Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2015

Siobhán Fay

Is as Co. Átha Cliath do Shiobhán. Bhain sí céim onóracha amach sa Nua-Ghaeilge agus sa Fhraincis i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath in 2014. Tá spéis ar leith san aistriúchán aici. ​

Feargal Mac Thréinfhir

Is as Muineachán d’Fheargal.  Bhain sé céad onóracha amach san Innealtóireacht Shibhialta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2004. Roghnaigh sé speisialtóireacht sa Phleanáil Teanga don MA tar éis dó seacht mbliana a chaitheamh ag obair le Cumann na bhFiann mar Oifigeach Iar-aire agus Oifigeach Forbartha agus mar bhainisteoir ar chúrsaí samhraidh le Coláiste na bhFiann.​

Clodagh Ní Cheallaigh

Is as Loch Garman do Chlodagh. Bhain sí céim onóracha amach san Oideachas le speisialtóireacht sa Ghaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach. Roghnaigh sí speisialtóireacht san aistriúchán don MA sa Léann Teanga. ​

Hannah Ní Dhoimhín

Is as Baile Átha Cliath do Hannah. Bhain sí céim onóracha amach sa Ghaeilge agus sa Fhraincis in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2014, agus tá sí anois i mbun staidéir ar an bPleanáil Teanga mar chuid den mháistreacht sa Léann Teanga.

Majella Ní Mheádhra

Is as Tiobraid Árann í Majella Ní Mheádhra. Bhain sí céim ónóracha amach sa Staidéar Eorpach i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, le speisialtóireacht i bPolaitíocht na hEorpa, stair, Gearmáinis agus Spáinnis. Bhí sí ag staidéar Pholaitíocht na hEorpa, stair agus Gearmáinis in Ollscoil Konstanz sa Ghearmáin. Bhain sí iarchéim onóracha amach san Oideachas i gColáiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, agus tá sí cáilithe mar mhúinteoir bunscoile. Bhí sí ag obair i ngaelscoileanna, i scoil idirnáisiúnta sa Ghearmáin agus i scoil faoi mhíbhuntáiste go dtí seo.