Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
‘Bhí go maith agus ní raibh go holc’: Scéal an bhéaloidis i dtógáil an náisiúin | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

‘Bhí go maith agus ní raibh go holc’: Scéal an bhéaloidis i dtógáil an náisiúin

Pádraig Ó Tiarnaigh

Folklore scholarship thrived above all in countries whose histories had been characterized by rupture rather than community and where a new hegemony was being created. There was a liberating and validating dimension to the discovery of folklore, legitimizing the traditions of a population that had been denigrated, giving them the status of culture, and allowing ordinary people to participate in the building of a nation (Ó Giolláin, 2000: 76).

De réir Uí Ghiolláin (2000: 76), bhí úsáid agus ról ní ba thábhachtaí, ní ba leithne agus fiú ní b’fhorásaí ag an bhéaloideas riamh anall sa stair i measc na náisiún sin a raibh deighilt nó conspóid iontu, maidir le cúrsaí náisiúnachais.[1]  Is féidir a áitiú gur thug an béaloideas deis do na daoine a bhí thíos le leatrom nó eile, a gcultúr féin a thabhairt chun súile agus íomhá náisiúin a chruthú.

Scrúdaítear sa pháipéar seo, mar sin, an caidreamh a bhí idir an Ghaeilge, i dtír a raibh conspóidí leanúnacha polaitiúla inti, agus an béaloideas le linn na hAthbheochana ag tiontú an 20ú céad, chomh maith leis na ceannródaithe agus díograiseoirí a thug fána mbuanú.  Pléitear ann ról ceannródaíoch de hÍde mar dhíograiseoir, mar intleachtach agus mar bhailitheoir béaloidis agus cuirtear i gcomparáid luachanna agus spriocanna roinnt de na heagraíochtaí cultúrtha agus teanga a bhí i réim an t-am sin a raibh an náisiúnachas cultúrtha go mór chun tosaigh ann.  Déantar iarracht léargas a thabhairt ar thábhacht chinniúnach an traidisiúin chéanna le linn na tréimhse ama inar bunaíodh an stát agus inar cuireadh béim mhór ar an Ghaeilge, agus ar an oidhreacht Ghaelach, mar chuid lárnach d’fhéiniúlacht an stáit úir.

Mar chomhthéacs do na ceisteanna sin, ní mór scrúdú a dhéanamh ar nádúr agus ar chineál an bhéaloidis féin.  Cad é an rud is béaloideas ann, agus cad é a bhfuil, nó a raibh, tábhacht leis i dtaobh bhunú náisiúin agus spreagadh náisiúnachais?

I dtéarmaí na bhforbairtí cultúrtha a thit amach le linn na ngluaiseachtaí ba mhó i stair na Coigríche, maíonn Ó Giolláin (2000: 144) gur thángthas ar an bhéaloideas agus é ar tí bheith caillte; ‘it is curious to note that Folklore became a science just at the moment when it began to disappear in the west’, gur saolaíodh an coincheap agus an t-ábhar féin ag saothrú an bháis; gurb ionann an béaloideas agus traidisiún, agus go bhfeidhmíonn an béaloideas agus traidisiún ag an leibhéal céanna, ag deimhniú fhéiniúlacht na ndaoine (Ó Giolláin, 2000: 8). Is fíor é an ráiteas seo atá ag Ó Giolláin, go pointe. Is léiriú é an béaloideas ar ghnéithe de chultúr agus pobal na ndaoine.

Tugtar eolas breise i míniú Toelken (1979: 28): ‘folklore is a word very much like ‘culture’; it represents a tremendous spectrum of human expression. Its primary characteristic is that its ingredients seem to come directly from dynamic interactions among human beings in communal-traditional performance contexts’.  Maíonn Toelken anseo nach furasta dúinn cur síos a thabhairt ar an bhéaloideas de dheasca go gclúdaíonn sé réimse leathan gnéithe den chultúr laistigh de phobal dúchasach amháin agus go n-athraíonn na saintréithe sin ó phobal go pobal, ó theach airneáil go teach airneáil.  Ach is é an rud is cuimsithí a léiríonn Toelken sa chás seo nó go bhfásann an béaloideas fríd an nasc daonna sin i suíomh oíche sheanchais nó scéalaíochta, rud arís, a bhíonn ag brath ar an phobal.

Cad é mar a thosaigh an tsuim seo sa bhéaloideas mar sin, agus cá háit agus cad chuige ar thosaigh sí?  De réir Clarke (1963: 8) tá sé dodhéanta bunfhoinse an bhéaloidis a aimsiú; ní rud é a thit ón spéir, ach ba rud é a d’fhás agus a d’fhorbair le himeacht ama.[2] Má chuireann muid síos ar an bhéaloideas mar na nithe cultúrtha, a bhaineann leis an traidisiún béil, a ghreamaíonn agus a cheanglaíonn an pobal dúchasach le chéile, go háirithe an pobal tuaithe, is féidir a áitiú gur spreagadh an tsuim sin sa bhéaloideas mar uirlis ar son chaomhnú an traidisiúin dhúchasaigh. Thosaigh lucht ‘Ré an Rómánsachais’ a chur suime sa bhéaloideas agus in ábhar ealaíne an chine dhaonna mar fhreagra, nó go fiú mar chuid den bhunábhar bolscaireachta, in éadan ghluaiseacht an nua-aoiseachais:

Romanticism greeted the industrial world with horror, seeing the destruction of agrarian culture and the creation of an exploited, alienated and degraded urban proletariat, and at the same time valorizing cultural difference. The idealisation of the countryside and its inhabitants then opposed both metropolitan culture and industrialization, limiting the concept of folklore to the countryside, and viewing it as the basis for a national culture (Ó Giolláin, 2000: 4).

Ceist a bhí gaolmhar don fhuath ar an tionsclaíocht í ceist an náisiúnachais agus ní miste í a chíoradh beagán chomh maith.  Is coincheap idirnáisiúnta atá i gceist anseo, gur úsáideadh an béaloideas le daoine, ciníocha agus tíortha a thabhairt le chéile, mar léiriú ar fhéiniúlacht náisiúnach a dheimhnigh ról, úinéireacht: ‘Folklore played an important role in the nineteenth century as an assertion of national identity… Folklore for some also represented a retreat from a despised urban industrial world’ (Ó Giolláin, 2000: 88-9).

Tagann téama na gluaiseachta frithréabhlóidí i gcomhthéacs an domhain nua uirbigh thionsclaíoch, chun cinn i dtéarmaí an úrscéil stairiúil.  Bítear ag plé le húsáid na litríochta i dtógáil náisiúin, go háirithe an litríocht a bhí bunaithe ar an stair náisiúnta, mar choincheap a tháinig chun tosaigh mar fhreagairt ar an nua-aoiseachas uirbeach, dar le Perry Anderson (2011):

The historical novel – if we except its one great precursor, Kleist’s Michael Kohlhaas – is a product of romantic nationalism… The original matrix of this nationalism was the European reaction against Napoleonic expansion. Although this had popular roots, above all in the Tyrol, Spain and Germany, it was everywhere also driven by the need of the continent’s different ancient regimes to mobilise local enthusiasm for the defence of crown and altar. Viewed as a whole, its dominant was always a counter-revolutionary response to the French Revolution… the historical novel began as a nation-building exercise in the backwash of romantic reaction to the French Revolution and Napoleonic expansion.

Cá háit a luíonn an teoiric idirnáisiúnta seo ar fad mar sin i scéal na hÉireann, i scéal na Gaeilge agus i scéal an bhéaloidis i gcomhthéacs an náisiúin úir?[3] Leis an cheist sin a spíonadh ar fad, is gá dul siar chuig glúin amháin níos luaithe ná lucht an Éirí Amach féin, nó lucht na hAthbheochana. Agus Dónall Ó Conaill ag troid ar son náisiúnachas na hÉireann agus ag cur in éadan ‘Acht Aontaithe’ 1800 (Act of Union) idir Éire agus Sasana ag tús an 19ú céad, ní raibh duine ná deoraí ag dúil leis an scaifte náisiúnaithe a tháinig chun tosaigh sa bhliain 1842 le tús a chur leis an náisiúnachas cultúrtha in Éirinn.  Bhí Ó Conaill tiomanta i dtreo náisiúin bunaithe ar fhoras eacnamaíoch, agus ba mheon é seo a chuir i gcoinne athbheochan chultúrtha an náisiúin.

D’fheadfaí a mhaíomh gur i gcoinne dhearcadh fóntaíoch Uí Chonaill a tháinig dearcadh Davis chun cinn.  Léirigh Ó Conaill an claonadh a bhí aige maidir le cultúr na tíre, nó mar a chuireann Stewart (2000: 28) síos ar an léargas a bhí aige, ‘a preoccupation with economic progress’, nuair a dúirt sé féin maidir leis an Ghaeilge, ‘I can witness without a sigh the gradual disuse of Irish’ (Rafroidi, 1980: 1:xxi).  Mar sin, ba dhifear shuntasach é, in áit an dearcaidh fhóntaíoch a bhí ag Ó Conaill, cur chuige Thomas Davis agus a chomhréabhlóidithe cultúrtha, a bhí bunaithe ar Éirinn ilchultúrtha, agus a chuir béim faoi léith ar thábhacht na Gaeilge i dtodhchaí na tíre. Ba é Davis féin a rinne an nasc daingean seo a leanas idir an teanga agus an náisiún:

A people without a language of its own is only half a nation. A nation should guard its language more than its territories – ‘tis a surer barrier, and more important frontier, than fortress or river… To lose your native tongue, and learn that of an alien, is the worst badge of conquest. Ta have lost entirely the national language is death… for even the Saxon and Norman Colonists, Irish was spoken by men of all bloods in Ireland (Davis, 1988: 46-8).

Bhí Davis in éadan na bhforbairtí tionsclaíocha seo de bhrí gur thuig sé an tionchar a bheadh acu ar chultúr na hÉireann, mar a chuireann sé síos ar ghalldú na tíre mar ‘a plague of utilitarianism and industrialisation’ (Stewart, 2000: 28).  Ach níos tábhachtaí ná seo arís, bhí Davis ag cur tús le téarma nua, ‘Éireannach’; focal a bhí i gcónaí ann, bhí Davis ag tabhairt ciall nua dó. Nuair a bunaíodh nuachtán The Nation sa bhliain 1842, tháinig corr nua ar iarrachtaí Davis; tugadh Young Irelanders ar na daoine seo agus ar a ngluaiseacht.  ‘They claimed that they offered a forum where, on the neutral ground of ancient history and native art, unionists and nationalists could meet without alarm, but they wished this meeting grounded in culture to be the basis for the development of a political nation’ (Stephens, 1999: 143-4).  Úsáideadh an nuachtán seo ar bhonn bolscaireachta agus, idir Davis agus Charles Gavan Duffy, foilsíodh ábhar a chuir meon náisiúnach chun cinn. Sa nuachtán seo, d’éirigh leo daoine a mhealladh isteach sa díospóireacht agus an coincheap nua seo, an náisiúnachas bunaithe ar chultúr, in áit polaitíochta, a scaipeadh fud fad na tíre.

From his starting point of cultural distinctiveness, therefore, Davis arrived at the conclusion that Irishness was the product, not of race, but of environment; and only by accepting that the uniqueness of the Irishman was the product of the uniqueness of Ireland could a truly united nation be achieved (Boyce, 1982: 15).

Bhí siad sásta sean-náisiún na gCeilteach a fhágáil ar leataobh, agus pobal ilchultúrtha a chur chun cinn; ‘a nationality which may embrace Protestant, Catholic and Dissenter – Milesian and Cromwellian – the Irishman of a hundred generations and the stranger within our gates’ (Bruce, 2000: 29).  Bhí tionchar ag rómánsaíocht na Gearmáine ar Davis, a chreid ‘that culture, rather than religion should define a nation’ (Ó Giolláin, 2000: 38).  Cé gur Protastúnach a bhí ann, chuir Davis agus na Young Irelanders béim faoi léith ar náisiún agus ar rialtas nach mbeadh craplaithe ag laincisí creidimh aonaraigh; Éire hibrideach, chros-chineálach.

At last we are beginning to see what we are, and what is our destiny. The elements of Irish nationality are not only combining, in fact, they are growing confluent in our minds. …such nationality as could stand against internal faction and foreign intrigue, such nationality as would make the Irish hearth happy and the Irish name illustrious, is becoming understood. It must contain and represent the races of Ireland. It must not be Celtic, it must not be Saxon – it must be Irish. The Brehon law, and the maxims of Westminster, the cloudy and lightning genius of the Gael, the placid strength of the Sasanach, the marshalling insight of the Norman – a literature which shall exhibit in combination the passions and idioms of all, and which shall equally express our mind in its romantic, its religious, its forensic, and its practical tendencies – finally, a native government, which shall know and rule by the might of all; yet yield to the arrogance of none – these are components of such a nationality (Davis, 1988: 52-3).

Glúin ní b’fhaide anonn, agus de hÍde ag teacht in inmhe mar oidhre ar fhealsúnacht an Dáibhisigh. B’fhreagra é óráid de hÍde ‘The Necessity of de-Anglicizing Ireland’ (Samhain, 1892) ar an óráid a thug an Dr George Sigerson ag bunú oifigiúil na craoibhe i mBaile Átha Cliath, dár teideal ‘Irish Literature, Its Origin, Environment and Influence’.  Ach níor ghlac baill an Chumainn go hiomlán leis an smaointeoireacht seo, smaointeoireacht a chuir de hÍde chun tosaigh bunaithe ar dhearcadh frith-Ghalldaithe, agus mar a léiríonn Stephens, (1999: 145), d’fhág de hÍde an Cumann mar gheall ar an easpa tacaíochta seo.  Ag teacht sna sála ar an mhéid seo, míníonn Stephens go raibh deighilt ar tí titim amach idir ceannródaithe an náisiúnachais chultúrtha, idir lucht na teanga, agus lucht na litríochta:

The break between linguistic and literary cultural nationalism caused a major division amongst the nation’s intellectual elite and facilitated the development of cultural nationalism as a divisive force. The literary faction was seen by many as the preserve of an Anglo-Irish minority and irrelevant to true Irish culture or identity (Stephens, 1999: 145).

Cad é go díreach, a chruthaigh an scoilt, an t-easaontas nó an choimhlint seo, nó, cad é a dúirt de hÍde san óráid chéanna a chruthaigh nó a chuir le nimh san fheoil idir ceannairí na gluaiseachta seo? Ar an chéad dul síos, rinne de hÍde idirdhealú idir litríocht na nAngla-Éireannach agus litríocht dhúchasach na hÉireann.  Agus is ar chúiseanna teanga, agus chan ar an ábhar féin, a thógann sé an cheist seo; cuireann sé síos ar mheath na Gaeilge mar ‘the greatest stroke of all in our Anglicization’[4], agus impíonn sé ar bhaill Chumann Liteartha na hÉireann aird a thabhairt ar an teanga, ach is léir go bhfuil an chaint seo dírithe ar phobal na hÉireann in áit lucht litríochta Angla-Éireannacha, de bhrí go bhfuil sé ag cáineadh an Bhéarla agus ag moladh athbheochan na Gaeilge: ‘In order to de-Anglicise ourselves we must at once arrest the decay of the language… we must arouse some spark of patriotic inspiration among the peasantry who still use the language’ (de hÍde, 1988: 81).

Má ba Ghaeilgeoir a bhí sa Chraoibhín, ba bhéaloideasaí é fosta. Go deimhin is tríd an bhéaloideas a d’fhoghlaim sé mórán dá chuid Gaeilge agus chonaic sé go raibh ceangal dlúth idir an dá ghné seo den chultúr.

Bhí iarrachtaí déanta roimhe le gluaiseachtaí teanga agus gluaiseachtaí náisiúnachais a nascadh, agus theip orthu go léir.  Chonacthas do na Gaeil go raibh athbheochan de dhíth, agus in ainneoin na titime ó thaobh labhairt na Gaeilge de, mar gheall ar an Ocras Mór, rinneadh iarrachtaí ollmhóra leis an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobail mar ábhar litríochta ó thaobh an bhéaloidis de, leis na foilseacháin a bhain le cúrsaí Fiannaíochta ó The Ossianic Society a bunaíodh i 1853, mar shampla (Mac Aonghusa, 1993: 30).  Ach bhí sos a mhair breis agus fiche bliain eile idir seo agus tús na hAthbheochana mar is ceart, nuair a ghlac ceannródaithe Inis Fáil seilbh ar thodhchaí na Gaeilge trí bhunú The Society for the Preservation of the Irish Language (SPIL) i 1876.  Ba iad slánú agus caomhnú na Gaeilge na spriocanna a bhí ar intinn acu.  Sa bhliain 1878, áfach, d’éirigh easaontas idir na baill agus chuaigh na baill ba dhíograisí ar aghaidh le ‘Aontacht na Gaeilge’ a bhunú i 1880.

Bhí difir ann, áfach, le bunú Chonradh na Gaeilge sa bhliain 1893. De réir Phádraig Mhic Phiarais, ‘the Gaelic League will be recognised in history as the most revolutionary influence that has ever come into Ireland’ (Mac Piarais, 1917: 91).  Cé gur cuireadh an Conradh ar bun ar son chur chun cinn na Gaeilge, rinneadh neart oibre fosta i ngort an bhéaloidis. Ba é iris an Chumainn le Béaloideas Éireann, Béaloideas, a mhol obair an Chonartha ar son an bhéaloidis, agus ba é Séamus Ó Duilearga, eagarthóir na hirise, agus fear a bheadh ina Stiúrthóir ar Choimisiún Béaloideasa Éireann sna blianta ina dhiaidh sin, a mhol obair an Chonartha ó bhí tríocha bliain roimhe sin ann ag feiseanna agus ag comórtais Oireachtais maidir le scéalta béaloidis, ceol traidisiúnta agus bailiúcháin logainmneacha srl. (Ó Duilearga, 1927: 4)[5].  Chomh maith leis seo, tháinig suim de hÍde i mbailiú an bhéaloidis fríd nuair a ceapadh múinteoirí taistil, nó ‘timirí’ le himeacht ar fud na tíre ag teagasc na Gaeilge, ag bailiú seanchais agus ag bunú craobhacha nua den Chonradh.

Nuair a cuireadh coláistí oiliúna ar bun, d’éirigh leis na timirí seo oiliúint cheart múinteoireachta a fháil, agus le bunú an tSaorstáit, d’éirigh leo poist a fháil ag teagasc Gaeilge sna scoileanna náisiúnta, agus fostaíodh cuid acu, a raibh cúlra acu i mbailiúchán an bhéaloidis, ag Institiúid Bhéaloideas Éireann.  ‘Nearer to the Irish Folklore Commission in time, the full-time collectors of the Commission find an echo in the timirí or travelling teachers/organisers of the Gaelic League who roamed the Irish countryside in the early decades of the twentieth century’ (Briody, 2007: 438).

Caithfidh muid súil a chaitheamh ar ról de hÍde féin mar bhéaloideasaí faoi leith, nó ní amháin go raibh suim sa Ghaeilge agus sa bhéaloideas aige, chuaigh se féin i mbun bailithe ag aois an déagóra agus dar le Daly (1972: ix), ‘this was the beginning of his distinguished career as a folklorist’.  Ba é de hÍde a bhailigh agus a chuir bailiúcháin i gcló ar nós The Love Songs of Connacht agus The Religious songs of Connacht, agus amhráin ar nós ‘Bean an Fhir Rua’, ‘Caisleán Uí Néill’ agus ‘An Draighneán Donn’, saothair a chuir go mór leis an athbheochan liteartha, agus ábhar ó bhéal na ndaoine mar fhoinse leo. Mar sin de, ba bholscaire é ar son an náisiúnachais, agus bhí caidreamh daingean aige leis an traidisiún béil. Éiríonn le Alan Titley próifíl de hÍde a nochtadh, agus é a chur i láthair mar ‘enigma’:

He was opposed to all forms of violence and political involvement and at the same time I can, I believe, detect the roar of the Thompson machine gun behind his cerebral paper of the necessity for the de-Anglicising of Ireland. And yet he was out there in Gaelic-speaking Ireland, filling his notebooks with songs and stories, prayers and charms which he wrote down from native Irish speakers (Titley, 2007: 37).

Cé gur éirigh le de hÍde an nasc idir an litríocht agus seanchas na ndaoine a láidriú, léiríonn Ó Duilearga tuiscint s’aige féin ar stádas na Gaeilge agus an bhéaloidis san am seo, agus ar an neamhaird a thug cuid de lucht litríochta na linne sin ar ábhar an bhéaloidis, in ainneoin iarrachtaí de hÍde:

No real effort was made to arrest the decay of the native language, spoken a century ago by several millions of the people. The scholars and literary men of Ireland, both Irish and Anglo-Irish, who wrote exclusively in English, were in the main completely ignorant of Irish, and contemptuous of the language and the people who spoke it. Irish was looked upon as the badge of poverty and ignorance, and the oral traditions enshrined in it were almost completely unknown to the book-learned, or regarded by them as being beneath their notice (Ó Duilearga, 1946: 178).

Cuireann Ó Giolláin (2000: 123) tábhacht an bhéaloidis ó thaobh an Chonartha de i gcomhthéacs na litríochta i ré na hAthbheochana:

Folklore was important to the Gaelic League because the spoken Irish language was important, the League wished to restore the language, but Irish had more or less ceased to be a vehicle for a literature and had been a predominantly peasant language for two centuries. How was the literary tradition to be renewed?

Is cosúil gurb é an béaloideas freagra na ceiste sin.

Le bunú an tSaorstáit is follas gur cuireadh bailiú an bhéaloidis ar an mhéar fhada go pointe, go háirithe i measc chuid de na daoine ba ghníomhaí roimhe sin. Ach níor chaill Ó Duilearga féin suim sa mhisean.

Sa bhliain 1933, i ndiaidh do de Valera tacaíocht a thabhairt d’Institiúid Bhéaloideas Éireann, a bunaíodh i 1930, scríobh Séamus Ó Duilearga, Stiúrthóir na hInstitiúide, meamram chuig de Valera le tábhacht an Choimisiúin, nach raibh bunaithe ag an am seo, a léiriú go hoifigiúil. Rinne Ó Duilearga béaloideas na hÉireann a rangú agus a chur i gcomhthéacs na hEorpa, mar litríocht neamhscríofa neamhbhailithe na ndaoine; gluaiseacht a raibh tábhacht chultúrtha leis, ar son mhuintir na tíre, agus ar son an náisiúin. Mar chuid den phlé idir Ó Duilearga agus Éamon de Valera sa bhliain 1933 mar chuid den mhéid a d’iarr de Valera ar Ó Duilearga maidir leis an mheamram a chuir sé chuige lena chuid moltaí ar son athbhreithniú ar chóras bhailiúchán an bhéaloidis, tá sé ráite go soiléir ag Ó Duilearga go raibh siad ag iarraidh díriú ar thábhacht teangeolaíochta an bhéaloidis agus ar thábhacht an ábhair i dtéarmaí na Mór-Roinne agus an náisiúin:

The time has now come when a determined effort must be made to rescue for the nation the untold wealth of native tradition which still exists orally in rural districts… Apart altogether from its vast linguistic importance, the uncollected oral literature of our people is unequalled in variety, extent and intrinsic merit in Western Europe. Students of the Irish language have long since recognized that the only literary material of value in the everyday spoken Irish language is the oral literature in particular the more formal type of prose and poetical composition in the popular tale and song. These tales and songs are in greater danger of immediate and irrevocable destruction than the other forms of folk composition, and to ensure their preservation immediate steps must be taken to collect them accurately and scientifically (Ó Duilearga, 1933).[6]

Ní raibh bunadh Choimisiún Béaloideasa Éireann in 1935 gan treoir, agus ní raibh tacaíocht de Valera gan chúis. Cuireadh ar bun gluaiseacht chultúrtha a bhí dírithe ar chaomhnú na hoidhreachta agus spreagadh mhianta náisiúnacha.

The Finns long ago associated folklore studies with a rising national pride, creating conditions for archiving and study that were the envy of American folklorists. The work of the Irish Folklore Commission, too, was strengthened by the strong feelings of nationalism following the Irish Renaissance. The Irish handbook for collectors presents a system of classification taking in considerably more ethnological scope than is ordinarily seen in American collecting… A scientific knowledge of the subject has been fully exploited in a utilitarian, political way to aid in building the state (Clarke, 1963: 15).

Níl aon amhras ann ach gur spreag an béaloideas, mar aon leis an Ghaeilge féin, cuid mhór de na mórdhíograiseoirí cultúrtha agus polaitiúla le dul i mbun gnímh. Fágfar mórcheisteanna polaitiúla na gceannairí sin gan spíonadh iomlán an uair seo, ach is cinnte go raibh dlúth-cheangal idir bailiú sheanchas na hÉireann agus gluaiseacht an náisiúnachais chultúrtha, go raibh siad fite fuaite fríd a chéile, agus den chuid is mó, gurab ionann ceannairí an dá ghné.

 

 

[1]       Is féidir tuilleadh a léamh i mórshaothair agus ailt eile ar léann an bhéaloidis, go háirithe cuid den mhéid a foilsíodh le déanaí.  Féach Ó Giolláin (1996), (2005) agus saothar Uí Chadhla (2011).

 

[2]       Féach fosta Honko (1991) ina dtugtar léamh níos nua-aimseartha ar léann an bhéaloidis. Tá alt eile le Honko (1995) a luann cuid den teoiric a phléitear anseo. Aithnítear Honko mar ghuth údarásach ar cheist seo an bhéaloidis.

 

[3]       Féach alt Uí Ghiolláin ‘An Béaloideas agus an Stát’ (1989) ina bpléitear cuid mhór teoirice maidir leis an chaidreamh idir an béaloideas agus polaitíocht an náisiúin.

 

[4]       Léacht dár teideal; The Necessity of De-Anglicizing Ireland’ (25/11/1892), ó Storey, M. (eag.) Poetry in Ireland since 1800: A Source Book (1988).

 

[5]              Féach cur síos ar obair Choimisiún Béaloideasa Éireann fosta in Almqvist (1977-9) agus Ó Tiarnaigh (2015).

 

[6]       Roinn an Taoisigh: Meamram, 18/5/1933, Ó Duilearga chuig de Valera: ‘Collection of Oral Tradition of Ireland (in Cartlann Náisiúnta na hÉireann, BÁC). Nóta: Is liomsa an cló trom.

 

 

Leabharliosta: 

Leabhair

Boyce, G., (1982) Nationalism in Ireland.  London: Croom Helm Ltd.

Briody, M., (2007) The Irish Folklore Commission 1935-1970: history, ideology, methodology.  Helsinki: Finnish Literature Society.

Clarke, K., agus Clarke, M., (1963) Introducing Folklore, New York: Holt, Rinehart and Winston, Inc.

Daly, D., (1972) ‘Introduction’ Religious Songs of Connacht, de hÍde, D.  Irish University Press.

de hÍde, D., (1893) Abhráin Grádh Chúige Connacht / Love Songs of Connacht. Baile Átha Cliath: Gill & Son.

Mac Aonghusa, P., (1993) Ar son na Gaeilge. Conradh na Gaeilge 1893-1993. Stair Sheanchais.  Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge, Cló Choill Eoin.

Mac Piarais, P., (1917) Collected works of Pádraic H. Pearse: political writings and speeches Political Writings and Speeches.  Baile Átha Cliath: Phoenix.

Ó Cadhla, S., (2011) An tSlat Féithleoige: Ealaíona an Dúchais 1800-2000, Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Ó Duilearga, S., (1946) The Gaelic story-teller. With some notes on Gaelic folk-tales – Proceedings of the British Academy. Imleabhar XXXI: 177-221.

Ó Giolláin, D., (2000) Locating Irish folklore: Tradition, Modernity, Identity. Corcaigh: Cork University Press.

Ó Giolláin, D., (2005) An Dúchas agus an Domhan. Corcaigh.

Rafroidi, P., (1980) Irish Literature in English: The Romantic Period. Gerards Cross: Colin Smythe.

Toelken, B., (1979) The Dynamics of Folklore. Boston: Houghton Mifflin.

Ailt

Almqvist, B., (1977-9) ‘The Irish Folklore Commission: Achievement and Legacy’. Béaloideas 45/47: 6-26.

de hÍde, D.,  (1988) ‘The Necessity of De-Anglicizing Ireland’ (25/11/1892).  Poetry in Ireland since 1800: A Source book. Storey, M. (eag.) London and New York: Routledge.

Honko, L., (1991) ‘The Folklore process’.  Folklore fellows’ summer school programme. 25-47.

Honko, L., (1995) ‘Traditions in the Construction of Ethnic Identity and Strategies for Ethnic Survival’. European Review 3, (2): 131-46.

Ó Duilearga, S., (1927) ‘Ó’n bhFear Eagair’.  Béaloideas 1: 3-6.

Ó Giolláin, D., (1989) ‘An Béaloideas agus an Stát’.  Béaloideas, 57: 151-63.

Ó Giolláin, D., (1996) ‘An Cultúr Coiteann agus Léann an Bhéaloidis’.  Léachtaí Cholm Cille 26, Maigh Nuad: An Sagart.

Stephens, S., (1999) ‘The Society of Irish Tradition 1917-1919’.  Béaloideas, 67: 139-69.

Stewart, B., (2000) ‘On the Necessity of De-Hydifying Irish Cultural Criticism’.  New Hibernia Review / Iris Éireannach Nua, 4:1 (Spring / Earrach): 23-44.

Titley, A., (2007) ‘Twentieth Century Irish Prose’.  Mac Mathúna, S. agus Ó Corráin A., (eag.), Fomin, M., (eag. c.) Celtic Literatures in the Twentieth Century. Research Institute for Irish and Celtic Studies, University of Ulster. Moscow: Languages of Slavonic Culture. 7-30.

Ailt ar-líne

Anderson, P., (2011) ‘From Progress to Catastrophe: Perry Anderson on the historical novel’.  London Review of Books. Iml.33, Uimh. 15 (28/7/2011): 24-8.  Le fáil ag http://www.lrb.co.uk/v33/n15/perry-anderson/from-progress-to-catastrophe (Léite 15 Eanáir 2016)

Cartlanna

Ó Duilearga, S., (1933) D/T S 9244 Roinn an Taoisigh (D/T). Meamram: Ó Duilearga chuig de Valera: Collection of Oral Tradition of Ireland, 8/5/33 in Cartlann Náisiúnta na hÉireann, Baile Átha Cliath.

Tráchtais

Ó Tiarnaigh, P., (2015) Bailitheoirí Choimisiún Béaloideasa Éireann: Ról, Caidrimh agus Modheolaíocht (Tráchtas Ph.D.). Leabharlann Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.