Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Eagarfhocal | Léann Teanga: An Reiviú
Eagrán: 2016

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Eagarfhocal

A léitheoir dhil, fáilte chuig Léann Teanga: An Reiviú, atá á fhoilsiú ar bhonn bliantúil le ceithre bliana anuas mar chuid den chúrsa MA (Léann Teanga) le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Foilsítear An Reiviú ar líne agus i mbliana den chéad uair, tá an cúrsa féin á reáchtáil go páirtaimseartha tríd an bhfoghlaim chumaisc. Cuimsítear réimse leathan ábhar san iris ó bhliain go bliain, idir aistriúchán, phleanáil teanga, teangeolaíocht agus sochtheangeolaíocht, teagasc teangacha, cúrsaí cumarsáide agus na meáin Ghaeilge.  Is é seo an ceathrú heagrán den Reiviú, agus is ardán tairbheach é do mhic léinn agus do lucht léinn na Gaeilge. 

Tá muide, an Coiste Eagarthóireachta go mór faoi chomaoin acu siúd ar fad a chuir comhairle orainn agus a thug cabhair agus cúnamh dúinn an t-eagrán is déanaí den Reiviú a chur in eagar. Tá muid an-bhuíoch de Dhónall Ó Braonáin, Príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge as glacadh lenár gcuireadh an réamhrá a scríobh agus den Ollamh Gearóid Denvir, Ollamh Emeritus de chuid Roinn na Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh a ghlac leis an gcuireadh leagan 2016 den Reiviú a sheoladh. Is mór againn a gcuid tacaíochta.

Ar ndóigh, murach na scríbhneoirí cumasacha ar fad a scríobh ailt don Reiviú, ní bheadh iris ar bith ann. Glacann muid buíochas ó chroí leo as a gcuid saineolais agus taighde a chur ar fáil don tionscadal seo. Bhain muid an-tairbhe agus taitneamh as an idirbheartaíocht a bhí againn leis na scríbhneoirí ar fad agus d’fhoghlaim muid go leor uathu. Mar thoradh ar a gcuid oibre, tá caighdeán den chéad scoth ar fáil san iris arís i mbliana agus tá súil againn gurb amhlaidh a bheidh sna blianta amach romhainn.

Bhí ról an-tábhachtach ag na piarmheasúnóirí freisin agus tá muid an-bhuíoch díobh as ardchaighdeán na hirise a chinntiú. Ár mbuíochas freisin le dearthóir shuíomh an Reiviú, Shannon Reeves a chuireann cuma shlachtmhar shnasta ar shuíomh na hirise gach bliain.

Ba mhaith linn ár mórbhuíochas a ghabháil le foireann Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Áras na Gaeilge – go háirithe an Dr Dorothy Ní Uigín – a thug treoir agus cuidiú dúinn agus muid i mbun na hoibre seo.  Ba mhór ab fhiú an cúnamh agus comhairle a thug sí dúinn.

Mar fhocal scoir, ba mhaith linn ár mbuíochas a chur in iúl d’Fhoras na Gaeilge agus d’Anna Davitt a rinne urraíocht ar sheoladh na hirise agus a thacaigh go fial leis an tionscadal seo ón tús.

Coiste Eagarthóireachta –  Léann Teanga: An Reiviú

Róisín Ní Cheallaigh, Aoife Ní Churraoin, Joyce Nic Giolla Shiomáin,
Máire Nic Oireachtaigh, Áine Nic Gabhann,
Nóirín Mhaoilchiaráin