Micheál Cíosóg agus an Ghaeilge i gCumann Lúthchleas Gael

Cathal Billings
Topaic(í): 

Réamhrá

Dhá chuid de thríonóid naofa Mhichíl Chíosóig a bhí i gceist leis an nGaeilge agus le cluichí dúchais na hÉireann: an tríú cuid den tríonóid seo ná stair na hÉireann (Ó Caithnia, 1982: 176). Bhí an cháil ar Chíosóg gurbh í an Ghaeilge a chleacht sé i gcónaí ina shaol poiblí (Ó Caithnia, 1982:119).  Mhaígh Cíosóg féin go mbeadh an Ghaeilge ag teastáil ó aon iriseoir a bheadh ag iarraidh cuntas a thabhairt ar an iomáint i bPáirc an Fhionnuisce i dtús na 1880í ós í an Ghaeilge teanga na himeartha ar fad (Ó Caithnia, 1982: 118).  Ba athbheochanóir teanga é a thacaigh le cúis na Gaeilge go dtí lá a bháis freisin agus thuill sé cáil mar gheall ar a dhíograisí a bhí sé maidir le labhairt na Gaeilge.  Caithfear a aithint nárbh í an Ghaeilge a chleacht Cíosóg agus é i mbun ghnó Chumann Lúthchleas Gael (CLG), áfach; níor luadh an Ghaeilge ar chor ar bith i gcomhthéacs CLG nuair a bhí sé á bhunú in 1884.  Bhí spéis an phobail sa pholaitíocht náisiúnach i rith na 1880í agus na 1890í luatha, rud a tháinig salach ar stádas na Gaeilge i CLG agus a chuaigh go mór i bhfeidhm ar reáchtáil ghnó an chumainn sna blianta tosaigh.  Mar sin féin, bhí idéal Gaelach ag Micheál Cíosóg maidir leis an nGaeilge a bheith ina dlúthchuid den chumann spóirt agus den saol náisiúnta i gcoitinne.  D’aithin Cíosóg gurbh í an Ghaeilge bunchloch na féiniúlachta Gaelaí.  D’aithin sé íon-Ghaelachas a bheith go smior i gcluichí dúchais na hÉireann freisin.  D’fhéach sé leis an teanga agus na cluichí a nascadh le chéile mar chuid de shaol iomlán Gaelach agus chothaigh sé an nasc seo ina chuid scríbhinní féin.

Scrúdóidh an páipéar seo idéal Mhichíl Chíosóig maidir leis an nGaeilge a bheith ina cuid bhunúsach den fhéiniúlacht Ghaelach.  Déanfar anailís ar scríbhinní Chíosóig a nochtann an t-idéal seo agus a ghaireann ar chomhoibriú níos fearr idir an dá thaobh den athbheochan Ghaelach, idir spórtúil agus teangeolaíoch.  Tabharfar léargas ar thionchar na polaitíochta náisiúnaí sa chumann spóirt sna blianta i ndiaidh a bhunaithe, rud a tháinig salach ar fhís athbheochana Chíosóig.  Breathnófar ansin ar deireadh ar theacht chun cinn Chonradh na Gaeilge agus idéal Chíosóig á chur i bhfeidhm sa dlúthcheangal a cothaíodh idir teanga agus cluichí i dtús an fichiú céad.

Athbheochanóir teanga agus fear spóirt

Ba chainteoir dúchais Gaeilge é Micheál Cíosóg.  Rugadh é sa Charn, i gContae an Chláir in 1847.  An Ghaeilge a bhí mar theanga bhaile aige agus é ag fás aníos agus tugann Ó Caithnia le fios nár labhair sé mórán Béarla go dtí gur fhreastail sé ar an mbunscoil sa Charn; níor bunaíodh an scoil seo go dtí go raibh Cíosóg féin 11 bhliain d’aois: ‘[Bhí] an saghas máistríochta ar Ghaeilge aige nach mbíonn riamh ach ag an té a thug leis í ó bhaclainn a mháthar’ (Ó Caithnia, 1982: 115).  Ba é an cainteoir ab fhearr dár chuala Dubhghlás de hÍde riamh, más fíor do Ó Caithnia (1982: 115).  D’oibrigh sé mar mhúinteoir san Iúr i gCo. an Dúin, i gColáiste Chill Chainnigh agus sa Choláiste Francach sa Charraig Dhubh, i mBaile Átha Cliath, agus i roinnt áiteanna eile, ach níor múineadh an Ghaeilge sna scoileanna seo san am sin, a bhuí sin de chineál na scoileanna agus de stádas na Gaeilge ag an am (Ó Caithnia, 1982: 66).  Bhunaigh sé a acadamh féin i mBaile Átha Cliath i 1877, chun daoine óga a ullmhú le haghaidh scrúduithe Státseirbhíse, agus bhí an-rath ar an scoil seo; measadh nach raibh aon acadamh eile dá leithéid chomh rathúil céanna maidir le torthaí i scrúduithe iontrála státseirbhíse (Rouse, 2009: 49).

B’athbheochanóir teanga díograiseach é Cíosóg a bhí gníomhach i gciorcail agus i gcumainn Ghaeilge i mBaile Átha Cliath sna 1880í luatha, roimh bhunú CLG.  Bhí sé ina bhall den Gaelic Union for the Cultivation and Preservation of the Irish Language (Aondacht na Gaedhilge) a bunaíodh sa bhliain 1880.  Bhí sé ina chisteoir ar Aondacht na Gaedhilge ó 1882 go dtí 1885 agus ina chathaoirleach ó 1882 go dtí 1886 (Ó Caithnia, 1982: 138-9); reáchtáladh sé cruinnithe den chumann ina theach féin go minic.  Bhí mórán ball in Aondacht na Gaedhilge a bhí báúil le cúis na Gaeilge ach gan an teanga féin a bheith ar a dtoil acu agus dá bharr sin is i mBéarla a reáchtáiltí cruinnithe agus comhdhálacha na gcumann seo (Ní Mhuiríosa, 1968).  Bhí Cíosóg féin chun tosaigh, áfach, maidir le húsáid na Gaeilge agus thug sé an t-aon óráid i nGaeilge ag cruinniú cinn bliana na hAondachta in Eanáir 1883 (Ó Caithnia, 1982: 127).

Ba mhór an tionchar a d’imir gluaiseacht na Gaeilge ar Chíosóg ó thaobh an spóirt de.  Go dtí 1882 ba iad rugbaí agus cruicéad an dá chluiche ba mhó a chleacht sé i mBaile Átha Cliath agus níor luaigh sé cluichí dúchais na hÉireann ina chuid alt roimh an mbliain sin.  Chuir sé an rugbaí agus an cruicéad chun cinn agus é ag múineadh i gcoláistí éagsúla agus bhí foireann rugbaí aige ina acadamh féin; bhí cáil air mar phrapa go dtí gur éirigh sé as an imirt agus é 35 bliana d’aois.  I rith na samhraí, d’imríodh sé cruicéad agus mhol sé fiú gur chóir club cruicéid a bhunú i ngach paróiste in Éirinn (Ó Caithnia, 1982: 80).  Bhraith sé gur fheil an cruicéad go maith do mheon an Ghaeil agus gur mhaith an oiliúint a chuir sé ar fáil don fhear óg: ‘You may be certain that the boy who can play cricket well will not, in after years, lose his head and get flurried in the face of danger’ (Rouse, 2015: 168).

Ba é foilsiú Irisleabhar na Gaedhilge, uirlis oifigiúil Aondacht na Gaedhilge, i 1882, ba mhó a spreag é chun na cluichí Gaelacha a athbheochan (Ó Caithnia, 1982: 159; Mandle, 1987: 2).  Chuaigh an trácht a bhí san Irisleabhar ar Fhionn agus na Fianna go mór i bhfeidhm air (Beatháisnéis Mhichíl Chíosóig, www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=134: 9.3.17) agus leag sé béim ar an nasc idir an iomáint agus na laochra Fiannaíochta seo:

The full strength of Fionn’s national guard in the fourth century was one hundred and five thousand men. When I look at a good hurling match I go back to the past, a film comes over my eyes, and through that film the scene is transformed. The forty-two players become three times one-hundred-and-five-thousand hurlers, sweeping across the country with the speed of a cloud shadow on a March day (Kildare Observer, 12.5.1888).

Bhí tionchar nár bheag ag scéal Chú Chulainn air freisin, ar cuireadh leagan nua-aimseartha de ar fáil i leabhar Standish James O’Grady, Cuculain: An Epic an bhliain chéanna.  Chuir sé seo laoch eiseamláireach Gaelach ar fáil le hidéalú agus aithris a dhéanamh air (Rouse, 2015: 18).  Tharla claochlú meoin i gCíosóg sna 1880í luatha, a chuir ar thóir an dúchais é i gcúrsaí teanga agus spóirt, agus is míniú amháin é seo ar an bhfáth nach raibh ballraíocht glactha aige sa Society for the Preservation of the Irish Language (Cumann Buanchoimeádtha na Gaedhilge), cumann a bhí ar an bhfód ó 1876, ceithre bliana roimh bhunú Aondacht na Gaedhilge féin.               

Theastaigh ó Chíosóg cumann spóirt a bhunú a dhéanfadh na cluichí dúchasacha a athbheochan díreach mar a bhí Aondacht na Gaedhilge ag iarraidh a dhéanamh ar son na teanga:

About that time and arising from my connection with the Council of the Gaelic Union for the Preservation of the Irish Language came the conviction that the hurling should be restored to its old place in the fabric of Irish national life (Ó Caithnia, 1982: 159).

Tá sé seo spéisiúil i gcomhthéacs a bhfuil ráite ag Dubhghlas de hÍde, bunaitheoir agus chéad Uachtarán Chonradh na Gaeilge, faoi fhoilsiú an irisleabhair mar eachtra chinniúnach san athbheochan: ‘Fá Shamhain san mbliadhain 1882 do cuireadh amach an chéad uimhir d’Irisleabhar na Gaedhilge agus is leis do thosnuigh áth-bheodhughadh agus saothrughadh na nua-theangan’ (de hÍde, 1937: 25).  Is tar éis fhoilsiú an irisleabhair in 1882 a thosaigh sé ag imirt iomána i mBaile Átha Cliath, roimh bhunú CLG; bhí sé gníomhach sa Dublin Hurling Club agus sa Metropolitan Hurling Club, a d’eascair as an gclub iomána a bhunaigh sé ina acadamh féin in 1883 (Rouse, 2009: 52-3).  Chuir sé an iomáint chun cinn ina chuid alt as sin amach agus bhí deireadh tagtha leis an gcaint ar chúrsaí cruicéid.

Stádas na Gaeilge i gCumann Lúthchleas Gael

I bhfianaise an inspreagtha a fuair Cíosóg ón ngluaiseacht teanga, is díol spéise é nár luaigh sé an Ghaeilge ina chuid litreacha chuig Muiris Ó Dáimhín agus an tArd-Easpag Cróc maidir le bunú CLG i dtreo dheireadh na bliana 1884.  De réir na litreacha seo, a d’fheidhmigh mar chatalaíoch do bhunú CLG, ba é a bhí uaidh ná cur i gcoinne thíorántacht Shasana i réimse sóisialta an spóirt agus neart agus téagar na nGael a athbheochan agus a chothú trí mheán na gcluichí dúchais (‘A Word about Irish Athletics’, United Ireland, 11.10.1884).  Leag sé béim ar thábhacht na gcluichí mar chuid den fhéiniúlacht náisiúnta agus mar bhealach chun cur i gcoinne Shacsanú na tíre:

 (Cusack) had a well-developed conspiracy theory on the reasons for the Anglicisation of sport in Ireland, seeing it, rather as did Archbishop Croke of Cashel, and later, Douglas Hyde, as a corrupting influence deliberately being brought to bear by a wish to demean as well as to dominate (Mandle, 1987: 5).

Mhol sé athghabháil an spóirt in Éirinn agus cumann spóirt náisiúnta a bhunú a thabharfadh cead imeartha do chosmhuintir na hÉireann (‘A word about Irish athletics’, United Ireland, 11.10.1884).  Buille i gcoinne na gcumann spóirt gallda in Éirinn a bhí i mbunú CLG. Ba chumainn iad seo a bhain le ciorcail shóisialta agus le haicmí áirithe den phobal agus a bhí dílis don Choróin agus do nósanna spóirt Shasana.  Níor luaigh sé an Ghaeilge sna litreacha seo, in ainneoin na spéise a bhí aige sa teanga agus in ainneoin an tionchair a bhí ag athbheochan na Gaeilge air.

Níor léirigh na bunaitheoirí ná na patrúin eile spéis in athbheochan na Gaeilge mar ghné den chumann spóirt.  Níor luaigh Muiris Ó Dáimhín an cultúr ar chor ar bith i gcomhthéacs bhunú CLG (‘Irish Athletics’, United Ireland, 18.10.1884).  Níor luaigh an tArd-Easpag Cróc, a bhí ina phátrún ar Aondacht na Gaedhilge freisin, an Ghaeilge go sonrach ina chomhfhreagras leis na bunaitheoirí eile in 1884, cé go luann sé gnéithe eile den chultúr dúchais (‘The Gaelic Athletic Association’, United Ireland, 27.12.1884), ná níor luaigh Michael Davitt, pátrún eile, aon chúram teanga ina chomhfhreagras faoi CLG ach oiread, in ainneoin go raibh taithí acu beirt ar an nGaeilge ina saol féin agus gur thacaigh siad le gluaiseachtaí teanga ag pointí éagsúla dá saoil (Tierney, 1976: 188; Sheehy-Skeffington, 1908: 17).  Níor luadh an Ghaeilge mar chuid de thuairiscí nuachtáin ar bhunú CLG ach oiread agus níor léir aon pholasaí teanga i CLG nuair a bunaíodh é.  Ní ar mhaithe leis an spórt amháin a bunaíodh CLG, áfach; bunaíodh é ar bhonn cultúrtha, d’fhonn muintir na hÉireann a ath-Ghaelú:

The GAA was never conceived by Cusack, Davin, or any of the other founders or early activists as a straightforward sporting body that would bring hurling and Gaelic football back to life as Irish pastimes. The founders conceived the organisation as one that would underpin parallel efforts elsewhere to create an Irish culture, and neither would it restrict itself to specific sporting activities. The association, from the time of its founding, had a large-scale agenda which sought to promote a series of different sports (but with associated specific Irish, moral and philosophical values), as well as elements of non-sporting culture which would bring communities together in a common celebration of Irishness (Cronin, 2009: 223).

Rinne cuid mhór ball agus oifigeach de chuid CLG neamhaird de chúraimí cultúrtha an chumainn spóirt, áfach, ní nach ionadh má smaoinítear ar an dearcadh a bhí ag an bpobal i gcoitinne ar an nGaeilge ag an am: de réir litir a tháinig isteach ó léitheoir anaithnid chuig an Freeman’s Journal go gairid roimh bhunú CLG, ‘most sensible Irishmen thought the sooner it is dead the better’ (Letters, Freeman’s Journal, 21.6.1884).  Bhí an pholaitíocht chun cinn i measc bhaill CLG, rud a bhí contrártha le fís Chíosóig maidir leis an gcumann a bheith neamhpholaitiúil (Mandle, 1987: 8).  Tháinig sé seo salach ar a idéal féin maidir leis an teanga a chur chun cinn mar bhunús na féiniúlachta Gaelaí taobh leis na cluichí, beag beann ar an bpolaitíocht (Grote, 1994: 42).  Bhí fir Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann (IRB) gníomhach go ciúin i CLG ó lá a bhunaithe ach tháinig siad chun cinn ann de réir a chéile, go háirithe tar éis theip an Bhille Rialtas Dúchais i 1886, agus d’fhéach siad le ról níos lárnaí a ghlacadh sa chumann.  Tharla scoilt i CLG idir náisiúnaithe pharlaiminteacha agus antoisceacha nuair a toghadh iarrthóir de chuid an IRB, Edward Bennett, mar uachtarán seachas Muiris Ó Dáimhín ag Comhdháil 1887.  Tharraing sé seo aird na n-údarás ar CLG agus d’fhág sé gur imigh Ó Dáimhín agus an Crócach ón gcumann:

The crime special report for the South East Division noted that Davin, ‘the only remaining non-Fenian on the executive has been weeded out’ and reported that a local Fenian had said that ‘The Gaelic is a useful thing to keep us together if our organisation was failing’ (Mandle, 1987: 43).

Is ar éigean a mhair CLG an tréimhse seo idir 1886 agus 1891 de bharr na scoilteanna polaitiúla seo agus chuaigh sé seo go mór i bhfeidhm ar na cluichí.  Bhí Cíosóg féin imithe faoin am ar thit sé seo ar fad amach, áfach.  Briseadh as a phost é mar rúnaí i CLG i rith shamhradh 1886 tar éis dó titim amach le naimhde agus le seanchairde araon:

The problem for Cusack is that he fought with his allies as freely as with his enemies. The evidence of this is everywhere – even in his relationship with the three original patrons he had convinced to support the founding of the GAA. He insulted Archbishop Croke in a letter in 1886 which led to the archbishop threatening to withdraw from the associations – the outcry to this spat was critical to Cusack’s loss of authority in the GAA…To succeed in being ejected from a thriving organisation which you yourself have founded suggests a considerable talent for making enemies (Rouse, 2009: 54).

Bhain conspóid chomh mór sin le Cíosóg gur féachadh lena dhíbirt ó stair an chumainn; fágadh amach as liosta na mbunaitheoirí é in alt a bhí sa Freeman’s Journal i nDeireadh Fómhair 1886 agus tugadh an chreidiúint ar fad maidir le gineadh an chumainn don Ard-Easpag Cróc agus do Mhuiris Ó Dáimhín (Freeman’s Journal, 30.10.1886).

Idéal Gaelach Chíosóig

D’fhéach Cíosóg le nasc idir CLG agus an Ghaeilge a chothú ina chuid oibre leis an gcumann teanga, áfach.  D’aithin Aondacht na Gaedhilge an éacht a bhí déanta ag Cíosóg agus CLG á bhunú aige in 1884.  Ag cruinniú i Nollaig 1884 luaigh siad nasc a bheith idir an dá chumann, ar bhonn idé-eolaíoch ar a laghad:

The council of the Gaelic Union beg to congratulate their energetic fellow-member Mr. M. Cusack on the success which has attended his efforts towards the establishment of a Gaelic Athletic Association for the promotion of Celtic sports and pastimes, a movement intimately connected with the Irish nationality and language, and on the high and influential patronage he has been the means of securing for it (Aondacht na Gaedhilge, 24.12.1884).

Tugann easaontas a bhí ag Cíosóg fianaise shoiléir dúinn maidir leis an ngaireacht a shamhlaigh sé idir an eagraíocht spóirt agus an teanga; ba é sin nuair a thug sé cás leabhail i leith an nuachtáin The Irish Sportsman i mí an Mheithimh 1885:

In an action for libel instituted by Mr. Cusack, hon. Secretary of the Gaelic Athletic Association, against the proprietress of the Irish Sportsman, and tried last week...Mr. Cusack obtained a verdict of £10, in addition to £2 lodged in court. He writes to say that his proposal was that the defendant should pay £20 to the Gaelic Union for the Preservation of the Irish Language (Freeman’s Journal, 13.6.1885).

Ag cruinnithe den Aondacht, gheall Cíosóg go dtabharfadh CLG cúnamh do chúis na teanga (Aondacht na Gaedhilge, 26.9.1885).  Nuair a d’iarr an Aondacht tacaíocht airgeadais ar CLG i rith 1886, le fiacha na hAondachta a ghlanadh, ba é Cíosóg a chuir na hiarratais seo faoi bhráid Fheidhmeannas CLG ag cruinniú i nDúrlas Éile (Aondacht na Gaedhilge, 26.2.1886 & 6.3.1886).  Ghair sé ar chomhoibriú níos dlúithe idir CLG agus na cumainn teanga agus mhol sé úsáid na Gaeilge ar an bpáirc imeartha.  Bhraith sé gurbh ionann an cleachtadh seo agus comhlíonadh an chláir Ghaelaigh ina iomláine:

Any person witnessing the hurling contest between Tipperary and Galway men would see that the race has not degenerated since. By the way, we are informed on good authority that some of the best of the Athenry team either could not or would not speak a word of English. This was carrying out the Gaelic programme to the extreme of consistency (Freeman’s Journal, 19.6.1886)

Mhol sé na himreoirí agus na réiteoirí a bhí páirteach sa chluiche seo ag cruinniú de chuid Aondacht na Gaedhilge arís cúpla seachtain ina dhiaidh sin (Freeman’s Journal, 3.7.1886). Luaigh Cíosóg, agus é sa chathaoir ag an gcruinniú seo, go raibh sé ag cuimhneamh ar nasc oifigiúil a dhéanamh le CLG mar mhodh chun cabhrú le deacrachtaí airgeadais na hAondachta agus luaigh sé go sonrach gur chuspóir de chuid na hAondachta é cur chun cinn na gcluichí dúchais (Aondacht na Gaedhilge, 26.6.1886). 

Tar éis dó a bheith briste as a phost ar fheidhmeannas CLG feiceann muid idéal Chíosóig maidir leis an nGaeilge i CLG go han-soiléir.  In ainneoin na binbe a bhain lena dhíbirt ó CLG, lean sé de bheith dílis do na cluichí dúchais agus chuir sé chun cinn iad ina chuid alt.  Leag sé béim leanúnach ar thábhacht na Gaeilge mar chuid den fhéiniúlacht Ghaelach agus nasc sé an spórt agus an Ghaeilge le chéile.  Shamhlaigh sé go raibh gá leis an gcorp agus an intinn a Ghaelú le chéile, agus shamhlaigh sé go bhféadfaí é sin a dhéanamh trí mheán cluichí agus teanga.  Nuair a cuireadh Cíosóg as oifig i CLG chaill sé an colún rialta a bhí aige in United Ireland.  Mar fhreagra air seo chuir sé tús lena nuachtán cúise féin, The Celtic Times: a weekly newspaper for the preservation and cultivation of the language, literature, music and pastimes of the Celtic race, a d’fhoilsigh sé ar feadh na bliana 1887 (Clare Local Studies Project, 2003).  Bhí an teachtaireacht athbheochana ríshoiléir sna hailt a scríobh sé ann.  Shamhlaigh sé slabhra órga a cheangail na cluichí dúchasacha le sinsir Ghaelacha agus leis an am nuair nach mbíodh á labhairt in Éirinn ach an Ghaeilge.  Bheadh an cleachtadh seo le sonrú i measc bhaill Chonradh na Gaeilge ní ba dhéanaí; scríobh Dubhghlas de hÍde faoin slabhra seo a cheangail an tseanré Ghaelach nuair a bhí an teanga i réim agus Éire saor leis an iarracht a bhí ar bun ag athbheochanóirí teanga an Ghaeilge a chur ar a cosa arís ag deireadh an naoú céad déag (Ó Conchubhair, 2009: 22).  D’fheidhmigh sé seo, de réir O’Leary, ‘as a principle source of cultural integrity and validity’ a thug seasamh níos daingne don ghluaiseacht (O’Leary, 1994: 30).  Dar le Cíosóg, bhí an teanga agus an náisiún doscartha lena chéile agus ba léir ina chuid scríbhinní go raibh sé go mór faoi thionchar laoch dá chuid, Tomás Dáibhéis, maidir le bunchloch an náisiúnachais:

To make Ireland ‘a nation once again’ let us see exactly what we have to do. In the first place we have our language to look to. ‘No language, no nation’ should be our motto. It is not dead yet; but alas! It is to the greater part of Ireland (Celtic Times, 26.3.1887).

D’ionsaigh sé na ‘scavengers’ a ghlac ceannas ar CLG ina áit agus a thug cúl le cultúr ar mhaithe le polaitíocht antoisceach náisiúnach (Celtic Times, 4.6.1887).  Ba í an teanga agus an cultúr ba chóir a bheith chun tosaigh sna gluaiseachtaí náisiúnacha seo, dar leis féin (Celtic Times, 23.4.1887).  Cháin sé polaiteoirí agus náisiúnaithe nár thug aird ar an teanga agus bhraith sé go dtiocfadh an Ghaeilge ar ais i gceart dá bhfaighfí réidh leis an bpolaitíocht náisiúnach:

The Irish language could be spoken this day by every child of Erin south of the Suir and West of the Shannon and Foyle, if the Irish people were as national at heart as they are on public platforms, and in their time-serving, self-seeking, political press…We have the most profound contempt for the audacious knave or slobbering fool, who was brought into the world and reared up by Irish-speaking parents, and who poses as a Nationalist while using, at all times, the Language, and very often, the cloth, of a foreigner (Celtic Times, 16.7.1887).

Bhraith sé an rud céanna faoi CLG, mar a raibh an pholaitíocht ag fáil tús áite ar an gcultúr. Tar éis na scoilteanna inmheánacha polaitiúla a chuir CLG i mbaol i 1887, b’áil le Cíosóg cumann atheagraithe a thabharfadh neamhaird ar an bpolaitíocht agus a thiocfadh ar ais dá chuid idéal féin:

I have been looking around lately and I have intense pleasure in stating that I see an all-round crash in the near future, and that out of the best burst on record, the sterling friends of our national tongue and of our national pastimes will emerge, mayhap with bloody plumes, but for certain with the field fought and won (Celtic Times, 4.6.1887).

Ba chuid lárnach den idéal sin an nasc idir athbheochan na Gaeilge agus na spóirt Ghaelacha, dar leis féin:

Are we nationalists? If our question, with truth, can be answered in the affirmative, the Irish language revival movement under the auspices of the Gaelic Union, should start new, shoulder to shoulder with the regenerated Gaelic Athletic Association (Celtic Times, 3.12.1887).

Mhol sé tionól lúthchleasaíochta i gCill Áirne as an nGaeilge bhreá a bhí ag an lucht féachana agus ag na hiomaitheoirí (Celtic Times, 6.8.1887).  I 1887 d’éiligh sé go gclófaí rialacha CLG i nGaeilge, rud a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn i measc bhaill CLG ar bhonn náisiúnta (Celtic Times, 10.12.1887).  Tháinig deireadh le The Celtic Times i 1888 de bharr deacrachtaí airgeadais ach scríobh sé ar na téamaí céanna i nuachtáin eile ina dhiaidh sin.  Mar shampla, mhol sé go reáchtálfaí gnó CLG i nGaeilge aon áit ar labhraíodh an Ghaeilge (Freeman’s Journal, 8.12.1888), an chéad ghairm ar a leithéid agus ceann a dhéanfaí arís agus arís eile i mblianta luatha an fichiú céad ag cruinnithe de chuid CLG agus Chonradh na Gaeilge.

D’éirigh leis an Ard-Easpag Cróc CLG a aontú arís go luath i 1888 ach níor léir go raibh aon chúram teanga ag an gcumann athbhunaithe.  I litir a cuireadh chuig an Freeman’s Journal cuireadh in iúl:

The Gaelic Union is not the same as the Gaelic Athletic Association. The latter is for the purpose of encouraging Irish athletic sports, the former for preserving and cultivating the Irish language (Freeman’s Journal, 18.2.1888).

Lean Cíosóg leis ag ceangal an dá thaobh le chéile ina chuid scríbhinní, mar sin féin.  Leag sé béim ar thábhacht na Gaeilge i gcúrsaí iomána san ochtú céad déag in eagrán na Nollag den Freeman’s Journal in 1892; mhaígh sé nach bhféadfadh duine gan Ghaeilge nádúr agus spioradáltacht na hiomána a thuiscint i gceart agus gur bhoichte na daoine seo dá bharr (Freeman’s Journal, 24.12.1892).  Ba léir mian a chroí go gcasfaí cúl le polaitíocht agus go dtabharfaí aghaidh ar chultúr na hÉireann ina háit mar bhunchloch na náisiúntachta.  Ag caint ar ‘Cuimhne na Marbh’, dán a d’aistrigh sé don Freeman’s Journal, dúirt sé:

He (scríbhneoir an dáin) must have had young Gaels...before his mind and looked to them for the preservation of a more enduring nationality than the necessarily ovanescent political nationality which is unfortunately absorbing so much of the time and life in Ireland (Freeman’s Journal, 11.2.1893).

Léiríonn an fhianaise seo ar fad an t-idéal a bhí aige maidir le cluichí agus teanga, dhá chuid dá thríonóid naofa, a bheith ina mbunchlocha don fhéiniúlacht náisiúnta Ghaelach.  Tháinig an pholaitíocht laistigh de CLG salach ar an iarracht sin, áfach.  Ní go dtí deireadh na 1890í, nuair a tháinig borradh as cuimse faoin náisiúnachas cultúrtha mar fhreagra ar thurnamh na gluaiseachta polaitiúla, agus nuair a cuireadh spéis níos forleithne sa ghluaiseacht athbheochana teanga, a chonacthas ceannas lárnach agus gnáthbhaill CLG ag tabhairt aird ar stádas na Gaeilge sa chumann spóirt.

Conradh na Gaeilge agus Cumann Lúthchleas Gael

Agus suim an phobail sa pholaitíocht náisiúnach ag meath, chas daoine i dtreo an chultúir agus na teanga chun neamhspleáchas pearsanta agus anama a bhaint amach, beag beann ar an bpolaitíocht; ‘Self-help nationalism’ a thugann McMahon ar an bhfeiniméan seo (2008: 10).  Is é Conradh na Gaeilge an eagraíocht is mó a chuir an deis seo ar fáil.  Pósadh CLG le Conradh na Gaeilge mar chuid de ghluaiseacht Éire-Éireannach, rud a tharraing CLG amach as an gcruachás ina raibh sé i dtús na 1890í nuair a bhí an cumann ar an dé deiridh.  Bhí Cíosóg féin gníomhach sa Chonradh ar feadh tréimhse i ndiaidh a bhunaithe agus bhí sé i láthair ag cruinniú tionscnaimh Chraobh na Gaillimhe in 1894, mar ar thug sé óráid spreagúil i nGaeilge; tugadh stádas ar leith dó ag an ócáid mar bhunaitheoir CLG (Mac Aonghusa, 1993: 46).  Cé nach raibh sé ina bhall gníomhach den Chonradh ach ar feadh tamaill, lean sé de bheith gníomhach i gciorcail Ghaelacha i mBaile Átha Cliath go dtí a bhás tobann sa bhliain 1906 (Ó Caithnia, 1982: 297).

Réitigh idéil Chonradh na Gaeilge go maith le hidéil Chíosóig; ní hamháin gur fhéach siad le náisiúntacht na hÉireann a bhunú ar an teanga agus ar an gcultúr, ach d’aithin Conradh na Gaeilge tábhacht na gcluichí Gaelacha mar mhodh ath-Ghaelaithe lasmuigh den seomra ranga.  Chothódh CLG corp an Ghaeil fad agus a bhí an intinn á Gaelú i ranganna Gaeilge.  Ba mhór an tionchar a bhí ag an tacaíocht seo ar CLG mar chumann, go háirithe i bhfianaise an bhorrtha a tháinig faoi Chonradh na Gaeilge isteach san fhichiú céad, nuair a tháinig fás cúig oiread ar líon na gcraobhacha idir 1901 agus 1905 (Ó hAilín, 1969: 99).  Bhunaigh na craobhacha nua seo den Chonradh a gclubanna CLG féin agus chuir siad cluichí Gaelacha chun cinn thar chluichí eile, rud a chabhraigh go mór le CLG:

The Gaelic League, founded in 1893, was originally a body with no political aspirations. It introduced a new spirit, especially among younger members, through its various activities. League members were introduced to a new cultural atmosphere that became known as the Irish Ireland movement, which embraced activities way beyond the Irish language. This wave of energetic idealism, so different from the political bickering of the 1890s, when transferred to an ailing GAA, transformed the association in the first decade of the 20th century (Nolan, 2005: 69).

Bhí díograis na mball nua seo i dtaobh na teanga i gcleachtas agus i mbeartas teanga CLG a tháinig chun cinn i mblianta luatha an fichiú céad.  Nuair a bhain Séamus Ó Nualláin, uachtarán CLG agus Conraitheoir as Cill Chainnigh, úsáid as an nGaeilge agus miontuairiscí CLG á síniú aige i 1900, thacaigh sé leis an bhfeachtas a bhí ar bun ag Conradh na Gaeilge maidir le húsáid oifigiúil ainmneacha i nGaeilge, rud a bhí ina ábhar mór nuachta i dtús an chéid (Mac Aonghusa, 1993: 42; Uí Chollatáin, 2004: 80).  Éilíodh leaganacha Gaeilge de leabhráin rialacha CLG i 1903, i 1907 agus arís i 1915, ar mhaithe leis an nGaeilge a chur chun cinn ar fud na tíre i measc mhuintir CLG, rud a thabharfadh stádas oifigiúil don Ghaeilge laistigh den chumann (féach CLG, 13.12.1903; 28.6.1907; 4.4.1915).  Glacadh le rún suntasach i 1912 a rialaigh go mbeadh an Ghaeilge amháin in úsáid ag Comhdhálacha CLG as 1917 amach, rún nár cuireadh i bhfeidhm ar deireadh nuair a tháinig an t-am chuige sin, áfach (CLG, 7.4.1912; féach Billings, 2013: 32-53).  Cé go mbíodh na rúin seo ina n-ábhar conspóide agus gur mhinic a cheistítí fíorthiomantas CLG don Ghaeilge nuair nár comhlíonadh geallúintí dá leithéid seo, léiríonn na samplaí céanna tionchar Chonradh na Gaeilge ar CLG agus an ról tábhachtach a ghnóthaigh an Ghaeilge mar shuaitheantas náisiúnach i dtús an fichiú céad.  

Conclúid

Is í an Ghaeilge a spreag Micheál Cíosóg tabhairt faoi na cluichí dúchais a athbheochan i dtosach agus ina intinn féin bhí an teanga agus na cluichí doscartha lena chéile mar eilimintí bunúsacha den fhéiniúlacht agus den náisiúntacht Ghaelach.  Níor éirigh leis dul i bhfeidhm ar bhaill eile CLG ina thaobh seo le linn dó a bheith ina oifigeach i CLG, áfach.  Bhí spéis an phobail sa pholaitíocht ag an am agus tháinig coimhlintí polaitiúla agus pearsantachta salach ar chur i bhfeidhm an idéil sin i CLG lena linn féin.  Agus Cíosóg díbeartha ó fheidhmeannas CLG, lean sé leis de bheith ag ceangal chúis na Gaeilge leis na cluichí.  Bhí an ghráin aige ar an bpolaitíocht agus ba náisiúnach cultúrtha críochnaithe é, rud ba léir ina chuid scríbhinní féin a thug tús áite don Ghaeilge agus a d’fhéach le nasc a chruthú idir an teanga agus na cluichí Gaelacha.  Ní go dtí teacht in inmhe na gluaiseachta athbheochana teanga agus teacht chun cinn Chonradh na Gaeilge a fíoraíodh aisling Chíosóig maidir leis an teanga agus na cluichí a bheith ceangailte go dlúth lena chéile mar chuid den iarracht Éire íonghlan Ghaelach a chruthú.

Leabharliosta: 

Leabhair:

De hÍde, D., (1937) Mise agus an Connradh. Baile Átha Cliath: Oifig Dhíolta Foilseacháin Rialtais.

Gan údar, (1908) Gaelic Athletic Annual and County Directory 1908-9. Baile Átha Cliath: Sealy, Bryers & Walker.

Grote, G., (1994) Torn between politics and culture: the Gaelic League 1893-1993, Nua-Eabhrac: Waxmann Muenster.

Mac Aonghusa, P., (1993) Ar son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993: Stair Sheanchais. Baile Átha Cliath: Conradh na Gaeilge.

Mandle, W.F., (1987) The Gaelic Athletic Association and Irish Nationalist Politics, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan.

McMahon, T.G., (2008) Grand Opportunity: The Gaelic Revival and Irish Society 1893-1910. Syracuse: Syracuse University Press.

Ní Mhuiríosa, M., (1968) Réamhchonraitheoirí: nótaí ar chuid de na daoine a bhí gníomhach i ngluaiseacht na Gaeilge idir 1876 agus 1893. Baile Átha Cliath: Clódhanna Teoranta.

Nolan, W., (2005) The Gaelic Athletic Association in Dublin 1884-2004. Baile Átha Cliath: Geography Publications.

Ó Caithnia, L.P., (1982) Micheál Cíosóg. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

Ó Conchubhair, B., (2009) Fin de Siécle na Gaeilge: Darwin, Smaointeoireacht na hEorpa agus Athbheochan na Gaeilge. Indreabhán: An Clóchomhar Tta.

O’Grady, S.J., (1882) Cuculain: An Epic. London: Sampson, Low, Searle, Marston & Rivington.

Ó Riain, S., (1994) Maurice Davin. Baile Átha Cliath: Geography Publications.

O’Leary, P., (1994) The Prose Literature of the Gaelic Revival, 1881-1921: Ideology and Innovation. Pennsylvania: Pennsylvania State University Press.

Rouse, P., (2015) Sport and Ireland: A History. London: Oxford University Press.

Sheehy-Skeffington, F., (1908) Michael Davitt: Revolutionary, Agitator and Labour Leader. Londain: TF Unwin.

Tierney, M., (1976) Croke of Cashel: The Life of Archbishop Thomas William Croke. Baile Átha Cliath: Gill and MacMillan.

Uí Chollatáin, R., (2004) An Claidheamh Soluis agus Fáinne an Lae 1899-1932, Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

 

Ailt

Cronin, M., (2009) ‘More than just Hurling and Football: the GAA and its Other Activities’. Cronin, Mike, Murphy, William & Rouse Paul (Eag.), The Gaelic Athletic Association 1884-2009. Baile Átha Cliath: Irish Academic Press, 221-36.

Billings, C., (2013) ‘The First Minutes: An Analysis of the Irish Language within the Official Structures of the Gaelic Athletic Association, 1884–1934’. Éire-Ireland 48(1&2), 32-53.

Ó hAilín, T., (1969) ‘Irish Revival Movements’. Ó Cuív, B. (Eag.), A View of the Irish Language. Baile Átha Cliath: Stationery Office, 91-100.

Rouse, P., (2009) ‘Michael Cusack: Sportsman and Journalist’. Cronin, M., Murphy, W. & Rouse, P., (Eag.), The Gaelic Athletic Association 1884-2009. Baile Átha Cliath: Irish Academic Press, 47-60.

 

Foinsí Cartlainne:

Miontuairiscí Ardchomhairle CLG, 1899-1934

Miontuairiscí Aondacht na Gaedhilge, 1882-1887.

 

Foinsí Nuachtáin:

Kildare Observer (1888)

The Celtic Times (1887-1888)

The Freeman’s Journal (1884-1899)

United Ireland (1884)