Léirmheas ar shraith leabhar An Seachtar Stuama

aistrithe ag Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Marion Ní Shúilleabháin, Gormfhlaith Ní Thuairisg

(Cló Iar-Chonnacht, 2017. €7 an leabhar)

 

Léirmheastóirí:

Sinéad Mansfield
Anna Ní Pheanróis
Clíona Uí Dhálaigh
Bernadette Uí Mhaoilchiaráin

Aistriúchán stuama atá sa tsraith leabhar[1] seo atá bunaithe ar an tsraith Bhéarla The Secret Seven leis an údar iomráiteach Enid Blyton.  Foilsíodh an tsraith Bhéarla sa bhliain 1987 agus thug na haistritheoirí Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Marion Ní Shúilleabháin agus Gormfhlaith Ní Thuairisg – atá ag obair mar chraoltóirí i Raidió na Gaeltachta freisin – faoin dúshlán na leabhair a aistriú go Gaeilge chun iad a chur in oiriúint do léitheoirí óga.  Rinne an grúpa seo aistriúchán sármhaith ar an tsraith agus thug siad leo stíl scríbhneoireachta Blyton go foirfe.  Baisteadh ainmneacha breátha Gaelacha ar na carachtair – Peadar, Sinéad, Jeaic, Cóil, Gearóid, Neansaí agus Bairbre, agus ní fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar an madra Sceolán!  Seachtar cairde a bhfuil cumann rúnda bunaithe acu atá sa seachtar stuama seo, atá réidh do ‘chuile chineál eachtraíochta agus a bhraitheann ar a chéile chun freagra na mistéire nó réiteach na faidhbe a aimsiú – scil thábhachtach i saol aon pháiste.

Táthar ag gearán le fada an lá faoin easpa leabhar Gaeilge do dhaoine óga.  Céim dhóchasach chun cinn atá sna haistriúcháin Ghaeilge ar leabhair Bhéarla atá go mór i mbéal an phobail óig: Dónall Dána (Horrid Henry), Dialann Dúradáin (Diary of a Wimpy Kid), Harry Potter agus an Órchloch (Harry Potter and the Philosopher’s Stone), An Cúigear Cróga (The Famous Five) agus anois An Seachtar Stuama (The Secret Seven).

 Is í an nideog sa mhargadh i dtaca le leabhair Ghaeilge do ghasúir óga a ghríosaigh beirt bhan – Máirín Ní Ghadhra agus Gormfhlaith Ní Thuairisg – chun aistriúchán a dhéanamh ar an tsraith leabhar An Cúigear Cróga.  In agallamh a rinne Ní Ghadhra le Bernie Ní Fhlatharta, iriseoir leis an Connacht Tribune, rinne sí cur síos ar an deacracht a bhí aici leabhair oiriúnacha a aimsiú dá hiníon agus moladh di leabhair Bhéarla a aistriú í féin (Ní Fhlatharta, 2015).  Roghnaigh sí féin agus Ní Thuairisg An Cúigear Cróga mar gur leabhair ficsin Bhéarla do dhaoine óga iad, ar a raibh ráchairt mhór.  Mar thoradh ar an obair sin agus ar an rath a bhí uirthi, bheartaigh siad aistriúchán a dhéanamh i gcomhar le beirt bhan eile ar shraith nua, An Seachtar Stuama.  Ba léir go raibh éileamh ar a leithéid d’obair agus gur theastaigh seánra den chineál seo i nGaeilge do pháistí na linne seo.

Cé gur scríbhneoir sárdhíola a bhí in Enid Blyton, rinne an BBC cinsireacht ar a saothar le linn na dtríochaidí agus dúirt Jean Sutcliffe, Ceannasaí an BBC: ‘My impression of her stories is that they might do for Children’s Hour but certainly not for Schools Department they haven’t much literary value’ (Sutcliffe, 1938).  Is léir ón ráiteas seo nach raibh mórán measa ar a cuid scríbhneoireachta agus nár glacadh léi mar scríbhneoir gairmiúil.  Léiríonn taighde ó shin, áfach, gur maith le páistí an cineál seo seánra – scéalta a thugann taobh amuigh dá dtimpeallacht féin iad le taithí eile a fháil ar an saol (De Brún, 2007: 15) agus is cinnte go bhfuil sé seo ar fáil i scríbhneoireacht Blyton.

Ba chosúil nach raibh páistí ag iarraidh na bunleabhair a bhí ar fáil i nGaeilge a léamh mar nach raibh siad sách suimiúil ná scanrúil (Denvir, 2003: 105).  Ós rud é nach bhfuil dóthain den seánra seo ar fáil i nGaeilge, níl aon rogha ann ach aistriúchán a dhéanamh ar na leabhair atá foilsithe i dteangacha iasachta.

Molann Titley tréithe tábhachtacha do lucht scríbhneoireachta do pháistí, ina measc: ‘Níorbh fholáir leanbh nó leanaí a bheith i gceartlár na heachtra.  Chaithfeadh eachtraí agus eachtraíocht a bheith ann ó thús go deireadh’ (2012: 93).  Éiríonn leis An Seachtar Stuama na cuspóirí seo a bhaint amach, cé nach scéalta iad atá lonnaithe sa draíocht ná sa mhiotas.  Spreagfaidh na scéalta seo, ina mbíonn na páistí lárnach in eachtraí a tharlaíonn ina gceantar, samhlaíocht na bpáistí atá á léamh.  Tá droch-charachtair nó dúshlán éigin le sárú ag an seachtar i ngach scéal. Briseann siad roinnt rialacha agus iad ag réiteach na bhfadhbanna, gné a thaitníonn le páistí.

Tá an saibhreas agus na leaganacha cainte a roinneann na húdair linn sa tsraith An Seachtar Stuama an-luachmhar do ghlúin óg na Gaeilge. Faightear blaiseadh breá de Ghaeilge Chonamara sna leabhair seo.  Feictear focail choitianta, nádúrtha Chonamara ar nós ‘mada’, ‘foighid’, ‘tuige’ agus ‘aiféala’.  Is uirlis oideachasúil iad na leabhair seo mar go gcuirtear Gaeilge Chonamara agus Chonnacht os comhair an phobail óig léitheoireachta ar bhealach nádúrtha agus greannmhar.  Tugann an Ghaeilge seo blaiseadh de chanúint Chonamara do pháistí as gach uile chearn den tír.  Tagann ceist thábhachtach an aistritheora chun cinn anseo – an gá cloí le canúint an aistritheora nó an bhfuil dualgas ar an aistritheoir píosa a scríobh atá sothuigthe do pháistí ar fud na tíre?  Dar le Titley gur cheart ‘caint ghonta shimplí a bheith sa scéal’ ó thaobh litríocht na bpáistí de (2012: 93).

Mar sin féin, is iomaí nath cainte a úsáidtear sna leabhair, nathanna cosúil le ‘ag scoilteadh na gcloch’ agus ‘deoir bháistí’.  Léirítear anseo nach bhfuil eagla ar na haistritheoirí ó thaobh saibhris de agus go bhfuil fonn orthu an Ghaeilge a scaipeadh go fairsing agus i stíl ealaíonta.  Baintear úsáid freisin as uaim, cuir i gcás ‘mór millteach’ agus ‘de rite reaite’, a nochtann an Ghaeilge san fhoirm is nádúrtha agus a threisíonn go bhfuil ‘an-tábhacht ag baint le fuaimeanna, ceol, agus rithim an scéil i leabhair do pháistí óga’ (Ní Chuilleanáin, 2012: 139).  Aistrítear nathanna áirithe go geal sna leabhair chomh maith.  Is nathanna iad seo atá i bhfad níos tuairisciúla ná na leaganacha Béarla, cuir i gcás ‘ag salmadóireacht leis go seasta’ (he drones on and on) agus ‘smúiteacht’ (cloudy).  Cuireann na nathanna seo go mór le galántacht na leabhar agus léiríonn siad saibhreas na Gaeilge do pháistí óga, rud atá de dhíth chun an teanga a choinneáil beo.  Ag an am céanna, is leibhéal teanga neamhchasta é a spreagfaidh léitheoir óg ‘tuilleadh léitheoireachta a dhéanamh, agus a gcumas léitheoireachta a fhorbairt’, bunsprioc an aistritheora leabhair do pháistí (Nic a’ Bhaird, 1980: 51).

Thug scata léitheoirí (aois deich mbliana) le fios in agallamh go bhfuil na leabhair seo oiriúnach do pháistí idir seacht agus naoi mbliana d’aois (Léirmheas Leabhar, 2017).  An é sin le rá nach gceapann siad go bhfuil na leabhair sách sofaisticiúil dóibh féin?  Cé go gcreideann Ní Chléirigh go bhfuil neart leabhar Gaeilge ar fáil do pháistí, maíonn sí:

[...] go bhfuil ganntanas ann i gcás léitheoirí idir ocht mbliana agus trí bliana déag d’aois, go háirithe dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga acu.  Is éard atá in easnamh i gcás an aoisghrúpa seo ná leabhair sholéite ó thaobh teanga de ach atá fós spéisiúil agus sofaisticiúil a ndóthain chun léitheoirí óga a mhealladh (2012: 183).

Is cinnte gur scéalta simplí go leor iad scéalta Blyton sa tsraith seo i gcomparáid leis an ábhar a bhíonn á léamh ag go leor páistí sa lá atá inniu ann, ach d’fhéadfaí cás a dhéanamh faoin bhfiúntas a bhaineann leo mar thúsphointe léitheoireachta neamhspleáiche Gaeilge don aoisghrúpa atá faoi chaibidil.  Cuireann an Ghaeilge bhlasta, nádúrtha go mór leis an scéalaíocht sna leabhair seo agus mothaítear soineantacht na hóige ag sníomh tríd an eachtraíocht, rud atá in easnamh i scéalta eile don aoisghrúpa seo, mar shampla: Dialann Dúradáin agus Dónall Dána.

Cé go bhfuil méadú tagtha ar líon na leabhar atá aistrithe go Gaeilge le blianta anuas, níl an margadh do leabhair Ghaeilge chomh láidir leis an margadh do leabhair Bhéarla fós agus tá níos mó páistí ag léamh leabhar i mBéarla.  Tá sé soiléir ón tóir a bhí ar an leagan Gaeilge den tsraith An Cúigear Cróga go bhfuil gá le breis ábhar léitheoireachta i nGaeilge a bheith  ar fáil do pháistí.  Faoi choimirce na Stráitéise Litearthachta agus Uimhearthachta 2011– 2020, d’fhoilsigh An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta (COGG) liosta leabhar léitheoireachta do dhaltaí bunscoile agus luaitear An Cúigear Cróga ar an liosta mar ábhar léitheoireachta.  Tá sé ar cheann de spriocanna na straitéise ‘pléisiúr sa léitheoireacht a chothú i measc leanaí agus daoine óga’ (COGG: gd).  Is léir go n-áirítear na leabhair seo ó pheann Enid Blyton mar ábhair fhiúntacha do pháistí agus mar sin gur fiú an t-aistriúchán a aithint mar uirlis éifeachtach le páistí a ghríosú chun na léitheoireachta Gaeilge.  Táthar ag súil go gcuirfear An Seachtar Stuama ar an liosta chomh maith.

Freastalóidh An Seachtar Stuama ar aoisghrúpaí níos leithne ná iadsan idir seacht agus naoi mbliana; ag brath ar a gcumas léitheoireachta, ar a gcaighdeán teanga agus ar a réimse spéise.  Tá ábhar ann atá suimiúil do bhuachaillí agus do chailíní araon.  Is é Tony Ross a mhaisigh an tsraith.  Tá stíl nua-aimseartha ar na pictiúir atá mealltach agus a chuireann go mór le hinsint na scéalta.  Tá an-obair déanta ag Cló Iar-Chonnacht agus ag na haistritheoirí agus beifear ag súil le tuilleadh dá leithéid a fheiceáil sa todhchaí ar mhaithe le glúin óg léitheoireachta na Gaeilge.

 

[1] Eachtra an Mhilseáin, Eachtra ar an mBealach Abhaile, Tráthnóna leis An Seachtar, Cá bhfuil An Seachtar?, Déanaigí Deifir, a Sheachtair!, Rún an tSeanmhuillin.

Leabharliosta: 

Leabhair

Blyton, E., (1955) The Secret Seven.  Londain: Hodder Children’s Books.

Blyton, E., (2015) An Cúigear Cróga.  Aistrithe ag G. Ní Thuairisg agus M. Ní Ghadhra. Gaillimh: Cló Iar-Chonnacht.

Blyton, E., (2017) An Seachtar Stuama.  Aistrithe ag G. Ní Thuairisg, M. Ní Ghadhra, M. Ní Shúilleabháin, agus C. Ní Chualáin.  Gaillimh: Cló Iar-Chonnacht.

Ailt

Groszewski, L., (2012) An Margadh Léitheoireachta i gCás Aistriúchán Gaeilge do Leanaí.  Nic Congáil, R., (eag.) Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg.  Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR. 109-25.

Ní Chléirigh, L., (2012) ‘An Triantán Beirmiúdach: Spléachadh ar Leabhair Ghaeilge don Aoisghrúpa 8-13’, Nic Congáil, R., (eag.) Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg.  Baile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR. 173-84.

Ní Chuilleanáin, Ó., (2012) ‘Tosaíochtaí an Aistriúcháin ar Litríocht na nÓg go Gaeilge: An Staid Reatha’.  Nic Congáil, R., (eag.) Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg. LeabhairCOMHAR. 127-49.

Ní Chuilleanáin, Ó., (2014) Tíortha na hÓige: Litríocht Ghaeilge na nÓg, agus Ceisteanna an Aistriúcháin.  Báile Átha Cliath: LeabhairCOMHAR.

Nic a’ Bhaird, F., (1980) ‘Ag Foilsiú Don Óige’.  Comhar, 39(4): 50-1.

Titley, A., (2012) ‘An Leanbh Ionainn Go Léir: Na hAistriúcháin Ghaeilge ar Litríocht do Dhaoine Óga’.  Nic Congáil, R., (eag.) Codladh Céad Bliain: Cnuasach Aistí ar Litríocht na nÓg. LeabhairCOMHAR. 87-107.

Foinsí Leictreonacha

Adams, S., (2009) ‘BBC banned Enid Blyton for 30 years’, The Telegraph. Le fáil ag: http://www.telegraph.co.uk/culture/books/booknews/6573855/BBC-banned-Enid-Blyton-for-30-years.html (Léite: 14 Samhain 2017).

COGG (nd), ‘Léitheoireacht na Gaeilge: Liosta leabhar léitheoireachta do dhaltaí bunscoile’, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.  Le fáil ag: http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/leitheoireacht-na-gaeilge_web.pdf (Léite: 6 Samhain 2017).

De Brún, J., (2007) ‘Leabhair Ghaeilge do Pháistí’, An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta & Gaelscolaíochta.  Le fáil ag: http://www.cogg.ie/wp-content/uploads/leabhair-ghaeilge-do-phaisti.pdf (Léite: 11 Samhain 2017).

Ní Fhlatharta, B., (2015)  ‘Intrepid duo translate Famous Five into Irish’, The Connacht Tribune. Le fáil ag: http://connachttribune.ie/intrepid-duo-translate-famous-five-into-irish/ (Léite:  9 Samhain 2017).

Cláir Theilifíse

Léirmheas Leabhar (2017) TG4, 10 Deireadh Fómhair.