Oideolaíochtaí um Theagasc an Léireolais do Bhunmhúinteoirí faoi Oiliúint[1]

Aisling Ní Dhiorbháin
Topaic(í): 

Achoimre

Déanfar cur síos sa pháipéar seo ar thionscadal taighde modhanna measctha leabaithe (CAINN (cáil))[2] a cuireadh i bhfeidhm le hiniúchadh a dhéanamh ar cé acu cur chuige follasach, cur chuige déaduchtach nó cur chuige ionduchtach-follasach, ab éifeachtaí le forbairt a dhéanamh ar léireolas[3] grúpa bunmhúinteoirí faoi oiliúint (MFO) sa Ghaeilge.   Grúpa MFO (N = 75) sa dara bliain den chéim Baitsiléara san Oideachas (BOid) a bhí mar rannpháirtithe sa taighde.  Cuireadh cur chuige ionduchtach-follasach i bhfeidhm le dhá ghrúpa agus cur chuige déaduchtach i bhfeidhm le dhá ghrúpa, agus ní raibh aon idirghabháil sa dá rang-ghrúpa eile, a d’fheidhmigh mar ghrúpa cóimheasa sa chuasai-thriail.  Mhair an idirghabháil caoga nóiméad sa tseachtain i rith ocht seachtaine sa chéad seimeastar den bhliain acadúil 2015/2016, agus ba í an taighdeoir féin a bhí mar theagascóir ar na grúpaí turgnamhacha.  Léirigh torthaí cainníochtúla an staidéir tomhas mór éifeachta don dá chur chuige follasacha, le claonadh i dtreo an chur chuige ionduchtach-follasaigh mar an cur chuige is éifeachtaí i gcodanna áirithe den triail.

Bailíodh eolas cáilíochtúil ó dhá ghrúpa fócais (n = 12) le léargas a fháil ar dhearcadh na MFO i leith na hidirghabhála.  Tugann an t-eolas cáilíochtúil le fios go bhféadfadh leas sa bhreis a bheith ag cur chuige ionduchtach-follasach in oideachas MFO i dtaobh múnlú a dhéanamh ar oideolaíocht a bheadh inmholta don seomra ranga bunscoile.  Sonraíonn torthaí an taighde gur chóir cur chuige follasach a chur i bhfeidhm i dteagasc an léireolais do MFO sna hinstitiúidí oideachais, agus gur chóir neart ama a thabhairt dó.  Eascraíonn moltaí ón taighde d’oideachas MFO sa Ghaeilge.

Cúlra

Tá claochlú tagtha ar an tuiscint atá againn ar an múinteoireacht agus chuige sin ar oideachas múinteoirí le blianta beaga anuas.  Sa lá atá inniu ann aithnítear an mhúinteoireacht mar ghairm a bhfuil disciplín eolais ar leith ag baint léi (Darling-Hammond, 2016; Loughran & Russell, 2007).  Ba é bunús an tsaothair seo ná go dteastaíonn ardchaighdeán eolais ábhair mar chuid amháin de shaineolas gairmiúil an mhúinteora éifeachtaigh.  Mar a deir Darling-Hammond, ‘it stands to reason that student learning should be enhanced by the efforts of teachers who are more knowledgeable in their field and are skillful at teaching it to others’ (2000: 32-3).  Áitíodh sa staidéar seo, cé nach bhfuil sa léireolas ach fochuid den saineolas gairmiúil a theastaíonn ó bhunmhúinteoirí le Gaeilge a theagasc go héifeachtach, gur dlúthchuid dá saineolas ábhair é.

Is é atá sa léireolas ná eolas comhfhiosach fógrach[4] faoi theanga ar féidir leis an úsáideoir teanga tarraingt air mura mbíonn brú ama air (Ellis, 2005, 2015).  Tá sé an-tábhachtach soiléiriú a dhéanamh don léitheoir ar an sainmhíniú ar léireolas a threoraigh an staidéar seo.  Bhí dhá leibhéal feasachta i gceist:  (1) tabhairt-faoi-deara chomhfhiosach ar spriocstruchtúir ghramadaí agus (2) eolas riailbhunaithe a fhógairt ar spriocstruchtúir ghramadaí (Schmidt, 2001).  Feidhmíonn tabhairt-faoi-deara ar an spriocstruchtúr mar chéad chéim i bpróiseas na foghlama.  Éilíonn fógairt an eolais riailbhunaithe tuiscint an fhoghlaimeora ar an struchtúr, agus leibhéal feasachta níos airde ná an tabhairt-faoi-deara amháin.  Áiríonn an dara leibhéal feasachta seo ginearálú a dhéanamh faoin struchtúr.  

Baintear úsáid as an gcoincheap ar ghlaoigh Shulman (1986, 1987) eolas ábhair oideolaíoch (pedagogical content knowledge, nó PCK) air, le plé a dhéanamh ar an gcineál eolais ábhair a bhíonn de dhíth i suíomh an teagaisc.  Is éard is brí le PCK, ná eolas ina bhfuil cumasc de shaineolas ábhair le scil oideolaíoch a thagann chun cinn sa teagasc agus san fhoghlaim bhríoch.  Nuair a bhíonn ardchaighdeán PCK ag an múinteoir teanga, bíonn dea-thionchar aige ar thorthaí foghlama sa rang (Evens, Elen, Depaepe, 2016).  Sonraítear léireolas ar an teanga teagaisc mar chuid amháin de PCK an mhúinteora éifeachtaigh teanga (Andrews, 2007).

Maíonn Andrews (2007) go dteastaíonn dhá chineál saineolais ábhair ó mhúinteoirí teanga le bheith ina múinteoirí éifeachtachta: is iad sin (1) eolas feidhmeach ar theanga, is é sin inniúlacht fheidhmeach sa teanga teagaisc, agus (2) eolas faoin teanga, is é sin léireolas nó eolas fógrach ar struchtúir na teanga (Andrews, 2007).  Ba é an dara cineál saineolais ábhair a bhí faoi chaibidil sa staidéar seo.  

Míníonn Andrews go bhféadfadh caighdeán an léireolais tionchar a bheith aige ar chumas an mhúinteora: tabhairt faoin teagasc foirm-dhírithe; díriú ar fhoirm na teanga go teagmhasach sa rang; áiseanna teagaisc a chur in oiriúint do riachtanais na bhfoghlaimeoirí; míniúcháin a thabhairt ar cheisteanna faoin ngramadach; aiseolas ceartaitheach éifeachtach a thabhairt; mar aon le hionchur agus le haschur atá cruinn agus oiriúnach a sholáthar d’fhoghlaimeoirí.  Soilsíonn Borg (2003) tábhacht an léireolais i dtaobh chognaíocht an mhúinteora.  Tá sé léirithe aige go seachnaíonn múinteoirí a bhfuil leibhéal íseal léireolais acu obair spontáineach ar an ngramadach, go gcloíonn siad go docht leis an téacsleabhar agus nach dtéann siad i ngleic le hobair ghramadúil mura mbíonn réamhphleanáil déanta acu.  Os rud é go bhfuil gach múinteoir bunscoile ina mhúinteoir Gaeilge, ní mór go mbeadh caighdeán sásúil léireolais sroichte acu ar bhaint amach na céime dóibh.

Tá mórán taighde ann a thugann le fios go mbíonn tionchar dearfach ag an teagasc ar fhoghlaim an dara teanga nó teanga bhreise (Goo, Granena, Yilmaz & Novella, 2015; Norris & Ortega, 2000).  Léirítear go bhfuil teagasc follasach ar fhoirmeacha gramadaí (is é sin nuair a thugtar míniúchán ar an riail ghramadaí mar chuid den teagasc, nó nuair a threoraítear foghlaimeoirí le teacht ar an riail iad féin) níos éifeachtaí ná oideolaíocht intuigthe nach dtarraingíonn aird fhollasach ar bith ar fhoirm na teanga (Goo et al., 2015; Norris & Ortega, 2000).  Cé gur léir dúinn éifeachtacht an teagaisc fhollasaigh i dteagasc an léireolais, ní fios cén cineál cur chuige fhollasaigh is éifeachtaí.

Bronnann an cur chuige follasach dhá rogha oideolaíochta ar an oideoir múinteoirí, is iad sin an riail a chur i láthair go follasach d’fhoghlaimeoirí, mar a tharlaíonn i gcás an chur chuige dhéaduchtaigh, nó foghlaimeoirí a threorú leis an riail a aimsiú agus a fhógairt iad féin, mar a tharlaíonn i gcás an chur chuige ionduchtach-follasaigh.  Is é an cur chuige déaduchtach an modh múinte is traidisiúnta agus is coitianta i dteagasc an léireolais, agus tá sé léirithe sa taighde go mbíonn leisce ar mhúinteoirí imeacht uaidh (Larsen-Freeman, 2015).  Tá an cur chuige déaduchtach lonnaithe i múnla teoiriciúil an iomprachais, agus an múinteoir ag díriú ar sheachadadh an eolais chuig foghlaimeoirí.  Ar an láimh eile is cur chuige taiscéalaíoch faoi threoir atá sa chur chuige ionduchtach-follasach atá fréamhaithe i múnla teoiriciúil an tógachais shoch-chultúrtha.  Áitítear sa litríocht, mar gheall go n-éilíonn próiseas na foghlama ionduchtaigh dianphróiseáil ar rialacha ón bhfoghlaimeoir, cabhraíonn sin leis tuiscint agus cuimhne níos fearr a bheith aige ar an riail i ndiaidh an teagaisc (Craik & Lockhart 1972; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2016).   Tagann an cur chuige ionduchtach-follasach le coincheap an oideachais mar phróiseas tógachaíoch (Vygotsky, 1978).   Pléifear ar ball, faoi a d’fheilfeadh cur chuige ionduchtach do theagasc na gramadaí in oideachas múinteoirí, d’fhonn múnlú a dhéanamh ar oideolaíocht don seomra ranga bunscoile.

Cé go bhfuil corpas taighde ann a bhaineann leis an gcur chuige déaduchtach, is beag taighde atá déanta ar an gcur chuige ionduchtach-follasach.  As an mbeagán taighde atá déanta, sna cásanna ina bhfuil comparáid déanta idir an cur chuige déaduchtach agus an cur chuige ionduchtach-follasach, tá claonadh i dtreo an chur chuige ionduchtach-follasaigh mar an cur chuige is éifeachtaí (Glaser, 2014).  

Rinne an taighde seo iniúchadh ar cé acu cur chuige follasach is éifeachtaí le forbairt a dhéanamh ar léireolas grúpa MFO, cur chuige déaduchtach nó cur chuige ionduchtach-follasach.  Chomh maith leis sin, d’fhiosraigh an staidéar dearcthaí na MFO i leith an dá chur chuige fhollasacha.

Is í an chéim Bhaitsiléara san Oideachas (BOid) an fhochéim atá riachtanach le teagasc mar bhunmhúinteoir i bPoblacht na hÉireann agus soláthraíonn ceithre institiúid oideachais sa tír oideachas tosaigh do bhunmhúinteoirí. Déanann gach MFO staidéar ar Ghaeilge Ghairmiúil, is í sin Gaeilge fheidhmeach, agus ar Mhúineadh na Gaeilge, is é sin cúrsa modheolaíochta ar theagasc na teanga mar chuid éigeantach den chlár BOid.  Díríonn an cúrsa sa Ghaeilge Ghairmiúil ar scileanna éisteachta, labhartha, léitheoireachta agus scríbhneoireachta na MFO a fhorbairt trí thascanna ilghnéitheacha teanga a bhfuil an ghramadach mar chuid díobh.  Cuireadh an idirghabháil fhoirm-dhírithe sa staidéar seo i bhfeidhm le linn sheimineár Gaeilge MFO a bhí sa dara bliain BOid.  Tá 22 uair sa bhliain acadúil, is é sin 50 nóiméad seimineáir sa tseachtain, ag dul don Ghaeilge Ghairmiúil ar an amchlár BOid2 san institiúid oideachais ina ndearnadh an taighde seo.

Modheolaíocht an Taighde

Dearadh an taighde

Ba dhearadh taighde modhanna measctha leabaithe (CAINN (cáil)) a cuireadh i bhfeidhm sa staidéar seo.  Oireann an dearadh leabaithe do staidéar nuair a éilítear eolas éagsúil ó phríomhcheist agus ó cheist thánaisteach an staidéir, mar a tharla i gcás an tsaothair seo (Creswell & Clark, 2011).

Ba í príomhcheist an taighde ná:

Cé acu cur chuige follasach is éifeachtaí le forbairt a dhéanamh ar léireolas MFO sa Ghaeilge, cur chuige déaduchtach nó cur chuige ionduchtach-follasach?

Ba í ceist thántaisteach an taighde ná:

Cén dearcadh a bheadh ag na MFO i leith an chur chuige dhéaduchtaigh agus i leith an chur chuige ionduchtach-follasaigh?

Dearadh cuasai-thriail le hiniúchadh a dhéanamh ar phríomhcheist chainníochtúil an taighde.  Bhí 6 rang-ghrúpa sa Ghaeilge Ghairmiúil  BOid2 (N = 75) páirteach sa triail, a mhair ocht seachtaine sa chéad seimeastar den bhliain acadúil 2015/2016.  Cuireadh an cur chuige ionduchtach-follasach i bhfeidhm le dhá ghrúpa, cuireadh cur chuige déaduchtach i bhfeidhm le dhá ghrúpa eile, agus ní dhearnadh aon idirghabháil ar leith leis an dá rang- ghrúpa eile a d’fheidhmigh mar ghrúpa cóimheasa sa triail.  Mhair an tréimhse teagaisc 50 nóiméad sa tseachtain.  Mhúin an taighdeoir féin na grúpaí turgnamhacha agus mhúin teagascóir eile an dá ghrúpa chóimheasa.  Le cur le bailíocht an taighde ba dhearadh am-sraitheanna a cuireadh i bhfeidhm.  Dearadh trí leagan de thriail ghramadaí le bheith mar réamhthriail (Céim a hAon: roimh an idirghabháil); iarthriail (Céim a Dó: díreach i ndiaidh na hidirghabhála), agus iarthriail mhoillithe (Céim a Trí: seacht seachtaine tar éis na hidirghábhla).

Bailíodh eolas cailíochtúil ó dhá ghrúpa fócais le seisear ionadaithe ón ngrúpa ionduchtach agus seisear ionadaithe ón ngrúpa déaduchtach (n=12).  Reáchtáladh na grúpaí fócais ag am lóin, ag Céim a Dó, díreach i ndiaidh na hidirghabhála.  Dúirt na rannpháirtithe go mbeadh siad sásta páirt a ghlacadh sna grúpaí fócais nuair a lorgaíodh saorálaithe ó na ceithre ghrúpa thurgnamhacha.  Bhí sé ar intinn ag an taighdeoir go gcuirfeadh na sonraí cailíochtúla le doimhneacht agus le saibhreas an taighde trí léargas a thabhairt ar mheon na rannpháirtithe tar éis na hidirghabhála.  Tá foramharc ar sceideal an taighde ar fáil i dTábla 1.

An Tréimhse Ama

An Gníomh

Réamhchéim

Meitheamh 2015

Anailís ar earráidí scríofa sa Ghaeilge MFO BOid 1 (N=80)

Roghnú na spriocstruchtúr don tionscadal taighde

Céim a hAon

Meán Fómhair 2015

Píolótú na n-uirlisí taighde: An C-thriail agus an réamhthriail ghramadaí

Cead eitice ó na rannpháirtithe

An C-thriail (Grúpa I,D,C)

An Réamhthriail Ghramadaí  (Grúpa I,D,C)

An Idirghabháil

Meán Fómhair – Nollaig 2015

8 seachtaine

Dhá rang ionduchtacha ag díriú ar chlár teagaisc na hidirghabhála

Dhá rang dhéaduchtacha ag díriú ar chlár teagaisc na hidirghábhála

Dhá rang chóimheasa gan aon idirghabháil

Céim a Dó

Nollaig  2015

An Iarthriail Ghramadaí (Grúpa I,D,C)

Grúpa fócais le hionadaithe ón ngrúpa I agus ón ngrúpa D

Céim a Trí

Feabhra 2016

An Iarthriail Mhoillithe  (Grúpa I agus D)

*Cód don léitheoir: grúpa I= Ionduchtach; grúpa D= Déaduchtach; grúpa C= Cóimheasa

Tábla 1 Foramharc ar sceideal an tionscadail taighde

Cur i bhfeidhm na hIdirghabhála

Reáchtáladh na ceachtanna Gaeilge sa ríomhlann chéanna gach seachtain agus b’ionann na torthaí foghlama a bhí le baint amach ag na ceithre ghrúpa thurgnamhacha.  Rinne an taighdeoir iarracht na coinníollacha céanna a chur i bhfeidhm do na grúpaí turgnamhacha sa chaoi is nach mbeadh idirdhealú ach sa chur chuige teagaisc amháin.  Bhí gá leis an ríomhlann go mbeadh na mic léinn in ann taifead leictreonach a dhéanamh ar a gcuid oibre le linn na seimineár agus cleachtaí leictreonacha a dhéanamh.  

 Sna grúpaí déaduchtacha d’inis an teagascóir an riail ghramadaí do na foghlaimeoirí ag tús an ranga, trí mhíniúchán iomlán ar an riail mar aon le samplaí léirithe den riail a chur i láthair ar shleamhnáin PowerPoint.  Rinne na MFO cleachtadh ar an riail ó bhéal agus i scríbhinn i ndiaidh an chur i láthair, agus chláraigh siad a gcuid nótaí gramadaí go leictreonach ar chóras lárnach sa rang.

Ba chur chuige taiscéalaíoch faoi threoir (Ní Dhiorbháin, 2014; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir, 2016; Ó Duibhir, Ní Dhiorbháin & Cosgrove, 2016), a cuireadh i bhfeidhm sna grúpaí ionduchtacha.  Níor insíodh an riail do na foghlaimeoirí sna grúpaí ionduchtacha, ach spreagadh iad leis an riail a aimsiú agus a fhógairt ina bhfocail féin, trí anailís a dhéanamh ar an ionchur teanga a cuireadh ar fáil dóibh.  Chuir an teagascóir ionchur saibhrithe de na heiseamláirí gramadaí os comhair na bhfoghlaimeoirí ar shleamhnáin PowerPoint, agus d’fhiafraigh sí díobh ‘Cad a thugann sibh faoi deara?’ ‘An bhfeiceann tú riail?’ ‘An bhfeiceann sibh patrún?’  Léirítear sampla de shleamhnán ionduchtach i bhFíor 1.  Ghlac na MFO páirt i meiteachaint (Swain, 2006) leis an riail a chumadh lena bpáirtí agus leis an teagascóir.

Fíor 1: Sample de shleamhnán ionduchtach

 

I ndiaidh dóibh teacht ar an riail, chláraigh na MFO an riail i leagan leictreonach den dialann mhachnaimh (Ní Dhiorbháin, 2014; Ní Dhiorbháin & Ó Duibhir et al., 2016; Ó Duibhir, Ní Dhiorbháin & Cosgrove, 2016), agus rinne siad cleachtadh ar an riail ó bhéal agus i scríbhínn.   Léirítear iontráil shamplach ó dhialann mhachnaimh i dTábla 2.

 

Cad a d’fhoghlaim mé

An bhfuil cead agam leabhar a léamh? An féidir liom mo lón a ithe?

Léiríonn an iontráil seo go bhfuil an spriocstruchtúr tugtha faoi deara ag an bhfoghlaimeoir.

Míniú ar cad a d’fhoghlaim mé

Nuair úsáidtear an bhfuil cead agam/ an féidir liom úsáidtear an t-ainm briathartha ag deireadh na habairte.

Léiríonn an iontráil seo go bhfuil eolas riailbhunaithe ag an bhfoghlaimeoir faoin  spriocstruchtúr atá tugtha faoi deara acu.

Mo shamplaí féin

Ar mhiste leat na leabhair a bhailiú?  An dtig libh lch 36 a oscailt? An bhféadfá na bileoga a thabhairt amach?

Spreagtar an foghlaimeoir leis an struchtúr atá tugtha faoi deara acu agus an t-eolas riailbhunaithe atá foghlamtha acu a chur le teanga nua.

Cad a cheap mé

Tá an riail seo an úsáideach domsa agus do na páistí.  Triailfidh mé an t-ainm briathartha a úsáid níos minice sa rang.  Cabhróidh sin leis na páistí an patrún a fheiceáil.

Bíonn deis ag na foghlaimeoirí machnamh agus measúnú a dhéanamh ar an bhfoghlaim teanga agus a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Tábla 2: Iontráil Shamplach ó Dhialann Mhachnaimh

Cuireadh tacaíocht bhreise ar fáil ar-líne do na MFO le linn na hidirghabhála, m.sh: cluichí gramadaí, sleamhnáin ón rang, físeáin ghramadaí agus gníomhaíochtaí do theagasc na spriocstruchtúr sa seomra ranga bunscoile.  Toisc go raibh rochtain ag an teagascóir ar nótaí gramadaí (grúpaí déaduchtacha), agus ar dhialann mhachnaimh (grúpaí ionduchtacha), na MFO tríd an gcóras lárnach, sheol sí aiseolas chucu go seachtainiúil.  Níor tugadh treoir do na mic léinn maidir leis an líon ama a bhí le caitheamh ar an staidéar taobh amuigh den rang, agus níor choinnigh an taighdeoir taifead de.  Is gnáthchleachtas é ábhar tacaíochta a chur ar fáil ar-líne do MFO le linn an chúrsa BOid.  Bhí breis tacaíochta ná mar ba ghnách curtha ar fáil do na mic léinn sa chás seo mar gheall ar an tionscadal taighde.

Lean an dá ghrúpa chóimheasa an gnáthchúrsa sa Ghaeilge Ghairmiúil.  Rinne siad staidéar ar thascanna ilghnéitheacha teanga a bhí leagtha amach sa siollabas don dara bliain BOid (Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Léibhéal, 2008).  Toisc nach raibh an grúpa cóimheasa dírithe ar an ngramadach agus spriocstruchtúir na hidirghabhála amháin, ní bheifí ag súil go mbainfidís amach na torthaí foghlama céanna leis na grúpaí turgnamhacha a chaith 50 nóiméad sa tseachtain ar fhoghlaim na spriocstruchtúr amháin.

Rannpháirtithe an taighde

Ba iad gach mac léinn sa dara bliain BOid san institiúid oideachais a bhí mar fhráma samplála don tionscadal taighde.  Roghnaíodh sampla áise neamhdhóchúlachta (6 ghrúpa, N = 75 ) (12 fireann, 63 baineann) ón bhfráma samplála le bheith páirteach sa tionscadal taighde.  Tugadh earráid neamhfhreagartha agus indéantacht san áireamh agus líon na mac léinn á shocrú.  Pléadh buntáistí féidearthachta an taighde i dtaobh fhoghlaim na gramadaí agus luach an tsaothair ar bhonn níos leithne leis na mic léinn le hiad a spreagadh le bheith páirteach sa taighde agus le laofacht neamhfhreagartha a laghdú.  Tugadh ráiteas i bhfriotal simplí do na mic léinn, agus shínigh gach MFO a bhí páirteach sa tionscadal taighde foirm i ndáil le toiliú feasach roimh thús an taighde.  Bhí cead ag mic léinn tarraingt siar ón taighde am ar bith dá mba mhian leo.

Bhí cainteoir dúchais amháin san áireamh sa sampla a raibh Gaeilge agus Béarla mar chéad teangacha aici; ba é Béarla céad teanga na MFO eile a bhí sa sampla.  Bhí cúlra oideachais lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal nó ag an meánleibhéal ag 10% den sampla.  Ar mhaithe le próiseas na hanailíse, roinneadh na ceithre ghrúpa ina raibh an idirghabháil i bhfeidhm ina dhá mhórghrúpa, agus cuireadh an dá ghrúpa a bhí sa ghrúpa cóimheasa le chéile.  Mar sin, bhí trí mhórghrúpa ann.  Taispeánann Tábla 3 líon na MFO sna grúpaí turgnamhacha ag céimeanna an taighde.

 

Céim an Taighde

Grúpa Ionduchtach

Grúpa Déaduchtach

Grúpa Cóimheasa

Céim a hAon

(n = 30)

(n = 29)

(n = 32)

Céim a Dó

(n = 28)

(n = 27)

(n = 16)

Céim a Trí

(n = 28)

(n = 29)

 

Tábla 3: Líon na Mac Léinn sna Grúpaí ag Céimeanna an Taighde

Ní mór a aithint gur bhain deacracht le bailíocht an ghrúpa cóimheasa sa staidéar seo mar gheall ar an titim i líon na mac léinn ag Céim a Dó, agus toisc nach raibh an grúpa cóimheasa páirteach sa staidéar ag Céim a Trí[5]

Spriocstructúir do chlár na hidirghabhála

D’eascair na spriocstruchtúir do chlár na hidirghabhála as anailís ábhair a rinneadh ar earráidí sa Ghaeilge scríofa a bhí ag 80 mac léinn BOid 1, ina scrúdpháipéir Ghaeilge ag deireadh na bliana acadúla 2014/2015.  Úsáideadh na critéir seo a leanas le ceithre spriocstruchtúr a roghnú don tionscadal taighde:

  • gur struchtúr é a tháinig chun cinn san anailís ábhair mar struchtúr a raibh earráid á déanamh ag céatadán suntasach de na MFO leis;
  • go mbainfeadh na ceithre spriocstruchtúr le réimse aicmí éagsúla gramadaí, agus go mbeadh éagsúlacht ann i dtaobh leibhéil chastachta na struchtúr;
  • go bhféadfaí an rogha spriocstruchtúr a chuimsiú taobh istigh den teorainn ama d’ocht seachtaine teagaisc;
  • gur struchtúr é a bheadh in úsáid go rialta ag múinteoir bunscoile.

Ba dhíol spéise é go ndearna 72.5% de na MFO earráid san aicme Dul an Bhéarla ar an nGaeilge.  D’úsáid Ó Domhnalláin agus Ó Baoill (1978) an téarma ‘contrárachtaí teanga’ le cur síos a dhéanamh ar ghnéithe den mháthairtheanga a bhíonn le sonrú sa sprioctheanga.  Is iad na ceithre spriocstruchtúr seo thíos a roghnaíodh don tionscadal taighde.  Taispeánann an céatadán idir lúibíní líon na MFO a rinne earráid leis an struchtúr san anailís ábhair.  Is sampla é gach ceann de na spriocstruchtúir Ghaeilge de struchtúr atá éagsúil leis an mBéarla.

  • Na hUimhreacha (59%)
  • An Aidiacht Shealbhach (48%)
  • Na Réamhfhocail Shimplí mar chúis le séimhiú ar chonsan (79%)
  • An tAinm Briathartha (71%)

An C-thriail

Cuireadh C-thriail ar na rannpháirtithe roimh thús an taighde le tástáil a dhéanamh ar a n-inniúlacht ghinearálta sa Ghaeilge.  Tá an C-thriail dearbhaithe mar thomhas atá cruinn agus bailí ar inniúlacht ghinearálta sa dara teanga nó teanga bhreise (m.sh, Harsch & Hartig, 2015) agus ar inniúlacht ghinearálta sa Ghaeilge (Murtagh, 2003).  Is leagan leasaithe den triail iomlánaithe í an C-thriail.  Sa C-thriail bíonn ceithre nó cúig shliocht ghearra i gceist a fheidhmíonn mar aonaid iomlána leo féin.  Fágtar an chéad abairt agus an abairt dheireanach sa téacs ina n-iomláine, agus baintear amach an dara leath de gach dara focal, gan focail aonsiollacha a thabhairt san áireamh (Klein Braley & Raatz, 1984).  Tá treoirlínte na C-thrialach agus sliocht samplach amháin ar fáil in Aguisín A. Measadh go mbeadh sé tábhachtach a bheith in ann rangú a dhéanamh ar inniúlacht Ghaeilge na MFO le léargas a fháil ar éifeachtacht an dá chur chuige thar réimse cumais.  Dhearbhaigh anailís aontreo ANOVA ar thorthaí na C-thrialach ag Céim a hAon go raibh aonchineálacht athraithis[6] i measc na ngrúpaí, agus mar sin gur tástáil bhailí a bhí ann.

An Triail Ghramadaí

Dearadh triail ghramadaí le tomhas beacht a dhéanamh ar léireolas na MFO de réir an tsainmhínithe ar léireolas a threoraigh an staidéar, ba é sin (i) tabhairt faoi deara agus (ii) eolas riailbhunaithe follasach a bheith forbartha ar spriocstruchtúir ghramadaí (Schmidt, 2001).  Bhí trí chuid sa triail:

  • CUID A: Triail bhreithiúnais ghramadúil gan teorainn ama – 'untimed grammaticality judgement test' (UGJT) – a bhí i gCuid A.  Tá an UGJT dearbhaithe mar thomhas cruinn ar léireolas (Ellis, 2005; Bowles 2011).  Iarradh ar na MFO breithiúnas a thabhairt ar chruinneas na n-abairtí trí thic a chur sa bhosca cuí, a léirigh cé acu abairt chruinn nó abairt mhíchruinn a bhí ann.  Bhí 40 abairt (20 cruinn agus 20 míchruinn) i gCuid A.  Rinne Cuid A den triail tomhas ar thabhairt faoi deara na spriocstruchtúr.
  • CUID B: Rinne Cuid Bi den triail tomhas ar thabhairt faoi deara na spriocstruchtúr, agus rinne Cuid Bii tomhas ar eolas fógrach na MFO ar na spriocstruchtúir ghramadaí.  Bhí 16 abairt i gCuid B a léirigh dhá shampla de gach struchtúr den chlár teagaisc (16 mhír).  Iarradh ar na MFO: (i) an earráid a bhí san abairt a cheartú (Cuid Bi) agus, (ii) míniú a thabhairt ar an gceartúchán a bhí déanta acu (Cuid Bii).  Bhí Cuid B den triail ghramadaí athchóirithe ó thaobh formáide agus scórála de ó Erlam, Philp & Elder (2009).  Rinneadh cinneadh marc a bhronnadh ar na MFO i gCuid Bii má thug siad míniúchán sásúil ar an riail ghramadaí, leis nó gan meititheanga a úsáid.
  • CUID C: Rinne Cuid C tomhas ar eolas meititheangeolaíochta na MFO.  Iarradh ar na MFO sampla a scríobh leis an téarma meititheangeolaíochta a léiriú (16 mír).  Tá trialacha meititheangeolaíochta dearbhaithe mar mhodh atá bailí le léireolas a thástáil (Alderson & Hudson, 2013).

Tabharfar forbhreathnú anois ar phríomhthorthaí cainníochtúla agus cáilíochtúla an staidéir.  Déanfar plé ar na torthaí i bhfianaise na litríochta a bhaineann le teagasc an léireolais, le teagasc na Gaeilge ag an tríú leibhéal, agus le hoideachas múinteoirí teanga.

Plé ar na Torthaí Cainníochtúla

An cur chuige oideolaíoch

Is é an príomhthoradh cainníochtúil a eascraíonn ón staidéar ná gur léiríodh go raibh difríocht shuntasach le tomhas mór éifeachta i ngnóthachtáil an ghrúpa dhéaduchtaigh agus an ghrúpa ionduchtach-follasaigh idir Céim an hAon agus Céim a Dó, gan ach titim bheag sna torthaí ag Céim a Trí.  Léirigh ANOVA atriallach[7] go raibh dul chun cinn ag an leibhéal suntasach ab airde déanta ag an dá ghrúpa ó Chéim a hAon go Céim a Trí (Cuid A, F(1,1) = 203.97, p = < .001, páirt-eta cearnaithe = .797; Cuid Bi F(1,1) = 270.75, p = <.001, páirt-eta cearnaithe = .841; Cuid Bii F(1,1) = 229.92, p = <.001, páirt-eta cearnaithe = .816; Cuid C, F(1,1,) = 71.82, p = <.001, páirt-eta cearnaithe = .585).

Níor léiríodh go raibh difríocht shuntasach idir an grúpa déaduchtach agus an grúpa ionduchtach-follasach ag Céim a Dó: (Cuid A: F(1,1) = 3.118, p = .083; Cuid Bi: F(1,1) = 3.270, p = .76; Cuid Bii: F(1,1) = 2.713, p = 1.08; Cuid C: F(1,1) = 3.281, p = .079).  Tháinig difríocht shuntasach le tomhas meánach éifeachta chun cinn idir an dá ghrúpa ag Céim a Trí, maidir le Cuid A agus Cuid Bi den triail ghramadaí amháin: Cuid A (F(1,1) = 4.99, p = 0.03, páirt-eta cearnaithe = .007) agus Cuid Bi (F(1,1) = 4.43, p = .04, páirt-eta cearnaithe = .080). Léiríodh gur bhain an grúpa ionduchtach 1.32 (3.3%) sa bhreis amach ar an ngrúpa déaduchtach i gCuid A den triail agus gur bhain siad 1.07 (6.68%) sa bhreis amach ar an ngrúpa déaduchtach i gCuid Bi den triail.

D’fhéadfaí a léamh ar na torthaí seo go raibh an dá chur chuige fhollasacha éifeachtach le forbairt a dhéanamh ar léireolas na MFO sa staidéar seo.  D’fhéadfaí a áitiú chomh maith, gur foghlaimeoirí inniúla teanga iad na MFO a ghlac páirt sa taighde.  D’éirigh leo dul chun cinn suntasach a dhéanamh i bhforbairt an léireolais nuair a cuireadh idirghabháil fhoirm-dhírithe, dhéaduchtach nó ionduchtach-follasach, i bhfeidhm.  Toisc go raibh claonadh i dtreo an chur chuige ionduchtach-fhollasaigh mar an cur chuige ab éifeachtaí i gcodanna áirithe den triail ag Céim a Trí, d’fhéadfaí a mhaíomh, go raibh an cur chuige ionduchtach ní ba éifeachtaí ná an cur chuige déaduchtach sa staidéar seo, agus torthaí foghlama fadtréimhseacha á dtomhas.

Cé gur tháinig feabhas suntasach ar léireolas an dá ghrúpa sa taighde seo, chaithfí a bheith feasach nach gcaitear an oiread sin ama ar theagasc na gramadaí do mhic léinn BOid go hiondúil.  Mar a míníodh cheana, bíonn am an tseimineáir roinnte ar thascanna ilghnéitheacha teanga a bhfuil an ghramadach mar chuid díobh.  Ní dócha go mbeadh sé indéanta ag MFO dul chun cinn chomh suntasach leis seo a bhaint amach i bhforbairt an léireolais go hiondúil leis an líon beag ama atá ag dul don Ghaeilge Ghairmiúil.

Tagann éifeachtacht an mhúinteora chun cinn mar athróg sa staidéar.  Toisc go raibh an teagascóir céanna ag na ceithre ghrúpa thurgnamhacha, d’fhéadfaí a mhaíomh go trialach, go raibh tionchar ag éifeachtacht an mhúinteora ar dhul chun cinn  na ngrúpaí.  Áitíodh i sintéis taighde ar mhúineadh éifeachtach an dara teanga nó teanga bhreise ‘go bhfuil inniúlacht an mhúinteora níos tábhachtaí ná treoshuíomh an churaclaim nó an cúrsa teanga chun tacú le forbairt teanga na leanaí’ (Harris & Ó Duibhir, 2011: 16).  D’fhéadfaí a mhaíomh chomh maith gur chuir an tacaíocht bhreise a cuireadh ar fáil do na MFO le linn na hidirghabhála lena ndea-thorthaí foghlama.  

Réimse inniúlachta na MFO

Thug torthaí na C-thrialach ag Céim a hAon le fios go raibh an-éagsúlacht cumais i measc na mac léinn i ngach aon rang-ghrúpa maidir le hinniúlacht ghinearálta sa Ghaeilge.  Léiríonn Tábla 4 torthaí tuairisciúla na rang-ghrúpaí sa C-thriail.  Léiríonn an t-uasmharc, an t‑íosmharc agus an diall caighdeánach go raibh réimse leathan feidhmíochta i measc na mac léinn sa Ghaeilge.

Rang

N

Raon

Meán

Diall

Caigh.

Rang A: Ionduchtach

18

47.00

66.83

13.01

Rang B: Ionduchtach

12

52.00

58.33

17.44

Rang C: Déaduchtach

14

52.00

61.43

16.85

Rang D: Déaduchtach

15

53.00

64.53

13.45

Rang E: Grúpa Cóimheasa

16

46.00

61.56

15.55

Tábla 4: Staitisticí Tuairisciúla na C-thrialach de réir Rang-ghrúpaí

Tagann na torthaí seo leis an méid a bhí ag Nic Eoin (2009) nuair a d’aithin sí gurbh í an mhóréagsúlacht caighdeáin i measc na mac léinn an dúshlán teagaisc ba mhó a bhain le teagasc na Gaeilge i gceann de na hinstitiúidí oideachais ba mhó sa tír.  Maidir leis na MFO atá ag bun agus ag barr an scála de réir thorthaí na C-thrialach, d’fhéadfaí a fhiosrú an féidir le teagascóirí freastal a dhéanamh ar éagsúlacht inniúlachta chomh fairsing seo i ngach aon rang-ghrúpa beag agus taobh istigh den teorainn chúng ama de 50 nóiméad sa tseachtain.  D’fhéadfaí a fhiosrú chomh maith an éiríonn leis na MFO an dul chun cinn is fearr a d’fhéadfaidís a dhéanamh de réir a gcaighdeán féin nuair a bhíonn éagsúlacht cumais chomh follasach sin sna rang-ghrúpaí.

Tháinig sé chun solais sa réamhthriail ghramadaí ag Céim a hAon go raibh easnaimh mhóra in eolas gramadúil na mac léinn.  Cé go raibh na mic léinn seo ar na foghlaimeoirí Gaeilge ab inniúla sa tír de réir thorthaí na hArdteistiméireachta, léiríodh go raibh easpa eolais acu ar rialacha coitianta gramadaí, agus in amanna go raibh an-mhíthuiscint bainte amach acu ar rialacha.  Léiríodh go raibh laige shuntasach ag na MFO maidir le habairt a cheartú (Cuid Bi den triail ghramadaí) agus go háirithe maidir le riail a mhíniú (Cuid Bii den triail ghramadaí), cumas a bheadh riachtanach don mhúinteoir bunscoile Gaeilge.  Níor éirigh ach le 8% de na MFO (n = 6) scór ní b’airde ná 50% a bhaint amach i gCuid Bii den triail ghramadaí ag Céim a hAon.  Fuair 14.7% den sampla (n = 11) scór de náid agus ba é an scór ab airde ná 10.5 marc as 16 (n = 1). 

Éifeachtacht na n-oideolaíochtaí thar réimse cumais

Rinneadh rangú ar na MFO sa dá ghrúpa thurgnamhacha ina ghrúpa de mhic léinn ab airde gnóthachtáil agus de mhic léinn ab ísle gnóthachtáil de réir thorthaí na C-thrialach.  Bhain tábhacht leis an imscrúdú seo d’fhonn éifeachtacht an dá chur chuige a mheas thar réimse cumais.  Tháinig sé chun solais go ndearna na foghlaimeoirí sa bhanda ab ísle gnóthachtáil dul chun cinn ní ba mhó sa ghrúpa déaduchtach ach go ndearna foghlaimeoirí sa bhanda ab ísle agus ab airde gnóthachtáil araon dul chun cinn suntasach sa ghrúpa ionduchtach.  D’fhéadfaí a mhaíomh, bunaithe ar na torthaí seo, go raibh an cur chuige ionduchtach éifeachtach thar réimse cumais sa staidéar seo.

Eolas fógrach agus eolas gnásúil na MFO

Taispeánadh san anailís go raibh deighilt idir eolas gnásúil (Cuid Bi), agus eolas fógrach (Cuid Bii) na mac léinn ag gach céim den taighde.  Cé gur éirigh leis na mic léinn dul chun cinn suntasach a dhéanamh i gCuid Bi agus i gCuid Bii den triail ag Céim a Dó agus ag Céim a Trí, bhí Cuid Bii den triail ghramadaí ar an gcuid ba dhúshlánaí den triail roimh an idirghabháil agus ina diaidh.  Tagann an toradh seo le taighde eile ar eolas teangeolaíochta múinteoirí teanga (m.sh Andrews, 1999), a léirigh go gcothaíonn forbairt an eolais fhógraigh an-dúshlán d’fhoghlaimeoirí teanga.

An t-ainm briathartha

Sonraíodh gur bhain dúshlán ar leith le struchtúr an ainm bhriathartha sa taighde seo.  Cé gur tháinig ardú suntasach ar na scóir ar an ainm briathartha ó Chéim a hAon go Céim a Dó ba é an t-ainm briathartha an struchtúr ba laige ag an dá ghrúpa ag Céim a Trí.  D’fhéadfaí a mhaíomh go trialach, bunaithe ar an torthaí seo, gur struchtúr casta é an t-ainm briathartha d’fhoghlaimeoirí Gaeilge.  Dar le Della Putta (2016), baineann níos mó castachta le struchtúr gramadaí a éilíonn dífhoghlaim (unlearning) ón bhfoghlaimeoir.  Is é is brí le dífhoghlaim ná nuair a bhíonn ar an bhfoghlaimeoir bac a chur ar ghíomhachtú uathoibríoch struchtúr na chéad  teanga, leis an struchtúr a fhógairt go cruinn sa dara teanga, mar a tharlódh i gcás an ainm bhriathartha.

Tháinig torthaí na hanailíse ábhair sa staidéar seo le hanailísí eile a rinneadh ar earráidí scríofa sa Ghaeilge (Ó Baoill, 1981; Ó Domhnalláin & Ó Baoill, 1978; Ó Domhnalláin & Ó Baoill, 1979;  Walsh, 2007).  Tugtar le fios mar sin go bhfuil earráidí forleathana gramadaí i measc foghlaimeoirí Gaeilge agus nár mhór teacht rompu sa teagasc.  Toisc go raibh greim an Bhéarla le sonrú go láidir ar Ghaeilge scríofa na mac léinn sa staidéar seo, eascraíonn moladh ón taighde gur fiú aird ar leith a chur ar struchtúir a éilíonn dífhoghlaim ó na foghlaimeoirí  Gaeilge sna hinstitiúidí oideachais.

Forbairt na meititheanga

D’éirigh leis na MFO sa ghrúpa ionduchtach agus sa ghrúpa déaduchtach araon dul chun cinn suntasach a dhéanamh i gCuid C den triail ghramadaí.  D’fhéadfaí a léamh ar an toradh seo gur féidir, le cur chuige déaduchtach nó le cur chuige ionduchtach, forbairt a dhéanamh ar mheititheanga MFO, má chuirtear béim ar úsáid na meititheanga sa rang.  Leis an mbéim nuálach ar fhorbairt na feasachta teanga i gCuraclam Teanga na Bunscoile (CNCM, 2015), beidh stóras meititheanga ag teastáil ó bhunmhúinteoirí le bheith in ann labhairt faoi struchtúir teangacha éagsúla leis na páistí.  Tabharfar forbhreathnú anois ar thorthaí cáilíochtúla an staidéir.

Plé ar na Torthaí Cáilíochtúla

Bhí na MFO sna grúpaí fócais ar aon intinn go raibh dul chun cinn suntasach déanta acu i bhforbairt an léireolais i rith an tionscadail taighde.  Sonraíodh go raibh leibhéal ard inspreagtha ag na MFO, agus gur thuig siad an nasc idir eolas ábhair an mhúinteora agus foghlaim na bpáistí sa rang.

Má tá na rialacha mícheart ag an múinteoir beidh na rialacha mícheart ag na páistí agus níl sé sin féaráilte (MFO Ionduchtach).

Ní féidir leat a bheith i do mhúinteoir bunscoile agus ceacht Gaeilge a mhúineadh dosna na páistí agus na rialacha gramadaí gan a bheith ar eolas agat agus iad a chur suas mícheart tá tú ag déanamh rud mícheart dosna páistí (MFO Déaduchtach).

Tréimhse na printíseachta

Tháinig sé chun solais sna grúpaí fócais go bhféadfadh an tréimhse a chaitheann na mic léinn san institiúid oideachais feidhmiú mar thréimhse phríntíseachta ar phost an mhúinteora (Lortie, 1975).  Bhí MFO sa dá ghrúpa ar aon intinn go bhfeilfeadh an cur chuige céanna agus a bhí acu sna seimineáir Ghaeilge don seomra ranga bunscoile.  Léirigh na MFO go léir sa ghrúpa ionduchtach an tuairim go mbeadh tuiscint agus cuimhne ní b’fhearr acu ar na rialacha de bharr an chur chuige ionduchtaigh.  Nuair a iarradh ar na hionadaithe ón ngrúpa déaduchtach an bhféadfaidís smaoineamh ar aon bhealach eile leis na rialacha gramadaí a mhúineadh do na páistí, níor éirigh leo teacht ar rogha oideolaíochta eile.

Bhuel níl a fhios agam cén sórt tslí eile a bhféadfainnse é a dhéanamh (MFO Déaduchtach).

Ag eascairt ón toradh seo, ní mór d’oideoirí múinteoirí a bheith feasach go bhféadfadh tionchar a bheith ag pé oideolaíocht a chuirtear i bhfeidhm in oideachas múinteoirí ar chleachtas gairmiúil na MFO amach anseo.  D’fhéadfaí a áitiú bunaithe ar na torthaí seo, go bhféadfadh leas sa bhreis a bheith ag an gcur chuige ionduchtach-follasach in oideachas múinteoirí i dtaobh múnlú a dhéanamh ar oideolaíocht a bheadh feiliúnach don seomra ranga bunscoile.  Thiocfadh cur chuige ar bhonn fiosraithe d’fhoghlaim na gramadaí in oideachas múinteoirí go mór le réasúnaíocht agus modheolaíocht Churaclam Teanga na Bunscoile (CNCM, 2015).  Bhronnfadh cur chuige ionduchtach do theagasc an léireolais deis ar oideoirí múinteoirí díriú ar eolas ábhair agus cur chuige oideolaíoch ag an aon am amháin.

Nasc leis an seomra ranga

Ba dhíol spéise é gurbh í an toisc ba mhó a spreag na MFO leis an ngramadach a fhoghlaim ná nuair a chonaic siad go raibh nasc sonrach déanta leis an seomra ranga bunscoile.

Ceapaim go bhfuil sé go maith go bhfuil muid ag déanamh Gaeilge don seomra ranga (MFO Déaduchtach).

Léirigh formhór iontrálacha na MFO sa ghrúpa ionduchtach sa dialann mhachnaimh faoin gceist ‘Cad a cheap mé?’ go raibh siad ag machnamh ar an méid a bhí foghlamtha acu agus ar thraschur an eolais go suíomh an tseomra ranga.

Níl a fhios agam faoi an riail seo riamh.  Tá sé tábhachtach chun na páistí óga a fhoghlaim (Dialann mhachnaimh MFO ionduchtach).

Ag eascairt ón toradh seo, d’fhéadfaí a áitiú, gur chóir nasc sonrach a dhéanamh idir clár theagasc na Gaeilge in oideachas múinteoirí agus clár theagasc na Gaeilge sa seomra ranga bunscoile.  Níor mhór béim ar leith a chur ar ardchaighdeán PCK a fhorbairt i measc na mac léinn.

Éifeachtacht na teicneolaíochta

Tháinig éifeachtacht na teicneolaíochta mar áis teagaisc go mór chun cinn sa staidéar.  Léirigh go leor de na MFO gur chuir an teicneolaíocht go mór le soiléireacht an ionchuir theanga.  Thaitin sé leis na mic léinn na rialacha a chlárú go leictreonach agus aischothú rialta a fháil.  Agus ualach oibre an-trom ar na MFO, mhínigh siad gur chabhraigh na cluichí leictreonacha leo dul siar gasta a dhéanamh ar na rialacha gramadaí.  B’fhiú breis iniúchta a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann le háis na teicneolaíochta i dteagasc na gramadaí ag an tríú leibhéal.

Meititheanga

Mhínigh cuid de na MFO sna grúpaí fócais gur chabhraigh foghlaim na meititheanga leo rangú a dhéanamh ar rannóga éagsúla gramadaí ina n-intinn, agus gur chuir sé lena gcuid scileanna féinriartha foghlama.

Agus freisin like le [ainm an leabhair ghramadaí] caithfidh like an téarmaíocht a bheith agat leis an riail a lorg sa leabhar so like nuair a bhí mise ag féachaint suas rud i [ainm an leabhair ghramadaí] ní raibh clú agam cad a bhí mé á lorg mar ní raibh fhios agam an t-ainm ar an rud. (MFO Déaduchtach)

Léiríonn torthaí cainníochtúla agus cáilíochtúla an staidéir gur bhain éifeacht leis an dá chur chuige fhollasacha sa taighde seo.  Féachfar anois ar chonclúidí agus ar mholtaí a eascraíonn ón staidéar.  Tabharfar aird ar shrianta an taighde.

Conclúid agus Moltaí

Eascraíonn moladh ón taighde seo gur chóir cur chuige follasach a chur i bhfeidhm i dteagasc an léireolais sna hinstitiúidí oideachais, agus gur chóir neart ama a thabhairt dó.  B’fhiú do na hinstitiúidí oideachais machnamh a dhéanamh ar mheascán de chur chuige déaduchtach agus de chur chuige ionduchtach-follasach a chur i bhfeidhm.  Anuas ar thorthaí foghlama ábhair amháin, d’fheadfadh leas sa bhreis a bheith ag an gcur chuige ionduchtach-follasach i dtaobh múnlú a dhéanamh ar oideolaíocht a bheadh inmholta don seomra ranga bunscoile.  

Agus machnamh á dhéanamh ag an taighdeoir ar thorthaí an taighde, eascraíonn moladh láidir ón staidéar gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí measúnachta agus amchláir sna hinstitiúidí oideachais.  Léiríodh go raibh réimse leathan feidhmíochta i measc na mac léinn ag Céim a hAon maidir lena n-eolas gramadúil agus lena n-inniúlacht ghinearálta sa Ghaeilge.  Faoi láthair agus réimse uirlisí measúnachta in úsáid ag na hinstitiúidí éagsúla, ní fhéadfaí a bheith cinnte go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge sroichte ag MFO ar bhaint amach na céime dóibh.  Ní dócha go mbeidh sé indéanta ag gach MFO ardchaighdeán a bhaint amach sa Ghaeilge sa chaoi go mbeidh sé ar a gcumas Gaeilge a úsáid mar theanga chumarsáide, Gaeilge a mhúineadh mar ábhar, agus ábhair eile a mhúineadh trí Ghaeilge (An Chomhairle Mhúinteoireachta, 2011: 11), mura gcuirtear leis an méid ama a thugtar don Ghaeilge ar amchlár an chúrsa BOid.

Ba dhíol spéise é gurbh í an toisc ba mhó a spreag na MFO leis an ngramadach a fhoghlaim ná nuair a mhothaigh siad go raibh nasc sonrach déanta leis an seomra ranga bunscoile.  Eascraíonn moladh ón taighde gur chóir sainchúrsa gramadaí a dhearadh do MFO sna hinstitiúidí oideachais a rachadh i dtreo ardchaighdeán PCK a fhorbairt i measc múinteoirí Gaeilge.  Níor mhór béim a chur ar: struchtúir Ghaeilge a bhíonn in úsáid go rialta sa seomra ranga bunscoile, fhorbairt an eolais fhógraigh, fhorbairt na meititheanga, agus ar struchtúr Gaeilge atá casta agus a éilíonn dífhoghlaim ón bhfoghlaimeoir.  B’fhiú deiseanna a thabhairt do na MFO tabhairt faoi thascanna anailíseacha teanga (m.sh, Hickey & Stenson, 2017) go n-aithneoidís na difríochtaí agus na cosúlachtaí idir struchtúr na Gaeilge agus struchtúr an Bhéarla.  Bheadh cur chuige anailíseach teanga mar seo ag teacht le réasúnaíocht agus modheolaíocht Churaclam Teanga na Bunscoile (CNCM, 2015).  

Ní mór a aithint gur bhain srianta leis an taighde seo, go háirithe i dtaobh cúrsaí ama agus líon na mac léinn a ghlac páirt ann.  Níor mhór tabhairt faoi thionscadal taighde eile ina mbeadh níos mó ama ag dul don dá chur chuige follasacha le feiceáil an mbeadh torthaí níos suntasaí i dtreo chur chuige amháin thar an gcur chuige eile.  Mar gheall go raibh an teagascóir céanna ag na grúpaí turgnamhacha sa staidéar seo b’fhiú an taighde a leathnú amach chuig ranganna agus teagascóirí eile.

Mar fhocal scoir, sonraíodh sa taighde seo gur mic léinn dhíograiseacha chumasacha iad na MFO a ghlac páirt ann.  Tá sé léirithe ag an staidéar seo go bhfuil an inniúlacht ag MFO dul chun cinn suntasach a dhéanamh i bhfoghlaim na Gaeilge ach go dteastaíonn tacaíocht uathu ó thaobh ama, teagaisc, measúnaithe, acmhainní agus aiseolais rialta de.  Tá tús phlé san ábhar taighde seo.

  • Is mór agam tacaíocht na Comhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) a mhaoinigh an tionscadal taighde seo.)

Aguisín A: An C-thriail: Treoracha agus Sampla

Treoracha

Cruthaítear C-Test nuair a bhaintear amach an dara leath de gach dara focal i bpíosa téacs.  Má bhíonn uimhir corr de litreacha san fhocail, baintear amach an ‘leath’ is mó.  Sa téacsanna thíos ní mór duit an chuid atá ar iarraidh a chur ar ais i.e. na litreacha cuí a líonadh isteach.  Tabhair faoi deara go bhfágtar slán an chéad abairt agus an abairt dheireanach.  Cabhróidh sé seo leat an scéal a thuiscint.  Sa triail seo caithfidh tú cúig ghiota téacsanna a líonadh isteach.  Bí cinnte go léann tú an téacs go léir uair nó dhó sula scríobhann tú aon rud.  Beidh thart ar 25 nóiméad agat chun an obair go léir a dhéanamh.  Féach ar dtús ar an sampla atá déanta cheana.

Sampla

Éire ag brath an-iomarca ar ghual

Tá Éire ag brath an-iomarca ar bhreosla a thugtar isteach sa tír.

Deir an saineolaí fuinnimh, Duncan Stewart go bhfuil muid ag brath an-iomarca ar ola agus ar ghual.

Úsáideann Éire a doiread ola agus gual le tíortha eile an Aontais Eorpaigh.

Deir Duncan Stewart go sábhálfaí airgead dá mbainfí úsáid as breoslaí inathnuaite cosúil leis an ngaoth agus bithmhais.

Dúirt sé go gcruthódh breoslaí inathnuaite poist in Éirinn.

Breacadh, 2012

 

[1] Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag Comhdháil a reáchtáladh i nGaoth Dobhair i nDeireadh Fómhair 2017: Sealbhú na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal: Ábhair oidí agus sealbhú teanga sa Ghaeltacht.

[2] Úsáidtear an nodaireacht (CAINN(cáil)) nuair a dhéantar taighde tánaisteach cáilíochtúil a chomhtháthú le príomhthurgnamh cainníochtúil.

[3] Léireolas (explicit knowledge).

[4] Eolas fógrach (declarative knowledge).

[5] Bhí líon mór mac léinn (n=16) as láthair ón ngrúpa cóimheasa ag Céim a Dó.  Chothaigh an t-am den bhliain, aimsir na Nollag, deacrachtaí le tinreamh.  Agus anailís á déanamh ar thorthaí an ghrúpa cóimheasa, shocraigh an taighdeoir anailís a dhéanamh ar thorthaí na MFO a bhí i láthair ag an dá chéim den taighde, agus iad amháin, a chur san áireamh.  Mar gheall go raibh an taighdeoir féin mar theagascóir ar na grúpaí turgnamhacha d’éirigh léi ardtinreamh a spreagadh trí mheabhrú do na mic léinn an tábhacht a bhain leis an tionscadal taighde roimh na scrúduithe.

[6] Aonchineálacht athraithis (equality of variance).

[7] An tsíleáil a bhain leis an suntas staitistiúil sa staidéar ná (p ≤ 0.05).

 

Leabharliosta: 

Leabhair

Andrews, S., (2007) Teacher language awareness. Cambridge: Cambridge University Press.

Creswell, J. & Plano Clark, V.L., (2011) Designing and conducting mixed methods research (2ú heag.) Los Angeles: Sage Publications.

Glaser, K., (2014) Inductive or deductive? The impact of method of instruction on the acquisition of pragmatic competence in EFL. Newcastle upon Tyne: Cambridge Scholars Publishing.

Harris, J. & Ó Duibhir, P., (2011) Múineadh éifeachtach teanga: Sintéis ar thaighde. (Uimh. 13). Baile Átha Cliath: An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

Hickey, T.M. & Stenson, N., (2017). Exploring the literacy landscape. Baile Átha Cliath: Cumann Litearthachta na hÉireann.

Lortie, D.C., (1975) School-teacher: A sociological study. Chicago: University of Chicago Press.

Ó Baoill, D., (1981) Earráidí scríofa Gaeilge- cuid III, réamhfhocail agus comhréir. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Domhnalláin, T. & Ó Baoill, D., (1978) Earráidí scríofa Gaeilge – cuid I, earráidí briathra. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Ó Domhnalláin, T. & Ó Baoill, D., (1979) Earráidí scríofa Gaeilge – cuid II, ainmfhocail, cáilitheoirí, forainmneacha, cónaisc agus míreanna. Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann.

Vygotsky, L., (1978) Mind in society. Cambridge, MA: Harvard University Press.

Walsh, C., (2007) Cruinneas na Gaeilge scríofa sna hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta.

Ailt

 Andrews, S., (1999) ‘“All these like little name things”: A comparative study of language teachers’ explicit knowledge of grammar and grammatical terminology.’ Language Awareness, 8(3). 143-59.

Alderson, J.C. & Hudson, R., (2013) ‘The metalinguistic knowledge of undergraduate students of English language or linguistics.’ Language Awareness, 22(4), 320-37.

Borg, S., (2003) ‘Teacher cognition in grammar teaching: A literature review.’ Language Awareness, 12(2). 96-108.

Bowles, M.A., (2011) ‘Measuring implicit and explicit linguistic knowledge.’ Studies in Second Language Acquisition, 33(2). 247-271.

Craik, F.I.M. & Lockhart, R.S., (1972) ‘Levels of processing: A frameworks for memory research.’ Journal of Verbal Learning and Verbal Behaviour, 11. 671-84.

Darling-Hammond, L., (2000) ‘Teacher quality and student achievement: A review of state policy evidence.’ Education Policy Analysis Archives, 8 (1). 1-44.

Darling-Hammond, L., (2016) ‘Research on teaching and teacher education and its influences on policy and practice.’ Educational Researcher, 45(2). 83-9.

Ellis, R., (2005) ‘Measuring implicit and explicit knowledge of a second language: A psychometric study.’ Studies in Second Language Acquisition, 27(2). 141-72.

Ellis, R., (2015) ‘Form-focused instruction and the measurement of implicit and explicit L2 knowledge.’ Rebuschat, P., (eag.) Implicit and explicit learning of languages. Amstardam/Philadelphia: John Benjamins Publishing Company. 417-41

Erlam, R., Philp, J. & Elder, C., (2009) ‘Exploring the explicit knowledge of TESOL teacher trainees: Implications for focus on form in the classroom.’ Ellis, R., Loewen, S., Elder, C., Erlam, R., Philp, J. & Reinders H., (eag.) Implicit and Explicit Knowledge in Second Language Learning, Testing and Teaching.  Bristol: Multilingual Matters. 216-36.

Goo, J., Granena, G., Yilmaz, Y. & Novella, M., (2015) ‘Implicit and explicit instruction in L2 learning.’ Rebuschat, P., (eag.) Implicit and explicit learning of languages. Amstardam: John Benjamins Publishing Company. 443-82

Harsch, C. & Hartig, J., (2015) ‘Comparing C-tests and Yes/No vocabulary test as predictors of receptive language skills.’ Language Testing. 1-21.

Klein-Braley, C. & Raatz, U., (1984) ‘A survey of research on the C-test.’ Language Testing. 1(2), 134-46.

Larsen-Freeman, D., (2015) ‘Research into practice: Grammar learning and teaching.’ Language Teaching. 48(2), 263-80.

Loughran, J. & Russell, T., (2007) ‘Beginning to understand teaching as a discipline.’ Studying Teacher Education. 3 (2), 217-27.

Nic Eoin, M., (2009) ‘Teagasc na Gaeilge i gColáiste Phádraig, Droim Conrach.’ Ní Fhrighil, R. & Nic Eoin, M., (eag.), Ó Theagasc teanga go sealbhú teanga: Múineadh agus foghlaim na Gaeilge ar an tríú leibhéal. Baile Átha Cliath: Cois Life. 6-13

Norris, J.M. & Ortega, L., (2000) ‘Effectiveness of L2 instruction: A research synthesis.’ Language Learning. 50(3). 417-528.

Ó Duibhir, P., Ní Dhiorbháin, A. & Cosgrove, J., (2016) ‘An inductive approach to grammar teaching in Grade 5 & 6 Irish immersion classes.’ Journal of Immersion and Content-Based Language Education. 4(1). 33-58.

Schmidt, R. (2001) ‘Attention.’ P. Robinson, P., (eag.) Cognition and second language instruction. Cambridge: Cambridge University Press. 3-32.

Shulman, L.S., (1986) ‘Those Who Understand: Knowledge Growth in Teaching.’ Educational Researcher. Iml. 15, Uimh. 2. (Feabhra). American Educational Research. 4-14.

Shulman, L.S., (1986) ‘Paradigms and research programs in the study of teaching.’ In M.C. Wittrock, M.C., (eag.) Handbook of research on teaching. Nua-Eabhrac: MacMillan.

Shulman, L.S., (1987) ‘The wisdom of practice: Managing complexity in medicine and teaching.’  Berliner, D.C. & Rosenshire, B.V. (eag.) Talks to teachers: A festschrift for N.L. Gage. Nua-Eabhrac: Random House.

Shulman, L.S., (1987) ‘Knowledge and teaching: Foundations of the new reform.’ Harvard Educational Review (Feabhra). 1-22.

Shulman, L.S., (1987) ‘Assessment for teaching: An initiative for the profession.’ Phi Delta Kappan. (Meán Fómhair) 39-44.

Shulman, L.S., (1987) ‘Sounding an alarm: A reply to Sockett.’ Harvard Educational Review. (Samhain) 473-82.

Swain, M., (2006) ‘Languaging, agency and collaboration in advanced second language learning.’ Byrnes, M., (eag.) Advanced language learning: The contributions of Halliday and Vygotsky. Londain: Continuum. 95-108.

Foinsí Leictreonacha

Comhairle Náisiúnta Curaclam agus Measúnachta CNCM., (2015) Curaclam teanga na bunscoile. Le fáil ag: https://www.curriculumonline.ie/Primary/Curriculum-Areas/Language-New-Junior-infants-2nd-class?lang=ga-ie (Léite: 29 Aibreán 2018).

Della Putta, P., (2016) ‘The effects of textual enhancement on the acquisition of two nonparallel grammatical features by Spanush-speaking learners of Italian.’ Studies in Second Language Acquisition, 38(2). 217-38.  Le fáil ag: https://www.cambridge.org/core/journals/studies-in-second-language-acquisition/article/the-effects-of-textual-enhancement-on-the-acquisition-of-two-nonparallel-grammatical-features-by-spanish-speaking-learners-of-italian/F1D2520D9950B7CE173818A7B32D49F5  (Léite: 29 Aibreán 2018).

Evens, M., Elen, J. & Depaepe, F., (2016) ‘Pedaogical content knowledge in the context of foreign and second language teaching: A review of the research literature.’ Le fáil ag: http://www.ugr.es/~portalin/articulos/PL_numero26/ART14_Marie%20Evens.pdf (Léite: 29 Aibreán 2018).

Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Léibhéal., (2008) Siollabais nua Ghaeilge don chéad, don dara & don tríú bliain ollscoile. Le fáil ag: http://www.teagascnagaeilge.ie/ (Léite: 29 Aibreán 2018).

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Murtagh, L., (2003) Retention and attrition of Irish as a second language. (PhD neamhfhoilsithe). Ollscoil Groningen.