Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Léirmheas ar Cinnlínte: Saol an Iriseora | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Léirmheas ar Cinnlínte: Saol an Iriseora

le Deaglán de Bréadún

Cois Life Teoranta, 2016. 117 lch, €12

 

Léirmheastóirí:

Gráinne Ní Choisdealbha
Neasa Ní Choisdealbha
Máire N. Uí Mhurchú

Sa leabhar Cinnlínte: Saol an Iriseora, déanann an t-údar, Deaglán de Bréadún, cur síos ar na buaicphointí éagsúla óna ré mar iriseoir le The Irish Times agus The Irish Sun.  Tá clú agus cáil ar de Bréadún de bharr a chuid iriseoireachta, chomh maith lena chuid eagarthóireachta agus a chuid oibre mar Chomhfhreagraí Raidió Áitiúil leis an Oireachtas agus mar Chomhfhreagraí Polaitíochta i dTeach Laighean.  Is léir go raibh suim riamh aige san iriseoireacht agus is cinnte go raibh cumas thar na bearta ann ina taobh.  Chuir sé nuachtán popcheoil in eagar agus é sa mheánscoil agus lean sé leis an gceird san ollscoil, ag scríobh faoi chúrsaí oideachais, polaitíochta agus cearta sibhialta.

Is cnuasach scéalta atá sa leabhar seo, ina dtugann de Bréadún cuntas cuimsitheach ar na hábhair chonspóideacha, ghoilliúnacha agus staire ar a ndearna sé tuairisceoireacht le linn a ghairm bheatha. Roghnaíonn sé na scéalta is mó a bhí i mbéal an phobail ón dara leath den 20ú haois go nithe nua-aimseartha na haoise seo.  Tá ceithre chaibidil déag sa leabhar agus tá siad leagtha amach in ord croineolaíoch.  Déantar cur síos ar dhá eachtra dhéag éagsúla sa leabhar, aon trian díobh siúd ag díriú ar eachtraí thar lear agus dhá thrian faoi nithe a thit amach in Éirinn. Téann an léitheoir ar thuras náisiúnta agus idirnáisiúnta ina chuideachta go dtí an Iaráic, an Afganastáin, an Rúis agus an Bruach Thiar.  Castar polaiteoirí móra na linne orainn, Charlie Haughey, Ian Paisley, Brian Cowen, Yasser Arafat, Boris Yeltsin agus Mikhail Gorbachev ina measc, agus faightear léargas spéisiúil agus uathúil ar na nithe pearsanta a bhain leo.

Tosaíonn an leabhar le scúp faoi Charlie Haughey, iar-Thaoiseach na hÉireann.  Cuireadh fainic ar de Bréadún ina agallamh leis gan aon tagairt a dhéanamh d’ábhar scannalach, ach is léir gur iriseoir treallúsach é de bharr gur tharraing sé anuas cúrsaí pearsanta airgeadais ‘eadrainn féin’.  ‘You’re being impertinent now’, a bhí mar fhreagra ag Charlie Haughey sa scéal  ‘Scúp faoi Charlie Haughey’ (19). 

Tugann de Bréadún raon leathan ábhar chun solais agus é ag cur síos ar stair an ghinmhillte in Éirinn.  Tugtar léargas dúinn ar thionchar na heaglaise, an dlí, an bhunreachta, cás ‘Miss X’ agus ar ré ina raibh an Caitliceachas cumhachtach agus coimeádach.  Mar a deir sé féin: ‘Is é gnó an iriseora an dá thaobh den argóint a chur os comhair na léitheoirí’ in ‘Ginmhilleadh agus dlí na hÉireann: scéal gan chríoch’ (26) agus is cinnte go n-éiríonn leis é sin a dhéanamh ar bhealach meáite tríd an leabhar.

Tá de Bréadún tomhaiste agus críochnúil nuair a thugann sé cuairt ar an Aontas Sóivéadach ag am ina bhfuil an cumannachas fós i réim ach ag deireadh ré.  Déanann sé iarracht choinsiasach cur síos a dhéanamh ar an scéin a bhí ar dhaoine ag an am de bharr an teannais a bhí idir na tíortha caipitlíocha agus na tíortha ina raibh an cumannachas i réim.  Tráchtar ar scrios an chumannachais, ar fhorbairt córais saormhargaíochta agus ar an tionchar a bhí acu seo ar shaol an ghnáthdhuine.  Baintear úsáid as stíl shimplí chun íomhánna truamhéalacha a nochtadh trí scéalta pearsanta na ndaoine sin in ‘Ar ais sa Rúis iarchumannach’ (50).

Cruthaíonn de Bréadún íomhánna láidre agus soiléire sa leabhar; nuair a dhéanann sé cur síos ar thuras go Nua-Eabhrac tar éis 9/11 ‘boladh míthaitneamhacha...cosúil le...feoil a bhí dóite’ (95); ar chruachás na dteifeach Coirdíneach in ‘I measc na dteifeach ón Iaráic’ (39); agus ar éadóchas mhuintir na Rúise nuair a theip ar an gcumannachas in ‘Ar ais sa Rúis iarchumannach’ (53). 

Léirítear ‘na gnéithe is tarraingtí den iriseoireacht’ agus ‘an chaoi go dtarlaíonn rudaí gan choinne ar féidir scéal nuachta a bhaint astu’ agus é ag cur síos ar Gorbachev agus Yeltsin in ‘Cuairt ar an Aontas Sóivéadach ag deireadh ré’ (33).  Cothaíonn sé íomhá de shaol eachtrúil contúirteach an iriseora nuair a thráchtann sé ar a aistir chuig láithreacha campála na dteifeach Coirdíneach in ‘I measc na dteifeach ón Iaráic’ (38); agus arís le linn dó a bheith ag tuairisciú sa Mheánoirthear agus cuireadh a bheatha i mbaol ‘nuair a bhí urchar ag scinneadh tríd an aer os ár gcionn’ sa scéal ‘Agallamh le Yasser Arafat ar an mBruach Thiar’ (97).  

Dar le de Bréadún, ‘is é an scéal is mó a chlúdaigh [sé] riamh’ ná réamheolas ar shos cogaidh an IRA i 1994 (57).  Tá an ceathrú cuid den leabhar dírithe ar Na Trioblóidí, an scéal thuasluaite ina measc, agus éiríonn leis fíricí polaitíochta a chur in iúl ar bhealach sothuigthe, suimiúil.  Nochtann sé a thuairimí féin sna scéalta seo, rud nach ndéanann iriseoirí nó tuairisceoirí go hiondúil.  Maíonn sé go raibh an choimhlint ag dul i léig ag deireadh na 1970í ‘ach amháin go ndearna Londain ceann de na meancóga is mó a rinne an Bhreatain riamh in Éirinn’ (60).  Molann sé misneach Albert Reynolds in ‘Téarma Gearr, tionchar mór: Albert Reynolds mar Thaoiseach’ (69) agus admhaíonn sé go raibh ‘idir ghliondar agus neirbhís’ air agus é ag dul sa seans ag cur muiníne ina fhoinsí nuair a rinne sé réamhfhógairt ar an sos cogaidh (63). 

Tá féith an ghrinn agus toise an réalachais le brath ina chuid scríbhneoireachta agus feictear an greann seo ag ócáidí áirithe sa leabhar.  Cloistear é trí athfhriotail na bpolaiteoirí éagsúla: ‘no aul Arms Trial Shite now!’ in ‘Scúp faoi Charlie Haughey’ (15) agus ‘G’way ye wife-swappin sodomites’ in ‘Sága an cholscartha agus na “wife-swapping sodomites”’ (79).  Tugann de Bréadún údar gáire arís don léitheoir nuair a deir sé sa scéal céanna gur dúradh leis go raibh baint ag an aimsir le toradh an reifrinn, ‘the rain bet us...It came in the wrong places’ (79).  Luann sé scéal faoi Haughey agus eachtra ghreannmhar a thit amach de bharr tagairt a rinne de Bréadún do Haughey a bheith ag ithe duilleoga ginkgo chun cosc a chur ar an aois! In ‘Fágann Brian Cowen an stáitse’ (106) insíonn sé scéal barrúil faoin gcaoi ar shíl Yasser Arafat gur Ghiúdach ab ea Cowen de bharr a shloinne.

Is léir ón leabhar go bhfuil an-suim ag de Bréadún sa Ghaeilge.  Ba é an t-eagarthóir Gaeilge ag The Irish Times i lár na 1980í é agus bhí sé freagrach as an gcolún ‘Tuarascáil’.  Sa bhliain 1990, d’fhoilsigh Comhar Teoranta bailiúchán gearrscéalta Gaeilge dá chuid, dar teideal Sceallóga.  Léirigh sé an tsuim chéanna seo nuair a luaigh sé gur tugadh tús áite sa dlí don leagan Gaeilge den fho-alt a cuireadh le hAlt 40 den bhunreacht in ‘Ginmhilleadh agus dlí na hÉireann: scéal gan críoch’ (25).  Ghoill sé air nuair a úsáideadh an leagan Béarla dá shloinne ar an aer sa Bhreatain in ‘Fágann Brian Cowen an stáitse’ (103).  Anuas air sin, ar ndóigh, shocraigh sé an leabhar seo a scríobh i nGaeilge.

Cé go bhfuil bua na scríbhneoireachta ag de Bréadún, níl an leabhar gan locht.  Tá roinnt Béarlachais le sonrú ar chuid de na habairtí a scríobh sé agus i roinnt teideal, cuir i gcás, ‘ní nós liom fear a chiceáil agus é thíos’ (104).   Tá lorg an Bhéarla le brath ar roinnt de na focail a roghnaíonn sé ar nós ‘Sága’ agus ‘Scúp’ i dteideal dhá scéal.  Ina theannta sin – cé go gcruthaíonn de Bréadún íomhánna cruinne, cumhachtacha lena pheann – chabhródh pictiúir dhaite go mór le híomhá an leabhair.  Mar iriseoir aitheanta, bheadh rogha agus bailiúchán leathan grianghraf ina chartlann aige agus is cinnte go mbeadh suim ag go leor léitheoirí iontu.  Níl ag an léitheoir ach aon ghrianghraf amháin ar chlúdach an leabhair – íomhá den údar i ndubh agus bán agus muintir an Mheánoirthir cruinnithe timpeall air i ndúch cudail.  Caithfear a rá, áfach, nach dtagann an locht seo salach ar na híomhánna a chruthaíonn na scéalta dúinn.

Is leabhar taitneamhach agus oideachasúil é Cinnlínte: Saol an Iriseora ar furasta bualadh faoi de bharr go bhfuil stíl shoiléir scríbhneoireachta ann agus is cinnte go n-éiríonn le de Bréadún léargas suimiúil a thabhairt ar shaol an iriseora lena linn féin.  Cabhraíonn leagan amach agus leanúnachas croineolaíoch an leabhair leis an léitheoir léargas stairiúil a fháil ar na mórimeachtaí polaitíochta agus sóisialta ó na 1970í go dtí 2016.  Cuidíonn an cló mór agus an bealach gonta, cruinn scríbhneoireachta atá ag de Bréadún leis an léitheoir i mbun léitheoireachta.  Is léir gur iriseoir go smior é de Bréadún, a bhíodh fite fuaite sna scéalta is nuaí, peann agus páipéar ina lámh aige, agus an-chrógacht ann agus é ar bís ar thóir na nuachta.  B’fhiú go mór don té ar spéis leis nó léi cúrsaí reatha, cumarsáide, staire, polaitíochta, iriseoireachta nó sóisialta an leabhar seo a léamh.