Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2016

An Dr Rósmáire Ní Cholla

Coimeádaí Digiteach í an Dr Rósmáire Ní Cholla ar thionscadal Thaisclann Dhigiteach na hÉireann (DRI) lonnaithe in OÉ, Gaillimh, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Carna. Cuimsíonn a cuid réimsí taighde cartlannaíocht dhigiteach, teangeolaíocht, litríocht na 17ú haoise, agus irisí Athbheochan na Gaeilge.

An Dr Eilís Ní Dhúill

Is as Ceatharlach ó dhúchas d’Eilís Ní Dhúill. Tá céim sa mhínealaíon aici ó Institiúid na Gaillimhe-Maigh Eo agus bronnadh MA sa Léann Éireannach agus PhD sa Nua-Ghaeilge uirthi in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Chaith Eilís cúig bliana ag obair le TG4, i rannóg na mblaisíní agus le Cúla 4, clár na bpáistí.  Tá Eilís tiomanta do chur chun cinn léann na Gaeilge agus do theagasc na Gaeilge.  Mar ábhar taighde, tá suim ag Eilís sa scéalaíocht, sa bhéaloideas agus sa scannánaíocht, go háirithe scannáin ina dtugtar léargas ar litríocht, ar dhrámaíocht agus ar chultúr na nGael.  Tá ábhar foilsithe aici sna trí réimse seo.

An Dr Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge í Dorothy Ní Uigín.  Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.  Tá BA aici ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, chomh maith le MA (Gaeilge), MA (Literature & Publishing), MA (Academic Practice) agus PhD (Gaeilge) ón ollscoil chéanna.

Dónall Ó Braonáin

Is i gColáiste na hOllscoile Baile Átha Cliath a fuair Dónall Ó Braonáin a chuid oiliúna sa Nua-Ghaeilge agus sa Laidin.  Tar éis roinnt blianta a chaitheamh ag léachtóireacht i UCD agus i mbun taighde ar thionscnaimh de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann (Foclóir na Nua-Ghaeilge & Dictionary of Irish Biography), chuaigh sé ag obair le RTÉ mar iriseoir nuachta agus léiritheoir raidió.  Bhí sé ina Leascheannaire ar Raidió na Gaeltachta sular ceapadh ina Phríomhfheidhmeannach é ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

An Dr Conchúr Ó Brolcháin

Is léachtóir san oideachas é an Dr Conchúr Ó Brolcháin atá ag obair anois leis an Roinn Teanga, Litearthachta agus Matoideachais i gColáiste Mhuire gan Smál (Ollscoil Luimnigh). Rugadh agus tógadh é i mBearna, Co. na Gaillimhe agus an-spéis aige i réimsí éagsúla luath-oideachais agus sochtheangeolaíochta lena n-áirítear: an ghaelscolaíocht, an tumoideachas, múnlaí oideachais dhátheangaigh, an dátheangachas agus an t-ilteangachas i gcomhthéacsanna éagsúla, múineadh na Gaeilge agus múineadh teangacha go ginearálta. Múineann sé ar mhodúil éagsúla de Mhúineadh na Gaeilge agus den Ghaeilge ar an gclár B.Oid, tá sé freagrach as cúrsa roghnach dar teideal ‘An tOideachas Dátheangach agus Ilteangach i Suímh Éagsúla agus tugann sé léachtaí ar an M.Oid san Oideachas Lán-Ghaeilge chomh maith.  Ba é teideal a thráchtais PhD ná Iniúchadh ar an Oideachas Dátheangach i mBunscoileanna na Gaeltachta a rinneadh i gColáiste Phádraig, Droim Conrach i gcomhpháirt leis an Dr Pádraig Ó Duibhir.

An Dr Éamon Ó Cofaigh

Oibríonn Éamon Ó Cofaigh le Roinn na Fraincise chomh maith leis an Acadamh in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Múineann sé Fraincis trí Ghaeilge agus tá sé ina chomhordaitheoir ar an BA sa Ghaeilge Fheidhmeach atá á sheachadadh trí mheán na foghlama cumaisc.  Tá PhD sa Fhraincis aige agus faoi láthair tá an MA sa Chleachtas Acadúil ar bun aige.

Eoin Ó Droighneáin

Is é Eoin Ó Droighneáin Riarthóir an Aonaid Aistriúcháin agus Ateangaireachta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ón mbliain 2001 i leith.  Chaith sé sealanna roimhe seo ag obair mar aistritheoir le Bord na Gaeilge (1995–1997) agus le Rannóg an Aistriúcháin i dTithe an Oireachtais (1997–2001).  Tá an tAistriúchán Reachtaíochta ar cheann de na réimsí léinn is mó atá á saothrú aige.  Is comhalta den Choiste Téarmaíochta é ón mbliain 2001 agus bhí sé ar Choiste Stiúrtha an Chórais Creidiúnaithe d’Aistritheoirí faoi Fhoras na Gaeilge nuair a cuireadh ar bun i dtosach é.  Bhí ról aige in ullmhú an leagain leasaithe den Chaighdeán Oifigiúil atá ar tí a fhoilsithe agus é ina chomhalta den Choiste Comhairleach um Athbhreithniú ar an gCaighdeán Oifigiúil, 2014–2016.

Piaras Ó Droighneáin

Is as ceantar Chois Fharraige do Phiaras Ó Droighneáin. D’fhreastail sé ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, áit ar bhain sé céimeanna BA agus MA amach.  Tar éis a thréimhse staidéir in OÉ Gaillimh chuaigh sé ag obair le Coláiste na hOllscoile Corcaigh ar an tionscnamh taighde ‘Béaloideas na mBan’ (An Léann Dúchais Leictreonach).  Ina dhiaidh sin chaith sé bliain go leith ag obair ar na tionscadail dhigiteacha logainm.ie, ainm.ie, iate.europa.eu agus dúchas.ie le Fiontar in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.  Tá sé ag obair faoi láthair mar Choimeádaí Digiteach in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in Ionad an Acadaimh, Carna, Co. na Gaillimhe.

An Dr Lillis Ó Laoire

Léachtóir sinsearach le Gaeilge is ea Lillis i Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Is céimí de chuid Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh é.  Múineann sé cúrsaí i mBéaloideas na Gaeilge den chuid is mó.  Tá go leor foilseachán aige ar an amhránaíocht, leabhar ar an amhránaí mór le rá sean-nóis, Seosamh Ó hÉanaí ina measc.

An Dr Pádraig Ó Tiarnaigh

Is de bhunadh an Mhullaigh Bháin é Pádraig Ó Tiarnaigh ó dhúchas. D’fhreastail sé ar Scoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá agus d’éirigh leis PhD a bhaint amach sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh i Márta 2015, áit a ndearna sé céim agus iarchéim sa teanga roimhe sin.  Ba é an bailitheoir béaloidis, Seán Ó hEochaidh, agus a chuid dialanna oibre, téama an tráchtais dochtúireachta.  Tá Pádraig ag feidhmiú mar Fheidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht) le Conradh na Gaeilge ó thuaidh le beagnach bliain anuas, agus ag léachtóireacht le hOllscoil Uladh i rith an ama.  Ar bhonn deonach ceapadh Pádraig ina Chathaoirleach dhá bhliain ó shin ar Choiste Bainistíochta Choláiste Aoidh Mhic Bhricne; Coláiste Samhraidh i dTeileann, Gaeltacht Thír Chonaill.

An Dr Seathrún Ó Tuairisg

Tá Seathrún Ó Tuairisg ag obair mar Riarthóir ar Aonaid na Teicneolaíochta Faisnéise in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Bhain sé PhD amach i réimse na réalteolaíochta in 2002 i Roinn na Fisice i nGaillimh, agus chaith sé trí bliana ag obair mar thaighdeoir iardhochtúireachta i Roinn na Teicneolaíochta Faisnéise.  Bhí a chuid taighde dírithe ar ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus na nuatheicneolaíochta, le béim faoi leith ar chúrsaí cartlainne.  Faoi láthair, tá sé gníomhach i bhforbairtí úra an Acadaimh i réimse an chartlannaithe dhigitigh.  I measc na rudaí atá á staidéar tá an poitéinseal oideachasúil atá ag ábhar cartlainne, modhanna nua digitithe d’ábhar teanga-lárnaithe agus forbairt ar ardáin ionas gur féidir leis an bpobal trí chéile dul i ngleic le hábhar cartlainne.  Is príomhthaighdeoir OÉ Gaillimh é sa tionscadal Taisclann Dhigiteach na hÉireann.