Dhá dtrian den damhsa an chosúlacht[1]- Súilfhéachaint ar an tSéimeantaic Chognaíoch i gCothú Tuisceana ar Chosúlachtaí agus ar Phatrúin Mheafaracha sa Ghaeilge

Áine Nic Niallais
Topaic(í): 

Réamhrá

Is minic i mbéal[2] an bhig is an mhóir an tábhacht a bhaineann le ‘saibhriú teanga’ i gcomhthéacs theagasc agus fhoghlaim na Gaeilge, ní gá ach ‘saibhriú teanga’ a chur in inneall cuardaigh Google agus feicfear an líon ard cúrsaí agus foinsí eile teanga lena luaitear an téarma ‘saibhriú teanga’.  Seachas leithéidí shárshaothar Uí Ruairc (1996), áfach, is annamh go leagtar méar ar bhealach daingean ar bith ar na patrúin éagsúla a bhaineann le nathanna coitianta sa Ghaeilge.[3]

Is i réimse na séimeantaice cognaíche a tugadh aghaidh ar an tábhacht a bhaineann le patrúin i gcúrsaí brí agus meafar i dteagasc agus i bhfoghlaim teangacha. Is mórphrionsabal de chuid na dteoiriceoirí sa réimse seo go mba thairbheach an cuidiú é d’fhoghlaimeoirí teanga, agus do theagascóirí teanga fosta ar ndóigh, a thuiscint nach próiseas randamach atá i gceist le forbairt na meafar i dteanga ach próiseas a bhfuil patrún ar leith ag baint leis, mar a áitíonn Boers (2000: 563): ‘Applying metaphoric themes as categories provides a framework for lexical organization, and organized vocabulary is known to be easier to learn than random lists’.

Dá bhrí sin, tugtar súilfhéachaint[4] san alt seo ar an úsáid a thig a bhaint as teoiricí na séimeantaice cognaíche chun cos a chur as an obair i dtaca le mionscagadh a dhéanamh ar fhoclóir Uí Dhónaill[5] chun patrúin a bhaineann le nathanna meafaracha sa Ghaeilge a aimsiú. Déantar é seo le súil is go bhféadfaí bonn níos struchtúrtha a leagan faoi fhoghlaim shaibhreas na Gaeilge agus, dá réir sin, go gcuideofaí linn craiceann a chur ar an úsáid a bhainimid aisti mar theanga ó lá go lá.

Ainneoin go bhfuil an bhéim san alt áirithe seo ar leas a bhaint as teoiricí na séimeantaice cognaíche chun patrúin a aimsiú sa Ghaeilge agus a léiriú gur ann do phatrúin chomhchosúla i dteangacha eile mar gheall ar an dóigh a bhfeidhmíonn intinn an duine, amharcfar faoi na fabhraí ar dhifríochtaí atá idir teangacha fosta, rud a tharraingeoidh aird ar an ghá atá le tionchar an Bhéarla a sheachaint sa Ghaeilge.[6]

Buneolas faoin tséimeantaic chognaíoch

Ba i dtús na n-ochtóidí san aois seo a chuaigh thart a cuireadh bonn láidir faoi ghluaiseacht na teangeolaíochta cognaíche nuair a tháinig saothair le glúin úr teoiriceoirí chun cinn (macasamhail Lakoff & Johnson (1980); Lindner (1983); Lakoff (1987), Brugman (1988);  Lakoff & Turner (1989); Langacker (1987 & 1991) etc.) agus é mar aidhm sna saothair sin dul go grinneall i dtaca le tuiscint a chothú ar chúrsaí teanga bunaithe ar eolas a bhí ag teacht chun cinn ar an aigne agus ar an intinn i réimsí gaolmhara eile.

Roimhe sin, mar chuid den teangeolaíocht fhoirmiúil, maíodh go raibh an ghné sin den intinn a bhain le teanga ar deighilt ó chodanna eile den intinn[7] agus, mar sin de, nach raibh ceangal díreach idir teanga agus próisis chognaíocha eile de chuid na hintinne.  Maítear, áfach, sa réimse sin den teangeolaíocht chognaíoch ina bpléitear go sonrach le cúrsaí brí, eadhon, an tséimeantaic chognaíoch, nach é amháin go bhfuil dlúthcheangal idir teanga agus córais chognaíocha eile na hintinne ach go bhfuil siad fite fuaite ina chéile nó gurb éard is teanga ann ‘an integral facet of human cognition’ (Langacker, 1991: 511).  Dá thairbhe sin, áitíodh go gcaithfí é sin a chur san áireamh i scagadh ar bith a dhéanfaí ar mhúnlú bríonna focal agus, dá réir sin, ar an mheafar fosta (Lakoff & Johnson, 2003; 3-6; Fauconnier & Turner 2002: 15; Condon & Kelly 2002: 209; Evans & Green, 2006: 40-1). [8]

Cíortar sa tséimeantaic chognaíoch an dóigh a bhfásann ilbhríonna focal, go háirithe bríonna meafaracha focal agus na patrúin a bhaineann leo, mar gheall ar an dóigh a ndéanann an duine catagóiriú ar rudaí comhchosúla san intinn bunaithe ar a eispéireas ina thimpeallacht fhisiceach.[9]  Tabharfar míniú gairid ar na coincheapa tábhachtacha seo anseo thíos. 

An catagóiriú

Luaitear an ‘catagóiriú’ mar léiriú ar an dlúthghaol seo a áitítear a bheith ann idir teanga agus córais chognaíocha na hintinne.  Is próiseas tábhachtach de chuid na hintinne é an catagóiriú a chuidíonn leis an duine rudaí a thuiscint trína rangú de réir na dtréithe comhchosúla agus na patrúin a bhaineann leo, mar a mhíníonn na síceolaithe Moran agus O’Connell sa tsaothar Timeless Wisdom: What Irish Proverbs Tell Us About Ourselves (2006) agus iad i mbun anailíse ar chuid de na patrúin a bhaineann le seanfhocail na Gaeilge:

...the process of assigning things to mental categories or ‘concepts’ on the basis of apparently shared characteristics is one of the most powerful and enduring ways in which people make sense of their experience. This is true because the world has so many different people, objects and events that we would be overwhelmed cognitively if we had to treat each one of them as distinct or unique. Therfore, mental categories are essential tools in our quest to simplify our experience.

Thug Mandler (1992: 587) le fios go gcuireann an páiste óg tús le rudaí nithiúla mórthimpeall air a chur i gcatagóirí bunaithe ar na cosúlachtaí a thuigtear dó a bheith eatarthu agus gur féidir leis an naíonán ord a chur ar eolas den chineál seo sa dara leath den chéad bhliain dá shaol.  Mhaígh Mandler (1992: 587) go gcuidíonn catagóirí sin na hintinne leis an naíonán brí a bhaint as an tsaol agus nithe úra atá á bhfoghlaim gach uile lá aige a thuiscint agus a chur i gcomhthéacs.  

Eispéireas an duine ina thimpeallacht fhisiceach

Chun cuidiú leis an duine tréithe rudaí a idirdhealú, nó na ‘correlated features’ a luann Mandler (1992: 587) thuas a aimsiú, chun catagóirí ar leith a chruthú, áfach, baineann an duine leas as an eolas atá aige ar an dóigh a bhfeidhmíonn a cholainn féin sa ghnáthshaol laethúil ina maireann sé.  Déanann an duine na naisc seo a chruthú bunaithe ar a thuiscint ó aois an-óg ar rudaí den chineál seo a leanas, cuir i gcás: an ghluaiseacht amach agus isteach i bhfoirgneamh agus i gcoimeádáin eile mar é; ar dhromchlaí áirithe a thugann tacaíocht don cholainn féin nó do rudaí nithiúla eile ina thimpeallacht; ar an tionchar a bhíonn ag an domhantarraingt ar an cholainn agus ar nithe eile mórthimpeall air.  

Tá an smaoineamh seo ar cheann de bhunchlocha na séimeantaice cognaíche, go mbaineann an duine leas as an tuiscint atá aige ar an dóigh ina maireann sé ina thimpeallacht, chun gach aon ní eile ina shaol a chatagóiriú dá réir.  Cé go bhféadfadh mar sin éagsúlachtaí a bheith i gceist idir an catagóiriú a dhéantar i dteangacha éagsúla ag brath ar an timpeallacht ina maireann an duine (i ndufair na hAmasaóine nó ar oileán amach ó Chósta na hÉireann, cuir i gcás), tá go leor i bpáirt acu chomh maith mar gheall air gur daoine a mhaireann sa domhan fhisiceach muid ar fad.  Seo mar a chuir Johnson (1987: xix) síos ar an tábhacht a bhaineann le gnátheispéiris an duine sa tsaol laethúil i dtuiscint nithe a thagann chun cinn sa tsaol sin agus dá réir sin i múnlú na brí:

The centrality of human embodiment directly influences what and how things can be meaningful for us, the ways in which these meanings can be developed and articulated, the ways we are able to comprehend and reason about our experience, and the actions we take.  Our reality is shaped by the patterns of our bodily movement, the contours of our spatial and temporal orientation, and the forms of our interaction with objects...human bodily movement, manipulation of objects, and perceptual interactions involve recurring patterns[10] without which our experience would be chaotic and incomprehensible.

 

Cruthú an naisc idir eispéiris laethúla agus coincheapa teibí

Áitíonn Lakoff (1987: 9), áfach, nach rudaí nithiúla amháin a aicmítear i gcatagóirí na hintinne, ach go mbaintear leas as an tuiscint atá againn ar na rudaí nithiúla chun coincheapa teibí, neamhchoincréiteacha, a chur i gcatagóirí fosta.  Gach aon am a mbíonn coincheap nua éigin le samhlú ag an duine, úsáideann sé na buntuiscintí seo atá bunaithe ar na heispéiris fhisiceacha atá múnlaithe cheana féin san intinn aige le himeacht a shaolré ó bhí sé ina naíonán, le brí a bhaint as an choincheap nua agus a chatagóiriú.

Tuigtear, mar shampla, sa Bhéarla agus i dteangacha eile go samhlaíonn an duine staideanna intinne mar choimeadáin, nó ‘containers’ mar a thugtar sa Bhéarla orthu, de thairbhe go bhfuil roinnt de na tréithe céanna ag roinnt leo araon, eadhon, go mbítear i sáinn uaireanta nuair a bhítear i staid intinne ar leith agus gur deacair teacht ‘amach’ as an staid sin etc.  De thairbhe na gcosúlachtaí sin, baintear leas as an fhoclaíocht cheanann chéanna a mbainfí úsáid aisti i gcás coimeádán fisiceach leis an dóigh a mothaíonn an duine agus é i staid intinne ar leith a chur in iúl, mar a léirítear sna samplaí áirithe seo a leanas sa Bhéarla: He’s in love, He entered a state of euphoria, He fell into a depression, He finally emerged from the catatonic state he had been in since the end of finals week, etc. (Lakoff & Johnson, 2003: 32) agus sa Ghaeilge fosta: Tá sé i ngrá (He is in love)[11]; Tá mo chroí istigh ionat (I love you to bits); Tá sé in umar na haimléise (He is in a miserable plight); Lig sé amach a racht (He gave vent to one’s feelings); Tiocfaidh tú as (you’ll get over it) etc.

Úsáidtear meicníocht an mheafair[12] chun nasc a chruthú idir na rudaí coincréiteacha agus na rudaí teibí chun gur féidir a gcatagóiriú agus, dá réir sin, a dtuiscint, agus friotal a chur orthu (Lakoff 1987: xiv).  Tabharfar míniú gairid ar mheicníocht an mheafair anseo thíos.

An meafar coincheapúil

Foilsíodh Metaphors We Live By (2003) den chéad uair i 1980 agus tá an-trácht déanta air sa chorpas ollmhór litríochta atá ann ar an tséimeantaic chognaíoch agus ar chúrsaí meafair.  Sa tsaothar iomráiteach seo, mhaígh Lakoff agus Johnson nach rud é an meafar a mbaintear úsáid as i gcúrsaí litríochta agus scríbhneoireachta amháin, mar a shamhlaítear go coitianta.  D’áitigh siad go bhfuil an meafar de dhlúth agus d’inneach i ngnáthshaol laethúil an duine, ina chuid friotail, ina chuid smaointe agus ina chuid gníomhartha: ‘...most people think they can get along perfectly well without metaphor. We have found, on the contrary, that metaphor is pervasive in everyday life...’ (Lakoff & Johnson, 2003: 3).

Mar a thuigtear san abairt mheafarach I’m at a crossroads in my life (Kövecses, 2010: 3) sa Bhéarla, is léir go ndéantar nasc a chruthú le réimse[13] coincréiteach, fisiceach saoil chun réimse teibí a chur i bhfocal.  Sa tséimeantaic chognaíoch, tugtar ‘an bunréimse’[14] ar an réimse choincréiteach, fhisiceach a úsáidtear chun tuiscint níos fearr a chothú ar réimse níos teibí ar a dtugtar an ‘spriocréimse’[15], mar a thaispeántar sa léaráid seo a leanas:

Léaráid 1: Sampla de nasc atá cruthaithe i dteangacha áirithe idir an bunréimse TURAS BÓTHAIR agus an spriocréimse AN SAOL

Na baill choirp mar bhunréimse i gcur in iúl choincheapa teibí an tsaoil

Luadh roimhe seo go mbaintear an-leas as an domhan fhisiceach mar bhunréimse chun coincheapa teibí an tsaoil a chur in iúl.  I measc na mbunréimsí is coitianta sa Bhéarla[16], luaitear corp an duine (the heart of the problem, to shoulder a responsibility etc.) (Kövecses, 2010: 18-22).  Ní comhtharlúint ar bith é go bhféadfadh an corp a bheith ina mhór-bhunréimse i gcuid mhór teangacha ar domhan, mar a luann Ning Yu ina alt ‘Metaphor from Body and Culture’ (Gibbs, 2008: 250):

...our body, with its experiences and functions is a potentially universal source domain for metaphorical mappings from bodily experiences onto more abstract and subjective domains.  This is because humans, despite their racial or ethnical peculiarities, all have the same body structure, and all share many common bodily experiences and functions, which fundamentally define us as being human.

Ní gá ach sracfhéachaint a thabhairt ar na hiontrálacha ar na baill choirp sa Ghaeilge i bhfoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill chun an méid seo a dhearbhú.  Tugtar smearléiriú anseo thíos ar na baill choirp mar bhunréimsí sa Ghaeilge agus an líon mór nathanna a fhásann as na bunbhríonna litriúla atá leo chun spriocréimsí, nó i bhfocail eile, bríonna gaolmhara meafaracha a chur in iúl.[17]  Tháinig dhá mhórphatrún chun cinn i dtaca le húsáid na mball corp sa Ghaeilge: (1) baill choirp an duine mar shuímh fhisiceacha mar a léirítear i Léaráid a 2 thíos agus (2) baill choirp an duine i nathanna meafaracha eile mar a léirítear i Léaráid a 3. 

Léaráid a 2: Baill choirp an duine mar shuímh fhisiceacha sa Ghaeilge

Léaráid a 3: Baill choirp an duine i nathanna meafaracha eile Gaeilge

Meafair Choincheapúla

Agus iad ag teacht le teoiricí na teangeolaíochta cognaíche, chuir Lakoff agus Johnson (2003: 7-9) in iúl nach próiseas iomlán randamach atá i gceist leis an dóigh a ndéantar nasc a chruthú idir réimsí éagsúla saoil san intinn.  Mhaígh siad go bhfuil fianaise i dteangacha an domhain, san iliomad meafar a mbaintear leas astu, go bhfuil córas cognaíoch ar leith i gceist i dtaca leis na réimsí ar leith a shamhlaítear le chéile agus patrún na nathanna a thagann chun cinn dá bharr sin.  Luaigh na húdair féin (2003: 9) gur ann do: ‘...a coherent system of metaphorical concepts and a corresponding coherent system of metaphorical expressions for those concepts’.

Tá flúirse nathanna cainte sa Bhéarla a léiríonn go mbaintear leas as an bhunréimse STRUGGLE chun tuiscint a chothú i dtaca leis an spriocréimse ARGUMENT, mar shampla: Your claims are indefensible; He attacked every weak point in my argument; I demolished his argument etc. (Lakoff & Johnson 2003: 4-5).  Is ann sa ghnáth-theanga laethúil do raidhse samplaí den chineál seo meafair ar a dtugtar an ‘meafar coincheapúil’ (Lakoff & Johnson 2003: 4), leithéidí: STATES ARE CONTAINERS[18], LIFE IS A JOURNEY; ARGUMENT IS A STRUGGLE a luadh go dtí seo san alt seo. [19]

Léiríonn na patrúin seo a thagann chun cinn i nathanna meafaracha teanga go bhfuil an gaol seo idir bunréimsí agus spriocréimsí áirithe réamhshocraithe i gcóras coincheapúil an duine agus go dtarraingíonn an duine arís agus arís eile ar bhealaí iomadúla, ilghnéitheacha[20], as na naisc réamhshocraithe atá idir na réimsí sin le tuiscintí ar choincheapa teibí a chur in iúl. Mar sin de, ní hé amháin go dtugtar léargas ar na patrúin a bhaineann le teanga mheafarach sna samplaí iomadúla seo ach tugtar léargas fosta iontu ar an dóigh a bhfeidhmíonn intinn an duine agus ar an dóigh a ndéanann an duine machnamh ar choincheapa teibí an tsaoil. 

Meafair choincheapúla i dteangacha éagsúla agus sa Ghaeilge

Mar a cuireadh in iúl roimhe seo, dírítear san anailís ar mheafair choincheapúla ar scagadh a dhéanamh ar chorpas mór fairsing nathanna i dteanga le teacht ar na patrúin ghinearálta a bhaineann leis na nathanna sin. Léiríodh i Léaráid a 2 agus a 3 gur féidir tabhairt faoi anailís den chineál seo sa Ghaeilge.

Sna hanailísí ar na meafair choincheapúla ar tugadh fúthu i dteangacha éagsúla eile, tugadh faoi deara gur ann do chuid mhaith de na meafair chéanna i dteangacha neamhghaolmhara ar fud na cruinne.  Mar shampla, is cosúil gur ann don mheafar THE ANGRY PERSON IS A PRESSURIZED CONTAINER sa Bhéarla, san Ungáiris, sa tSeapáinis, sa tSínis, sa tSúlúis  (Kövecses 2010: 198-202) agus sa Spáinnis (Soriano 2003), cé go bhfuil miondifríochtaí le sonrú i dtaca leis an dóigh ar leith a gcuirtear an meafar sin in iúl sna teangacha ar leith sin (Kövecses 2000; Soriano 2003).

Is ann do thraidhfil samplaí ina dtugtar le fios gur ann don mheafar choincheapúil THE ANGRY PERSON IS A PRESSURIZED CONTAINER sa Ghaeilge, leithéidí na samplaí seo a leanas as foclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill: Phléasc sé orm (he blazed out at me); Lig sé amach a chuid feirge orm (he vented his anger on me); brúchtadh feirge (outburst of anger).  Sa Ghaeilge fosta, samhlaítear AN FHEARG mar ní a gcaithfear a dhul i ngleic go fisiceach leis, mar a léirítear sna samplaí: Lig dó a fhearg a chloí; Fuair an fhearg bua air.  Samplaí iad seo den mheafar choincheapúil ANGER IS AN OPPONENT IN A STRUGGLE atá sa Bhéarla fosta agus a thagann chun cinn i nathanna macasamhail: He was battling his anger; You need to subdue your anger; I was seized by anger; etc. (Lakoff, 1987: 391).  Chomh maith leis na meafair seo uile atá i gcosúlacht ag an Bhéarla agus ag an Ghaeilge, tuigtear go bhfuil an meafar coincheapúil ANGER IS INSANITY (Lakoff, 1987: 390) sa Ghaeilge fosta mar a chuirtear in iúl sna nathanna Tá sé ar buile[21] / Chuaigh sé le báiní[22]/ Tá sé sin á mhearú[23] etc. agus den mheafar ANGER IS A BURDEN mar a léirítear i samplaí leithéidí Chuir sé corraí air / Nuair a d’imigh an fhearg de.

Cosúlachtaí agus éagsúlachtaí i dteangacha an domhain

Maítear, dá bhrí sin, sa tséimeantaic chognaíoch go bhfuil cosúlachtaí idir na meafair a úsáidtear i dteangacha éagsúla an domhain as siocair gur rud é an meafar a thagann chun cinn go príomha mar gheall ar phróisis na hintinne.  Dá ainneoin sin is uile, áfach, tuigtear go bhfuil tionchar fosta ag timpeallacht fhisiceach, stair, cultúr, struchtúr theanga dhúchais etc. an duine ar fhorbairt na teanga fosta, mar a mhíníonn Evans agus Green (2006: 101):

According to cognitive linguists, language not only reflects conceptual structure, but can also give rise to conceptualisation. It appears that the ways in which different languages ‘cut up’ and ‘label’ the world can differentially influence non-linguistic thought and action.

Ar an ábhar sin, cé gur féidir a áitiú go bhfuil cosúlachtaí áirithe idir meafair choincheapúla an Bhéarla agus na Gaeilge, mar a léiríodh i gcás an AN FHEARG, ní hionann i gcónaí na meafair a thagann chun cinn sa dá theanga chun coincheap ar leith a chur i bhfriotal.  Mar shampla, má thugtar spléachadh arís ar fhoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill, chun teacht ar shamplaí de nathanna a úsáidtear leis an choincheap HAPPINESS / AN SONAS a chur in iúl sa Ghaeilge, tuigtear go bhfuil roinnt de na meafair chéanna sa dá theanga ach go bhfuil éagsúlachtaí le tabhairt faoi deara fosta, mar a fheictear sa bhosca seo a leanas:

Meafair a úsáidtear le HAPPINESS a chur in iúl sa Bhéarla[24]

Meafair a úsáidtear le SONAS a chur in iúl sa Ghaeilge[25]

  1. HAPPINESS IS UP

Mar shampla:

We had to cheer him up

 

AN SONAS MAR STAID IN UACHTAR NÓ MAR GHLUAISEACHT IN AIRDE

Bíonn sé thuas seal, thíos seal (to have one’s ups and downs); Tá sé ar a sháimhín só (he feels happy); Tá sí ar rothaí an tsaoil (he is on top of the world); Tá siad ar mhuin na muice (you are on the pig’s back); tógáil croí ann (it cheers the heart);ardú meanman ann (it raises one’s spirits); D’ardaigh sé mo chroí (it lifted my heart); Thóg an scéala sin ár meanma agus ár misneach (that news raised our spirits and courage).

  1. HAPPINESS IS LIGHT

Mar shampla:

When she heard the news she lit up

 

AN SONAS MAR SHOLAS

Tháinig loinnir ina súile (her eyes lit up); Is mór an ghrianaíocht orainn é (it brightens things up for us);  grianán (person of a sunny disposition); Is duine gealgháireach í (she is a cheerful person); Gealann sé mo chroí (it gladdens my heart); Tháinig gealán ar mo chroí (my heart rejoiced); Las a súile le háthas (her eyes shone with joy).

(A mhalairt sa mheafar AN DONAS MAR DHORCHADAS: D’fhág bás a mhic croí dubh aige (his son’s death left him heavy-hearted);  Dhorchaigh a mheanma (his spirits became dampened); níl sé rógheal dúinn dá bharr (he is not very pleased with us on account of it.)

  1. HAPPINESS IS VITALITY

Mar shampla:

That put some life into them

 

AN SONAS MAR BHEOCHT

Ba mheanmnach an duine í (she was a spirited, cheerful person);meanma mhaith aige (he is in good spirits); Ba dhuine aigeanta í (she was a spirited, cheerful person); Nach anamúil an duine í (Isn’t she a lively, spirited person); Croí agus anam na cuideachta (life and soul of the party).

  1. HAPPINESS IS FLUID IN A CONTAINER

Mar shampla:

The sight filled them with joy

 

AN SONAS MAR LEACHT I gCOIMEÁDÁN

Tá sí lán d’aigne (she is full of life or high-spirited); Tá sí lán croí (she is full of life); Go gcuire do chupán thar maoil le sláinte is le sonas (May your cup overflow with health and happiness); Bhí siad ag dul as a gcraiceann le gliondar (they were jumping out of their skin with delight).

  1. HAPPINESS IS A RAPTURE

Mar shampla:

It was a delirious feeling

 

AN SONAS MAR THÁMHNÉAL

Bhí sí i dtrithí áthais nuair a chuala sí an dea-scéala (she was delirious with joy when she heard the news); Bhí sceitimíní uirthi nuair a chuala sí an scéala (she was filled with rapturous excitement when she heard the news). 

  1. HAPPINESS IS INSANITY

Mar shampla: They were crazy with happiness

AN SONAS MAR MHEARADH INTINNE

Bhí sé ar mire séin (he was ecstatically happy).

Níl an meafar seo coitianta, áfach.

Thiocfaí fosta a áitiú go mbaineann an sampla áirithe seo ‘ar mire séin’ le HAPPINESS IS UP (an chéad sampla sa bhosca seo) mar go bhfuil an réamhfhocal ‘ar’ i gceist anseo a chuireann ‘airde’ in iúl, mar atá sa tsampla ‘ar rothaí an tsaoil’.

  1. HAPPINESS IS A NATURAL FORCE

Mar shampla: We were carried away with happiness

AN SONAS MAR FHÓRSA NÁDÚRTHA

Níor tháinig mé ar aon sampla den mheafar seo sa Ghaeilge.

  1. HAPPINESS IS AN OPPONENT

Mar shampla:

She was overcome by joy

 

AN SONAS MAR CHÉILE COMHRAIC

Ghabh lúth é (he rejoiced).

Níl an meafar seo coitianta, áfach.

Tagraítear don bhrón mar chéile comhraic sa Ghaeilge, mar shampla, Tá sí cloíte ag an bhrón (he is conquered, worn out by sorrow).

  1. HAPPINESS IS ON

Níor tháinig mé ar aon sampla den mheafar seo sa Bhéarla.

AN SONAS AR AN DUINE[26]

Chuir sé sin lúcháir / áthas / gliondar, ríméad orm (it gladdened me / give me joy); Tháinig aigne air (he became cheerful); Chuir sé gliondar/sciatháin ar mo chroí (it made my heart glad).

Bosca a 1: Comparáid idir na meafair choincheapúla atá á n-úsáid sa Bhéarla agus iad siúd atá sa Ghaeilge chun coincheap an tsonais a chur i bhfocail

 

Cé gurb ionann roinnt de na meafair choincheapúla a mbaintear leas sa Bhéarla agus sa Ghaeilge astu le coincheap an tsonais a chur in iúl[27], mar a léirítear mar shampla i gcás HAPPINESS IS UP thuas, ní hionann go díreach na meafair choincheapúla sin uile sa dá theanga.  D’fhéadfadh corrshampla Gaeilge de mheafar 6, 7 agus 8 thuas a bheith ar fáil i bhfoinsí eile seachas i bhfoclóir Uí Dhónaill ach is léir nach bhfuil siad coitianta, rud a léiríonn nach bhfuil na naisc idir na réimsí sin chomh láidir céanna sa Ghaeilge agus atá sa Bhéarla.  Ní hann sa Bhéarla do mheafar a 9.

 

Tionchar an Bhéarla

D’áitigh Kövecses (2008: 52) go bhféadfaí leas a bhaint as anailísí a dhéanfaí ar an éagsúlacht a bhaineann leis na meafair choincheapúla i dteangacha éagsúla chun léargas a fháil ar fheiniméin chasta, shoch-chultúrtha; leithéidí na mothúchán, na polaitíochta, an mhachnaimh, na moráltachta, agus mar sin de.  I gcás na Gaeilge, áfach, atá ag teacht go mór faoi anáil an Bhéarla, d’fhéadfaí leas a bhaint as comparáidí den chineál seo thuas chun tionchar an Bhéarla a sheachaint sa Ghaeilge. Mar shampla, má ghlactar leis nach bhfuil meafar coincheapúil HAPPINESS IS AN OPPONENT coitianta sa Ghaeilge, thuigfí go mba cheart leaganacha a bhfuil an meafar sin i gceist iontu a sheachaint sa Ghaeilge.

Chomh maith le comparáidí díreacha idir an dá theanga mar atá á léiriú i mBosca a 1 thuas, is cinnte go bhféadfaí eolas ní b’fhearr a chur go ginearálta ar na patrúin choitianta a bhaineann le nathanna sa Ghaeilge, mar a rinneadh san alt seo i gcás na mball corp i Léaráid a 2 agus 3.  Chuideodh sé dua a chaitheamh leis na patrúin seo a theagasc agus a fhoghlaim chun nósanna den chineál seo a leanas a sheachaint:

Béarla

Aistriúchán díreach ón Bhéarla

Gaeilge (nathanna bunaithe ar bhaill choirp)

Don’t look down with disdain on people.

Ná bí ag amharc anuas ar dhaoine.

Ná bíodh do shrón san aer agat chuig daoine.

It is right there under your nose.

Tá sé ansin faoi do shrón.

Tá sé ansin os comhair do dhá shúil.

He has no leg to stand on.

Níl cos le seasamh aige uirthi.

Níl bonn ar bith lena chás / tóin gan taca atá aige.

There are two sides to every story.

Tá dhá thaobh ar gach aon scéal.

Tá dhá cheann ar gach aon scéal.

Bosca a 2: Samplaí ina léirítear gur féidir tionchar an Bhéarla a sheachaint trí eolas a chur ar na nathanna ina n-úsáidtear na baill choirp sa Ghaeilge

Seachas go díreach foclóir Uí Dhónaill a sheiceáil, is deacair a dhearbhú go cinnte an aistriúchán ón Bhéarla atá i gceist le leithéidí Níl cos le seasamh aige uirthi mar go bhfuil an meafar soiléir sa Ghaeilge, go díreach mar atá sa Bhéarla.  Tugann an chos tacaíocht don duine agus, ar an ábhar sin, níl an meafar ná an nath sin iomlán áiféiseach sa Ghaeilge.  Is féidir, áfach, a dhearbhú gur aistriúchán díreach ón Bhéarla atá i gceist le Ag tarraingt a choise a bhí sé ar He is pulling his leg mar nach bhfuil an meafar soiléir anseo sa Bhéarla.  Níl sé soiléir cad chuige a bhfuil nasc cothaithe san intinn sa chás seo idir ‘cos a tharraingt’ agus ‘a bheith ag magadh faoi dhuine’ agus, dá bhrí sin, is beag seans atá ann go dtarlódh sé go mbeadh an meafar doiléir céanna sa Ghaeilge.  Bíonn an nasc soiléir de ghnáth idir an bunréimse agus an spriocréimse i gcás na meafar coincheapúil sin atá coitianta i dteangacha éagsúla.

Focal Scoir

Baineadh leas san alt seo as teoiricí na séimeantaice cognaíche chun tuiscint a chothú ar fhás nathanna meafaracha i dteangacha.  Míníodh mar a thagann na nathanna sin chun cinn sa ghnáth-theanga laethúil bunaithe ar thuiscint an duine ar chosúlachtaí idir nithe fisiciúla agus neamhfhisiciúla an tsaoil.  Léirítear go mbíonn patrúin go minic ag baint leis na nathanna seo mar gheall ar na cosúlachtaí go léir a fheictear don duine a bheith idir réimsí éagsúla saoil.

Rinneadh iarracht a chur in iúl go bhfuil patrúin ag baint le nathanna meafaracha a úsáidtear go laethúil sa Ghaeilge, patrúin atá i dteangacha eile ar fud an domhain.  Tugadh le fios gur féidir leas a bhaint as comparáidí den chineál seo chun an buanú agus an saibhriú teanga a éascú.  Áitítear chomh maith go bhfuil leas le baint as anailísí den chineál seo chun na difríochtaí idir patrúin nathanna i dteangacha a thuiscint chomh maith chun an tionchar teanga a sheachaint, go háirithe tionchar an Bhéarla ar an Ghaeilge.

Cé gur nathanna meafaracha a bhí á scagadh anseo, díríodh go príomha ar na nathanna meafaracha sin a bhaineann leis an ghnáthchaint laethúil as siocair go bhfuil géarghá le teacht ar theicnící treisithe teanga i bhfoghlaim, i sealbhú agus i saibhriú na Gaeilge scríofa agus labhartha.  Ní thugtar ach smeareolas i dtaca leis na meafair uile atá sa teanga anseo chun aird a tharrraingt orthu ach is cinnte go bhféadfaí mionscagadh a dhéanamh ar an ábhar seo chun áis chuimsitheach, leictreonach a chur ar fáil ina gcuirfí an t-ábhar ar fáil don bheag agus don mhór ar bhealach físiúil, idirghníomhach, spleodrach, spreagúil.   

(Mo bhuíochas ó chroí leis an Ollamh Dónall Ó Baoill a spreag mo dhúspéis san ábhar seo.)

 

 

[1]appearances’ an bhrí a luaitear le ‘cosúlacht’ sa nath seo i bhfoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977) ach ‘similarities’ an bhrí atá i gceist agamsa san alt seo.

[2] Tá úsáid á baint as nathanna atá bunaithe ar na baill choirp anseo sa chéad alt mar go mbaineann sé sin go dlúth le hábhar an ailt, mar a léireofar anseo thíos.

[3] Ba é seo ábhar thráchtas neamhfhoilsithe PhD an údair, féach Nic Niallais (2012).

[4] Tá fairsinge mhillteanach i gceist leis an ábhar seo idir theoiricí, shamplaí agus úsáidí a thiocfaí a bhaint as an ábhar.  Faraor, de cheal spáis, ní dhéanfar ach bunghnéithe an ábhair a chur i láthair chun aird a tharraingt ar an tábhacht a bhaineann leis.     

[5] Is cinnte go bhfuil go leor meafar á gcur in iúl i saothair filíochta, phróis etc. sa Ghaeilge ach dírítear san obair seo ar na samplaí a dtugtar aitheantas i bhfoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill (1977) dóibh.

[6] Is cinnte go bhfuil ábhar ailt eile i gceist le tionchar an Bhéarla a chíoradh agus ní dheantar ach sracshúil a thabhairt san alt seo air.

[7] Mar shampla, na codanna sin a bhaineann leis an réasúnaíocht, leis an chuimhne, le cumas an duine tátal a bhaint as rudaí etc. (Evans & Green, 2006: 41).

[8] Féach The Cambridge Handbook of Metaphor and Thought (2008) le teacht ar thuilleadh eolais i dtaca leis an bhonn dhaingean, fhiseolaíoch atáthar ag cur faoin phlé seo ar phróisis chognaíocha an duine agus ar na meicníochtaí coincheapúla a thagann astu.

[9] Tá an-trácht san alt seo ar ‘an duine’ agus, mar sin de, baintear leas as na forainmneacha agus na forainmneacha réamhfhoclacha firinscneacha de bhrí go bhfuil an focal féin ‘duine’ firinscneach sa Ghaeilge.

[10] Is leis an údar an bhéim.

[11] Tugtar na leaganacha Béarla ar na nathanna Gaeilge san alt seo go díreach mar chuidiú don léitheoir sa scagadh seo ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí idir an dá theanga.  Mar shampla, tugtar le fios sa phlé seo ar an choiméadán fhisiceach go bhféadfadh an meafar céanna teacht chun cinn i dteangacha éagsúla ach, mar sin féin, tá sé tábhachtach go dtuigfí nach féidir na meafair áirithe sin a bhaineann le coimeádán fisiceach a aistriú díreach ó theanga amháin go teanga eile, mar shampla, níl an nath Tá mo chroí istigh ionat sa Bhéarla agus tá bealach iomlán difriúil leis an choincheap sin a chur in iúl, mar shampla, I love you to bits.  Mar sin de, in ainneoin go bhféadfadh na meafair choincheapúla chéanna a bheith i dteangacha éagsúla, ní hionann mar a chuirtear in iúl sna teangacha éagsúla sin iad. Scríobh Kövecses (2010: 216): ‘...two languages may share the same conceptual metaphor, but the metaphor is elaborated differently in the two languages’.

[12] Is ann do mheicníochtaí eile fosta, leithéidí na meatonaime, ach de cheal spáis, ní dhíreofar go sonrach ach ar mheicníocht an mheafair san alt áirithe seo.  D’fhéadfadh sé go mbeadh an mheatonaime i gceist i gcuid de na samplaí a luaitear mar go bhfuil dlúthghaol idir próiseas na meatonaime agus próiseas an mheafair, mar a luann Yu in Gibbs (2008: 249): ‘metonymy very often  is the link between bodily experience and metaphor in the mapping process from concrete experience to abstract concepts’.

[13] Is éard atá i gceist leis an téarma ‘réimsí’ nó ‘conceptual domains’ mar a thugtar sa Bhéarla orthu, mangarae de thaiscí eolais ina ndéantar eolas, smaointe agus eispéiris a bhfuil gaol acu le chéile a chatagóiriú san intinn.  Mar shampla, baineann na focail uile a bhaineann leis an choincheap AM leis an aon réimse choincheapúil amháin ina ndéantar na focail agus na struchtúir uile a bhaineann le ham a stóráil (Evans, 2006: 14).

[14] ‘Source domain’ a thugtar sa Bhéarla air seo.  Cuirfear na réimsí nó na ‘domains’ seo i gceannlitreacha ó seo amach san alt seo, mar shampla, TURAS BÓTHAIR, go díreach mar a rinneadh sna bunfhoinsí Béarla ar an ábhar seo.

[15] ‘Target domain’ a thugtar sa Bhéarla air seo.  Cuirfear i gceannlitreacha ó seo amach san alt seo iad, mar shampla, AN SAOL, go díreach mar a rinneadh sna bunfhoinsí Béarla.

[16] I measc na mbunréimsí coitianta eile a luaigh sé, bhí: sláinte agus tinneas (a sick mind); ainmhithe (He is a brute); plandaí (the fruit of her labour); foirgnimh agus tógáil (He’s in ruins financially); innill agus uirlisí (the machine of democracy); cluichí agus spórt (He’s a heavyweight politician); cócráil agus bia (That’s a watered-down idea); airgead agus beartais airgid (She invested a lot in the friendship); teas agus fuacht (in the heat of passion); solas agus dorchadas (a dark mood); etc.

[17] Ní thugtar san alt seo ach roinnt samplaí den líon ollmhór nathanna atá bunaithe ar na baill choirp sa Ghaeilge.

[18] Is mar seo a scríobhtar na meafair choincheapúla i saothar Lakoff agus Johnson (2003) agus i saothair eile ar an ábhar seo: TARGET DOMAIN IS SOURCE DOMAIN, mar shampla: STATES ARE CONTAINERS.

[19] Amharc anseo a leanas le teacht ar liosta cuimsitheach de mheafair choincheapúla a thiomsaigh Lakoff: http://www.lang.osaka-u.ac.jp/~sugimoto/MasterMetaphorList/metaphors/

[20] Féach mar shampla an cur síos atá ag Lakoff agus Turner (1989) ar na bealaí úrnua ina ndéantar na córais seo a aclú agus a fhairsingiú i dteanga, i gcumadh na filíochta go háirithe.  Maíonn siad: ‘Poets may compose or elaborate or express them [na meafair choincheapúla]  in new ways, but they still use the same basic conceptual resources available to us all. If they did not, we would not understand them’ (Lakoff & Turner, 1989: 26).

[21] Luaitear na bríonna ‘frenzy, madness’ le ‘buile’ ar www.dil.ie.

[22] Luaitear na bríonna ‘madness’ leis an fhocal ‘báinidhe’ in Dinneen (1927: 71).

[23] Luaitear an bhrí ‘act of setting or going mad or astray’ le ‘mearughadh’ in Dinneen (1927: 729).

[24] In Kövecses (2010: 107) a fuarthas an liosta seo de mheafair choincheapúla a úsáidtear sa Bhéarla chun HAPPINESS a chur in iúl.

[25] Bunaithe ar shamplaí a bhí i bhfoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill.

[26] Ar ndóigh, úsáidtear an réamhfhocal ‘ar’ chun mothúcháin eile a chur in iúl fosta sa Ghaeilge, mar shampla, Tá imní, fearg, díomá etc. orm.

[27] Is spéisiúil gurb iad na meafair áirithe seo atá i gcosúlacht ag an Bhéarla agus ag an Ghaeilge, eadhon, HAPPINESS IS UP, HAPPINESS IS LIGHT, agus HAPPINESS IS A FLUID IN A CONTAINER, a thagann chun cinn sna teangacha eile a ndearna Kövecses (2008: 53-54) anailís orthu, is iad sin, an tSínis agus an Ungáiris.

 

Leabharliosta: 

Leabhair

Brugman, C., (1988) The Story of Over: Polysemy, Semantics, and the Structure of Lexicon. Nua-Eabhrac & Londain: Garland Publishing, Inc.

Dinneen, P., (1927) Foclóir Gaedhilge agus Béarla. Baile Átha Cliath: The Educational Company of Ireland, Ltd.

Evans, V. & Green, M. (2006) Cognitive Linguistics: an Introduction. New Jersey & Londain: Lawrence Erlbaum Associates.

Fauconnier, G. & Turner, M., (2002) The Way We Think – Conceptual Blending and the Mind’s Hidden Complexities. Nua-Eabhrac: Basic Books.

Gibbs, R.W. jr., (ed.) (2008) The Cambridge Handbook of Metaphor and Thought. Nua-Eabhrac: Cambridge University Press.

Johnson, M., (1987) The Body in the Mind: The Bodily Basis of Meaning, Imagination, and Reason. Chiacago & Londain: The University of Chicago Press.

Kövecses, Z., (2010) Metaphor – a Practical Introduction. (2ú heag.). Nua-Eabhrac:: Oxford University Press (1ú heag. 2002).

Langacker, R.W., (1987) Foundations of Cognitive Grammar: Volume 1 Theoretical Prerequisites. Stanford, California: Stanford University Press.

Langacker, R.W., (1991) Foundations of Cognitive Grammar: Volume 2 Descriptive Applications. Stanford, California: Stanford University Press.

Lakoff, G. & Johnson, M., (2003) Metaphors We Live By. Revised Edition, Chicago & Londain: The University of Chicago Press (1ú eag. 1980).

Lakoff, G., (1987) Women, Fire, and Dangerous Things – What Categories Reveal about the Mind. Chicago & Londain: The University of Chicago Press.

Lakoff, G. & Turner, M., (1989) More than Cool Reason – A Field Guide to Poetic Metaphor. Chicago & Londain: The University of Chicago Press.

Moran, A. & O’Connell, M., (2006) Timeless Wisdom: What Irish Proverbs Tell Us About Ourselves. Baile Átha Cliath: University College Dublin Press.

Ó Dónaill, N., (eag.) (1977) Foclóir Gaeilge-Béarla. Baile Átha Cliath: An Gúm.

Ó Ruairc, M., (1996) Dúchas na Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life Teoranta.

Whorf, B.L., (1956) Language, Thought and Reality: Selected Writings by Benjamin Lee Whorf, Carroll, J. ed., Cambridge, MA: MIT Press.

Ailt

Boers, F., (2000) ‘Metaphor Awareness and Vocabulary Retention’. Applied Linguistics. 21(4), 553-71.

Condon, N. & Kelly, P., (2002) ‘Does Cognitive Linguistics have anything to offer English language learners in their efforts to master phrasal verbs?’ ITL Review of Applied Linguistics. 137/138, 205-31.

Mandler, J. M., (1992) ‘How to Build a Baby: II. Conceptual Primitives’. Psychological Review. 99(4) 587-604.

Foinsí Leictreonacha

Kövecses, Z., (2000) ‘The Concept of Anger: Universal or Culture Specific?’ Psychopathology. 33. 159-70. Le fáil ag: file:///C:/Users/0082071s/Downloads/anger1.pdf (Léite 5 Márta 2018)

Kövecses, Z. (2008)  ‘Universality and Variation in the Use of Metaphor’. Selected Papers from the 2006-2007 Stockholm Metaphor Festivals. 51-74. Le fáil ag: file:///C:/Users/0082071s/Desktop/Kovecses_Universality-and-Variation-in-the-Use-of-Metaphor.pdf (Léite 5 Márta 2018)

Soriano, C. (2003) ‘Some Anger Metaphors in Spanish and English. A Contrastive Review’. International Journal of English Studies, 3(2). 107-22. Le fáil ag: http://revistas.um.es/ijes/article/view/48381/46341 (Léite 5 Márta 2018)

www.dil.ie

www.teanglann.ie

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Lindner, S.J., (1983) A Lexico-Semantic Analysis of English Verb Particle Constructions with OUT and UP. Tráchtas neamhfhoilsithe, Indiana University.

Nic Niallais, Á., (2012) Ag teacht isteach orthu: Gnéithe de Chomhréir agus de Shéimeantaic Bhriathra Frásacha na Gaeilge, Tráchtas neamhfhoilsithe, Béal Feirste, Ollscoil na Banríona.