Fáilte is fiche chuig an séú heagrán den Reiviú, iris acadúil atá á foilsiú ar bhonn bliantúil ag mic léinn an chúrsa MA sa Léann Teanga ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. Faightear léargas agus mionstaidéar ar réimse leathan ábhar chomh maith le hábhar machnaimh i scríbhneoireacht na rannpháirtithe. Is ábhar dóchais dúinn i mBliain seo na Gaeilge, an éagsúlacht saineolais á roinnt libh. Táimid cinnte go mbainfidh sibh sult agus fiúntas as an gcnuasach aistí seo.
San eagrán seo, déantar anailís ar cheisteanna a bhaineann le gnéithe éagsúla den saol sa lá atá inniu ann. Tá ceithre léirmheas ar leabhair nuafhoilsithe le fáil anseo freisin. Pléitear an iliomad ábhar san iris, ina measc forbairt an duine, an teicneolaíocht agus cúrsaí polaitíochta. Is cúis dóchais do thodhchaí na Gaeilge í go bhfuil líon suntasach alt curtha faoinár mbráid ó scríbhneoirí ó cheann ceann na tíre. Is léir go bhfuil an iris ag dul ó neart go neart de bharr dhúthracht na n-údar ar fad; gan iad, ar ndóigh, ní bheadh an iris ar an bhfód. Ár mbuíochas leo.
Ba mhaith leis an gCoiste Eagarthóireachta buíochas a ghabháil freisin leis na piarmheasúnóirí as ucht a gcuid oibre a chuir le hardchaighdeán na hirise. Táimid buíoch d’Fhoras na Gaeilge as an urraíocht fhlaithiúil a chuir siad ar fáil ó bunaíodh An Reiviú. Gabhaimid buíochas leis an dearthóir Shannon Reeves a chuireann slacht ar an iris gach bliain. Is mór againn an cúnamh a fuair muid ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge chomh maith. Táimid go mór faoi chomaoin acu ar fad. Rinne An Dr Dorothy Ní Uigín an obair faire ar an saothar. Cinnte, bheimis caillte gan an treoir fhoighneach dhíograiseach a chuir sí orainn, a choinnigh ar bhóthar ár leasa muid. Buíochas ó chroí léi.
Is mór an phribhléid dúinn gurbh é An Dr Tadhg Ó hIfearnáin a scríobh réamhrá na hirise seo agus is cúis áthais dúinn go raibh an scríbhneoir Ré Ó Laighléis ar fáil leis an iris a sheoladh. Is iomaí uair an chloig a chaith an coiste ag eagrú, ag profú agus ag tacú lena chéile. Ní neart go cur le chéile!
Go mbaine sibh taitneamh agus tairbhe as an léitheoireacht.
An Coiste Eagarthóireachta