Réamhfhocal

Dónall Ó Braonáin

Céad bliain i ndiaidh 1916, is ábhar dóchais é go bhfuil bail agus biseach ar an léann teanga sa Ghaeilge.

Tarraingíonn eagrán na bliana seo den Reiviú ar shruthanna éagsúla léinn i réimse na Gaeilge Feidhmí agus is maith an oidhe ar an iris an ilghnéitheacht seo. Tá gnéithe den léann teanga á saothrú i seomraí ranga, sa chartlann, sa chorpas náisiúnta reachtaíochta, sna meáin chumarsáide, sa stór náisiúnta béaloidis agus sna healaíona dúchais. Tá ábhar machnaimh sna haltanna maidir le heiticí, luachanna agus modhanna taighde. Déantar soláthar don léirmheastóireacht ar fhoilseacháin acadúla freisin. Dioscúrsa ríthábhachtach é seo don léann teanga sa Ghaeilge óir cuidíonn malairt tuairimíochta agus éagsúlacht léargais le caibidil fholláin, oscailte a bhunú agus cultúr intleachtúil atá rannpháirtíoch a bhuanú i measc chomhluadar léinn na Gaeilge trí chéile. Ugach atá i ngníomh an fhoilsithe don phlé, don anailís, don tóraíocht feasa. Toradh fónta amháin ar an rannpháirtíocht leathan san ardoideachas go bhfuil deireadh ag teacht le traidisiún an deifnídeachais. Ní ann don fhocal deiridh a thuilleadh. Léiríonn tosca reatha na teanga gur tábhachtaí anois ná riamh oscailteacht aigne, críochnúlacht mhodheolaíoch agus fuarchúis smaointeoireachta i dtéarmaí taighde, polasaí agus pobail.

Cuireann an teicneolaíocht leis an acmhainn atá againn athdhearadh a dhéanamh ar thoisí teibí agus fisiciúla an léinn. Is léir ar altanna éagsúla an eagráin seo cén t-athrú atá tagtha ar na príomhláithreacha comhthéacsaithe cultúir a bhí againn nuair a bunaíodh an náisiún. Is é áiteamh Phádraig Uí Thiarnaigh go raibh tábhacht leis an mbéaloideas mar bharrshamhail náisiúnta agus gurbh iad earraí cultúrtha an traidisiún bhéil a chaomhnaigh gné den dúchas san atógáil náisiúnta ag tús an chéid seo caite. Bhain feidhm pholaitiúil leis an seanchas agus ní den chéad uair é. Déanann Lillis Ó Laoire comhthéacsú comhaimseartha ar sheachadadh na n-ealaíon béil agus tráchtann ar dhóchas an dúchais. Cuidíonn an amhránaíocht, an drámaíocht, an aithriseoireacht linn fód na féiniúlachta a sheasamh. Cath cultúrtha é seo agus muid i dtuilleamaí an traidisiúin don treallchogaíocht, dar leis.

Deir Conchúr Ó Brolcháin linn go bhfuil an luathoideachas Gaeltachta faoi léigear i ngeall ar imeascadh agus ilteangachas i seomraí ranga bhunscoileanna na Gaeltachta. Ní hé an córas is cúis le toradh slán foghlama ach oideolaíocht phríomhoidí agus múinteoirí ranga ar cás leo cearta teanga leanaí a bhfuil an Ghaeilge mar chéadteanga acu. Scrúdaíonn Eilís Ní Dhúill constráid iltoiseach na meán agus an chaoi a bhfuil múnlaí traidisiúnta feidhme á gcomhshamhlú i neasacht a chéile. Is cinnte go ndéantar éascaíocht ar an bpróiseas léirithe nuair a bhíonn deis foilsithe faoi bhois tuairisceora ach tagann méadú ar an dúshlán iriseoireachta dá réir. Más aimpléiseach féin iad éilimh na teicneolaíochta ar chraoltóirí gairmiúla beidh eiticí, luachanna agus aibíocht bhreithiúnais mar bhunsraith don scéalaíocht ar mheáin éagsúla i gcónaí.

Scéalaíocht agus sonraí ar ardán digiteach téama an ailt atá scríofa ag Seathrún Ó Tuairisg, Rósmáire Ní Cholla agus Piaras Ó Droighneáin. Bhain obair mhion chasta le saothar Sheáin Mhic Giollarnáth a chóiriú le cur ar taispeáint ar Thaisclann Dhigiteach na hÉireann. Cuirfear spéis sa tslí a ndearnadh sonraí faisnéise an tionscadail a shaibhriú agus a bhainistiú le go mbeadh teacht ag taighdeoirí ar chomhéadan nuálach dátheangach. Dar leo nár mhiste acmhainní fearacht stórtha focal rialaithe, ointeolaíochtaí agus stórchistí a thabhairt chun cinn le go dtiocfadh an chartlannaíocht dhigiteach sa Ghaeilge chun forbartha.

Nuair a dhéantar forbairt ar fhardal acmhainní digiteacha don Ghaeilge níor mhiste athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar luach agus fiúntas na n-acmhainní céanna. Pléann Dorothy Ní Uigín agus Éamon Ó Cofaigh ceisteanna a bhaineann leis an gcianfhoghlaim, an fhoghlaim chumaisc agus teagasc sioncronach ar líne: gníomhaíochtaí teagaisc a bhain le hacmhainní léinn a forbraíodh in aon turas don BA sa Ghaeilge Fheidhmeach, clár léinn de chuid OÉ Gaillimh. Cuidíonn timpeallacht fhíorúil foghlama (VLE) le deiseanna rochtana ardoideachais ach léirítear san alt seo go bhfuil tionchar cinniúnach ag dearadh na n-acmhainní ar shaothar na dteagascóirí agus an lucht foghlamtha.

Tá comaoin nach beag curtha ag foireann údar Cois Life ar cheird an aistriúcháin agus déantar léirmheas ar dhá fhoilseachán úra. Is iad mic léinn an MA sa Léann Teanga in OÉ Gaillimh atá i mbun na tuairimíochta ar leabhair le Conchúr Mag Eacháin (Téarmaíocht Ghaeilge na hAthbheochana) agus Antain Mac Lochlainn (Cruinneas). Saothair théagartha iad an dá fhoilseachán seo agus seans láidir gur leabhair thagartha don ábhar aistritheora a bheidh iontu amach anseo. Tá sé dlite ag foilseacháin den chineál seo go ndéanfar meastóireacht mheáite orthu.

Cuireann Eoin Ó Droighneáin treoir shamplach ar fáil dúinn ar an aistriúchán reachtaíochta trí athleagan den Acht i dtaobh Cogaidh Chathardha na Spáinne (Neamh-Eadarghabháil), 1937 a chur ar fáil. Cuimsíonn an t-alt mionchúrsach seo nótaí tráchta ar ghnéithe de nósmhaireachtaí úsáide an Chaighdeáin Oifigiúil chomh maith le léirmhíniú comair ar chúinsí staire agus bunúdar dréachta na reachtaíochta. Léiriú atá san ábhar agus sa mhodheolaíocht ar shaibhreas Achtanna an Oireachtais mar fhoinse ransaithe d’fhorbairt na Gaeilge.

Ó foilsíodh an t-eagrán deiridh den Reiviú, thug comhairliúchán poiblí a d’eagraigh ranna rialtais ar cheisteanna a bhain leis an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge deis don phobal teanga athbhreithniú a dhéanamh ar shuíomh reatha na straitéise úd. Is ceart aitheantas a thabhairt don dul chun cinn, dá laghad é. Cúis mhisnigh atá sa bhorradh faoin bpleanáil chorpais agus na moltaí a d’eisigh an Roinn Oideachais agus Scileanna maidir le hoideachas Gaeltachta. Tá dul chun cinn suntasach déanta ag Foras na Gaeilge ar an bhfoclóir nua Béarla Gaeilge. Cuirfear fáilte roimh leagan athbhreithnithe den Chaighdeán Oifigiúil i mbliana freisin. Is cinnte go ngéaróidh ar riachtanais mhaoinithe na Straitéise de réir mar a bheidh pobal na Gaeltachta ag dul in árach le próiseas na pleanála teanga ar bhonn logánta agus de réir mar a thabharfar tús áite don sealbhú teanga agus an seachadadh idirghlúine. Is ceart a rá chomh maith céanna nár mhór aird leanúnach a bheith ar mhaoirsiú na Straitéise má tá feidhm le tabhairt dá príomhspriocanna.

Is léir nach mbeidh pobal na Gaeilge ná pobal an léinn gann ar ábhar anailíse i mbliain seo chomóradh 1916. Tuigtear cén bhaint a bhí ag tréimhseacháin agus irisí Gaeilge le cothú na féiniúlachta céad bliain ó shin. Baineann an tábhacht ceannan céanna le deiseanna dioscúrsúla a shaothrú agus le hardáin iontaofa a bhuanú don scoláireacht inniu. Tréaslaím a gceannaireacht léinn le scríbhneoirí agus eagarthóirí an cheathrú heagrán den Reiviú: treise leo agus iad i mbun an léinn teanga.