Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2016

Róisín Ní Cheallaigh

Is as Co. an Chláir do Róisín.  Tá Dioplóma agus BA sa Ghaeilge aici, agus tá sí i mbun staidéir ar an MA sa Léann Teanga, in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair.

Aoife Ní Churraoin

Is as An Spidéal i gCo. na Gaillimhe d’Aoife. Tá Dioplóma sa Phleanáil agus sa Bhuanú Teanga aici, chomh maith le Céim BA Idirnáisiúnta le Gaeilge agus Fraincis agus Céim MA san Ateangaireacht Chomhdhála ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  D’éirigh léi sna Scrúduithe Creidiúnaithe  d’Ateangairí Comhdhála Institiúidí an Aontais Eorpaigh in 2012 agus bíonn sí ag ateangaireacht do na hInstitiúidí go rialta ó shin i leith. Ina theannta sin, tá Dioplóma Iarchéime sa Ghaeilge Fheidhmeach agus Aistriúchán ó Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Mhaigh Eo aici agus tá sí i mbun an MA sa Léann Teanga i láthair na huaire.

Áine Nic Gabhann

Is as Contae an Chabháin í Áine.  Bhain sí amach céim onórach sa Ghaeilge agus sa Tíreolas in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2007.  Chomh maith leis sin bhain sí Diplóma Iarchéime san Oideachas amach san ollscoil chéanna in 2008. Tá Áine ag obair mar mhúinteoir Gaeilge ó 2008 i leith agus tá sí i mbun an MA sa Léann Teanga faoi láthair.

Joyce Nic Giolla Shiomáin

Is as Baile Átha Cliath do Joyce.  Rinne sí an Dioplóma sa Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad.  Bhain sí céim amach sa Ghaeilge Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2015.  Tá sí i mbun staidéir ar an aistriúchán don MA sa Léann Teanga anois.

Máire Nic Oireachtaigh

Is as an Muileann gCearr ó dhúchas do Mháire ach tá sí ina cónaí i mBaile Átha Cliath anois.  Bhain sí Dioplóma sa Ghaeilge amach in Ollscoil Mhá Nuad.  Ina dhiaidh sin, bhain sí céim chéad onóracha amach sa Ghaeilge Fheidhmeach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, (tríd an bhfoghlaim chumaisc).  Tá sí i mbun staidéir ar an gcúrsa MA sa Léann Teanga faoi láthair.

Nóirín Uí Mhaoilchiaráin

Is as Co. na Gaillimhe do Nóirín.  Bhain sí céim amach sa Ghaeilge agus sa tSocheolaíocht agus sa Pholaitíocht in 2015.  Tá sí anois i mbun staidéir ar an MA sa Léann Teanga.  Tá spéis aici sa Phleanáil Teanga agus san Aistriúchán.