An Tumfhoghlaim sa Ghaeltacht: Féidearthachtaí agus Dúshláin d’Ábhair Oidí[1]

Muiris Ó Laoire

Réamhrá

San alt seo, tugtar faoi phlé a dhéanamh ar na féidearthachtaí agus ar na dúshláin a bhaineann leis an tréimhse tumfhoghlama Gaeltachta ó thaobh na bhfoghlaimeoirí de.  Tá sé i gceist plé faoi leith a dhéanamh ar na ceisteanna agus ar na dúshláin a bhaineann go sainiúil le tionchar féideartha na gcúrsaí seo ar inniúlachtaí teanga agus go háirithe ar inspreagadh ábhair oidí nó ar mhúinteoirí faoi oiliúint.  Déantar plé ar chúlra smaointeoireachta na tréimhse tumfhoghlama agus féachtar ar chuid de na féidearthachtaí faoi leith a bhaineann léi ó thaobh forbairt feasachta idirchultúrtha agus inspreagtha de.  Feictear gurb é an fhéidearthacht is mó a bhaineann le gearrthréimhse tumfhoghlama Gaeltachta ná go rachfaí i bhfeidhm ar mheon agus inspreagadh foghlaimeoirí i leith na teanga.  Ag deireadh, déantar plé i bhfianaise na féidearthachta sin, ar cé chomh réadúil is a bhíonn ionchais fhoghlaimeoirí ag freastal ar ghearrthréimhse tumfhoghlama Gaeltachta.

An tumfhoghlaim agus tumoideachas i gcás na Gaeilge

Is liosta inspéise le háireamh é líon na saothar acadúil agus taighde ar an tumoideachas a foilsíodh go hidirnáisiúnta thar na blianta.  Tá iomadúlacht tuiscintí agus léargas curtha ar fáil ag taighdeoirí na saothar seo ar na toisí casta agus ar an gcoimpléascacht cleachtais a bhaineann leis (m.sh., Cloud, Genesee agus Hamayan, 2000; Lyster 2007; Harley, et al., 1990; Swain agus Johnson, 1997).  Ní taise do thaighde ar an tumoideachas abhus, ar ndóigh, mar tá roinnt mhaith staidéar déanta ar an tumoideachas i gcás na Gaeilge, go háirithe le roinnt blianta anuas.  Léiríonn formhór na staidéar seo go mbaineann foghlaimeoirí a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Ghaeilge tairbhe oideachasúil agus teanga amach (m.sh. Gilleece et al. 2011; Ó hAiniféin 2007; Harris et al. 2006; Parsons & Lyddy, 2009), cé go mbaineann dúshláin leis an tumoideachas ó thaobh shealbhú an chruinnis de (m.sh. Ó Duibhir, 2009).  Cé go bhfuil raidhse staidéar taighde curtha ar fáil ar an tumoideachas ag leibhéal na bunscoile agus na hiar-bhunscoile, níl an oiread sin plé déanta ag taighdeoirí ar na toisí agus ar na torthaí a bhaineann leis an tumfhoghlaim ghearrthréimhseach a bhíonn i gceist le cúrsaí teanga a reáchtáiltear sa Ghaeltacht.  Caitheann na mílte foghlaimeoir tréimhsí trí seachtaine ar an meán ag gabháil do chúrsaí Gaeilge i gcoláistí atá suite sna Gaeltachtaí agus ar fud na tíre.  Is í is aidhm leis na cúrsaí seo trí chéile ná scileanna labhartha agus scileanna cruinnis foghlaimeoirí a fhorbairt.  Is cuid thábhachtach d’oideachas reatha bunmhúinteoirí an dá thréimhse Gaeltachta chomh maith. 

Bíodh sin is uile, níl ach dornán staidéar taighde ar fáil ar éifeacht agus tionchar na gcúrsaí seo ar inniúlachtaí teanga na bhfoghlaimeoirí (m.sh. Denvir, 2007).  Féachfar anseo le cuid den bhearna sin a líonadh trí phlé a dhéanamh ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an ngearrthréimhse tumfhoghlama Gaeltachta d’ábhair oidí.  Ardófar ceisteanna éifeacht gearrchúrsa tumfhoghlama chun cur le hinniúlachtaí teanga agus le hinspreagadh na bhfoghlaimeoirí.  Táthar ag súil go nginfidh sé breis plé agus taighde amach anseo.  Féachtar i dtosach ar an gcúlra smaointeoireachta atá laistiar de na cleachtais reatha a bhaineann leis an tréimhse tumfhoghlama Gaeltachta.

Treoirlínte na Comhairle Múinteoireachta

De réir na Comhairle Múinteoireachta tugtar an tréimhse foghlama sa Ghaeltacht ar an dá shocrúchán éigeantacha a chaitheann ábhair oidí inti.  Is inspéise an tagairt do fhoghlaim sa teideal nua seo ar an socrúchán Gaeltachta.  Le cúpla bliain anuas, tá an Chomhairle tar éis critéir nua a chur i bhfeidhm maidir le creidiúnú na tréimhse foghlama seo[2].  Is inspéise an cúlra plé atá laistiar de na critéir nua seo. 

D’fhoilsigh an Chomhairle Mhúinteoireachta critéir nua do sholáthraithe clár oideachas tosaigh múinteoirí (Oideachas Tosaigh Múinteoirí: Critéir agus Treoirlínte Cláir[3]) sa bhliain 2011.  Luadh sa cháipéis sin gur ghá féachaint ar an gcaighdeán a bhí á bhaint amach ag múinteoirí bunoideachais agus iar-bhunoideachais araon, maidir le Gaeilge a mhúineadh mar ábhar, agus ar conas í:

…a úsáid mar mheán cumarsáide i scoileanna agus í a úsáid mar mheán teagaisc.  Chuige seo, is gá freastal ar mhuinín agus ar inniúlacht sa Ghaeilge ag múinteoirí faoi oiliúint le cur chuige ilghnéitheach agus díriú ar Ghaeilge labhartha. (11).

Chun cabhrú le hábhair oidí[4] an caighdeán seo a bhaint amach, mhol an Chomhairle Mhúinteoireachta go gcuirfí ‘…cláir tréimhse chónaithe sa Ghaeltacht, fadaithe agus athchoincheapaithe’ (11) ar fáil.  Moladh chomh maith, go nglacfadh na coláistí, na hollscoileanna agus na forais eile tríú leibhéal a sholáthraíonn clár nó cláir oideachas múinteoirí, freagracht as dearadh, forbairt agus as meastóireacht na gcúrsaí seo.

Is léir an cineál smaointeoireachta agus ionchais a bhí laistiar de na moltaí seo; ag samhlú tréimhse Gaeltachta le feabhsú agus le hardú caighdeáin inniúlachtaí.  Pléifear an t-ionchas seo níos faide amach sa pháipéar.  Maíonn an réasúnaíocht atá laistiar den cháipéis go gcreidtear go daingean go dtiocfaidh feabhas ar inniúlachtaí teanga de bharr na tréimhse tumfhoghlama.

Tuairisc an ghrúpa oibre

Chuaigh grúpaí oibre ina raibh ionadaithe ó gach ceann de na soláthraithe ar oideachas múinteoirí i mbun forbairt a dhéanamh ar a raibh molta ag an gComhairle maidir le critéir agus treoirlínte cláir.  Thug grúpa oibre amháin faoi athbhreithniú a dhéanamh ar an tréimhse foghlama sa Ghaeltacht agus cuireadh dréacht-tuarascáil faoi bhráid na Comhairle in 2012 dá bharr[5].

Tá sé suimiúil féachaint ar chuid den smaointeoireacht agus de na moltaí atá sa tuarascáil sin mar go dtugann sé léargas ar chuspóirí, agus ar athchoincheapú na tréimhse tumfhoghlama Gaeltachta.  Dearbhaítear go raibh sé mar aidhm ag an tréimhse foghlama ‘…cur le cumas cumarsáide na mac léinn, i gcomhthéacs a ról todhchaíoch mar mhúinteoirí Gaeilge agus ábhar eile trí mheán na Gaeilge, agus mar úsáideoirí Gaeilge i bpobal na scoile’ (30).  Laistiar den aidhm seo tá an tuiscint gur trí thréimhse tumfhoghlama a chuirtear feabhas ar inniúlachtaí agus ar líofacht teanga.  Ach luaitear chomh maith céanna an taitneamh agus an grá teanga a bhíonn mar thoradh inmhianaithe ar an tréimhse tumfhoghlama.  Tá an tagairt seo don ghrá teanga an-tábhachtach, mar, toisc an tréimhse a bheith chomh gearr sin, tá níos mó dealraimh le grá don teanga agus meas ar phobal a labhartha a adhaint sna foghlaimeoirí, seachas líofacht agus cruinneas iomlán a bhaint amach.

Chomh maith leis sin, tá tagairt do thuiscint na bhfoghlaimeoirí ar an ‘…bhfíorshaol sochtheangeolaíoch ag pobail Ghaeltachta dátheangach a bheith á doimhniú (sic) mar thoradh ar an tréimhse tumfhoghlama’ (30).  Arís, is tagairt thábhachtach í seo do thuiscint níos leithne a bheith ag foghlaimeoirí ar an gcomhthéacs sochtheangeolaíochta agus cultúrtha atá ar fáil do fhoghlaimeoirí le linn na tréimhse tumfhoghlama, a d’fhéadfadh cur lena gcuid inspreagtha i leith fhoghlaim na teanga.

Bhí moltaí sa tuarascáil chomh maith maidir le fad agus struchtúr na gcúrsaí ar glacadh leo sna siollabais.  Moladh gur tréimhse ceithre seachtaine roinnte ina dhá thréimhse a bheadh i gceist.  Cuireadh béim ar chomhleanúnachas chomh maith, sa tslí go dtógfadh an dara tréimhse ar a mbeadh saothraithe le linn na chéad tréimhse.  Sainíodh go mbeadh 35 uair an chloig de ghníomhaíochtaí foghlama gach seachtain ‘…agus 20 uair an chloig de seo ar a laghad ar fáil do ranganna foirmiúla’ (30).  Cé gur fágadh dearadh na gcúrsaí faoi na hinstitúidí aonair, moladh go mbainfí úsáid as ábhar foghlama a bhí curtha le chéile ag an Meitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal[6].

Moltar d’fhoghlaimeoirí fillteán foghlama a úsáid chun taifead a choimeád ar a gcuid foghlama chun tacú le próiseas an mhachnaimh agus chun gnéithe dá gcuid foghlama agus dá gcuid cumais teanga a bhféadfaidís feabhas a chur orthu.  Ba thionscnamh an-tábhachtach é seo agus tá féidearthachtaí difriúla ag roinnt leis, mar a phléifear ar ball.

Obair ranga den chuid is mó atá molta; ranganna foirmeálta ar maidin agus ceardlanna san iarnóin ag díriú ar ghníomhaíochtaí éagsúla chun deis a thabhairt do mhic léinn cur lena gcuid eolais agus lena gcuid inniúlachtaí teanga.  Cé go bhfuil obair ranga luaite, tá béim curtha chomh maith ar dheiseanna idirtheagmhála le cultúr agus le pobal na Gaeltachta le linn gníomhaíochtaí eagraithe na hiarnóna.  Tugtar an tionscnamh Gaeltachta air sin.  Is díol suntais an tagairt seo do rannpháirtíocht i bpobal agus i gcultúr na Gaeltachta, cé go bhfuil níos lú ama i gceist i gcomparáid leis na ranganna foirmeálta.  Tugtar faoi deara, mar shampla, nach gcuirtear iad san áireamh sa tríocha cúig uair an chloig atá luaite leis an gcúrsa.  Moltar gníomhaíochtaí mar seo a leanas:

…scéalta, drámaí, agallaimh, amhráin, véarsaí, dánta srl. a bheidh oiriúnach do leanaí bunscoile a chumadh, a chur in oiriúint nó a aistriú;

taighde, agallaimh agus saothar allamuigh eile a dhéanamh don tionscnamh Gaeltachta;

taighde a dhéanamh ar staidéir áitiúla bainteach leis an gcuraclam don Oideachas Sóisialta, Imshaoil agus Eolaíochta;

acmhainní teagaisc a chruthú agus a chur in oiriúint do theagasc na Gaeilge agus don teagasc ar achair eile den churaclam trí mheán na Gaeilge;

cleachtadh a dhéanamh ar obair thionscnaimh trí mheán na Gaeilge a chur i láthair (30-1).

Cuireadh na moltaí seo go léir i bhfeidhm sna siollabais féin a cuireadh ar fáil in 2013[7].  Cé go gcuirtear béim ar an saibhriú teanga le linn an dá chúrsa coicíse sna siollabais chéanna, is soiléir go bhfuil sé mar aidhm ag na cúrsaí:

….dul i bhfeidhm ar mheon foghlaimeoirí chomh maith.  Leagtar béim ar a thábhachtaí is atá sé dearcadh dearfach i leith na teanga le súil go mbeidh fonn ar an mac léinn Gaeilge a labhairt i suíomhanna foirmiúla agus neamhfhoirmiúla sa Ghaeltacht agus sa Choláiste Oideachais, agus sa saol gairmiúil atá roimh an mac léinn ag obair i bpobal scoile (4).

I dtorthaí foghlama na siollabas tugtar faoi deara go bhfuil béim curtha ar idirtheagmháil le pobal na Gaeltachta.  Bítear ag súil go nglacfaidh foghlaimeoirí páirt fheidhmiúil i ngnáthchomhrá lena chéile, le muintir na Gaeltachta agus le daoine fásta eile.  Iarrtar ar fhoghlaimeoirí chomh maith cainteoir dúchais a chur faoi agallamh agus torthaí taighde a chur i láthair os comhair daoine eile (An Siollabas, 10).  Tá sé seo fíorthábhachtach mar nuair a chuirtear gach rud san áireamh, is iad na deiseanna idirtheagmhála le pobal agus le cultúr na Gaeltachta a idirdhealaíonn na cúrsaí tumfhoghlama seo ó chúrsaí teanga eile a bhíonn á reáchtáil in áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht.  Cén tionchar féideartha a imríonn an idirtheagmháil leis an bpobal Gaeltachta ar an tumfhoghlaim agus an sealbhú teanga?  Chun an tionchar tábhachtach féideartha seo a phlé, ní foláir féachaint ar thorthaí taighde atá déanta ar fhoghlaimeoirí a chaitheann tréimhse dá gcuid stáidéir ag cur fúthu i réigiún nó i dtír na sprioctheanga.

An nasc leis an bpobal teanga

Tá an nasc nó an ceangal le pobal na sprioctheanga an-tábhachtach don fhoghlaimeoir teanga a dteastaíonn uaidh/uaithi cur go mór le líofacht agus le hinniúlachtaí teanga.  Creidtear gur tríd an idirghníomhaíocht rialta leis an bpobal teanga a éiríonn leis an bhfoghlaimeoir an teanga a shealbhú.  Is ar an ábhar seo, a chaitheann fochéimnithe nuatheangacha eile suas le bliain thar lear i dtír nó i réigiún na sprioctheanga.  Tá raidhse staidéar déanta ar éifeacht na tréimhse seo a chaitear thar lear, (m.sh. Freed, 1995; Murphy-Lejeune, 2002; Brogan, 2014).

Cé go bhfuil torthaí difriúla léirithe maidir le tionchar na bliana thar lear ar inniúlachtaí agus ar chumais teanga na mac léinn, creidtear fós go leathnaíonn sí tuiscint an fhoghlaimeora ar chultúr na sprioctheanga agus go bhforbraíonn sí a gcuid inniúlachtaí idirchultúrtha.   Creidtear, mar sin, gur cheart forbairt na n-inniúlachtaí idirchultúrtha, seachas forbairt inniúlachtaí teanga amháin per se a bheith mar sprioc i gcónaí in aon chúrsa foghlama a eagraítear don fhoghlaimeoir agus é/í thar lear nó ag cur faoi/fúithi i measc phobal na sprioctheanga (Dervin, 2016; Jackson & Dervin, 2017; Jackson & Oguro, 2017).  Creidtear go mbaineann an fhoghlaim idirchultúrtha leis an bhforbairt leanúnach agus leis an bhfoghlaim fadsaoil.  Cruthaítear fonn san fhoghlaimeoir an sprioctheanga a fhoghlaim i gceart má bhíonn tuiscint aige ar thábhacht an idirchultúir.  Cuirtear tús leis an bhfoghlaim dhomhain, inmheánach trí bheith ag feidhmiú idir dhá chultúr; cultúr an fhoghlaimeora féin agus cultúr na sprioctheanga (Deardoff, 2009, 2015; Jackson & Dervin 2017; Jackson & Oguro, 2017).  Creideann údair staidéar áirithe go gcaithfidh foghlaimeoirí agus iad rannpháirteach i gcultúr agus i réigiún na sprioctheanga dul i mbun síormhachnaimh ar a gcuid braistintí agus athchoincheaptha i leith phobal na sprioctheanga i dtreo is go mbeidh siad láninniúil ar an gcumarsáid sa sprioctheanga.  Gan an machnamh seo, ní móide gur féidir an fhoghlaim a dhoimhniú agus forbairt a dhéanamh ar an sealbhú teanga.  Creidtear go bhfuil gá, mar sin, le cineál éigin meantóireachta cultúrtha a bheith ar fáil don fhoghlaimeoir mar chuid dá t(h)réimhse i bpobal na sprioctheanga (Paige, 2015).

I gcás na tréimhse tumfhoghlama sa Ghaeltacht, tuigtear go bhfuil an smaoineamh sin laistiar den Fhillteán Foghlama agus go bhfuil sé ag teacht go hiomlán le moltaí thorthaí an taighde a ríomhtar thuas ar an tréimhse i bpobal na sprioctheanga.  Is tríd an bhfillteán a léiríonn foghlaimeoirí gnéithe ar leith dá gcuid rannpháirtíochta nó a n-easpa rannpháirtíochta sa chúrsa Gaeltachta (An siollabas lch 26).

Caithfear a chur san áireamh, áfach, go bhfuil difríocht shuntasach idir tréimhse theoranta ama (tréimhse coicíse nó míosa) a bheith á caitheamh sa phobal teanga agus bliain iomlán a chaitheamh ann. Ina theannta sin, ní mór idirdhealú eile a chur san áireamh chomh maith idir foghlaimeoir sa phobal teanga ar feadh gearrthréimhse i measc bhuíon comhfhoghlaimeoirí eile go príomha, agus foghlaimeoir ina (h)aonar ag plé go laethúil leis an bpobal teanga timpeall air/uirthi amhail is ball den phobal teanga é/í féin.  Mar sin, ní foláir na ceisteanna seo a leanas a chur:

  1. Conas is féidir le gearrchúrsa tumfhoghlama cur le hinniúlachtaí teanga na bhfoghlaimeoirí?
  2. Conas is féidir le gearrchúrsa tumfhoghlama cur le spreagadh na bhfoghlaimeoirí?

D’fhonn na ceisteanna seo a fhreagairt, ní mór plé a dhéanamh ar an teagmháil fhéideartha idir baill de mhuintir na Gaeltachta agus an foghlaimeoir féin.  Tá an teagmháil leis an bpobal teanga, dá theoranta féin í, thar a bheith tábhachtach mar go dtugann sí deis don fhoghlaimeoir urlabhra an chainteora dhúchais a thabhairt faoi deara agus a inmheánú.  Ina theannta sin, cuirtear deis thábhachtach ar fáil trína meán machnamh a dhéanamh ar na bearnaí idir teanga an chainteora dhúchais sin agus na cumais teanga atá sealbhaithe go n-uige sin aige/aici féin mar fhoghlaimeoir.  Tá an fhéidearthacht ann go mbronnfar léargais nua ar an dteanga agus ar phobal a labhartha má thapaíonn foghlaimeoirí an deis seo.  Is féidir leo an teanga a shamhlú le gnáthshaol pobail tuaithe agus sráidbhaile.

I bhfianaise an phlé seo, ní mór roinnt ceisteanna a chur a bhaineann leis na socruithe lóistín a dhéantar le linn na tréimhse tumfhoghlama.  Chun a chinntiú go mbeadh a oiread tairbhe agus is féidir a bhaint as an idirtheagmháil le pobal na Gaeltachta, ar cheart go gcuirfí iallach ar fhoghlaimeoirí fanacht le mná tí agus le teaghlaigh Ghaeltachta i gcónaí?  Ar cheart ligean d’fhoghlaimeoirí tithe a thógáil ar cíos agus fanacht sna tithe sin i ngrúpaí?  Ar chóir féidearthachtaí struchtúrtha d’fhoghlaimeoirí a chur ar fáil chun deis a thabhairt dóibh meascadh le daoine ón nGaeltacht atá ar chomhaois leo féin?

An argóint atá á cur chun cinn san alt seo ná gur foinse thábhachtach inspreagtha é pobal na Gaeltachta a d’fhéadfadh cur go mór le hinspreagadh an fhoghlaimeora.  Is iad cothú na feasachta i leith an phobail teanga agus cothú an inspreagtha, an dá fhéidearthacht is mó a bhaineann leis an tréimhse foghlama sa Ghaeltacht.  Féachfar go hachomair anois ar ról an inspreagtha i gcás an tsealbhaithe teanga.

An t-inspreagadh agus teoiricí soch-chultúrtha i leith an tsealbhaithe

Cuireann teoiricí soch-chultúrtha i leith an tsealbhaithe teanga béim, ní hamháin ar an bhfoghlaimeoir aonair, ach ar an bpobal teanga chomh maith céanna.  I bhfocail eile, sealbhaítear teanga, (seachas foghlaimítear) le linn ghnáth-chomhthéacsanna caidrimh shóisialta le baill an phobail teanga (Lantoff, 2000; Lantolf & Thorne, 2006).  Is trí theagmháil rialta, laethúil le lucht úsáide a shealbhaítear teanga ar bith.  Tá ról tábhachtach ag an bpobal teanga féin, mar sin, le linn thréimhse na tumfhoghlama Gaeltachta bíodh is gur ról teoranta é.  Bíodh sin is uile, tá sé tábhachtach, mar sin féin, béim a chur ar an mbuntáiste atá ag an tréimhse tumfhoghlama ó thaobh inspreagtha de.

Tá meon foghlaimeoirí i leith na sprioctheanga ar cheann de na ceisteanna is tábhachtaí agus is mó tionchair i gcás an tsealbhaithe teanga (Dörnyei, 2005).  Is fiú a lua go bhfuil roinnt taighde déanta ar ról tábhachtach an inspreagtha i gcás fhoghlaim na Gaeilge (Ó Fathaigh, 1992; Murtagh 2003; 2007; Ní Chlochasaigh, 2014).  Léiríonn an taighde seo go n-éiríonn níos fearr le foghlaimeoirí i mbun sealbhaithe nuair a bhíonn an t-inspreagadh agus an meon ceart ag an bhfoghlaimeoir.  Tá taighde á dhéanamh ar an inspreagadh le roinnt blianta anuas i gcomhthéacsanna difriúla idirnáisiúnta a léiríonn gur cuid thábhachtach den inspreagadh céanna mian agus fonn an duine a bheith mar bhall den phobal teanga.  Is ionann seo agus an fhéiníomhá idéalach a bhíonn ag an duine ina leith féin.  (Dörnyei, 2005; Dörnyei, 2009; Dörnyei & Ushioda, 2009).  Míníonn Ushioda (2012: 199-200) a bhfuil i gceist le coincheap na féiníomhá idéalaí seo:

…a key dierence between the notion of motivational goals (e.g. instrumental or integrative) and the concept of possible future selves is that possible selves ‘involve images and senses, approximating what people actually experience when they are engaged in motivated or goal-directed behaviour’.  In essence, these future self-representations have strong psychological reality in the current imaginative experience of language learners as they visualize themselves projected into the future as competent L2 users and are thus entirely continuous with their current selves.  Thus, if we wish to enable learners to visualize themselves as competent L2 users in the future…it seems important that they are enabled to engage their current selves and identities in their L2 interactions with people.  In this way, learners are then also enabled to engage directly with their possible future selves as users of the L2, but within the scope and security of their current communicative abilities, interests and social contexts…Thus, how we engage our students’ social identities in their L2 interactions within and beyond the classroom now would seem to have important consequences for how they visualize themselves as users of the L2 in the future.

Mar chuid den tumfhoghlaim seo sa Ghaeltacht, d’fhéadfadh foghlaimeoirí machnamh idirchultúrtha a dhéanamh chun iad féin a nascadh agus a chomhshamhlú le pobal labhartha na teanga, dá mba mhian leo a leithéid.  Caithfear cuimhneamh i gcás na Gaeilge go bhfuil pobal labhartha ann atá i bhfad níos leithne ná pobal labhartha na teanga sa Ghaeltacht.  An samhlaíonn na hábhair oidí seo iad féin mar fhoghlaimeoirí nó mar bhaill nua de phobal teanga na Gaeilge, laistigh nó lasmuigh den Ghaeltacht nó sa dá áit?  Ardaíonn sé seo ceist thábhachtach faoi na hionchais a bhíonn ag foghlaimeoirí i gcoitinne ón tréimhse tumfhoghlama.

I dtuarascáil taighde ar nuafhoghlaimeoirí na Gaeilge léiríonn Walsh agus O’Rourke (2015) go dtarlaíonn athruithe cinniúnacha i dtreo na Gaeilge ag pointí éagsúla i saol daoine a d’fhoghlaim an Ghaeilge mar dhara teanga agus a roghnaíonn, ina dhiaidh sin, í a úsáid sa ghnáthshaol laethúil.  Tá fianaise ann go bhféadfadh an chuairt Gaeltachta feidhmiú mar phointe cinniúnach nó mar splanc cinniúnach dóibh go minic.  Tugtar samplaí de scéalta daoine áirithe ag léiriú athrú cinniúnach ina saol.  Is fiú ceann acu a ríomh anseo ina iomláine:

Chuaigh mé chun na Gaeltachta / go Rann na Feirste don chéad uair i 1996 táim ag déanamh agus is cuimhin liom gur chaith mé ceithre bliana as a chéile ag triail ar ais ar Rann na Feirste gach samhradh agus chuaigh mé go Dún Lúiche cúpla uair chomh maith / yeah agus sin an áit ar tháinig an teanga chun beatha domsa / ábhar scoile a bhí ann roimhe sin a raibh dúil agam ann ach go tobann d’aithin mé go raibh an oiread dúil a bhí agam in san rud acadúil seo go dtáinig sé chun beatha os mo chomhair / os comhair mo shúile / bhí daoine ann / bhí pobal ann a bhí ag caint Gaeilge agus rud iontach a bhí ann dom // spreag sé go mór mé (N4, 21) [...] Go dtí seo deirim gur Gael mé // ní dóigh liom gur aithin mé ag an aois sin cad é a bhí ann you know but // sin an rud a bhí ann you know // bhí mé i measc na nGael agus mhothaigh mé iontach compordach agus is dóigh gur mhothaigh mé níos sona ionam féin ansin ná mar a bhí riamh roimhe (N4, 23) (25).

Ba é eispéireas na Gaeltachta sa chás seo a d’athraigh meon an duine seo, a mheall isteach sa phobal teanga é agus a spreag é le bheith páirteach ann.  Tá scéal faisnéiseora eile maidir le splanc cinniúnach i dtreo na Gaeilge chomh hinspéise céanna.

Bhuel d’aithin mé go raibh an seod seo faoi mo shrón agus cad chuige nach mbainfinn leas as / bhí mé ag freastal ar choláiste Gaedhlige or coláiste samhraidh ba chóir dom a rá ó raibh mé dhá bhliain déag d’aois agus chonaic mé an taobh eile den Ghaedhilg ansin is dóigh liom chonaic mé go dtiocfadh léi a bheith ina teanga pobail agus teanga idir chairde agus rudaí mar sin de so d’aithin mé sin agus bhí mé ag iarraidh aithris a dhéanamh air sin sa scoil é féin mar mhothaigh mé gur cur amú a bhí ann i ndáiríre na cainteoirí dúchais ann agus gan Gaedhlig a labhairt leo (J3, 44) (26). 

Nuair ba léir don fhaisnéiseoir seo, le linn dó a bheith ag freastal ar choláiste Gaeilge gur teanga phobail a bhí sa Ghaeilge, gineadh inspreagadh faoi leith ann/inti i dtreo úsáid rialta na teanga.  I bhfocail eile, bhí ceann scríbe ón bhfoghlaimeoir go húsáideoir sa phobal teanga bainte amach aige de bharr eispéireas an choláiste Ghaeilge.  Léiríonn an tuarascáil chéanna gur tháinig feabhas ar chumas teanga faisnéiseoirí áirithe le linn na tumfhoghlama Gaeltachta.

Léiríonn tuarascáil taighde eile a réitigh Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad don Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta[8] go raibh dearcadh dearfach i leith na Gaeilge ag scoláirí meánscoile a d’fhreastail ar chúrsaí sa Ghaeltacht i gcomparáid lena gcomhscoláirí nár fhreastail.  Is léir, mar sin, go bhfuil roinnt mhaith féidearthachtaí ag baint leis an tréimhse tumfhoghlama Gaeltachta chun dul i bhfeidhm ar mheon agus ar inspreagadh foghlaimeoirí, rud atá chomh tábhachtach céanna nó níos tábhachtaí fós ná an saothrú agus an méid ama a chaitear sa seomra ranga.

Impleachtaí don fhoghlaimeoir

Tá impleachtaí praiticiúla ag an bplé seo ar fad don fhoghlaimeoir a bheadh ag dréim le cúrsa tumfhoghlama Gaeltachta a dhéanamh.  Tá roinnt smaointe fánacha anseo don fhoghlaimeoir a bheadh ag ullmhú don tréimhse tumfhoghlama agus dá léachtóir san institiúid oideachais agus dá theagascóir sa choláiste Gaeltachta le machnamh a dhéanamh orthu.

Roimh an tréimhse tumfhoghlama: Cad iad na straitéisí foghlama a oirfidh don fhoghlaimeoir agus é/í sa Ghaeltacht?

An féidir oiliúint a chur ar fhoghlaimeoirí maidir leis na straitéisí is oiriúnaí don fhoghlaimeoir agus é/í sa phobal teanga?

Le linn na tréimhse tumfhoghlama: Straitéisí foghlama á n-úsáid agus an foghlaimeoir ag fáil léargais ar shochtheangeolaíocht agus ar phobal na Gaeltachta (machnamh idirchultúrtha).

Cad iad ionchais foghlaimeoirí agus teagascóirí?

  • Go mbeidh na foghlaimeoirí níos líofa?
  • Go mbeidh na foghlaimeoirí níos cruinne?
  • Go dtiocfaidh feabhas ar an bhfoghraíocht?
  • Go mbeidh foghlaimeoirí níos freagraí as an bhféinfhoghlaim?
  • Go mbeidh níos mó muiníne ag foghlaimeoirí?
  • Go mbeidh stór nathanna agus stór focal nach raibh acu roimh fhreastal ar an gcúrsa dóibh?
  • Go mbeidh abairtí níos faide acu?

Conclúid

San alt seo deineadh roinnt plé ar na dúshláin agus ar na féidearthachtaí a bhaineann leis an tréimhse tumfhoghlama Gaeltachta ó thaobh foghlaimeoirí (ábhair oide) de.  Is iad na deiseanna idirtheagmhála le pobal agus le cultúr na Gaeltachta a idirdhealaíonn na cúrsaí tumfhoghlama seo ó chúrsaí teanga eile a bhíonn á reáchtáil in áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht.  Is trí na deiseanna seo is féidir dul i bhfeidhm ar inspreagadh foghlaimeoirí agus a gcuid feasachta idirchultúrtha a ardú.  Is trí theagmháil a dhéanamh le pobal labhartha na Gaeilge a fhásfaidh an fonn i bhfoghlaimeoirí iad féin a chomhshamhlú leis an bpobal sin.  Tá na cúrsaí tumfhoghlama Gaeltachta d’ábhair oidí ag dul sa treo ceart ach, fós, tá formhór an ama á chaitheamh ar ranganna foirmeálta.  Is fiú breis taighde a dhéanamh, mar sin, ar an gcaoi ab fhearr cur le deiseanna idirtheagmhála le pobal na Gaeilge le linn na tréimhse tumfhoghlama agus breis freagrachta a thabhairt d’fhoghlaimeoirí na hionchais a leagann siad amach dóibh féin a bhaint amach.

 


[1] Cuireadh leagan den pháipéar seo i láthair ag Comhdháil a reáchtáladh i nGaoth Dobhair i nDeireadh Fómhair 2017: Sealbhú na Gaeilge ag an Tríú Leibhéal: Ábhair oidí agus sealbhú teanga sa Ghaeltacht.

[4] Cloítear leis an téarma ‘foghlaimeoir’ feasta chun béim a chur ar a lárnaí is atá an fhoghlaim féin le linn na tréimhse Gaeltachta.

[5] Feic: Dréacht-Tuarascáil ón nGrúpa Oibre  ar an Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht curtha faoi bhráid na  Comhairle Mhúinteoireachta http://www.teachingcouncil.ie/ga/Foilseachain/Oideachas-Muinteoiri/Dreacht-Thuarascail-on-nGrupa-Oibre-ar-an-Treimhse-Foghlama-sa-Ghaeltacht-curtha-faoi-bhraid-na-Comhairle-Mhuinteoireachta.pdfchtaí. (Dáta rochtana 17 Eanáir 2018.)

[6] Ábhar samplach teagaisc agus foghlama bunaithe ar shiollabas don chéad, don dara agus don tríú bliain ollscoile/coláiste atá curtha ar fáil ag ‘An Mheitheal um Theagasc na Gaeilge ar an Tríú Leibhéal’, feic: www.teagascnagaeilge.ie  Dáta rochtana 26 Márta 2018.

[7] Na Siollabais Oifigiúla do na Tréimhsí Foghlama sa Ghaeltacht do Mhic Léinn Oideachais ag an nGrúpa Oibre na gColáistí Oideachais i gcomhar le CONCOS agus An Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta, 20 Samhain, 2013. Feic file:///D:/Gaoth%20Dóbhair/Siollabas%20Tréimhse%201.pdf agus file:///D:/Gaoth%20Dóbhair/Tréimhse%202.pdf. (Dáta rochtana 26 Márta 2018.)

[8] Feic Ionad na dTeangacha, OÉ Má Nuad (2013) Tionchar na gColáistí Gaeilge ar an teanga agus ar phobal na Gaeltachta

 file:///D:/Gaoth%20Dóbhair/tionchar-na-gcolaisti-gaeilge-ar-an-teanga-agus-ar-phobal-na-gaeltachta-samhain-2013.pdf. (Dáta rochtana 17 Eanáir 2018.)

Leabharliosta: 

Leabhair

Cloud, N., Genesee, F. & Hamayan, E., (2000) Dual language instruction. A handbook for enriched education.  Boston: Heinle and Heinle.

Deardoff, D., (2009) The Sage Handbook of Intercultural Competence.  Sage Publications.

 Deardoff, D., (2015) Demystifying Outcomes Assessment for International Educators: A Practical Approach.  Stylus.

Dervin, F., (2016) Interculturality in education. A theoretical and methodological toolbox.  Londain: Palgrave.

Dörnyei, Z., (2005) The psychology of the language learner: Individual differences in second language acquisition.  Mahwah, NJ: Lawrence Erlbaum Associates.

Dörnyei, Z. & Ushioda, E., (2009) Motivation, language identity and the L2 Self. Clevedon: Multilingual Matters. 

Freed, B.F., (1995) Second language acquisition in a study abroad context.  Amstardam: John Benjamins.

Jackson, J. & Dervin, F., (2017) Interculturality in the study abroad.  Londain: Routledge.

Lantolf, J.P. & Thorne, S.L., (2006) Sociocultural theory and the genesis of second language      development.  Oxford: Oxford University Press.

Lyster, R., (2007) Learning and teaching languages through content: A counterbalanced approach.  Philadelphia: John Benjamins.

Murphy-Lejeune, E., (2002) Student mobility and narrative in Europe: The new strangers.  Nua-Eabhrac: Routledge.

Ailt

Dörnyei, Z., (2009) ‘Individual differences: Interplay of learner characteristics and learning environment’.  Language Learning. 59. 230-48.

Harley, B., Cummins, J., Swain, M. & Allen, P., (1990) ‘The nature of language proficiency’.  Harley, B. et al. (eag.) The development of second language proficiency.   Cambridge: Cambridge University Press. 7-25.

Jackson, J. & Oguro, S., (2017) ‘Optimizing intercultural learning and engagement abroad through online mentoring’.  Jackson J. & Orugo S. (eag.) Intercultural interventions in study abroad.  Londain: Routledge.

Murtagh, L., (2007) ‘Out-of-school use of Irish, motivation to learn the language in immersion and subject-only post-primary programmes’. International Journal of Bilingualism and Bilingual Education. 10(4). 428-53.

Paige R.M., (2015) ‘Interventionist models for study abroad’.  Bennet, J.M (eag.) The Sage encyclopedia of intercultural competence.  Los Angeles: Sage. 563-68.

Swain, M. & Johnson, R., (1997) ‘A category within bilingual education’.  Johnson, R. & Swain, M. (eag.). Immersion education: International perspectives.  Cambridge: Cambridge University Press. 1-16.

Ushioda, E., (2011) ‘Language learning motivation, self and identity: current theoretical perspectives’.  Computer Assisted Language Learning. 24 (3). 199-210.

Tráchtais Neamhfhoilsithe

Brogan, K., (2014) The stay at home experience: A study of the development of components of proficiency and cultural learning during the year abroad.  Tráchtas PhD: Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí.

Denvir, Máire T., (2007) Staidéar ar phróiseas agus ar thorthaí foghlama ghrúpa scoláirí ar chúrsa lánGhaeilge Gaeltachta.  Tráchtas MA: Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Murtagh, L., (2003) Retention and attrition of Irish as a second language.  Tráchtas PhD: Ollscoil Groningen.

Ní Chlochasaigh, K., (2014) Staidéar ar fhoghlaimeoirí éifeachtacha Gaeilge ar an dara agus ar an tríú leibhéal.  Tráchtas PhD: Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí.

Ó Duibhir, P., (2009) The spoken Irish of sixth-class pupils in Irish immersion schools.  Tráchtas PhD: Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Ó hAiniféin, D., (2007) Iniúchadh ar na múnlaí tumoideachais Reatha i nGaelscoileanna, i bPoblacht na hÉireann agus ar na caighdeáin ghnóthachtála i léitheoireacht an Bhéarla iontu.  Tráchtas MA: Ollscoil na hÉireann Gaillimh.

Tuarascálacha

Gilleece, L., Shiel, G., Clerkin, A. & Millar, D., (2011) Measúnachtaí náisiúnta 2010 ar léitheoireacht Bhéarla agus ar Mhatamaitic i scoileanna a bhíonn ag teagasc trí mheán na Gaeilge. Príomhthuarascáil.  Baile Átha Cliath: An Foras Taighde ar Oideachas.

Harris, J., Forde, P., Archer, P., Nic Fhearaile, S. & O’Gorman M., (2006) An Ghaeilge sna bunscoileanna.  Treochtaí náisiúnta fadtéarmacha in inniúlacht. Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais agus Eolaíochta.

Ó Fathaigh. M., (1992) Learning Irish in second level schools – attitudes, motivation and achievement.  Baile Átha Cliath: Comhar na Múinteoirí Gaeilge.

Parsons, C., & Lyddy, F., (2009) Learning to read in Irish and English: A comparison of children in Irish medium, Gaeltacht and English-medium schools in Ireland.  Baile Átha Cliath: An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscoileanna.

Walsh, J., & O’Rourke, B., (2015) Turascáil taighde ar nuachainteoirí na Gaeilge.  Baile Átha Cliath: Foras na Gaeilge.