Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2015

Máirtín Coilféir

Is as an Uaimh, Co. na Mí do Mháirtín Coilféir. Tá sé ina léachtóir le Gaeilge i Lárionad de Bhaldraithe, UCD, agus is é eagarthóir liteartha na hirise Comhar é.

Nollaig Mac Congáil

Rugadh an tOllamh Nollaig Mac Congáil i gcathair Dhoire. D’fhreastail sé ar Choláiste Cholm Cille agus ar Ollscoil na Ríona áit ar bhain sé Ph.D. Fuair sé post i Roinn na Gaeilge sa bhliain 1974 in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhí sé ar fhoireann na Roinne sin as sin amach ach amháin sna blianta 1994-2000 nuair a bhí sé ina Dhéan ar Dhámh na nDán agus sa tréimhse 2011-2014 nuair a bhí sé ina Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid.

Tá réimsí éagsúla na Gaeilge saothraithe aige i rith a shaoil: canúineolaíocht, gramadach, litríocht réigiúnach, scríbhneoireacht Dhún na nGall, stair irisí agus nuachtán, drámaíocht agus stair na gcoláistí Gaeilge, agus tá cuid mhór foilsithe aige sna réimsí céanna.

Uinsionn Mac Dubhghaill

Riarthóir Léann na Cumarsáide in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge is ea Uinsionn Mac Dubhghaill.  Bhí sé ina Eagarthóir Gaeilge leis an Irish Times sna 1990í, agus mar Chomhfhreagraí an Iarthair leis an nuachtán céanna. Chaith sé sealanna ina thuairisceoir teilifíse le Nuacht TG4; ina shaoririseoir leis na hirisí Comhar, Beo, Foinse agus foilseacháin eile; agus ina iriseoir sinsearach leis an nuachtáisíneacht dhomhanda IntraFish. Bhí sé ina eagarthóir bunaidh ar an iris Ghaeilge Cuisle. Bhain sé céim BA sa Ghaeilge agus san Iodáilis amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; agus MA i Staidéar an Chultúir agus na Meán san Open University sa Bhreatain. Tá taighde dochtúireachta praiticbhunaithe ar bun aige i láthair na huaire le Scoil Scannánaíochta agus Meán Digiteach Huston in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Niall Mac Uidhilin

Is feidhmeannach ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge é Niall Mac Uidhilin. Tá suim aige in idirghabhálacha oideachasúla praiticiúla a thacaíonn le gasúir i gceantair láidre Gaeltachta forbairt teanga a dhéanamh. Tá B.Sc. agus M.Sc. aige sa Ríomhaireacht agus i gCórais Idirlín agus Dioplóma sa Ghaeilge. Tá sé ag críochnú PhD san Oideachas le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair.

 Belinda McHale

Is as Co. Mhaigh Eo ó dhúchas do Bhelinda.  Tá céim BA aici sa Ghaeilge agus sa Bhéarla ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh chomh maith leis an Ard-Dioplóma i gCumarsáid Fheidhmeach, MA sa Nua-Ghaeilge agus Teastas Iarchéime sa Teagasc agus san Fhoghlaim ón Ollscoil chéanna.  Tá spéis faoi leith aici i dteagasc na Gaeilge, san fhoghlaim fhéinriartha agus san fhoghlaim mhachnamhach, mar aon le modhanna measúnaithe agus aiseolais

Lisa Ní Fhlatharta

Is as an gCeathrú Rua, i gConamara do Lisa. Is Feidhmeannach Teanga í in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Bíonn sí ag plé le feidhmiú Scéimeanna Teanga na hOllscoile faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, chomh maith le cúrsaí teanga a dhearadh agus a mhúineadh.  Tá Lisa mar Rúnaí ar Choiste Seasta um Cháilíocht Teanga OÉ Gaillimh.  Bhain sí céim BA amach sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht agus MA sa Nua-Ghaeilge in OÉ Gaillimh mar aon le Teastas i Múineadh na Gaeilge d’Aosaigh le hOllscoil Mhá Nuad.

Máire Rós Ní Loingsigh

Is as Baile Mhúirne, Gaeltacht Mhúscraí ó dhúchas do Mháire Rós. Bhain sí céim onóracha amach sna Teangacha Feidhmeacha (an Ghaeilge, an Ghearmáinis, an Spáinnis) in Ollscoil Luimnigh in 2013 agus MA sa Léann Teanga in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2014.

Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge í Dorothy Ní Uigín.  Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.  Tá BA aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chomh maith le MA (Gaeilge), MA (Literature & Publishing), MA (Academic Practice) agus PhD sa Ghaeilge ón ollscoil chéanna.

Gearóid Ó Flatharta

Cháiligh an Dr Gearóid Ó Flatharta as Baile Átha an Rí mar dhochtúir sa bhliain 2000.   Is léachtóir sinsearach sa leigheas cliniciúil agus oideachas an leighis é i Scoil an Leighis, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Bhain sé amach Dioplóma sa Ghaeilge in OÉ Gaillimh sa bhliain 2009, agus chabhraigh sé leis an Dr Dorothy Ní Uigín ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Modúl Staidéir Speisialta dar teideal ‘Teanga an Leighis’ a chruthú. Tá an modúl sin ar cheann de na roghanna is mó a thaithníonn leis na mic léinn leighis sa dara bliain den chúrsa.  Tá suim faoi leith ag Gearóid in úsáid na Gaeilge i measc lucht an leighis agus iad ag plé le hothair, agus tá an taighde a rinne sé leis an Dr Ní Uigín agus an Dr Máirtín Ó Maoláin, nuair a bhí seisean ina mhac léinn leighis, bunaithe ar an tsuim seo. 

Máirtín Ó Maoláin

Cháiligh an Dr Máirtín Ó Maoláin, as Cathair na Gaillimhe dó, mar dhochtúir leighis sa bhliain 2013.  Rinne sé a chuid staidéir leighis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Bhain sé amach Dioplóma sa Ghaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh sa bhliain 2009. Bhí an-bhaint aige leis an gcumann ollscoile ‘Sláinte Soc’, a chuireann cúrsaí sláinte chun cinn i measc mac léinn in OÉ Gaillimh agus a eagraíonn Ospidéal na mBéiríní go bliantúil le dearcadh páistí bunscoile i leith oibrithe leighis a fheabhsú.  Tá sé ag traenáil le bheith ina dhochtúir teaghlaigh ar Scéim Traenála Dhochtúirí Teaghlaigh an Iarthair.  Tá an-spéis ag Máirtín in úsáid na Gaeilge mar mheán cumarsáide i gcomhthéacsanna leighis.  Rinne sé taighde ar úsáid na Gaeilge agus meonta ina taobh i measc oibrithe sláinte agus othar le Gaeilge i 2009, agus bhí ról aige i bhforbairt an Mhodúil Staidéir Speisialta ‘Teanga an Leighis’ in éineacht leis an Dr Ní Uigín agus an Dr Ó Flatharta.