Ranganna oíche ríomhaireachta don phobal: Foghlaim ar feadh an tSaoil d’aosaigh na Gaeltachta

Michael Bharry Ó Flatharta
Topaic(í): 

Réamhrá

Tá dualgas ar ollscoileanna seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil tionchar dearfach acu ar shaol na ndaoine.  Le tríocha bliain tá údar an ailt seo ag cur ranganna oíche ríomhaireachta ar fáil ar fud Chonamara.  I dtús aimsire ní raibh aon teastasú ná cáilíochtaí acadúla bronnta ar rannpháirtithe na ranganna oíche seo, ach le himeacht aimsire bronnadh an European Computer Driving License (ECDL) agus Microsoft Office Specialist (MOS) orthu.  Ó 2010 ar aghaidh is mó daoine den aoisghrúpa 50+ atá ag clárú do na ranganna ríomhaireachta seo.  San aimsir a caitheadh ba é an sainmhíniú a bhíodh ar dhaoine aosta ná ‘any age after 50’ (WHO, 2011).  Theastaigh ón údar a chruthú go raibh tionchar dearfach ag na ranganna ríomhaireachta ar shaol na n-aosach sa phobal, gur chuidigh sé leo a bheith gníomhach sa phobal agus gur thug sé deis dóibh cur lena bhfoghlaim ar feadh a saoil.  Chomh maith leis sin, ba mhaith leis an údar a chruthú go raibh an fhoghlaim sheachfhoirmiúil a chuir na ranganna oíche ríomhaireachta seo ar fáil chomh tábhachtach agus chomh luachmhar leis an bhfoghlaim fhoirmeálta a chuir an Ollscoil ar fáil go traidisiúnta.  Aithnítear in Acht na nOllscoileanna 1997 an ról atá ann do na hollscoileanna foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn trí oideachas leanúnach a sholáthar d’aosaigh in abhantrach na hollscoile.

San alt seo, déanfar an cheist a leanas a chíoradh: cén fáth a mbíonn suim ag daoine atá os cionn 50 bliain d’aois ranganna oíche ríomhaireachta a dhéanamh le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua? Tabharfar sainmhíniú ar an bhfoghlaim fhoirmeálta, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta le léiriú nach gá go mbeadh creidiúintí acadúla nasctha leis an bhfoghlaim seo.

An Fhoghlaim ar feadh an tSaoil

Céard go díreach atá i gceist leis an gcoincheap Foghlaim ar feadh an tSaoil? An bhfuil sé á úsáid mar dhordfhocal nó buzzword ag lucht léinn agus lucht déanta beartas?  Dar le Boulton-Lewis (2010: 280) ‘Lifelong learning has become a catchphrase in education’.  Tá ceangal idir foghlaim ar feadh an tsaoil agus na buntáistí atá ann don duine, don eacnamaíocht agus don tsochaí go ginearálta (Field, 2009: 5).  Mhaígh Formosa (2014: 52) go raibh sé aitheanta go forleathan go raibh tionchar ag foghlaim ar feadh an tsaoil ar shláinte an aosaigh agus go nglactar leis mar bhuntáiste in ‘aosú rathúil’.  Má choinníonn an duine an intinn beoga, creidtear go gcuireann sé seo lena shláinte agus go gcuidíonn sé lena chumas fisiceach agus lena stádas cognaíoch.  Taispeánann torthaí an taighde atá déanta ar an ábhar go mbíonn tionchar dearfach ag an bhfoghlaim ar an sásamh a bhaineann duine as an saol (Feinstein et al., 2008: 23).  Is forbairt ar chumas an duine atá ann le tacaíocht leanúnach ó fhoinsí áirithe, a spreagann an duine chun an t-eolas, na luachanna agus na scileanna a fhoghlaim a theastaíonn uaidh le maireachtáil go sásúil i gcaitheamh a shaoil.  Rachaidh na scileanna seo chun tairbhe dó i ngach réimse dá shaol:

Lifelong learning is best understood as a process of individual learning and development across the life-span, from cradle to grave – from learning in early childhood to learning in retirement (OECD, 1996).

Formhór an ama, bíonn lucht déanta beartas ag brath go mór ar théarmaí ar nós ‘Foghlaim ar feadh an tSaoil’ le daoine a mhealladh agus léiríonn taighde go dtéann na téarmaí i bhfeidhm ar dhaoine luath nó mall:

Lifelong education has all the trappings of what might be termed a “good idea” – it is bedecked with hurrah words and emotive terms, liberally dispersed by its proponents, and this gives it an air of conceptual solidity, together with making it more readily popular (Matheson & Matheson, 1996: 230).

Ba ag tús an 20ú haois a tosaíodh ag baint úsáide as an téarma Foghlaim ar feadh an tSaoil nó oideachas aosach, le bheith níos cruinne faoi, agus le himeacht ama úsáideadh leaganacha difriúla ar nós lifelong education agus recurrent education.  Ba iad Eduard Lindeman, Meiriceánach a raibh an-suim aige san oideachas aosach a chur chun cinn, agus an Sasanach, Basil Yeaxlee, an chéad bheirt a chuir an smaoineamh faoin bhfoghlaim ar feadh an tsaoil os comhair an phobail.  Chomh maith leis an tsuim a bhí aige san oideachas ar feadh an tsaoil, bhí an-suim ag Lindeman san fhorbairt pobail agus in obair ghrúpaí.  Ina leabhar The Meaning of Adult Education (1926) léirigh sé gurbh oideachas é an saol agus theastaigh uaidh coincheap nua a thabhairt don oideachas agus imeacht ón dearcadh gur don óige amháin an t-oideachas, mar sin bhreathnaigh sé i dtreo an oideachais aosaigh.  Theastaigh uaidh éalú ón dearcadh go raibh oideachas á chur ar dhaoine chun iad a réiteach don fhostaíocht, thosaigh an t-oideachas aosach nuair a chríochnaigh an t-oideachas gairmiúil:

Adult education more accurately defined begins where vocational education leaves off.  Its purpose is to put meaning into the whole of life. (Lindeman, 1926: 7)

Chonaic Lindeman (1926) go mbeadh an t-oideachas aosach bunaithe ar na héilimh agus ar na hábhair suime a bheadh ag daoine seachas an t-oideachas traidisiúnta mar go raibh taithí saoil ag na daoine a bhí ag filleadh ar an oideachas.  Sa gcás seo, bhí daoine ag iarraidh na rudaí a theastaigh uathu féin a fhoghlaim agus ní ábhair a bhí leagtha amach i gcuraclam ag daoine nó ag hinstitiúidí eile, ag cur an oideachais sheachfhoirmiúil chun cinn.  I saothar Yeaxlee a foilsíodh i 1929 dar teideal Lifelong Education mhaígh sé gurbh í an fhís a bhí aige go mbreathnódh duine ar an taithí a fuair sé i rith a shaoil mar chuid dá chuid oideachais agus dá bharr sin gur turas ar feadh a shaoil a bheadh san oideachas.  Mar thoradh ar an dul chun cinn a tháinig ar chúrsaí eacnamaíochta agus teicneolaíochta cuireadh fuinneamh nua faoi choincheap an oideachais fadsaoil sna seascaidí agus sna seachtóidí (Tight, 1996).

I 1972 d’fhoilsigh Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO) agus an polaiteoir Francach, Edgar Faure, an tuarascáil Learning to Be ina raibh siad ag iarraidh an t-oideachas agus an fhorbairt a tháinig ar an tsochaí a nascadh le chéile agus go mbeadh córas ann a bhí cothrom agus daonlathach:

If learning involves all of one’s life, in the sense of both time-span and diversity, and all of society, including its social and economic as well as its educational resources, then we must go even further than the necessary overhaul of “educational systems” until we reach the stage of a learning society. (Faure et al., 1972: xxxiii)

Léirigh tuarascáil Faure (1972) na prionsabail go dtarlaíonn oideachas le linn shaol an duine agus go nglacfar leis gur oideachas foirmeálta agus neamhfhoirmeálta atá i gceist leis agus ionchur ag an bhfoghlaimeoir féin san eispéireas.  Theastaigh athbhreithniú a dhéanamh ar an gcóras oideachais chun é sin a bhaint amach.  Mar sin, bhí suim ag na húdaráis athstruchtúrú a dhéanamh ar an gcóras oideachais agus go mbeadh na hinstitiúidí oideachais ag athrú i dtreo institiúidí ‘foghlaim ar feadh an tsaoil’ chun deis a thabhairt do dhaoine leanúint lena gcuid foghlama nuair a thiocfadh deireadh lena gcuid oideachais fhoirmiúil.  Ionas go mbeadh an t-oideachas in ann leanúint ar aghaidh mar fhoghlaim ar feadh an tsaoil, chaithfeadh sé a bheith ar fáil ar feadh shaol an duine, go mbeadh deis aige athnuachan agus uasghrádú a dhéanamh ar an eolas a bhí aige agus go mbeadh an t-aitheantas ar fáil don oideachas seachfhoirmiúil chomh maith leis an oideachas foirmeálta (Cropley, 2014: 25). 

Mhéadaigh stádas na foghlama ar feadh an tsaoil i lár na nóchaidí.  Tharraing taighde ón Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD) i 1996, Lifelong Learning for All, aird ar an ról a bhí ag na hinstitiúidí oideachais tacú le daoine agus iad ag leanúint lena gcuid oideachais fad agus a mhair siad agus d’fhógair an Comhphobal Eorpach gurbh é 1996 Bliain ‘Foghlaim ar feadh an tSaoil’.  Rinneadh é sin a cheiliúradh le tuarascáil eile, Learning: The treasure within, ón International Commission on Education for the Twenty-first Century & Delors (1996) nó Tuarascáil Delors mar is fearr aithne air (Elfert, 2015).  D’athraigh an tuarascáil sin an téarma ó ‘Oideachas Fadsaoil’ a bhí in úsáid i dtuarascáil Faure go dtí ‘Foghlaim ar feadh an tSaoil’ nó Learning throughout Life i dtuarascáil Delors.  Theastaigh ón dá thuarascáil seo go mbeadh comhionannas ag saoránaigh ar fud na cruinne, go mbeadh deis acu iad féin a fhorbairt agus a chur chun cinn agus go mbeadh smacht acu ar an treo ina raibh a saol ag dul.  Theastaigh ó Delors a chruthú go raibh siad ag díriú i dtreo foghlaim a bheith ar fáil do chuile aois agus go mbeadh sé leanúnach – ‘Learning is no longer limited to specific life periods and age groups, but needs to be seen as a ‘continuum’’ (International Commission on Education for the Twenty-first (Century & Delors, 1996: 100)).  Bhí fís ag tuarascáil Delors gur ar mhaithe leis an bpobal a bhí an t-oideachas agus gurbh é an ról ba thábhachtaí a bhí ag an oideachas ná saol pearsanta agus saol sóisialta an duine a fhorbairt.  Tá tionchar fós ag tuarascáil Delors ar pholasaithe oideachais na rialtas náisiúnta agus ar an obair forbartha a dhéanann páirtithe ar nós UNESCO agus eagraíochtaí idirnáisiúnta eile.  Ina dhiaidh sin, músclaíodh suim na n-institiúidí oideachais iad féin a athrú ó ionaid oideachais thraidisiúnta go hionaid a bhí ag cur oideachais ar feadh an tsaoil ar fáil:

Since the publication of this report, there has been considerable interest in transforming educational establishments into institutions of lifelong learning aimed at creating individuals who are capable of learning not only during their time as students but, more importantly, being able to continue learning beyond their formal schooling environment throughout their lives. (Mwaikokesya, Osborne, & Houston, 2014: 22)

Is beag cáipéis a thagann ón Eoraip nach ndéanann tagairt don fhoghlaim ar feadh an tsaoil.  I bhfoilseachán ar nós Memorandum on Lifelong Learning (2000) agus Making a European Area of Lifelong Learning a Reality (2001) déanann Coimisiún na hEorpa cur síos ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil mar:

all learning activities undertaken throughout life with the aim of improving knowledge, skills and competences within a personal, civic, social and/or employment related perspective (European Commission, 2001: 9)

Tháinig rialtas na hÉireann ar bord in 2000 agus iad ag glacadh le foghlaim ar feadh an tsaoil mar pholasaí oideachais sa tír seo nuair a d’fhoilsigh siad an páipéar bán Learning for Life: White Paper on Adult Education.  Thagair siad anseo go raibh an téama ‘foghlaim ar feadh an tsaoil’ sa tír thiar i 1984 le foilseachán Report of the Commission on Adult Education, ach nach raibh tionchar ar bith aige ar an gcóras oideachais anseo de bharr cúinsí eacnamaíochta ag an am.  I bpáipéar bán na bliana 2000 thug an rialtas le fios go raibh siad tiomanta den fhoghlaim ar feadh an tsaoil fad a mhair an duine:

The lifelong dimension of Adult and Community Education refers to its place within a continuum of education from the cradle to the grave. (An Roinn Oideachas agus Eolaíocht, 2000: 32)

Thuig an rialtas chomh maith, an tábhacht a bhain leis an ionchur a bheadh ag eagraíochtaí eile, seachas na cinn oideachasúla, sa bpróiseas seo, ach go háirithe an pobal agus an baile:

With regard to adult learning it encompasses the school or other conventional educational institutions, training centres, the home (particularly through I.T. or other forms of home-based learning), the community and the workplace. (An Roinn Oideachas agus Eolaíocht, 2000: 32)

D’aithin Páipéar Bán 2000 go dtarlaíonn an fhoghlaim ar feadh an tsaoil thar thréimhse saoil an duine agus ní hamháin sna céad bhlianta agus é ar scoil.  Thuig siad go dtarlaíonn an fhoghlaim ar go leor bealaí agus i dtimpeallachtaí difriúla agus go raibh nasc idir an tionscal agus seirbhísí pobail chomh maith le heagraíochtaí foirmeálta agus neamhfhoirmeálta.  Theastódh comhoibriú ó na heagraíochtaí ar fad ionas go mbeadh toradh dearfach ar an bhfoghlaim.  Chomh maith leis an oideachas tríú leibhéal agus an t-oideachas aosach thug an páipéar bán aitheantas don oideachas sa bpobal, an cineál oideachais a chuirtear ar fáil sna ranganna oíche ríomhaireachta trí mheán na Gaeilge a reáchtáiltear in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua:

With regard to Gaeltacht communities, the Government is concerned to ensure that Gaeltacht residents have the same opportunities as are open to English speakers to pursue their education and training ambitions in their own language. (An Roinn Oideachas agus Eolaíocht, 2000: 52)

Tá infheistíocht mhór déanta ag an rialtas agus ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ionas go mbeidh oideachas tríú leibhéal á chur ar fáil as Gaeilge in ionaid éagsúla ar fud na nGaeltachtaí chomh maith le bheith ag teagasc ar champas na hOllscoile.  Ní trí chúrsaí céime ná iarchéime amháin, sa modh foirmeálta a chuireann ollscoileanna oideachas ar fáil, mar go gcuirtear cúrsaí agus ranganna ar fáil d’eagraíochtaí áirithe ar nós: An Post, An Comhairle Contae, An Garda Síochána, Na Boird Oideachais, An Roinn Oideachais, chomh maith le cúrsaí i gcomhpháirt le Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin agus dianchúrsaí do dhaoine aonaracha.  San áireamh freisin tá na ranganna oíche ríomhaireachta don phobal.  Is féidir breathnú ar an oideachas sin mar oideachas seachfhoirmiúil:

Lifelong learning comprises learning across all phases of life and includes the spectrum of formal, non-formal and informal learning.  Hence, it is a process that can occur at any time or place and addresses both an individual’s needs and those of the community (WHO, 2015).

Tá daoine ag maireachtáil níos faide, dá bhrí sin, tá daonra an domhain ag dul in aois.  De réir na staitisticí atá curtha ar fáil ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO, 2015b) is iad na haosaigh an t-aoisghrúpa is mó a bhfuil fás ag teacht orthu ar fud na cruinne.  Ceaptar go mbeidh os cionn 2,000,000,000 duine os cionn 60 bliain d’aois ann faoin mbliain 2050, sin duine as gach ceathrar.  Léiríonn figiúirí ó dhaonáireamh 2016, go raibh daonra de 4,761,865 in Éirinn (An Phríomh-Oifig Staidrimh) agus go raibh 1,446,926 acu sin 50 bliain nó os a chionn, sin 30% den daonra.  Tá sé soiléir go bhfuil daonra na hÉireann ag maireachtáil níos faide.  Is féidir a bheith ag súil go bhfuil saolré na bhfear anois ag 77 bliain agus saolré na mban ag 82 bliain, de réir an Phríomh-Oifig Staidrimh.  Agus an rialtas anseo in Éirinn ag plé na haoise ina mbeidh daoine i dteideal a bpinsean - 70 bliain in 2022, beidh na daoine seo ag iarraidh scileanna nua a shealbhú agus oideachas a chur orthu féin, rud a thacaíonn le tuairim Dychtwald (1986), (luaite i Opalinski, 2001): 

Ken Dychtwald (1986) stated “It will become ‘normal’ for 50-year-olds to go back to school and for 70-year-olds to start new careers.” (Opalinski, 2001: 208)

An fhoghlaim fhoirmeálta, sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta

D’eascair trí chatagóir den chóras foghlama as tuarascáil Faure i 1972: oideachas foirmeálta, oideachas seachfhoirmiúil agus oideachas neamhfhoirmeálta.

Is oideachas foirmeálta é an córas oideachais a bhfuil na scoileanna agus na hollscoileanna ag plé leis den chuid is mó, ina mbíonn múinteoir agus mic léinn.  Bíonn an t-oideachas seo lonnaithe in institiúidí, le struchtúr a thosaíonn ag an mbunscoil, ar aghaidh go dtí an mheánscoil agus suas go dtí leibhéal ollscoile.  Bíonn sé dírithe ar fhéilire bliana atá leagtha amach ag an gcóras oideachais agus bíonn scrúduithe le déanamh agus baintear amach creidiúintí i bhfoirm teastas, céimeanna srl.  Go hiondúil, bíonn siad eagraithe i bhfoirm cúrsaí, léachtaí, seimineár agus ceardlann.  Is oideachas é atá bunaithe ar aois, céimnithe ón ngasúr go dtí an duine fásta agus atá dírithe i dtreo cáilíochtaí a bhaint amach agus an phríomhaidhm atá aige ná fostaíocht a fháil.  Le blianta anois tá béim curtha ar an oideachas aosach agus tagann go leor mac léinn lánfhásta isteach sna hollscoileanna, ach de réir mar a théann daoine in aois ní bhíonn mórán foinn orthu dul isteach san oideachas foirmeálta mar nach n-airíonn siad go bhfuil cáilíochtaí ag teastáil uathu.

Tarlaíonn an fhoghlaim sheachfhoirmiúil taobh amuigh den oideachas foirmeálta.  Ní gá go mbeadh aon chreidiúintí acadúla le fáil ag an mac léinn a chríochnaíonn an cúrsa ach fós féin baineann daoine sásamh as seo de bharr go bhfuil suim áirithe acu san ábhar agus go dtógann sé ar na scileanna pearsanta atá forbartha acu leis na blianta.  Dar le Tight (1996) tá an t-oideachas seachfhoirmiúil bunaithe ar an tábhacht atá leis an oideachas, an fhoghlaim agus an oiliúint a tharlaíonn taobh amuigh de na hinstitiúidí aitheanta.  Is féidir leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil a bheith ar fáil san ionad oibre, ag grúpaí deonacha, agus bíonn sé ar fáil do ghasúir chomh maith le daoine fásta (Coombs & Ahmed, 1974: 8).  Cheap Coombs agus Ahmed go raibh an t-oideachas foirmeálta bunaithe ar bhealach a raibh struchtúr ag baint leis, go raibh ciall leis na modúil chun cáilíocht a bhaint amach agus go raibh an t-oideachas seachfhoirmiúil déanta suas d’imeachtaí oideachasúla nach gá go mbeadh aon bhaint acu lena chéile.  Mar sin tá an coincheap sa bhfoghlaim ar feadh an tsaoil go dtugtar níos mó airde ar an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil leis na socruithe éagsúla ná mar a thugtar ar an oideachas foirmeálta a chuirtear ar fáil sna hinstitiúidí traidisiúnta (Tuijnman & Boström, 2002: 102).  Mar gheall go dtarlaíonn an fhoghlaim sheachfhoirmiúil taobh amuigh de scoileanna, de choláistí agus d’ollscoileanna, ní bhreathnaítear air mar fhíorfhoghlaim agus ní bhíonn aon luach sa margadh oibre ar na torthaí foghlama atá ag na hábhair atá ann agus mar sin níl an meas céanna ar an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil (Commission of the European Communities, 2000).  D’ainneoin sin, éiríonn leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil aosaigh a mhealladh mar go dtugann sé an deis is fearr dóibh páirt a ghlacadh in imeachtaí don aosach, bualadh lena bpiaraí agus rudaí nua a fhoghlaim gan brú scrúduithe ná creidiúintí.  Bíonn éileamh mór ar chúrsaí agus ar ranganna seachfhoirmiúla mar go mbíonn siad gearrthéarmach agus go ndéantar iad go deonach.

Tá an fhoghlaim neamhfhoirmiúil bunaithe ar an eolas a fhaigheann daoine ina saol go laethúil, taithí an tsaoil a fhaigheann siad ó rudaí a tharlaíonn sa mbaile, ar scoil, ag an obair nó agus daoine ag taisteal.  Is féidir breathnú air mar seo – rud ar bith a dhéanann an duine gach lá; bíonn sé ag foghlaim uaidh, bíodh sé ag léamh, ag éisteacht leis an raidió nó ag féachaint ar an teilifís.  Níl aon churaclam leagtha síos dó agus ní théann aon cháilíocht leis.  Bíonn daoine ag foghlaim ó dhaoine eile, ní gá gur múinteoirí ná léachtóirí iad, bíonn siad ag foghlaim óna gcomhpháirtithe.  Déanann Boulton-Lewis (2010) cur síos ar an tionchar a bhíonn ag an bhfoghlaim fhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ar dhaoine os cionn 50 bliain d’aois agus an sásamh a bhaineann siad as a saol.  Teastaíonn uathu cleachtadh a thabhairt don inchinn agus tabhairt faoin dúshlán:

Dench and Regan described the effects of formal and informal learning for older people (50 and over) as including enjoyment of life, self-confidence, feelings about self, satisfaction with life, coping ability, increased social involvement, and better health.  The most important reasons older people gave for learning were to keep their brains active and to enjoy the challenge.  The most common reasons given for not learning were lack of time and interest (Boulton-Lewis, 2010: 215).

Deir Coimisiún na hEorpa (2006) go gcaithfear aitheantas a thabhairt don fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus don fhoghlaim neamhfhoirmiúil má tá an Eoraip ag iarraidh a bheith aitheanta mar áit atá eolasbhunaithe, áit ina mbeidh an foghlaimeoir lárnach sa bpróiseas foghlama: 

Recognition and validation of non-formal and informal learning forms a cornerstone in the lifelong learning strategy.  The learner should be at the centre of the learning process and the learning outcomes should be recognised and valued, regardless of where and how they are achieved (European Community, 2006: 10).

An Ollscoil sa bPobal

Tá Ollscoil na hÉireann, Gaillimh tiomanta d’idéil na comhpháirtíochta agus do cheangal láidir a bheith aici leis na pobail atá in abhantrach na hollscoile.  Tá dualgas ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge seirbhísí a chur ar fáil a bhfuil tionchar dearfach acu ar shaol na ndaoine i bpobail ar nós: An Cheathrú Rua, Carna, Gaoth Dobhair, ionaid atá lasmuigh de phríomhchampas Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Mar chuid den tseirbhís sin, cuirtear ranganna oíche ar fáil don phobal.  Cuireadh tús leis an tseirbhís seo san Acadamh ar an gCeathrú Rua, nó Oifig na Gaeilge Labhartha mar a tugadh uirthi san am a caitheadh, i 1988.  Is beag oíche i rith na seachtaine nach mbíodh ranganna á reáchtáil in Áras Mháirtín Uí Chadhain.  Chomh maith le ranganna ríomhaireachta, bhíodh ranganna cócaireachta, ealaíne, lámhcheardaíochta, cniotála, fuála, cróiseála agus damhsa ar fáil go rialta ar an gCeathrú Rua.  Ach ní ar an gCeathrú Rua amháin a chuirtí na ranganna ríomhaireachta ar siúl mar bhíodh na ranganna curtha ar fáil in ionaid éagsúla ar fud Ghaeltacht Chonamara, ionaid ar nós: Óstán Chuan Carna i gCarna (sular oscail Áras Shorcha Ní Ghuairim), an tIonad Pobail i gCill Chiaráin, an Halla Pobail i gCamus, an tIonad Pobail i gCorr na Móna, Seanscoil Shailearna agus Coláiste Lurgan in Indreabhán.

Chomh maith leis na ranganna oíche ríomhaireachta, bhíodh cúrsaí á reáchtáil i rith an lae, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta agus le FÁS nó Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin mar atá orthu anois.  Bhain na cúrsaí leis na réimsí seo a leanas: Cúntóirí Teanga, An Clár Fostaíochta Pobail, Scileanna Ríomhaireachta agus an Dioplóma sa Ghaeilge.  Thug na cúrsaí seo deis don phobal filleadh ar an oideachas agus scileanna nua a shealbhú.  Tugann na ranganna seo deis do mhuintir na háite léargas a fháil ar shaol na hOllscoile chomh maith le tuiscint a thabhairt dóibh go bhfuil an Ollscoil sásta seirbhís a chur ar fáil do gach uile aoisghrúpa.

Ar na seirbhísí eile a cuireadh ar fáil don phobal bhí seirbhísí riaracháin, aistriúcháin agus profála agus rl.  Níl go leor de na seirbhísí sin ag teastáil ón bpobal a thuilleadh mar go bhfuil na scileanna atá de dhíth sealbhaithe ag na pobail anois trí mheán na ranganna a cuireadh ar fáil dóibh.

Léiríonn Tuarascáil Hunt (2011) an tábhacht a bhaineann leis an gcaidreamh atá idir institiúid ar nós Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus an pobal chun cothromaíocht a bheith ar fáil san ardoideachas.

An Teicneolaíocht agus an tAosach

Ceann de na deacrachtaí is mó a bhíonn ag aosaigh nuair a thosaíonn siad ag dul i ngleic leis an teicneolaíocht ná nach raibh ríomhairí ar fáil dóibh nuair a bhí siad óg agus iad ag freastal ar scoil agus nach raibh rochtain ag formhór acu ar ríomhairí ina saol oibre.  Taispeánann taighde go bhfuil tionchar dearfach ag teicneolaíocht na faisnéise agus teicneolaíochtaí cumarsáide ar chaighdeán saoil an duine aosta (Eastman & Iyer, 2004: 212) agus trí na huirlisí a chuireann sé ar fáil dóibh, mar ríomhphoist, an tIdirlíon, seomraí comhrá agus pléghrúpaí, modhanna cumarsáide mar cheamara gréasáin agus prótacal idirlín guthaithe chomh maith le cluichí ríomhaireachta.  Bíonn suim acu freisin rudaí nua a fhoghlaim faoi airgead agus baincéireacht mar go mbíonn go leor de na seirbhísí sin ar fáil ar líne.

Tá an t-idirlíon ag athrú shaol an duine agus tá na haosaigh san áireamh ansin mar go gcruthaíonn sé domhan gan teorainn dóibh cé go gcuirtear íomhá dhiúltach amach ansin maidir leis an úsáid a bhaineann siad as (van Deursen & Helsper, 2015: 181).  Tugann sé deis iontach dóibh leanúint ar aghaidh lena gcuid foghlama ar feadh an tsaoil agus léiríonn na staitisticí go bhfuil eolas ag aosaigh ar na rudaí éagsúla atá ar fáil dóibh ar an idirlíon.  Úsáideann ceathrar as gach deichniúr acu an t-idirlíon le tuilleadh eolais a fháil faoi chúrsaí leighis (Kaiser Family Foundation, 2005).  Ar an taobh eile den scéal tá na daoine nach mbaineann aon úsáid as an idirlíon.  D’iarr ceathrar as gach deichniúr acu sin ar dhuine éigin eile rudaí a dhéanamh dóibh agus ba iad na fir ba mhó a bhí i gceist sna figiúirí sin (van Deursen & Helsper, 2015: 177).  Tá contúirt ag baint leis sin dóibh mar go gcailleann siad a gcuid neamhspleáchais agus go dtugann sé deis do dhaoine eile buntáiste a imirt orthu.  Mar sin, má tá ríomhaire acu sa mbaile tá buntáistí suntasacha ar fáil d’aosaigh a chuideodh leo agus iad ag dul in aois (Boulton-Lewis et al., 2007: 257).  Caithfear deiseanna a thabhairt dóibh scileanna nua a fhoghlaim ionas go bhfaighidh siad an buntáiste is fearr as an trealamh ríomhaireachta atá acu:

Provide older people with learning opportunities, notably in areas such as information and communication technologies (ICT), self-care and personal finance, empowering them to participate actively in society and to take charge of their own life (Council of the European Union (EPSCO), 2012: 10).

Tá níos mó daoine óga ag dul ar imirce arís agus leis sin tá an chontúirt ann go mbeidh níos mó aosach fágtha leo féin agus d’fhéadfadh siad a bheith scoite ón bpobal, rud nach mbeadh go maith dá sláinte.  Léirigh Xie (2007) go gcuidíonn an ríomhaire leo teacht as sin agus go mbaineann siad an-sásamh as a bheith ag úsáid an idirlín mar go gcoinníonn siad i dteagmháil le cairde agus le clann chomh maith le bheith ag tabhairt caitheamh aimsire nua dóibh.  Nuair a bhíonn siad ag foghlaim scileanna nua tagann feabhas ar fhéinmhuinín agus ar chuimhne.  Bíonn na torthaí is fearr ar an bhfoghlaim seo le feiceáil nuair a bhíonn aosaigh ag fáil oiliúna ó dhaoine eile agus iad páirteach i ranganna ríomhaireachta:

in the older population, much information and communication technology (ICT) learning typically takes place in face-to-face, group settings such as computer classes and/or computer clubs (Xie, 2007: 399).

Deir Xie (2007: 396) go bhfuil an cruthúnas ann go gcuidíonn an caidreamh a bhíonn ag aosaigh le daoine eile lena sláinte le linn dóibh a bheith ag déanamh ranganna ríomhaireachta.  Bhí neart misnigh acu déileáil le nithe a bhain le sláinte, slándáil, taisteal agus caitheamh aimsire ach theastaigh cúnamh uathu smacht a fháil ar chúrsaí teicneolaíochta.  Dúirt Boulton-Lewis et al. (2006: 280) agus daoine ar an turas foghlama ar feadh an tsaoil, go mbeidh orthu ag am éigin úsáid a bhaint as cúrsaí teicneolaíochta, go háirithe ríomhairí agus an t-idirlíon, ach tá aosaigh ann nach bhfuil aon chleachtadh acu ar na rudaí seo agus caithfidh siad na bunscileanna sin a fhoghlaim, fiú mura bhfuil siad ag iarraidh na scileanna sin a shealbhú (Boulton-Lewis et al., 2006).  Tá sé seo an-riachtanach anois mar go bhfuil go leor seirbhísí poiblí ag úsáid na teicneolaíochta le heolas tábhachtach a chur ar fáil don phobal ach go bhfuil an t-eolas seo ar fáil ar líne:

More and more elderly people are getting involved in information technology, which shows that it is possible to learn at any age and that their will to continue learning means that education is not limited to specific stages of life.  To learn is to live, and learning fosters creativity, increases self-esteem, exercises the mind (Agudo et al., 2012: 197).

De réir figiúirí ón bPríomh-Oifig Staidrimh in 2016, bhí 365,000 aosach in Éirinn nach raibh ag baint aon úsáid as an idirlíon.  Is féidir an meon sin a athrú má mhúintear na scileanna cuí do na daoine aosta agus suim a mhúscailt iontu sna buntáistí atá i ndán dóibh agus iad ar líne.  Nuair atá na scileanna acu bíonn fonn orthu iad a thabhairt isteach sna himeachtaí laethúla a bhíonn acu:

70% of people aged 65 or over who had started using the internet stated that they typically use it every day (Zickuhr & Madden, 2012: 5).

Is féidir cuid de na deacrachtaí seo a shárú trí ócáidí eolais agus ranganna a chur ar fáil dóibh agus iad a chur ag úsáid na seirbhísí éagsúla le cabhair óna gclann agus óna gcairde sa bpobal.

Na Rannpháirtithe

Rinne 45 duine a bhí os cionn 50 bliain d’aois ranganna oíche ríomhaireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le deich mbliana anuas.  Taispeánann na haoiseanna a bhí ag na mic léinn go raibh 18 (40%) acu san aoisghrúpa 70 – 79 agus nach raibh an dream san aoisghrúpa 50 – 59 i bhfad taobh thiar díobh le 17 (38%).  Bhí  ceathrar (9%) acu os cionn ceithre scór bliain d’aois agus bhí an uimhir sin ní b’airde ná an dream a bhí ag dul ar scor, 60 – 64 agus an dream a bhí tar éis dul ar scor, 65 – 69, le triúr sa dá ghrúpa sin.

Tábla 1: Aois na mac léinn a rinne na ranganna oíche ríomhaireachta

Léiríonn na torthaí i dTábla 2 an chúis ar fhreastail na mic léinn ar na ranganna.  Dúirt an chuid ba mhó acu, 35 (78%), go ndearna siad na ranganna chun scileanna nua a fhoghlaim.  Ní raibh suim ach ag an tríú cuid acu foghlaim conas seirbhísí ar líne a úsáid agus bhí an tromlach acu sin sna haoisghrúpaí 60 – 64 agus 70 – 79 bliain d’aois.  Ní raibh ach seisear de na mic léinn ag iarraidh cáilíochtaí nó teastasú a bhaint amach agus bhí siad seo ar fad san aoisghrúpa 50 – 59 bliain d’aois.

Tábla 2: Cén fáth a ndearna siad na ranganna oíche ríomhaireachta?

Bhí ríomhaire sa mbaile ag 35 (78%) de na mic léinn agus d’fhreagair 38 (84%) go raibh an leathanbhanda acu sa mbaile.  Ní raibh ach 25 (55%) de na mic léinn sa staidéar seo ag úsáid an ríomhaire ar bhonn laethúil.  Bhí 12 (27%) ar an ríomhaire go seachtainiúil agus bhí ochtar (18%) a raibh úsáid ní ba lú ná sin á bhaint as, ba iad sin ochtar as an deichniúr nach raibh ríomhaire sa mbaile acu.  Dúirt 15 (33%) de na mic léinn nach raibh aon mhisneach acu ag úsáid ríomhairí agus d’admhaigh 16 (36%) acu gur theastaigh cúnamh uathu.

Ba é an tasc ríomhaireachta ba mhó a rinne na mic léinn ná ríomhphost a sheoladh mar dúirt 29 (64%) acu go raibh an-chleachtadh acu ar an gcóras ríomhphoist.

Tábla 3: Céard a dhéanann na mic léinn ar an Idirlíon?

Bhí cleachtadh ag leathchuid de na mic léinn a bheith ag breathnú ar nuachtáin ar líne agus ag fáil eolais reatha ar chúrsaí nuachta ó shuíomhanna na meán agus bhí an céatadán de na mic léinn a bhain úsáid as Skype comhchosúil leis.  Ní raibh mórán suime ag roinnt mhaith de na mic léinn sa taighde seo sa tsiopadóireacht ar líne 10 (22%) agus ní raibh suim ag formhór acu a bheith páirteach sna meáin shóisialta 13 (29%).

Feictear i dTábla 4 thíos an úsáid a bhain na mic léinn as na seirbhísí ar líne.  Bhain na trí cinn ba choitianta le tascanna a bhaineann le hairgead nó úsáid a bhaint as cárta creidmheasa ar líne.  Bhí seisear as deichniúr acu inniúil ar an gcáin bhóthair a íoc agus bhí 26 (58%) sásta suíomh na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna a úsáid chun coinne Tástála Náisiúnta Gluaisteán a dhéanamh.  Bhí os cionn leath de na mic léinn 24 (53%) sásta an bhaincéireacht ar líne a dhéanamh.  Ní raibh suim ach ag seisear (13%) acu úsáid a bhaint as seirbhísí Leighis / Meabhairshláinte / Sláinte.

Tábla 4: Na seirbhísí ar líne a úsáideann na mic léinn

Rinne triúr as gach ceathrar na ranganna chun rudaí nua a bhain leis an teicneolaíocht a fhoghlaim, rud a léiríonn go raibh cuid mhaith de na mic léinn, 35 as 45, ag déanamh na ranganna mar gur theastaigh uathu leanúint ar aghaidh leis an bhfoghlaim, gur thuig siad nach dtagann deireadh le deiseanna foghlama agus go bhfuil tábhacht leis an bhfoghlaim chun an intinn a choinneáil folláin agus gníomhach, rud a thacaíonn leis an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil mar a chonaic muid sa litríocht.  Léiríodh sa litríocht nach mbíonn fonn ar dhaoine aosta dul isteach san oideachas foirmeálta mar nach n-airíonn siad go bhfuil cáilíochtaí ag teastáil uathu.  D’fhreastail seisear as gach seachtar sa taighde seo ar na ranganna ríomhaireachta de bharr go raibh suim acu san ábhar nó sa gcomhluadar seachas aon chreidiúintí a bhaint amach.  Tagann sé seo leis an dearcadh a bhí ag Lindeman i 1926 go raibh an t-oideachas aosach bunaithe ar na héilimh agus ar na hábhair spéise a bhíodh ag daoine seachas an t-oideachas traidisiúnta.

An Chonclúid

Ní hamháin go gcuidíonn foghlaim ar feadh an tsaoil le sláinte an duine ach tá sé folláin don phobal chomh maith mar nach gcuireann daoine atá folláin agus gníomhach an brú céanna ar acmhainní agus ar sheirbhísí.  Tugann aosaigh go leor ar ais don phobal ina bhfuil siad ina gcónaí lena dtaithí saoil, leis an saineolas atá acu agus leis an obair dheonach a dhéanann siad.  Tá sé tábhachtach tacaíocht a thabhairt d’aosaigh atá ag iarraidh a bheith ag foghlaim.

Tá fianaise láidir anseo a léiríonn go bhfuil tábhacht ag baint leis na ranganna oíche ríomhaireachta atá ar fáil in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, ní hamháin mar sheirbhís luachmhar rannpháirtíochta sa bpobal ach freisin mar chlár riachtanach don fhoghlaim sheachfhoirmiúil a thugann rochtain ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh do gach duine.  Tacaíonn an litríocht ó fhir léinn mar Lindeman agus tuarascálacha Faure (1972) agus Delors (1996) leis an gcoincheap go mbeadh an Fhoghlaim ar feadh an tSaoil ar fáil do phobal ar nós An Cheathrú Rua ionas go mbeidh deis ag foghlaimeoirí aosta filleadh ar an oideachas agus an deis a thabhairt do chuid acu freastal ar institiúid 3ú leibhéil den chéad uair ina saol, ag cruthú go dtarlaíonn an fhoghlaim ón mbreith go dtí an bás.

Tá sé soiléir go bhfuil an tábhacht chéanna leis an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus atá leis an gcóras foirmeálta agus is cinnte gur fiú do na hionaid ar fad atá ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge an deis a thapú le Foghlaim ar feadh an tSaoil a chur ar fáil do na haosaigh atá sa bpobal ina bhfuil siad lonnaithe.

Leabharliosta: 

Leabhair

Coombs, P.H. & Ahmed, M., (1974) Attacking Rural Poverty: How Nonformal Education Can Help. Baltimore: John Hopkins University Press.

Cropley, A.J. (eag.), (2014) Towards a system of lifelong education: Some practical considerations. Iml. 7. Elsevier.

Faure, E., Herrera, F., Lopes, H., Petrovsky, A., Rahnema, M. & Ward, F., (1972) Learning to be: The world education today and tomorrow.  Páras: UNESCO.

Feinstein, L., Budge, D., Vorhaus, J. & Duckworth, K., (2008) The Social and Personal Benefits of Learning: A Summary of Key Research Findings. Londain: Centre for Research on the Wider Benefits of Learning, Institute of Education.

Field, J., (2009) Well-being and happiness. National Institute of Adult Continuing Education.

Lindeman, E.C., (1926) The meaning of adult education. Nua-Eabhrac: New Republic.

Organisation for Economic Co-operation and Development, (1996) Lifelong learning for all: Meeting of the Education Committee at Ministerial level, 16-17 January 1996. OECD.

Tight, M., (2002) Key concepts in adult education and training. Psychology Press.

Yeaxlee, B., (1929) Lifelong Education: a study of the range and significance of the adult education movement.  Londain: Cassell.

Ailt

Agudo-Prado, S., Pascual-Sevillana, M.Á. & Fombona-Cadavieco, J., (2012) ‘Uses of digital tools among the elderly’. Revista Comunicar, 20(39). 193-201.

Boulton-Lewis, G.M., Buys, L. & Lovie-Kitchin, J., (2006) ‘Learning and active aging’, Educational gerontology. 32(4). 271-82.

Boulton-Lewis, G.M., Buys, L., Lovie-Kitchin, J., Barnett, K. & David, L.N., (2007) ‘Ageing, learning, and computer technology in Australia’. Educational Gerontology. 33(3). 253-70.

Boulton-Lewis, G.M., (2010) ‘Education and learning for the elderly: Why, how, what’. Educational Gerontology. 36(3). 213-28.

Council of the European Union (EPSCO), (2012) ‘Council Declaration on the European Year for Active Ageing and Solidarity between Generations (2012): The Way Forward’. 16592/12 SOC 948 SAN 289.

Elfert, M., (2015) ‘UNESCO, the Faure Report, the Delors Report, and the political utopia of Lifelong Learning’. European Journal of Education. 50(1), 88-100.

Eastman, J.K. & Iyer, R., (2004) ‘The elderly’s uses and attitudes towards the Internet’. Journal of Consumer Marketing. 21(3). 208-20.

Formosa, M., (2014) ‘Four decades of Universities of the Third Age: past, present, future’. Ageing & Society. 34(1). 42-66.

Matheson, D. & Matheson, C., (1996) ‘Lifelong learning and lifelong education: A critique’, Research in PostCompulsory Education, 1(2). 219-36.

Mwaikokesya, M.J., Osborne, M. & Houston, M. (2014) ‘Mapping lifelong learning attributes in the context of higher education institutions’. Journal of Adult and Continuing Education. 20(2). 21-36.

Opalinski, L., (2001) ‘Older adults and the digital divide: Assessing results of a web-based survey’. Journal of Technology in Human Services. 18(3-4). 203-21.

Tight, M., (1996) ‘The Re-Location of Higher Education’. Higher Education Quarterly. 50(2). 119-37.

Tuijnman, A. & Boström, A.K., (2002) ‘Changing notions of lifelong education and lifelong learning’. International Review of Education. 48(1-2). 93-110.

van Deursen, A.J. & Helsper, E.J., (2015) ‘A nuanced understanding of Internet use and non-use among the elderly’. European journal of communication. 30(2). 171-87.

Xie, B., (2007) ‘Using the Internet for offline relationship formation’. Social Science Computer Review. 25(3). 396-404.

Tuairiscí

European Commission, (2000) Memorandum on Lifelong Learning, An Bhruiséil: European Commission. (http://arhiv.acs.si/dokumenti/Memorandum_on_Lifelong_Learning.pdf).

European Commission, (2001) Making a European area of lifelong learning a reality, An Bhruiséil: European Commission. (http://www.europarl.europa.eu/meetdocs/committees/cult/20020122/com(2001)678_en.pdf).

Communication from the Commission, (2006) Adult learning: It is never too late to learn, An Bhruiséil: European Commission.

Hunt, C., (2011) National strategy for higher education to 2030.

International Commission on Education for the Twenty-first Century, & Delors, J., (1996) The Treasure Within: Report to UNESCO of the International Commission on Education for the Twenty-First Century.

Kaiser Family Foundation (2005) E-health and the elderly: How seniors use the internet for health information (Research Report No. 7223).

WHO, (2012) Strategy and action plan for healthy ageing in Europe, 2012–2020, Copenhagen: World Health Organization Regional Office for Europe.

WHO, (2015a) World report on ageing and health, Lucsamburg: WHO.

Zickuhr, K. & Madden, M., (2012) Older adults and internet use, Pew Internet & American Life Project, 6.

Foinsí Leictreonacha

An Phríomh-Oifig Staidrimh, 50 bliain nó os a cionn.  Le fáil ag; http://www.cso.ie/en/releasesandpublications/ep/p-cp3oy/cp3/assr/ (Léite 25 Aibreán 2018)

An Phríomh-Oifig Staidrimh, Na haosaigh in Éirinn nach raibh ag baint aon úsáid as an idirlíon.  Le fáil ag: http://www.cso.ie/en/releasesandpublications/er/isshh/informationsocietystatistics-households2016/ (Léite 25 Aibreán 2018)

UNIVERSITIES ACT, (1997) Le fáil ag: http://www.irishstatutebook.ie/eli/1997/act/24/enacted/en/pdf (Léite 25 Aibreán 2018)

WHO, (2011) Definition of an older or elderly person.  Le fáil ag: http://www.who.int/healthinfo/survey/ageingdefnolder/en/ (Léite 25 Aibreán 2018)

WHO, (2015) Ageing and Health, Fact sheet no. 404. Le fáil ag: http://www.who.int/mediacentre/factsheets/fs404/en/ (Léite 25 Aibreán 2018)