Nótaí Beathaisnéise na nEagarthóirí 2017

Helen Conlon

Is as Contae Shligigh ó dhúchas í Helen.  Tá céim aici sa cheol ó Ollscoil Mhá Nuad agus Dioplóma Iarchéime san Oideachas ón ollscoil chéanna.  Bhain sí céim amach sa Ghaeilge Fheidhmeach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2015.  Tá sí i mbun staidéir ar an gcúrsa MA sa Léann Teanga faoi láthair.

Dolores de Bhál

Is as an Uaimh ó dhúchas í Dolores ach cónaíonn sí anois i gCathair na Gaillimhe. Ag tús a saoil oibre chaith Dolores seal i mBaile Átha Cliath ag obair mar oifigeach feidhmiúcháin sa Roinn Sláinte agus mar dhearthóir sóisearach córas leis an mBord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil. D’oibrigh sí ansin mar mhúinteoir bunscoile san Uaimh agus i gCathair na Gaillimhe. Chríochnaigh sí a saol oibre mar chigire scoileanna sa Roinn Oideachais agus Scileanna. Tá sí i mbun staidéir ar an MA sa Léann Teanga in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh faoi láthair.

Deirdre Ní Ghallchóir

Is as Contae Luimnigh í Deirdre, ach tá sí ina cónaí le fada i gContae Lú. Bhain sí Dioplóma sa Ghaeilge amach in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2009 agus tá sí i mbun an MA sa Léann Teanga san ollscoil chéanna faoi láthair. Tá sí ag obair mar phríomhoide ar Ghaelcholáiste ó 2011.

Daithí Ó Gallachóir

Is as Co. Mhaigh Eo do Dhaithí. Bhain sé céim amach sa Ghaeilge, Stair agus an Léann Éireannach ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2012. Chomh maith leis sin, tá Dioplóma Iarchéime sa Ghnó agus Teicneolaíocht an Eolais aige. Tá sé ag obair le Gnó Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh mar Oifigeach Forbartha agus tá sé i mbun an MA sa Léann Teanga faoi láthair.