An Gearrscéal Gníomhach

Padaí de Bléine

Le céad bliain anuas is é an gearrscéal an fhoirm litríochta is flúirsí dá bhfuil ann i Litríocht na Gaeilge.  Is gnách go dtéadh na hÉireannaigh ag airneáil sa tseanam mar mhodh siamsaíochta chun faoiseamh a thabhairt dóibh féin ó chruatan an tsaoil.  Bhíodh clú agus cáil ar an tír seo mar gheall ar na seanchaithe.  D’insíodh siad scéalta cois teallaigh i míonna fíochmhara an gheimhridh go háirithe agus bhí an traidisiún béil an-fhorleathan sa tír sa naoú haois déag.  Bhí ardmheas ag daoine ar an seanchaí agus ar na scéalta béaloidis agus bheadh sé dúshlánach don té a bhí ag iarraidh srianta agus cúinge an bhéaloidis mar fhoirm litríochta a léiriú.  Ar ndóigh, bhí forbairt ag teacht ar an tír agus bhí daoine ann a shíl go raibh foirm nua litríochta de dhíth a d’fhóirfeadh don tsochaí úr.  Mar a scríobh Rafriodi & Brown (1979: 14):

It seems, at least to the present author, that the short story has flourished in those countries where a vibrant oral culture is suddenly challenged by the onset of a sophisticated society.

Ba é an díograiseoir teanga Pádraig Mac Piarais a d’aithin cumhacht an ghearrscéil mar fhoirm nua litríochta agus a thug dúshlán an bhéaloidis.  Cé go raibh meas aige ar sheanscéalta agus ar bhéaloideas, bhí sé ag iarraidh an gearrscéal a úsáid leis an phrós a tharraingt isteach san fhichiú haois.  Scríobh an Piarsach eagarfhocal in An Claidheamh Soluis (26 Bealtaine, 1906: 7)  Thug sé ‘…a beautiful and gracious thing only in its own time and place’ ar an bhéaloideas ach ba léir gur shíl sé go raibh ré nua agus foirm nua próis de dhíth agus go raibh ré agus áit an bhéaloidis thart.

Ó aimsir na hAthbheochana anall bhí béim mhór ar an bhéaloideas agus ba iad na scéalta béaloidis ar éirigh leo na duaiseanna a thabhairt leo ag an Oireachtas bliain i ndiaidh bliana.  D’aithin an Piarsach luach an bhéaloidis ó thaobh saibhris de, ach bhí sé ag iarraidh téamaí comhaimseartha agus nua-aimseartha a phlé sa ghearrscéal.  Scríobh an Piarsach in An Claidheamh Soluis (2 Meitheamh, 1906: 6):

Now we hold that it is time for our Irish writers to make a brave effort to express themselves – to tell us what they think, or at any rate (if they do not think) what they feel.  So far, for the most part, they have not been doing this. They have simply been giving us photographic reproductions of everyday conversations in Irish speaking districts.  Their work in this direction has been most useful from certain points of view.  It has been invaluable in introducing students to the idioms of the living language.  But it is no more literature than would be a verbatim report of the daily conversation which goes on, say in the case room of our printing office.

 D’aontaigh O’ Leary (1994: 101) le tuairimí an Phiarsaigh nuair a scríobh sé: ‘Repeatedly, reviews of folk collections stress the beauty of the language, often virtually ignoring the narrative or imaginative qualities of the stories’.  Chaith an Piarsach a dhua ag iarraidh gearrscéalta a chumadh a dhéanfadh anailís ar charachtar agus ar intinn an duine seachas féachaint siar ar an tseansaol.  Bhí sé ag tabhairt dhúshlán an scríbhneora nua-aimseartha na ceisteanna seo a thógáil i bhfoirm an ghearrscéil sa tsochaí nua.

Is é a chuir mé romham san alt seo ná amharc ar fhorbairt an ghearrscéil mar shaothar próis in Éirinn agus ar mhodhanna éifeachtacha praiticiúla teagaisc ar nós ‘boscaí aibítre’, ‘dictogloss’, ‘lean mise’ agus gníomhaíochtaí idirghníomhacha eile, a chuirfidh ar chumas an mhúinteora nó an léachtóra na gearrscéalta a theagasc ar dhóigh spraíúil agus iad anois ar shiollabais ag an dara agus ag an tríú leibhéal.

Bhí an Piarsach den bharúil gur cheart do scríbhneoirí na Gaeilge amharc chun tosaigh agus an fhoirm nua litríochta seo a fhorbairt chun an teanga agus mothúcháin na scríbhneoirí a chaomhnú, a chothú agus a chur chun cinn.  Bhí an Piarsach ag impí ar na Gaeil a mbuanna litríochta a leathnú amach chun foirmeacha na hEorpa a áireamh ina stíl scríbhneoireachta.  Mar a scríobh sé in An Claidheamh Soluis (26 Bealtaine, 1906: 7):

We would have our literature modern not only in the sense of freely borrowing every modern form which it does not possess and which it is capable of assimilating, but also in texture, tone and outlook.  This is the twentieth century; and no literature can take root in the twentieth century which is not of the twentieth century.

Bhí sé ag iarraidh ar scríbhneoirí óga na lancaisí a bhaint díobh féin agus dul i mbun na gearrscéalaíochta.  Ar ndóigh, ba léir don Phiarsach nach dtiocfadh leat a bheith ag dúil go bhfóirfeadh meon ná múnlaí na seanlitríochta do théamaí agus éilimh an 20ú haois.  Mhol sé do na scríbhneoirí óga tabhairt faoin ghearrscéal mar chonachthas dó gurbh é seo foirm próis an 20ú haois agus an fhoirm ab fhóirsteanaí do nuaphrós na Gaeilge.  Thuig an Piarsach go gcaithfí beolitríocht a chur ar fáil le freastal ar riachtanais an aosa óig agus na ndaoine fásta araon agus nár leor feasta na seanscéalta béaloidis amháin le freastal orthu.  Shíl sé go raibh easpa scéalta ar fáil as Gaeilge a phléigh cúrsaí grá agus cúrsaí an uile lae.  Ní bheadh na gearrscéalta nua seo go díreach ag cur síos ar eachtraí, bheadh níos mó i gceist, mar a scríobh an Piarsach in (ACS, 7 Deireadh Fómhair 1905: 4), bheadh tréithe eile ann: …an analysis of character or a study of a psychological problem.  Rinne an Piarsach beart de réir briathair agus scríobh sé féin a lán gearrscéalta don ré nua agus é ag baint triail as teicnící nua-aimseartha.  Rinne an Piarsach cosaint ar a ghearrscéal féin ‘Íosagán’ nuair a cáineadh é ag rá:

It is the standard of a definite art form as opposed to the folk form.  I may or may not be a good standard bearer, but at any rate the standard is raised and the writers of Irish are flocking to it. (Mac Piarais, P., 1909 in O’Leary 1994: 91)

Ba mhór aige stíl agus foirm na ngearrscéalta ach d’aithin sé go raibh air seasamh a ghlacadh agus an fhoirm nua a chosaint ar cháineadh na ndúchasach.  D’aithin sé fosta a luachmhaire a bhí an gearrscéal mar fhoirm próis agus ghéill sé do theicnicí nua na Mór-Roinne leis an oscailt phléascach agus an cor sa scéal.  Is minic a bhíonn trí chéim le tabhairt faoi deara ina chuid scéalta mar atá: an t-ullmhúchán don eachtra a bhainfidh an príomhcharachtar as a ghnáthchleachtadh, an eachtra féin agus an cor nua a chuireann an eachtra sin i saol na príomhphearsan nó an t-athrú a théann i bhfeidhm ar an phríomhphearsa de bharr na heachtra sin.  Caithfidh muid cuimhneamh air nach raibh aontacht, snoiteacht ná simplíocht shultmhar mar seo le sonrú i saothar aon ghearrscéalaí Gaeilge eile roimh an Phiarsach.  Is follasach gur thaispeáin sé do scríbhneoirí eile go dtiocfadh le duine litríocht chruthaitheach a scríobh as Gaeilge.  Má amharcaimid ar an ghearrscéal ‘An Gadaí’ i gcomhthéacs na ngnéithe thuas, is léir gur lean an Piarsach a chomhairle féin sa ghearrscéal chéanna.  Ullmhaíonn sé an léitheoir don eachtra atá ag dul a tharlú leis an chur síos a dhéanann sé ar na gasúir nó ar na malraigh atá ag filleadh abhaile i ndiaidh lá scoile.  Tá na gasúir ag déanamh réidh le dul isteach i ngarraí an mháistir cionn is gur chuala siad go raibh ‘meacha an mháistir ag éirí’ nó go raibh na beacha ann ag déanamh meala.  Is fiú tabhairt faoi deara go bhfuil tagairtí don nádúr síos fríd an ghearrscéal seo, ábhar ar léir ó na hiarsmaí i Scoil Éanna agus ó scríbhinní eile an Phiarsaigh, go raibh dúil mhór aige ann.  Is fiú tabhairt faoi deara fosta go bhfuil an scéal lonnaithe i Ros Muc in aice le Loch Eiliúrach, ceantar a raibh an-dúil ag an Phiarsach ann agus mar ar lonnaigh sé cuid mhaith dá chuid scéalta.  Thiocfadh leis an léitheoir an gearrscéal seo a shamhlú ag faobhrú agus ag forbairt i gceann an scríbhneora agus an Piarsach ar cuairt ar Ros Muc.  Is follasach nár cheart do na malraigh dul isteach sa gharraí nuair is gá d’Antaine Beag Ó Mainnín fanacht le focal an fhaire a thabhairt, ach ag an am céanna, ní shíltear mórán den eachtra chéanna.  Leis an chur síos uilig ar na cineálacha éagsúla crann agus ar an gharraí féin, tá an Piarsach ár n-ullmhú don eachtra a bhainfidh an príomhcharachtar as a ghnáthchleachtadh.  Is iad an bhábóg agus teach na bábóige a ligeann Antaine Beag i gcathú agus a bhaineann as a ghnáthchleachtadh é nuair a shánn sé an bhábóg isteach faoina chasóg agus as go brách leis.  Goideann sé an bhábóg agus ar ndóigh, tá teideal an ghearrscéil againn dá bharr.  Is é an tríú gné a luann an Piarsach féin ná an cor a chuirfidh an eachtra seo i saol na príomhphearsan.  Téann an eachtra nó an ghadaíocht seo go mór i bhfeidhm ar Antaine Beag agus cuirtear cor ina shaol.  Bíonn a chuid mothúchán bunoscionn ar feadh tamaill de bharr na heachtra.  Tagann ionadh, áthas, náire, paranóia agus eagla air ach spéisiúil go leor, ní thagann aiféala air in am ar bith.  Cé go ndéarfaí gur drochghníomh é an ghadaíocht, cuireann an léitheoir an cheist air féin an drochghníomh é sa chás seo agus ar chóir go dtiocfadh aiféala ar Antaine mar gheall ar an ghníomh?  Ní ar mhaithe leis féin a rinne sé an gníomh ach ar leas a dheirféar agus is é seo croí na ceiste a chuireann an Piarsach orainn sa ghearrscéal seo.  An drochghníomh nó dea-ghníomh é?  Mar a mhaíonn Ó Faoláin (1948: 200):

I think it is safe to say that unless a story makes this subtle comment on human nature, on the permanent relationships between people, their variety, their expectedness, and their unexpectedness, it is not a short-story in the modern sense.

Ar ndóigh bhí an Piarsach ag iarraidh go dtarraingeofaí litríocht na Gaeilge isteach san 20ú haois agus bhí sé ag iarraidh ceisteanna móráltachta a thógáil agus cur síos a dhéanamh ar nádúr daonna agus ar mhothúcháin an duine aonair.  Éiríonn go geal leis an Phiarsach mothúcháin an duine óig a léiriú tríd an charachtar Antaine Beag sa ghearrscéal seo agus é a léiriú trí shúile an duine óig.  Mar atá scríofa ag Williams & Ní Mhuiríosa (1979: 363):

Is follas ó ghearrscéalta an Phiarsaigh gur fhan cuid mhór de mheon agus d’fhís an linbh ann; ba gheal leis go háirithe intinn an linbh agus an duine shimplí neamhurchóidigh a léiriú.

Aontaíonn Ní Dhonnchadha (1981) le tuairimí Williams agus Ní Mhuiríosa.  Maíonn sise gurbh é an tuiscint do nádúr agus d’iompar an pháiste an tréith is láidre ó thaobh ionramháil ábhar an scéil de. Is léir fosta ó ghearrscéalta an Phiarsaigh go raibh grá aige do pháistí na Gaeltachta agus don saol soineanta a chaith siad.  Scríobh sé féin in An Claidheamh Soluis (5 Eanáir, 1907: ): ‘Consider the Irish-speaking child.  He is the fairest thing that springs up from the soil of Ireland – more beautiful that any flower…wiser than any seer.’  Is é a dhála céanna le hAntaine é sa ghearrscéal seo.  Cruthaíonn an Piarsach carachtar a mbeidh dúil ag an léitheoir ann agus trua aige dó.  Méadaítear ar chruachás an ghasúir óig nuair a théann sé ar Aifreann agus nuair a labhraíonn an sagart ar an seachtú haithne.  Tá sé spéisiúil go bhfuil an smaoineamh go gcuirfidh an bhábóg biseach ar Eibhlín luaite seacht n-uaire síos fríd an ghearrscéal agus má rinne an Piarsach amhlaidh d’aon turas, shílfeá go raibh sé féin ag insint dúinne cén taobh ar a bhfuil seisean ar an cheist mhórálta seo agus go raibh Antaine cróga nuair a ghoid sé an bhábóg.  De réir O’Leary (1994:126) agus é ag tagairt don ghearrscéal ‘Bairbre’:

Pearse links such courage with an unquestioned sense of duty, an extraordinary capacity for endurance, a serene acceptance of self-sacrifice, although even in the most idealized world it is hard to swallow the heroic action of a homemade Gaeltacht doll that throws itself to its destruction to save the life of the little girl who has spurned it for a fancy store-bought product.

Thiocfadh linn an rud céanna a rá faoin bhábóg in An Gadaí – cad é mar is féidir le bábóg biseach a chur ar Eibhlín.  Maíonn O’Leary (1994) go raibh na carachtair seo a chruthaigh an Piarsach ina ghearrscéalta ina n-eiseamláirí agus an tslat a d’úsáidfeadh sé le fíormhuintir na hÉireann a thomhas.  Deir O’Leary go bhfuil na carachtair a chruthaigh an Piarsach rómhaith le bheith fíor ach gurbh é sin go díreach an rud a bhí an Piarsach ag iarraidh a dhéanamh.  Chruthaigh sé carachtair a raibh an mhaitheas go smior iontu leis na tréithe a shíl seisean a bhí luachmhar i nduine a léiriú.  Ar an dóigh chéanna sa ghearrscéal seo, cuireann an Piarsach an léitheoir ag smaoineamh ar an charachtar a rinne an ghadaíocht agus is féidir a rá gur éirigh leis a sprioc a bhaint amach mar sin.  Mar a mhaíonn Mac Grianna (1936: 29):

Le fiche focal a chur in aon fhocal amháin, is cosúla scéal gairid le dán filíochta ná le cruth ar bith eile litríochta.  Bogann sé an croí agus an intinn ar an dóigh chéanna a mbogann dán iad.  Dálta an dáin, níl bun cleite nó barr cleite isteach ann.  Nuair atá sé léite agat, ba chóir duit a bheith ag machnamh go domhain tostach, agus do chroí a bheith ag insint duit gur iontach an rud an saol.

Ní mór don léitheoir taobh éigin a ghlacadh sa ghearrscéal seo – aontú leis an Phiarsach go raibh leithscéal ag Antaine Beag Ó Mainnín nó an ghadaíocht a chur ina leith agus a rá gur gadaí é an gasúr óg.  Ar ndóigh is é Antaine príomhcharachtar an ghearrscéil seo agus níl na mioncharachtair eile ann ach le solas a chaitheamh air.  Is iad Eibhlín agus Neans Bheag na carachtair eile sa ghearrscéal a chuireann craiceann air agus a insíonn rudaí dúinn faoi Antaine. Maíonn Ó Faoláin (1976: 52):

…The limits of the Short Story are apparent.  It may not wander far: it has to keep close to it’s basepoint, within the bounds of place time and character; it will only carry a few characters, three at least, at best not more than three; there is not time, or space, for elaborate characterization – we are flying a kite not a passenger-balloon or an aeroplane…

Is léir go raibh a leithéid d’fhoirmle in úsáid ag an Phiarsach agus é ag cloí le líon na gcarachtar agus le foirmle ghonta an ghearrscéil.  D’éirigh leis bearna a líonadh agus teoiric a chruthú maidir leis an ghearrscéal.  D’éirigh leis fosta scéalta a chumadh agus litríocht sholéite a chur ar fáil.

Tá nótaí cuimsitheacha scríofa ag Mac Labhraí (2012) in Anam na Teanga ar an ghearrscéal seo.  Tá trí rannóg leis na nótaí céanna mar atá; teanga, tuiscint agus tuairimíocht. Maidir leis na nótaí ar theanga an ghearrscéil, roghnaíonn Mac Labhraí focail chasta nó frásaí deacra a bheadh doiligh a thuigbheáil ag dalta nó ag mac léinn.  Mínítear na focail agus na frásaí agus tugtar dóigheanna níos éasca leis na rudaí a rá.  Chuirfeadh an chuid seo go mór le foclóir an té atá ag staidéar an ghearrscéil.  Sna nótaí ar thuiscint an ghearrscéil, déanann Mac Labhraí cur síos ar mhothúcháin na gcarachtar agus ar thréithe na gcarachtar féin agus pléann sé an cheist lárnach – cad is peaca ann?  Sa chuid ar thuairimíocht, tugann Mac Labhraí deiseanna don léitheoir plé a dhéanamh ar an ghearrscéal ar dhóigh níos leithne.  Tógann sé ceist an scríbhneora féin agus an dóigh a raibh ar an Phiarsach a cheist mhorálta féin a réiteach maidir leis an Éirí Amach.  

Molaim go láidir nótaí Mhic Labhraí don léitheoir le dul i ngleic leis an ghearrscéal. Beidh mé féin ag díriú m’airde anois, áfach, ar dhóigheanna praiticiúla leis an ghearrscéal An Gadaí a theagasc.

An Gadaí

malraighbábógmeacha
ráithelochsconsa
trócairespíonáncathaoir
gualainncasógthaispeáin
paidreachamúinteoirbrionglóid
seachtúdeargteachín
garraían Satharnubh lachan

Figiúr a 1

Mar intreoir ar an ghearrscéal ó thaobh na teanga de, tá cluiche focal an-úsáideach.  Is straitéis é an cluiche seo le cur le teanga an fhoghlaimeora agus lena shuim a mhúscailt sa ghearrscéal sula léifear é.  Roghnaím thart ar 20 focal as an ghearrscéal féin, mar atá sa léaráid thall agus tugaim amach cóip an duine.  Iarraim ar na daltaí idir 30 soicind agus bomaite a chaitheamh ag amharc ar na focail. Ansin iarraim orthu an leathanach a thiontú droim ar ais agus cuirim roinnt ceisteanna orthu, cuir i gcás; cén ball éadaigh atá ar an leathanach? cén ball coirp atá ar an leathanach? cén cineál uisce atá luaite ar an leathanach? cén mothúchán atá air? agus araile.  Ar ndóigh beidh focail ann nach n-aithneoidh na foghlaimeoirí agus beidh deis ag an mhúinteoir nó ag an léachtóir ag an phointe seo cúpla focal nua dála, ‘malraigh’ agus ‘meacha’ a mhíniú sula dtosóidh sé ag léamh an ghearrscéil leo.  Is féidir na focail a athrú agus an cluiche a imirt sula léifear an gearrscéal agus fiú focail a roghnú a bheas sa chuid den ghearrscéal a léifear an lá sin.  Is proiséas é seo a éascaíonn an téacs don fhoghlaimeoir. Nuair a bheas an scéal léite ag na foghlaimeoirí agus iad measartha eolach ar ord agus imeachtaí an scéil is féidir cluichí a imirt a threiseoidh a gcuid eolais air.  I dtaca leis sin de, tá an cluiche ‘lean mise’ an-úsáideach (tá samplaí thíos).

 

1. Tá an gearrscéal seo lonnaithe i gConamara.

Cé a scríobh an gearrscéal seo?

Ba é Pádraig Mac Piarais a scríobh an gearrscéal.

Cad chuige a dtéann na malraigh isteach sa gharraí?

Mar chuala siad go raibh meacha an mháistir ag éirí.

Cén fáth a bhfuil eagla ar Mhicilín dul isteach sa gharraí?

Tá eagla air cionn is go mbeidh an máistir agus an mháistreas anoir ar ball.

Cé a fhanfas le ‘focal an fhaire’ a thabhairt do na malraigh eile?

 

Antaine Beag Ó Mainnín.

Cén sórt crann a bhí ag fás i ngarraí an mháistir?

Bhí crainn rós, crann spíonán agus crann úll ag fás ann.

Cad é eile a chonaic Antaine sa gharraí?

Figiúr a 2

Maíonn Funk (2002) go bhfuil freagracht mhór ar an teagascóir scil na héisteachta a chothú sna scoláirí agus sna mic léinn os a c(h)omhair agus is gléas an-mhaith é an cluiche seo le cur le scileanna éisteachta an fhoghlaimeora.  Is féidir leis an mhúinteoir nó an léachtóir líon na gceisteanna a roghnú ar a thoil féin.  Oibríonn an cluiche níos fearr má bhíonn ar a laghad dhá chárta ag gach scoláire nó ag gach mac léinn. Is léachtóir mé i gColáiste Ollscoile Naomh Muire agus is minic a bhainim úsáid as an chluiche seo leis na mic léinn.  Is minic a theagasc mé ar chúrsaí do mhúinteoirí sa Choláiste fosta agus oibríonn an cluiche seo ag gach leibhéal.  Bheadh sé úsáideach ag leibhéal GCSE nó ag Teastas Sóisearach nó Sinsearach. Ach is é an cuspóir atá leis an chluiche go gcuirfidh an duine a bhfuil an cárta aige an cheist atá scríofa ar a chárta féin.  Caithfidh sé an cheist a chur os ard os comhair an ranga agus déarfaidh an duine a bhfuil an freagra aige é os ard agus cuirfidh sé nó sí an cheist atá ar a chárta féin agus dá réir sin. Tugann an cluiche seo deis don fhoghlaimeoir a cheist féin a léamh os ard, éisteacht le foghlaimeoirí eile ag labhairt agus treisíonn sé a chuid eolais ar an ghearrscéal ag an am céanna. Ní bhíonn uimhir ar chárta ar bith ach amháin ar cheist 1 mar atá á leiriú thuas.  Is fearr na cártaí a thabhairt amach go randamach ionas go mbeidh ceisteanna agus freagraí ag teacht ó gach taobh den tseomra agus ionas go gcaithfidh na foghlaimeoirí a bheith ag éisteacht go cúramach lena chéile.  Ar ndóigh is féidir na ceisteanna a athrú agus iad a úsáid arís agus arís eile ag tús an ranga mar a bheadh litearthacht mheabhrach ann.  Nuair atá an gearrscéal léite agus pléite ag an rang is féidir ‘an bosca aibítre’ nó ‘alphabox’, Hoyt (2008), a úsáid leis na daltaí a chur ag obair lena chéile.  Is straitéis fhíormhaith é an bosca aibítre le heolas réamhfhoghlamtha a athmhúscailt in intinn an fhoghlaimeora agus le cur lena chuid eolais agus lena chuid foclóireachta.  Maíonn Hoyt (2008) go dtugann ‘alphabox’ deis do na daltaí dul i ngleic le téacs ar dhóigh éifeachtach.  Níl ann ach leathanach A3 nó A4 agus é roinnte i mboscaí agus litreacha na haibitíre scríofa isteach ann mar atá á léiriú thíos.

a

 

b

 

c

 

d

 

e

 

f

 

g

 

i

 

l

 

m

 

n

 

o

 

p

 

r

 

s

 

t

 

u

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Figiúr a 3

 

Caithfidh na daltaí a bheith ag obair i mbeirteanna agus iarracht a dhéanamh rud éigin, duine éigin nó focal éigin a bhaineann leis an scéal a scríobh sa bhosca cheart.  Cuir i gcás, rachadh Antaine agus aithne i mbosca A, bábóg, bronntanas agus biseach i mbosca B, crainn agus clocha móra i mbosca C, Darach agus dúchosach i mbosca D, Eibhlín i mbosca E agus dá réir sin.  Ag deireadh na gníomhaíochta thig leis an mhúinteoir nó an léachtóir ceist a chur ar an fhoghlaimeoir lena fháil amach cad é a chuir sé i mbosca áirithe.  Nuair a thugann an dalta an freagra is féidir tuilleadh craicinn a chur ar an fhreagra agus eolas ar an ghearrscéal a thógáil thart ar na freagraí ón rang uilig.  Má fhreagraíonn an foghlaimeoir go bhfuil Antaine aige i mbosca A, thig leis an mhúinteoir ceist a chur air maidir le hAntaine agus ar an chineál carachtair a bhí ann.  Mar a mhaíonn Beck, McKeown and Kucan, (2008) is gníomhaíocht é an bosca aibítre a thugann na focail chun beatha agus a chuireann sa chomhthéacs cheart iad.

Is cluiche eile é Cé atá ag iarraidh bheith ina mhilliúnaí? a chuireann go mór le teagasc agus foghlaim an ghearrscéil mar atá a léiriú sna samplaí thíos:

Figiúr a 4

Figiúr a 5

Is gníomhaíocht mhaith í ag deireadh an ghearrscéil le deis eile a thabhairt do na daltaí dul siar ar a bhfuil foghlamtha acu agus a gcuid eolais a dhaingniú ar dhóigh phléisiúrtha idirghníomhach.  Tugann sé deis fosta pictiúir a chur in airde ar an scáileán in aice leis na ceisteanna a chuideoidh leis an fhoghlaimeoir radhairc.  Is fiú go mór ar ndóigh úsáid a bhaint as drámaíocht leis an ghearrscéal a threisiú sa rang.  Cuirim ráitis as an scéal i gclúdach agus tugaim na clúdaigh amach do na daltaí sa rang – féach an léaráid ar dheis.  Caithfidh siad amharc ar an ráiteas atá acu féin agus é a chur i láthair os comhair an ranga gan focal a rá.  Thig leo mím nó frámaí reoite a úsáid chun an ráiteas a mhíniú don rang.  Is deis an-mhaith í seo do na daltaí eile forbairt a dhéanamh ar labhairt na teanga agus ar a gcuid eolais ar an ghearrscéal.  Ar ndóigh is féidir gníomhaíocht eile a fháil as an drámaíocht má iarrtar ar na daltaí seicheamh a dhéanamh ar na ráitis sa ghearrscéal ag deireadh na drámaíochta.  Is féidir fosta ‘dictogloss’ a úsáid le dul siar ar an scéal.  Sa ghníomhaíocht seo iarrann an múinteoir nó an léachtóir ar na foghlaimeoirí éisteacht leis/léi ag léamh cuid den ghearrscéal agus pictiúir bheaga a tharraingt ar leathanach A4 a léiríonn an chuid atá á léamh.  Maíonn Olshansky, (2008) go dtugann ealaín deis d’fhoghlaimeoirí iad féin a chur in iúl agus nasc a dhéanamh idir íomhánna céadfacha agus scileanna litearthachta. Caithfidh an foghlaimeoir úsáid a bhaint as na pictiúir a tharraing sé agus an chuid sin den ghearrscéal a athinsint do na daltaí eile sa rang.  Cuir i gcás dá léifeadh an múinteoir na habairtí seo a leanas: shuigh Antaine ar an sconsa, bhí crainn rós agus crainn spíonán agus crainn úll aige, chonaic Antaine teachín beag álainn faoi scáth crainn, thug léim den sconsa rug ar an mbábóg agus sháigh isteach faoina chasóg í, tháinig dath i leicne caite an chailín bhig a bhí tinn agus ach níor fhulaing sé pian i gceart go ndeachaigh sé chun Aifrinn Dé Domhnaigh, seans go dtarraingeodh an foghlaimeoir sraith pictiúr mar atá sa léaráid thuas.  Bheadh ar an fhoghlaimeoir an chuid sin den scéal a aithris ina chuid focal féin ag baint úsáid as na léaráidí a tharraing sé.

Figiúr a 6

Is léir go bhfuil na gníomhaíochtaí seo dírithe ar theagasc an ghearrscéil An Gadaí ach is léir fosta go bhfuil siad inaistrithe agus gur féidir iad a mhúnlú le cur le teagasc gearrscéil ar bith ar dhóigh ghníomhach.  Tá taithí phearsanta agam ag teagasc ag an dara agus ag an tríú leibhéal.  Cuireann na gníomhaíochtaí seo deiseanna ar fáil do na scoláirí nó na mic léinn fiú a bheith ag obair lena chéile agus ag síneadh a gcuid teanga agus cuireann siad deiseanna ar fáil do na múinteoirí nó na léachtóirí teagasc na litríochta a dhéanamh ar dhóigh chruthaítheach.  Scríobh Ó Dubhthaigh (1978: 19-43):

Má tá aon rud ag marú na Gaeilge sna hiar-bhunscoileanna faoi láthair, is í an litríocht atá á dhéanamh sin.  Cuirtear an oiread sin litríochta faoi bhráid na ndaltaí nach bhfuil ullamh dá leithéid, go dtuigtear dóibh gur gnó dodhéanta dóibh é an Ghaeilge a fhoghlaim.

Ina áit don litríocht a bheith ina dúshlan ba chóir di bheith ina gliondar agus is féidir seo a bhaint amach leis an teagasc idirghníomhach.  Tá buntáistí iontacha leis an teagasc a dhéanamh idirghníomhach rud a sheachnaíonn ceachtanna dúra leadránacha agus a thugann seilbh na foghlama don fhoghlaimeoir.  Má tá an foghlaimeoir páirteach san fhoghlaim is fearr a chuimhneoidh sé nó sí ar an cheacht.

Leabharliosta: 

 

Leabhair

Beck, I., McKeown, M. & Kucan, L., (2013) Bringing words to life. 1ú eagrán. Nua-Eabhrac: The Guilford Press.

Funk, D., (2002) Love & logic solutions for kids with special needs. 1ú eagrán. Golden, CO: Love and Logic Press.

Hoyt, L., (2008) Literacy by design. 1ú eagrán. Orlando, FL: Rigby.

Ní Dhonnchadha, A., (1981) An Gearrscéal sa Ghaeilge. Baile Átha Cliath: An Clóchmhar Tta.

Olshansky, B., (2008) The power of pictures. 1ú eagrán. San Francisco, CA: Jossey-Bass.

Ó Dubhthaigh, F., (1978) Múineadh na Gaeilge san iar-bhunscoil. Léachtaí Cholm Chille IX.

Ó Faoláin, S., (1948) The Short Story.  Corcaigh: The Mercier Press.

O’Leary, P., (1994) The Prose Literature of the Gaelic revival, 1881-1921 Ideology and Innovation. University Park, Pennsylvania: The Pennsylvania State University Press.

Mac Grianna, S., (1936) Pádraic Ó Conaire agus aistí eile. Baile Átha Cliath:  An Gúm.

Mac Labhraí, S., (2012) Anam na Teanga. Cló Iar-Chonnacht, Indreabhán, Conamara.

Rippier, J., (1976) The Short Stories of Seán Ó Faoláin: a study in descriptive techniques. Harper & Row Publishers, Inc, USA.

Rafriodi, P., & Brown, T., (1979) The Irish Short Story. Presses Universities de Lille.

Williams, J.E. Caerwyn & Ní Mhuiríosa, M., (1979) Traidisiún Liteartha na nGael. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar Tta.

 

Nuachtáin

Mac Piarais, P., (1906) An Claidheamh Soluis. Le fáil ag: https://issuu.com/cnag/docs/1906a. (Léite 6 Aibreán 2018)

An Claidheamh Soluis, 19 Bealtaine, 1906.

An Claidheamh Soluis, 26 Bealtaine, 1906.

An Claidheamh Soluis, 2 Meitheamh, 1906.

An Claidheamh Soluis, 5 January, 1907.          

An Claidheamh Soluis, 7 Deireadh Fómhair, 1905.