfach, nár tugadh aon rogha dóibh Gaeilge a úsáid san ospidéal.  Cé go bhfuil polasaí Gaeilge ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), bhí 77.6% den fhoireann agus 84% de na hothair dall ar Scéim Teanga FSS an Iarthair.  Dúirt 73% den fhoireann agus 84% de na hothair nár chuala siad trácht ar an Oifigeach Gaeilge i bhFSS, agus nár thuig siad go raibh a leithéid de dhuine ann.

Toradh Curaclaim – ‘Teanga an Leighis’

Mar thoradh ar an taighde seo, d’ullmhaigh údar an ailt seo modúl ocht seachtaine le cabhair agus le hionchur ón Dr Ó Flatharta agus ón Dr Ó Maoláin.  Bíonn an modúl ar siúl go hiondúil i Seimeastar 2 den dara bliain den chúrsa leighis, agus ó tosaíodh an modúl, tá 38 mac léinn tar éis an modúl a dhéanamh (c.7/8 in aghaidh na bliana), agus tá cohórt nua de sheisear mac léinn i mbun an chúrsa i mbliana.[2]  Tá na figiúirí seo beag, ach, mar a luadh thuas, bíonn rogha leathan modúl ag na mic léinn i gcás na Modúl Staidéir Speisialta agus bíonn líon na mac léinn a fhreastalaíonn ar chuid mhór de na modúil réasúnta beag dá bharr sin.

Sa lámhleabhar a ullmhaíodh don mhodúl tarraingíodh ar ábhar a ullmhaíodh roimhe sin in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge do chúrsa eile a thairgtear do mhic léinn altranais.  Úsáideadh freisin an leabhar Leaganacha Leighis leis an Dr Nicola de Faoite, ina bhféachann an Dr de Faoite le leagnacha nádúrtha Gaeilge a úsáid le cur síos ar dheacrachtaí coitianta sláinte.  Ó cuireadh tús leis an modúl tá curtha leis an lámhleabhar le hábhar a d’ullmhaigh na mic léinn féin.  Tá luach ar leith leis an ábhar seo, de bharr go raibh na mic léinn féin páirteach i gcruthú corpais agus i mbailiú leaganacha cainte.[3]  Chuidigh sé seo go mór leis an bhfoghlaim ghníomhach a luadh thuas.

Anuas ar na hocht seachtaine a dhéanann na mic léinn, caitheann siad deireadh seachtaine i gceantar Gaeltachta agus tugann siad cuairt ar theach altranais do sheandaoine agus iad ansin.  Tá sé seo ar an ngné is tábhachtaí – agus is taitneamhaí – den mhodúl, agus i ndeireadh na dála, is é is tairbhí do na mic léinn freisin é.

Dírítear ar na téamaí seo a leanas agus an modúl idir lámha ag na mic léinn: ag glacadh stair an othair, baill na colainne, cúrsaí péine, toiliú, cóir leighis (piollaí), ag plé le páistí, agus ag plé le seandaoine.  Roghnaíodh díriú ar sheandaoine agus ar ghasúir d’aon turas de bharr gur uathusan is mó a theastaíonn seirbhís Ghaeilge: iad siúd atá ag aois réamhscoile agus iad siúd atá, b’fhéidir, ag dul sa dara leanbaíocht nó i leanbaíocht na seanaoise mar a thugtar ar an néaltrú i nGaeilge na Gaeltachta.

Tá béim ar leith ar rólghníomhaíochtaí sa mhodúl; úsáidtear iad seo mar gur gníomhaíochteaí foghlama iad ‘that engage the learner directly in the phenomena being studied’ (Cantor, 1997: 1) agus le cinntiú go raibh na mic léinn leighis ‘directly in touch with the realities being studied’ (Keeton & Tate, 1978: 2), is é sin, ag déileáil le cainteoirí Gaeilge i suíomhanna réadúla a bhaineann leis an tsláinte.

Tuairimí na Múinteoirí i leith an Mhodúil

Ar na rudaí ba shuntasaí a tugadh faoi deara agus an modúl seo á theagasc ná go raibh na mic léinn sásta a bheith gníomhach sna ranganna ón tús, agus chabhraigh sé sin go mór le rath an chúrsa.  Bhí an deireadh seachtaine sa Ghaeltacht a reáchtáladh go luath sa chúrsa an-chabhrach le dinimic ranga a buanú, agus thaitin sé leis na mic léinn freisin go bhféadfadh na teagascóirí foghlaim uathusan de bharr nach dochtúirí leighis iad na teagascóirí.

Mar a luadh thuas, níl aon dabht ach go ndeachaigh an chuairt ar áras na seandaoine sa Ghaeltacht i bhfeidhm go mór ar na mic léinn, agus, gan amhras, chuaigh a lách is a bhí na mic léinn agus iad ag plé leis na seandaoine i bhfeidhm ar na teagascóirí a bhí leo freisin.

Aithníodh ón tús go raibh sé an-tábhachtach go raibh an réim teanga cruinn agus an obair seo ar bun ag na teagascóirí leis na mic léinn; ba léir ón tús freisin gur thuig na mic léinn tábhacht an réim teanga chomh maith, agus ba mhinic dóibh feiliúnacht na leaganacha a bhí ag na teagascóirí i suímh ar leith a cheistiú.

Tuairimí na Mac Léinn

Tugtar ceistneoir simplí do na mic léinn ag deireadh an mhodúil gach bliain.  Déantar scagadh thíos ar na freagraí a fuarthas sna ceistneoirí sin ó thosaigh an modúl (2010-2014) le léargas a fháil ar thuairimí na mac léinn i leith na Gaeilge agus i leith an mhodúil:

1. An chéad cheist ar an gceistneoir ná ‘Cén fáth ar roghnaigh tú an modúl seo?’ Dúirt tromlach na mac léinn gur roghnaigh siad an modúl lena gcuid Gaeilge a fheabhsú, agus le nach ndéanfaidís dearmad ar an nGaeilge a d’fhoghlaim siad ar scoil.  Fíorbheagán acu, áfach, a luaigh gur mhaith leo a bheith in ann cumarsáid a dhéanamh le hothair trí Ghaeilge.

2. An dara ceist a chuirtear ná ‘An raibh tú sásta leis an modúl?  Tabhair fáthanna, le do thoil.’ Bhí siad uilig sásta leis an modúl, agus mhol siad a phraiticiúil is a bhí sé.  Is cúis sásaimh é seo do na teagascóirí a bhfuil baint acu le seachadadh an chúrsa de bharr gur léir feasacht na mac léinn faoina thábhachtaí is atá teanga an othair nuair a bhíonn sláinte an othair sin i gceist.

3. ‘An raibh aon rud faoin modúl nach raibh sásúil?’ Dúirt beirt gur mhaith leo tuilleadh obair phraiticiúil a dhéanamh agus dúirt duine amháin go raibh an t-ualach oibre trom, ach níor luaigh na mic léinn eile rud ar bith eile i gcás na ceiste seo.

4. ‘Cérbh é an ghné den mhodúl ba mhó a thaitin leat?’ Dúirt tromlach mór na mac léinn gurbh í an tréimhse Ghaeltachta ba mhó a thaitin leo, agus an chuairt ar áras na seandaoine go sonrach i gcás an tromlaigh.  Ní haon chúis iontais é seo do na teagascóirí.  Thug an tréimhse Ghaeltachta agus an chuairt ar áras na seandaoine comhthéacs don fhoghlaim agus don Ghaeilge féin.  Ba ríléir do na mic léinn gur theanga bheo a bhí sa Ghaeilge, agus go raibh gá lena húsáid go minic le seandaoine len iad a chur ar a gcompord agus in ómós dá bhféiniúlacht.

Is iondúil go n-eagraítear léacht le dochtúir teaghlaigh a bhfuil taithí aici ar obair an dochtúra sa Ghaeltacht le linn an deireadh seachtaine seo.  Tagann an Dr Nicola de Faoite – a luadh roimhe seo, agus a bhfuil leabhar téarmaíochta ar an ábhar ullmhaithe aici – léacht do na mic léinn agus iad sa Ghaeltacht, agus téann an léacht seo go mór i bhfeidhm orthu i gcónaí.  Roinneann an Dr de Faoite an taithí luachmhar atá aici mar dhochtúir teaghlaigh ag obair i gceantar Gaeltachta, agus cuidíonn sé seo leis na mic léinn na dúshláin a bhaineann le hobair mar sin a thuiscint.

5. ‘Cérbh é an ghné den mhodúl ba mhó nár thaitin leat?’ D’fhág go leor de na mic léinn bearna i gcás na ceiste seo, rud a léiríonn go raibh siad sásta, tríd is tríd, leis an modúl.  Dúirt duine amháin go raibh an aiste mhachnamhach a bhí le déanamh acu deacair, agus luaigh cúigear go raibh na rólghníomhaíochtaí beagáinín leadránach ó thráth go chéile – cé gur admhaigh beirt acu sin, ina ainneoin sin, gur tháinig feabhas ar a gcuid Gaeilge de bharr na rólghníomhaíochtaí.

6. ‘An raibh an tréimhse sa Ghaeltacht fiúntach?  Cén fáth?’ Dúirt na mic léinn ar fad go raibh an tréimhse sa Ghaeltacht fiúntach; thuig siad ní b’fhearr aidhmeanna an mhodúil tar éis dóibh a bheith ann, agus an tábhacht a bhain leo. Bhí sé thar a bheith fiúntach dóibh cumarsáid a dhéanamh le hothair arbh í an Ghaeilge an chéad teanga acu agus iad sa Ghaeltacht.

Luaigh siad freisin gur thug sé deis dóibh aithne a chur ar a chéile.  Ba thoradh luachmhar agus tábhachtach é sin freisin, gan amhras, fiú mura luaitear i measc thorthaí foghlama oifigiúla an mhodúil é.

7. ‘An bhfuil gnéithe den mhodúl ar mhaith leat a athrú?’ Arís, fágadh go leor bearnaí i gcás na ceiste seo.  Luaigh cúpla mac léinn gur mhaith leo níos mó ama a chaitheamh le hothair.  Bhí mac léinn amháin a bhí in amhras faoin gcuairt ar áras na seandaoine; cheap an mac léinn sin gur ag cur isteach ar na seandaoine a bhí na mic léinn, agus chuir sé sin as don mhac léinn beagáinín.  Ba léiriú é seo ar an ngné mhachnamhach den mhodúl seo: bhí na mic léinn criticiúil agus machnamhach, agus sásta tuairimí a léiriú i gcás a dtaithí ar an modúl seo.

Bhain na trí cheist dheiridh ar an gceistneoir le socruithe praiticiúla agus le hualach oibre an mhodúil:

8. ‘An raibh na háiseanna a cuireadh ar fáil san ollscoil agus sa Ghaeltacht sásúil?’ Bhí na mic léinn uilig sásta leo seo.

9. ‘An molfá do dhaoine eile an modúl seo a dhéanamh?’ Dúirt siad ar fad go molfadh.

10. ‘Ar chuir an modúl seo brú oibre ort?’ Bhí meascán de fhreagraí ó na mic léinn ann i gcás na ceiste seo, ach fiú na mic léinn a dúirt gur chuir an modúl brú orthu, cheap siad gurbh fhiú é.

An Aiste Mhachnamhach

Bhí aiste mhachnamhach le scríobh ag na mic léinn mar chuid den mhodúl freisin, agus is saibhre i bhfad an t-aiseolas atá iontu seo faoin gcaoi a ndeachaigh an modúl, agus go háirithe an tréimhse Ghaeltachta, i bhfeidhm orthu.  Dúirt duine acu in 2010, mar shampla, ‘Ar bhonn pearsanta bhí mé an-sásta go raibh mé in ann na hothair a thuiscint agus níos tábhachtaí fós go raibh siad in ann mé a thuiscint…’, agus duine eile sa bhliain chéanna ‘Thug mé faoi deara cé chomh tábhachtach is atá sé a bheith ábalta caint le daoine ina dteanga féin…’ Luaigh duine de na mic léinn in 2011 gurbh ‘oscailt súl’ a bhí sa taithí Ghaeltachta di agus an modúl seo ar bun aici.

Ní léiriú ar cheisteanna teanga amháin a bhí sna haistí machnamhacha seo ach oiread, ach plé níos ginearálta go minic ar obair an dochtúra: luaigh duine de na mic léinn i 2011, mar shampla, go ‘Leagtar béim ar cheiliúradh na beatha seachas comóradh an bháis…’ in áras na seandaoine a raibh siad ann.  Ba léir uaidh sin an machnamh a bhí déanta ar an gcaoi a gcaitear le daoine agus iad ag druidim i dtreo dheireadh a saoil.

Cén dearcadh, a bhí ag na mic léinn leighis seo ar cheist na teanga ina gcuid oibre?  B’ardú meanman do na teagascóirí nuair a dúirt duine acu in 2013 gur fhoghlaim sé ‘nár cheart go mbeadh sé d’iallach ar an othar é féin nó í féin a chur in oiriúint don dochtúir – ach a mhalairt’.  Tá píosa aiseolais ó 2010 a léiríonn tuairimí coitianta na mac léinn thar shaolré an mhodúil go dtí seo agus cé go bhfuil sé beagán fada, is fiú é a chur anseo ina iomlán:

Nuair a d’fhiafraigh seanbhean díom cén fath a rabhamar ansin, mhínigh mé di go rabhamar ag iarraidh ár gcuid Gaeilge a fheabhsú.  Dúirt sí gurb iontach an rud é go bhfuil an ollscoil ag déanamh iarrachta an Ghaeilge a chur chun cinn i measc na mac léinn…Chonaic mé go raibh mé tar éis gliondar croí a chur uirthi.  Thuig mé ansin céard a bhí i gceist ag Nelson Mandela nuair a dúirt sé ‘Má labhrann tú le fear i dteanga a thuigeann sé, téann sé chuig a chloigeann. Má labhrann tú leis ina theanga féin, téann sé chuig a chroí.’ (Mac léinn, 2010)

Tá na mic léinn seo ag iarraidh an freastal cuí a dhéanamh ar a gcuid othar ó thaobh an leighis de, agus ó thaobh na teanga de.  Tá dualgas ar an lucht acadúil a bhíonn ag plé leo an tacaíocht chuí a thabhairt dóibh len é seo a bhaint amach.

Conclúid agus Moltaí

Dar le Kropmans & Warren (2014: 30):

Within schools of medicine, dentistry, veterinary medicine, nursing and health sciences, practical communication skills training has been shown to improve student performance in relationship building, time management and patient assessment.

Is cinnte gur chuidigh an modúl seo le scileanna teanga na mac léinn a thug faoi, ach níos tábhachtaí fós, chuir sé go mór le feasacht teanga na mac léinn.  Is fiú go mór na mic léinn a chur i suíomh réadúil ina mbíonn an Ghaeilge in úsaid go nádúrtha le cur leis an tuiscint atá acu ar an tábhacht a bhaineann le ceisteanna teanga agus iad i mbun a gcuid oibre mar dhochtúirí.

Tá Acadamh na Lianna, eagraíocht náisiúnta do chleachtóirí leighis a bhfuil Gaeilge acu, tar éis duais a chur ar fáil (ó 2011 ar aghaidh) don mhac léinn a fhaigheann an marc is airde sa mhodúl seo.  Léiríonn sé seo go dtuigeann an comhphobal leighis a bhfuil Gaeilge acu an tábhacht a bhaineann leis an modúl do na mic léinn leighis agus do na hothair a roghnódh an Ghaeilge agus iad ag plé leis an gcóras sláinte dá dtabharfaí an rogha sin dóibh.  Deir Beacco (2011):

Pluriculturality is the desire and ability to identify with several cultures, and participate in them. Interculturality is the ability to experience another culture and analyse that experience. The intercultural competence acquired from doing this helps individuals to understand cultural difference better, establish cognitive and affective links between past and future experiences of that difference, mediate between members of two (or more) social groups and their cultures, and question the assumptions of their own cultural group and milieu.

D’fhéadfaí a mhaíomh, ar ndóigh, nach cultúr eile ar fad a chleachtann lucht labhartha na Gaeilge thar lucht labhartha an Bhéarla in Éirinn, agus seans maith go mbeadh deacrachtaí sa bhreis le sárú ag cleachtóirí óga leighis agus iad i mbun oibre i dtír eile.  Is cinnte freisin, áfach, go gcaithfidh an dochtúir a bheith eolach agus feasach ar theanga an othair le bheith éifeachtach agus é/í i mbun oibre.  Is cinnte, chomh maith, go bhfuil feasacht ar an ilchultúrachas agus ar an idirchultúrachas luachmhar do dhaoine atá ag obair i réimse an leighis agus na sláinte trí chéile.  Is iarracht atá sa mhodúl ‘Teanga an Leighis’ tacú leis na mic léinn leighis na cuspóirí seo a bhaint amach agus cur lena gcumas déileáil le héagsúlachtaí cultúir agus teanga ina saol gairmiúil.

 

[1] Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag Cynhadledd Ryngwladoly Coleg Cymraeg Cenedlaethol, Iúil 2014.

[2] Níl an cohórt seo san áireamh san anailís thíos ar na ceistneoirí agus na haistí machnamhacha de bharr go bhfuil an modúl fós idir lámha acu.

[3] Tá an t-údar ar fiosrú na bhféidearthachtaí leis an ábhar seo a chur ar fáil i bhfoirm aipe i láthair na huaire.

Leabharliosta: 

Leabhair

Cantor, J.A., (1997) Experiential Learning in Higher Education: Linking Classroom and Community. Washington DC: ERIC Clearinghouse on Higher Education.

Chickering, A.W., (1977) Experience and Learning: An Introduction to Experiential Learning. Nua-Eabhrac: Change Magazine Press.

de Faoite, N., (2006) Leaganacha Leighis: An English-Irish Phrasebook for Medical Personnel. Gaillimh: Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Little, D., & Perclová, R., (2001) The European Language Portfolio: a guide for teachers & teacher trainers. http://www.coe.int/t/dg4/education/elp/elpreg/Source/Publications/ELPguide_teacherstrainers_EN.pdf

Tryphon, A., & Voneche, J., (1996) Piaget-Vygotsky: The Social Genesis of Thought. Hove: Psychology Press.

Ailt

Carver, R., (2008) ‘Theory for Practice: A Framework for Thinking about Experiential Education’. Philosophical Foundations, 3, 149.

Gott, S., (1995) ‘Rediscovering Learning; acquiring expertise in real-world problem solving tasks’. Australian and New Zealand Journal of Vocational Education Research 3(1), 30.

Healy, A., (2014) ‘Review calls for greater focus on doctors’ skills rather than on exam performance’. Baile Átha Cliath: Irish Times, 31 Iúil.

Keeton, M.T., & Tate, P.J., (1978) ‘Editors’ Notes: The Boom in Experiential Learning’. Morris T., Keeton & Pamela J., Tate (eag.), Learning by Experience: What, Why and How. San Francisco:  Jossey-Bass.

Kropmans, T. & Warren, G., (2014) ‘Research in Medical Education’. Research Matters, 9. Gaillimh: Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, Fómhar, 30-1.

Littlewood, W., (2000) ‘Task-based learning of grammar’. Teaching and Learning Update, 1, 40-57.

Ní Ghallachair, A., (2008) ‘Teaching & Learning Irish Today’. Nic Phaidín, C., & Ó Cearnaigh, S., (eag.) A New View of the Irish Language. Baile Átha Cliath: Cois Life, 191-201.

Ní Ghallachair, A., (2009) ‘An Fráma Tagartha Comónta Eorpach: Fíricí & Finscéalta’. Ní Fhrighil, R., & Nic Eoin, M., (eag.) Ó Theagasc Teanga go Sealbhú Teanga: Múineadh & Foghlaim na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal.  Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta, 59-72.

Ailt ar-líne

Beacco, J., (2011) ‘The cultural and intercultural dimensions of language teaching:
current practice and prospects’ curtha i láthair ag ‘Curriculum convergences for plurilingual and intercultural education’. Strasbourg: 29-30 Samhain, www.coe.int/lang (Léite: 30 Eanáir 2015).

Lyster, R., & Ballinger, S., (2011) ‘Content-based language teaching: Convergent concerns across divergent contexts’. Language Teaching Research 15:279. Le fáil ag http://ltr.sagepub.com/content/15/3/279 (Léite: 30 Eanáir 2015).

Shemshadsara, Z., (2012) ‘Developing Cultural Awareness in Foreign Language Teaching’. English Language Teaching, Vol. 5, No. 3; Márta, Canadian Center of Science and Education http://www.ccsenet.org/journal/index.php/elt/article/view/15270/10334 (Léite: 29 Eanáir 2015).

Cáipéisí Chomhairle na hEorpa

‘FREPA: A Framework of Reference for Pluralistic Approaches’ le fáil ag  http://carap.ecml.at/CARAP/tabid/2332/language/en-GB/Default.aspx (Léite: 29 Eanáir 2015).

Council of Europe ‘Relating Language Examinations to the Common European Framework of Reference for languages: Learning, Teaching, Assessment (CEF), Samhain 2003, le fáil ag  http://carap.ecml.at/CARAP/tabid/2332/language/en-GB/Default.aspx (Léite: 29 Eanáir 2015).

Council of Europe ‘The Common European Framework in its political & educational context’, le fáil ag  http://carap.ecml.at/CARAP/tabid/2332/language/en-GB/Default.aspx (Léite: 29 Eanáir 2015).