Risteárd Ó Glaisne: Ceannródaí Iriseoireachta

Ach an rud is bunúsaí uile faoi aon chineál iriseoireachta, caithfidh sí a bheith beoga spéisiúil.  Beir greim ar do léitheoir leis an chéad abairt, ná tuirsigh é agus é ag léamh, agus más féidir é, bíodh lascadh beag san abairt dheiridh (Ó Glaisne, 1980: 13).

Dorothy Ní Uigín

[1]

Réamhrá

San alt seo breathnófar ar thábhacht Risteáird Uí Ghlaisne, ar dhuine de na scríbhneoirí ba bhisiúla Gaeilge dá raibh ann riamh é, i scéal na hiriseoireachta Gaeilge.  Tarraingeofar san alt ar an ábhar a d’fhoilsigh sé ar na nuachtáin Inniu agus Amárach go háirithe, chomh maith le hagallaimh thaifeadta a cuireadh ar an údar ag tús na 1990í, agus ar chomhfhreagras idir é agus scríbhneoir an ailt seo.  Pléifear a thábhachtaí is a bhí an Glaisneach i bhforbairt na hiriseoireachta Gaeilge, agus a ról mar thráchtaire ar an saol comhaimseartha ó cheathrachaidí na haoise seo caite go dtí tús na mílaoise nua.

Scoláire, múinteoir, fear léinn agus iriseoir ab ea Ó Glaisne.  Ba líonmhar a chuid scríbhinní – idir leabhair, phrós agus ailt iriseoireachta agus teastaíonn léitheoireacht leathan dá réir le tuiscint chruinn a fháil ar an bhfear agus ar a dhearcadh ar an saol.  Bhí sé ildánach agus bhí suim aige i ngach gné de shaíocht agus de shaol na Gaeilge.  Nuair a thug údar an ailt seo cuairt air mar mhac léinn óg máistreachta beagnach cúig bliana fichead ó shin, bhí an áit líon lán le leabhair agus le nuachtáin, agus dúirt sé gur mheas sé go raibh gach ar cuireadh i gcló sa Ghaeilge riamh léite aige.  Níor léir, áfach, gur bhreathnaigh sé air féin mar scoláire Gaeilge.  Ba sa Ghaeilge mar theanga bheo agus sa chainteoir Gaeilge mar dhuine beo a luigh príomhshuim an Ghlaisnigh.  Chruthaigh a scolártha is a bhí sé cúlra tacúil nuair a chuaigh sé i mbun pinn, ach ba thráchtaire ar an saol comhaimseartha é, agus é ar dhuine de ghrúpa réasúnta beag a shaothraigh an Ghaeilge mar mheán na díospóireachta, an phlé agus na hiriseoireachta i lár na haoise seo caite.  Bhí Ciarán Ó Nualláin, Peadar Ó Ceallaigh agus Tarlach Ó hUid – a chomhaimsirigh – ar dhaoine tábhachtacha eile acu sin.   Lean Breandán Ó hEithir, Pól Ó Draoi, Breandán Delap agus Seán Tadhg Ó Gairbhí den cheird chéanna ina dhiaidh sin, comhthreomhar leis cuid mhór, go dtí gur bhásaigh sé ar an 6 Samhain 2003. 

Bhí suim aige i saíocht agus i saol na Gaeilge mar a luadh thuas, ach ba shuim leis freisin an pholaitíocht, an reiligiún, cúrsaí taistil agus an léirmheastóireacht, beag beann ar cheist na teanga féin.

A Óige[2]

Rugadh Risteárd Ó Glaisne i nDroichead na Bandan i gContae Chorcaí i 1927.  Modhach ab ea é agus fuair sé a chuid oideachais sa Scoil Ghramadaí i mBandan agus ina dhiaidh sin i gColáiste na Tríonóide i mBaile Átha Cliath.  Chaith sé tréimhsí sna Blascaoidí ag cur lena shaibhreas Gaeilge agus é óg, agus d’oibrigh sé mar mhúinteoir meánscoile agus mar shaoririseoir ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin. 

Tús na hIriseoireachta

Is ar leathanaigh na nuachtán Inniu agus Amárach is mó agus is minice a fheicimid toradh obair an Ghlaisnigh.  D’oibrigh sé mar shaoririseoir ar an dá pháipéar seo ar feadh shaol na bpáipéar.  Tá ailt dá chuid le feiceáil ar agus ar Anois freisin, agus bhí sé ina cholúnaí Gaeilge ar The Irish Times ar feadh tréimhse chomh maith.  Scríobhadh sé píosaí do na foilseacháin Deirdre, An tUltach agus Comhar i measc irisí eile, agus bhí a iris féin aige, Focus, idir 1958 agus 1966.  Mar sin, bhí sé lárnach sna tograí tábhachtacha iriseoireachta uile sa Ghaeilge a tháinig chun cinn sa dara leath den fhichiú haois, agus iriseoireacht na Gaeilge faoi chomaoin aige dá réir.  

Bhain cuid de na leabhair a scríobh sé le ceird na hiriseoireachta freisin, go sonrach Don Ábhar Saoririseora (1980), ina gcuireann sé comhairle ar iriseoirí óga, ag tarraingt ar a chuid taithí féin, agus Eagarthóir, a foilsíodh tar éis a bháis in 2005, agus a bhfuil cur síos ann ar an tréimhse a chaith sé ina eagarthóir ar an iris Focus.  Scríobh sé leabhar faoi Raidió na Gaeltachta freisin inar phléigh sé stair an Raidió agus ábhar na hiriseoireachta craolta trí chéile. 

I measc na leabhar eile leis bhí beathaisnéisí, leabhair staire agus ábhar a bhain le cúrsaí creidimh, ach tá rian an iriseora le tabhairt faoi deara i ngach ceann acu.  Níor shaothraigh an Glaisneach an litríocht riamh cé gur léirmheastóir bisiúil a bhí ann; is téamaí tráthúla iad téamaí a chuid leabhar[3] – téamaí iriseoireachta – agus ar ndóigh, is cnuasaigh d’ailt a foilsíodh roimhe sin ar nuachtáin agus ar irisí atá i roinnt dá chuid leabhar chomh maith.

Tuairimí an Ghlaisnigh ar Iriseoireacht Ghaeilge a linne

Dúirt Ó Glaisne san Irish Times i 1982 (‘Plan to amalgamate Irish papers opposed’, 10 Meitheamh), in alt inar phléigh sé deireadh an nuachtáin Inniu, gurbh é an éacht a rinne an páipéar sin an Ghaeilge a chur in oiriúint do shaol na fichiú haoise, agus gan aon amhras bhí an Glaisneach féin páirteach, lárnach san obair sin, mar a luadh thuas.  Scríobh sé san alt:

The contribution which Inniu has made to the emergence of an Irish capable of dealing efficiently with everyday 20th century life in all its facets without seriously endangering the basic character of the language is universally acknowledged and over the years has affected untold thousands of people in our society…

Léiríonn scríbhinní an Ghlaisnigh féin a mháistreacht ar an teanga agus an stíl réidh a chleacht sé agus cúrsaí reatha á bplé aige.  Rinne Ó Glaisne idirdhealú tábhachtach idir an tuairisceoir agus an colúnaí in agallamh a chuir an scríbhneoir seo air i mí na Nollag 1992.  Mhínigh sé ansin gurbh fhéidir leis an gcolúnaí a bheith suibiachtúil agus é ag scríobh, ach nár mhór don tuairisceoir a bheith neodrach agus tuairisc á tabhairt aige – rud bunúsach i saol na hiriseoireachta, ar ndóigh. Mhaígh sé freisin, áfach, nár cheart don tuairisceoir a bheith ‘ró-neodrach’, mar a dúirt sé féin, mar go mbeadh an tuairisc leamh dá seasfadh sé siar go hiomlán ón rud a bhí ag tarlú.  Cheap sé nár mhór dearcadh spéisiúil agus láidir a bheith ag eagarthóirí nuachtáin agus mhaígh sé:

An té nach gcreideann i rud ar bith…ar cuma éigin bhí an easpa sainmhínithe i gceist…agus ní thugann sé sin seans duit do chuid sainmhínithe féin a oibriú amach – rud a dhéanann tú má tá tú ag streachailt leis an duine… (Ó Glaisne, 1992)

Nuair a pléadh dearcadh an nuachtáin Inniu leis, dúirt Ó Glaisne san agallamh céanna nár cheart ‘locht a fháil ar Inniu…má bhí seasamh ginearálta, Críostaí aige mar ní laincis liom é.  Is dúshlán ag páipéar an creideamh Críostaí ar an gcaoi sin.’  Shíl Ó Glaisne, áfach, nár fheil post an eagarthóra do Chiarán Ó Nualláin, eagarthóir Inniu ar feadh shaol iomlán an nuachtáin beagnach – ‘Fear mór intleachta’ a bhí ann, a dúirt sé, ‘ag déanamh rudaí suaracha’.  Ag tagairt don cholún ‘Amaidí’ a scríobh Ó Nualláin a bhí sé sa chás sin.  In áit eile, dúirt an Glaisneach faoin Nuallánach (1982: 16): 

Ciarán Ó Nualláin was a man of acute (and, like his brother, satiric) mind, of prodigious energy and of civilised interests – his pleasures range from the Latin classics and Beethoven to chess and Spanish…

Dúirt sé freisin go mbeadh ‘cáil idirnáisiúnta air siúd dá rachadh sé le Béarla’, cé gur mhaígh sé go raibh Gaeilge Uí Nualláin ‘beagán tanaí ar uairibh’ (Ó Glaisne, 1992).  Is spéisiúil an ní é nárbh ionann an iriseoireacht agus an léann, dar leis an nGlaisneach, agus ina aigne siúd b’intleachtóir a bhí sa Nuallánach ‘ag déanamh rudaí suaracha’ nuair ba cheart dó a bheith ag saothrú na litríochta, b’fhéidir.  Ba léir freisin nár mheas an Glaisneach féin é féin mar intleachtóir agus é i mbun pinn; ba thráchtaireacht ar an saol a bhí ar bun aige ina chuid iriseoireachta.

San agallamh céanna úd i 1992, phléigh Ó Glaisne dearcadh lucht Inniu i leith na Gaeltachta agus dúirt nach ‘raibh a ndearcadh faoin nGaeltacht sláintiúil, dar liomsa, rachainnse chomh fada sin’ (Ó Glaisne, 1992).[4]  Mhínigh sé, áfach, gur bhraith Ciarán O Nualláin ‘agus bhraith a lán againn’, a dúirt sé, ‘go gcaithfí a chruthú go raibh an Ghaeilge inchurtha, in ann, ag saol na cathrach’.  Is fiú cuimhneamh, áfach, gur thacaigh sé le Peadar Ó Ceallaigh, eagarthóir an nuachtáin Ghaeltachta Amárach, agus é ag scríobh go minic agus go rialta don pháipéar sin, fiú murar aontaigh sé le dearcadh an Cheallaigh ar cheisteanna teanga agus ar ról na Gaeltachta san athbheochan teanga.

Maidir le Proinsias Mac an Bheatha, a bhí i gceannas ar Ghlúin na Buaidhe, an eagraíocht a bhunaigh Inniu, dúirt Ó Glaisne (i léirmheas a scríobh sé ar Téann Buille le Cnámh le Mac an Bheatha, Inniu, 2 Nollaig 1983)[5] gur:

…furasta goilleadh air, déarfainn.  Ar nós go leor de bhunadh Chúige Uladh, tá sé chomh bog agus atá sé crua.  Caithfidh mé a admháil go bhfaighinn difríocht an-mhór idir saghasanna éagsúla iriseoireachta atá faighte againn uaidh sna páipéir agus sna hirisí – lorg an duine fhásta ar fad ar chuid di, ach cineál saontachta ag baint le cuid eile di…

Ba é a mheas ar Earnán de Blaghd, colúnaí eile de chuid Inniu, gur coinníodh é

...i bhfad ró-fhada mar cholúnaí ar chúrsaí reatha...ní fhéadfadh Earnán a bheith ag cur síos ar chúrsaí reatha ann chomh fada agus a rinne seisean é gan athrá go leor a bheith ina chuid alt: mo léir, ar cheisteanna áirithe, in áit féachaint leis an athrú (sic) a sheachaint, is amhlaidh a rinne an Blaghdach é d’aonúim toisc gur phrapagandóir neamhnáireach é faoi chúis ba mhór aige – b’amhlaidh dó faoina chuid scríbhneoireachta ar scéal na Sé Chontae sna caogaidí agus sna seascaidí. (Ó Glaisne, 1983: 49).

Níor chuir an Glaisneach fiacail ann agus é i mbun pinn.  Mar a deir Seán Ó Cearnaigh faoi in Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995: ‘Mar shaoririseoir bhí sé d’acmhainn aige bheith neamhspleách ar claonta (sic) eagarthóireachta na meán’ (170).

Agus an nuachtán Amárach á phlé, labhair Risteárd Ó Glaisne faoi Pheadar Ó Ceallaigh, eagarthóir an nuachtáin, agus dúirt ‘…ní mór do dhuine a bheith corr chun páipéar Gaeilge a chur ar bun’ (Ó Glaisne, 1992).  Bhí Peadar Ó Ceallaigh ina eagarthóir ar Amárach ó bunaíodh an nuachtán i 1956, gur bhog an nuachtán siar go Conamara i 1974, agus ar feadh sé mhí eile ina dhiaidh sin.  Ní raibh foireann lánaimseartha ag an nuachtán go raibh sé lonnaithe i gConamara, agus roimhe sin ba iad Peadair Ó Ceallaigh féin, Dónall Mac Amhlaigh agus Risteárd Ó Glaisne na scríbhneoirí ba thábhachtaí a chuir ailt ar fáil don nuachtán.  Dúirt sé faoi Amárach san alt úd in The Irish Times (10 Meitheamh 1982):

Amárach has had as its primary aim a service to the Gaeltacht area.  Its progress has always been decidedly precarious, and it has not enjoyed widespread support in the Gaeltacht, lacking the wherewithal to process local news quickly, to initiate relevant features or to establish appropriate distribution procedures in far-flung pockets…

Mhaígh Ó Glaisne i gcás an nuachtáin go raibh ‘uaireanta ann blianta éigin ó shin agus níorbh í an Ghaeilge ar chor ar bith an rud a d’fhoilseoidís’.  Bhraith sé ‘mífhreagracht bheag ag Gearóid (Ó Cairealláin) cé gur duine álainn é ar bhealaí eile’ (Ó Glaisne, 1992).  Easpa cúraim i gcás na Gaeilge a bhí ag déanamh imní dó sa chás sin, ach luaigh sé, mar sin féin, go raibh ‘íorónachas’ ag baint le nach raibh le sonrú ar Inniu, cé go raibh an tUltachas le sonrú go láidir sa dá nuachtán.  Cé go raibh an t-ionracas ina thréith láidir ag Ó Glaisne féin, bhíodh a chuid tuairimí tomhaiste agus cothrom, agus ní raibh sé d’aidhm aige daoine a mhaslú má bhí sé cáinteach orthu.  I gcás , thuig sé, ar ndóigh, na dúshláin a bhí ag lucht a fhoilsithe sna 1980í i dTuaisceart Éireann agus thacaigh sé lena gcuid iarrachtaí trí ailt agus léirmheasanna a scríobh don nuachtán go rialta.

Iriseoireacht an Ghlaisnigh: Samplaí

Scríobh an Glaisneach ar réimse leathan ábhar ach tagann ceithre théama chun cinn go mór nuair a dhéantar scagadh ar a chuid scríbhinní iriseoireachta: cúrsaí taistil, daoine tábhachtacha i saol na Gaeilge, cúrsaí litríochta agus léirmheastóireachta, agus cúrsaí creidimh.

Rinne Risteárd Ó Glaisne roinnt mhaith taistil i rith a shaoil, agus bhí go leor den Eoraip feicthe aige.  Faightear tuairiscí ar na turais seo go dtí an Mhór-Roinn ar Inniu agus ar Amárach i gcaitheamh na mblianta.  Sa tréimhse a bhí i gceist, bhí nuaíocht ag baint leis an ábhar a scríobh sé, nuair nach raibh taisteal ar bun go forleathan ag gnáthmhuintir na hÉireann.  Thug na sleachta seo léargas iontach ar a raibh ag tarlú ar an Mór-Roinn ag an am agus ba thuairiscí eolasacha, taighdebhunaithe iad, a d’fhéach le tuiscint a thabhairt do lucht a léite ar an saol mar a bhí sna tíortha a bhí i gceist.  Bhí nuaíocht ag baint leis an teanga a chleacht Ó Glaisne sna sleachta seo freisin.  Le linn 1966, mar shampla, foilsíodh sraith alt leis faoin Mór-Roinn ar Inniu, agus sna hailt seo phléigh sé cúrsaí polaitíochta, staire agus reiligiúin sna tíortha a raibh sé ag taisteal iontu ag an am.

Bhíodh colúin le Risteárd Ó Glaisne ar Inniu ó bunaíodh an páipéar, agus ar an 5 Nollaig 1952, tá alt ar Inniu faoin nGlaisneach féin sa cholún ‘Comhaimsirigh’.  Léiríonn an t-alt seo faoi féin an meas a bhí tuillte aige fiú ag an am sin mar scríbhneoir agus mar iriseoir.[6] 

Fear mór agallamh agus beathaisnéise a bhí sa Ghlaisneach agus tá sraith agallamh aige le daoine mór le rá i saol na Gaeilge ar Inniu ag tús na seachtóidí.  I measc na ndaoine ar cuireadh agallamh orthu bhí Leon Ó Broin (19 Márta 1971), Séamus Ó Néill (2 Aibreán 1971), Seán de Fréine (16 Aibreán 1971), Breandán Ó Doibhlin (23 Aibreán, 1971), Máirtín Ó Direáin (30 Aibreán 1971), Dónall Mac Amhlaigh (14 Bealtaine 1971), Seán Ó Riordáin (21 Bealtaine, 1971), Proinsias Mac a’Bheatha (18 Meitheamh 1971), Liam S. Gógan (25 Meitheamh 1971), Seosamh Ó Duibhginn (3 Márta 1972), Proinsias Mac Aonghusa (21 Aibreán 1972), Tarlach Ó hUid (14 Iúil 1972), Eoghan Ó Tuairisc (28 Iúil 1972), Breandán Ó hEithir (8 Meán Fómhair 1972), Michael Davitt (9 Feabhra 1973) agus go leor eile nach iad.  Is an-léiriú iad na hagallaimh ar ghnéithe éagsúla de shaol na Gaeilge ag an am, idir an litríocht, an pholaitíocht agus obair na n-eagraíochtaí teanga, agus d’fhág an obair agallóireachta seo gur chuir an Glaisneach aithne mhaith ar na príomhphearsain a raibh baint acu le saol na Gaeilge ag an am.

Rinne sé léitheoireacht leathan, mar a luadh thuas, agus bhí suim aige i gceird na léirmheastóireachta.  Sna 1990í, rinneadh go leor léirmheastóireachta ar an nuachtán Anois i gcolún den teideal ‘Léite Pléite’, agus tá léirmheasanna anseo ag leithéidí Alan Titley, Thomáis Mhic Shíomóin, Nollag Uí Ghadhra, Phádraig Uí Snodaigh, Ré Uí Laighléis, agus, ar ndóigh, ag Risteárd Ó Glaisne.  Feictear léirmheasanna litríochta go rialta aige ar leathanaigh Inniu agus ba mhinic léirmheasanna aige ar an bpáipéar Amárach agus ar fhoilseacháin eile freisin.  Sa chás seo, ba bhall é de thraidisiún na léirmheastóireachta a tosaíodh le linn na hAthbheochana ar leathanaigh An Claidheamh Soluis le Pádraig Mac Piarais, agus chuir sé an-bhéim ar fheidhm agus ar thábhacht na léirmheastóireachta le tacú le litríocht na Gaeilge.  Nuair a tháinig Raidió na Gaeltachta ar an saol, scríobhadh sé léirmheasanna ar chláir a craoladh ar an stáisiún agus ar chláir Ghaeilge theilifís ar Raidió Teilifís Éireann.

Chomh fada siar leis an 31 Iúil 1956 ar Inniu, tá an chéad cheann de dhá alt leis an nGlaisneach faoi cheangal na bProtastúnach leis an nGaeilge, agus ba mhinic dó ag scríobh faoin ábhar seo ar irisí agus ar nuachtáin na linne – i mBéarla agus i nGaeilge.  D’fhoilsigh sé an leabhar Béarla To Irish Protestants i 1991, agus an leabhar Gaeilge Modhaigh: Scéal pobail – Scéal eaglaise i 1999, agus ba rímhinic dó ag iarraidh dáimh a chruthú idir an Protastúnachas agus an Ghaeilge – nó le bheith níos cruinne faoi, ag iarraidh an dáimh a chreid sé a bhí ann go nádúrtha a léiriú.  Foilsíodh agallamh a chuir sé ar Ian Paisley ar eagrán 9 Deireadh Fómhair 1964 de Inniu, agus ar ndóigh, scríobh sé leabhar faoin bhfear céanna i 1971 – Ian Paisley agus Tuaisceart Éireann.  Tá alt suimiúil aige faoi Neilí Ní Bhriain, a bhunaigh an iris Phrotastúnach An tEaglaiseach Gaedhealach in Feasta (Lúnasa agus Meán Fómhair 1979) freisin, agus scríobh sé beathaisnéis Thomáis Uí Fhiaich (1990), Phádraig Uí Fhiannachta (1995) agus Cosslett Uí Chuinn (1995) freisin.  

Conclúid

Mar sin céard é oidhreacht an Ghlaisnigh?  Agus an fiú breathnú ar a shaothar iriseoireachta in athuair?  Ba cheart cinnte meas a bheith ar a shúil ghéar agus ar a ghuth láidir neamheaglach, neamhspleách.  Ba cheart an t-intleachtóir, an tráchtaire, an t-iriseoir, an t-éacúiméinicí a cheiliúradh.  Is fiú d’iriseoirí an lae inniu éisteacht lena chomhairle faoi cheird na hiriseoireachta.  Molann sé in Don Ábhar Saoririseora (1980: 11) mar shampla gur ‘…fearr cloí le mór-smaoineamh soiléir éifeachtach amháin…’ agus molann sé freisin (1980: 29):

Léigh leabhair le Seosamh Mac Grianna, le ‘Máire’, le Niall Ó Dónaill, le Pádraig Óg Ó Conaire, le Tomás Bairéad, le Pádraig Ua Maoileoin nó cainteoirí dúchais eile a bhfuil Gaeilge shaibhir liofa (sic) curtha ar phár acu.  Léigh ailt le Breandán Ó hEithir nó le Dónall Mac Amhlaigh – féach chomh beo nádúrtha agus atá an Ghaeilge acusan i slite éagsúla.

Comhairle chiallmhar gan aon dabht, agus comhairle a chabhródh le duine ar bith a rachadh i mbun na hiriseoireachta Gaeilge.

Teastaíonn anailís níos géire ar chaighdeán agus ar ábhar a chuid scríbhinní ná mar a dhéantar anseo thuas, agus beidh deis é sin a dhéanamh in ailt eile amach anseo, ach ba dheas liom, áfach, críochnú le scéilín pearsanta, a léiríonn, a lách is a bhí Risteárd Ó Gaisne agus é ag plé le mac léinn óg máistreachta cúig bliana fichead ó shin.  Nuair a bhí an tráchtas máistreachta úd críochnaithe, cuireadh cóip chun bealaigh chuige.  Fuarthas freagra ar ais uaidh tamaillín ina dhiaidh sin, agus dúradh an méid thíos ann (Litir, 18 Nollaig 1993). 

…Ta fíor-áthas orm cóip den tráchtas seo a bheith agam, agus chun nach mbeidh tú go dona thíos lena chur chugam, seo istigh £20 chun cuidiú leat na costais a ghlanadh.  Níl a fhios agam an bhfuil sin iomarcach nó easnamhach, ach nóta seachas seic a chuirim chugat ar eagla nach mbrisfeá an seic, agus ar do bhás ná cuir an t-airgead ar ais chugam: tá sé tábhachtach agam nach gcuirfeá.  Is saor liomsa é a bheith agam ar an airgead sin.

Más féidir liom cuidiú leat in am ar bith ar shlí ar bith amach anseo, déan teagmháil liom…

Beannacht Dé ort.

Risteárd

 

Is léiriú níos soiléire, níos cruinne a bhfuil anseo ar an gcineál fir a bhí sa Ghlaisneach ná aon chur síos a d’fhéadfaí a dhéanamh in alt acadúil.  Táim buíoch de.

Aguisín: Liosta de na Leabhair a scríobh Risteárd Ó Glaisne:

Bun-Ghaeilge; a concise guide to Irish, 1962

Ian Paisley agus Tuaisceart Éireann, 1971

Raon mo Shiúil, 1972

Saoirse na mBan, 1973

Curriculum Vitae, 1973

Ceannródaithe, 1974

Scríbhneoirí na Nua-Ré, 1974

Conor Cruise O’Brien agus an Liobrálachas, 1974

Cuairt Ghearr: spléachadh ar na Stáit Aontaithe, 1975

Cad deir tú leis na hAlbanaigh? 1978

Don Ábhar Saoririseora, 1980

Raidió na Gaeltachta, 1982

Cúis náire – agus bróid: Proinsias Ó Mianáin agus cearta Gael, 1988

Tomás Ó Fiaich, 1990

To Irish Protestants, 1991

Dúbhglas de hÍde, 1991-93 (2 iml.)

Gaeilge i gColáiste na Tríonóide 1592-1992, 1992

Teilhard de Chardin i gcuibhrinn Éireannach, 1994

Pádraig Ó Fiannachta, 1995

Cosslett Ó Cuinn, 1995

Niall Brunicardi, 1997

Modhaigh: Scéal pobail – Scéal eaglaise, 1998

Denis Ireland, 2000

De bhunadh Protastúnach nó rian Chonradh na Gaeilge, 2000

Dí-armáil nó díothú: Éire, an Eoraip, an Domhan, 2001

Cearbhall Ó Dálaigh, 2001

Coláiste Moibhí, 2002

Esperanto: teanga idirnáisiúnta, 2004

Eagarthóir, 2005

Éire agus an Eite Chlé, 2007

 

[1]Foilsíodh roinnt den eolas atá san alt seo roimhe seo in ‘Craobh na hAiséirí, Glún na Buaidhe agus Bunú Inniu’. Irisleabhar Mhá Nuad, (1995: 75-110) leis an údar seo.  Tarraingítear air sin anseo le léargas a thabhairt ar Risteárd Ó Glaisne go sonrach.

[2] Féach: Ní Uigín, D. (1995b): 84-5 agus www.ainm.ie.

[3] Tá liosta a chuid leabhar le fáil ag deireadh an ailt seo.

[4] Féach freisin: Ní Uigín, D. (1995b): 101.

[5] Féach freisin: Ní Uigín, D. (1995b): 92.

[6]I measc na ndaoine eile a pléadh sa cholún seo bhí Proinsias Ó Conluain (27 Deireadh Fómhair 1950), Pádraig Óg Ó Conaire (3 Samhain 1950), Earnán de Blaghad (10 Samhain 1950), Niall Ó Domhnaill (17 Samhain 1950), Donn S. Piatt (1 Nollaig 1950).

Leabharliosta: 

Leabhair

Mac an Bheatha, P., (gd) I dTreo na Gréine. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Mac an Bheatha, P., (1967) Téid Focal le Gaoith. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Mac an Bheatha, P., (1983) Téann Buille le Cnámh. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó Cearnaigh, S., (1995) Scríbhneoirí na Gaeilge 1945-1995. Baile Átha Cliath: Comhar Teoranta.

Ó Glaisne, R., (1973) Saoirse na mBan. Baile Átha Cliath: Cló Grianréime.

Ó Glaisne, R., (1974) Scríbhneoirí na Nua-Ré, Iml. 1. Ceannródaithe: Tuairisc Iriseora. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó Glaisne, R., (1980) Don Ábhar Saoririseora. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó hUid, T., (1960) Ar Thóir mo Shealbha. Baile Átha Cliath: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ó hUid, T., (1985) Faoi Ghlas. Cathair na Mart: Foilseacháin Náisiúnta Teoranta.

Ailt

‘Guaire’, (1984) ‘Inniu, Lá agus Anois’.  An tUltach. Deireadh Fómhair, 25.

Mac an Bheatha, P., (1985) ‘Gaeilge Uladh i mBaile Átha Cliath’. An tUltach. Nollaig, 20.

Ní Uigín, D., (1992) ‘Deirdre’. An tUltach. Nollaig, 34-9.

Ní Uigín, D., (1995a) ‘Amárach: Nuachtán faoi bhreith an bháis ón tús’. Comhar. Márta agus Bealtaine, 18-21, 15-8. 

Ní Uigín, D., (1995b) ‘Craobh na hAiséirí, Glún na Buaidhe agus Bunú Inniu’. Irisleabhar Mhá Nuad, 75-110.

Ó Cairealláin, G., (1993) ‘Stairsheanachas . Lá. 11 Feabhra, 7.

Ó Gadhra, N., (1975) ‘Nuachtán Gaeltachta?’ Comhar. Iúil, 14-6.

Ó Glaisne, R., (1979) ‘Neilí Ní Bhriain’.  Feasta. Lúnasa, 20-3 agus Meán Fómhair, 13-8.

Ó Glaisne, R., (1982) ‘Plan to amalgamate Irish papers opposed’. The Irish Times, 10 Meitheamh, 16.

Ó Glaisne, R., (1983) ‘Mó Léirmheas ar Inniu’. Inniu, Márta, 49.

Ó Glaisne, R., (1984) ‘deValera and the Press: A Case Study in the History of Politics’.  M.P. Hederman & Kearney, R. (eag.) Media and Popular Culture. Iml. 8, Uimh. 2, 1984 de The Crane Bag. 34-9.

Ó Glaisne, R., (1988) ‘An Moinsíneoir Pádraig Eric Mac Fhinn’. Ó Fiannachta, P. (eag.) Irisleabhar Mhá Nuad, 125-43.

Ó Glaisne, R., (1990) ‘Protastúnaigh agus Conradh na Gaeilge’. Prút, L. (eag.) Dúchas 1986–1989. Baile Átha Cliath: Coiscéim. 237-62.

Ó Glaisne, R., (1994) ‘Douglas Hyde and the United States’. Thomas W. Ihde (eag.) The Irish Language in the United States, A Historical, Sociolinguistic, and Applied Linguistic Survey. Westport, USA: Bergin and Garvey. 9-17.

Ó hUid, T., (1984) ‘Nuachtán Náisiúnta na nGael’. Comhar. Meán Fómhair, 6-7.

Ó Murchú, M., (1984) ‘Nuachtáin’. An tUltach. Mí na Nollag, 7-10.

Foinsí Leictreonacha

www.ainm.ie

Milne, K., (2014) Nóta Beathaisnéise faoi Risteárd Ó Glaisne, Dictionary of Irish Biography on line.  Le fáil ag http://dib.cambridge.org/quicksearch.do;jsessionid=5290FE4B703BBF6A985B12289E965F0F (Léite: 1 Lúnasa 2016).

Eile

Ó Glaisne, R., (1992 & 1993) Comhfhreagras pearsanta le húdar an ailt.

Ó Glaisne, R., (1992) Agallamh le húdar an ailt.

The Irish Independent (2003) Tuairisc Bháis Risteáird Uí Ghlaisne, 23 Samhain.

The Irish Times (2003) Tuairisc Bháis Risteáird Uí Ghlaisne, 15 Samhain.

Ailt le Risteárd Ó Glaisne ar na nuachtáin agus na hirisí a leanas: Amárach, Anois, Comhar, Deirdre, Inniu, Lá.