Nótaí Beathaisnéise na nÚdar 2018

Pádraig de Bléine

Tá Padaí de Bléine ina Leachtóir i Roinn na Gaeilge ar Choláiste Ollscoile Naomh Muire i mBéal Feirste.  Tá taithí aige ar theagasc na litríochta ag an dara agus ag an tríú leibhéal.  Tá suim mhór aige i gcúrsaí aistriúcháin agus chuige sin tá úrscéalta do pháistí aistrithe go Gaeilge aige.  Ina measc siúd tá; Capall Cogaidh, An Cheist Faoi Mozart, Kaspar Prionsa na gCat, Tá na hEitleoga in Airde sa Spéir, Toro! Toro! agus An Fáth ar tháinig na Míolta Móra – le Michael Morpuogo aistrithe aige.  Chomh maith leis sin tá An Gasúr a Chaith Pitseamaí Stríocacha, Anne Frank; Dialann Cailín Óig agus Is Mise David aistrithe go Gaeilge aige.

Caoilfhionn Lane

Is taighdeoir agus innealtóir bogearraí í Caoilfhionn Lane in Ionad na hAnailísíochta Sonraí, Insight, OÉ Gaillimh.  Roimhe sin, chaith sí seal mar innealtóir bogearraí i gcomhlachtaí ilnáisiúnta.  Rinne sí an Dioplóma i Scileanna Aistriúcháin in OÉ Gaillimh agus tá sí ina comhúdar ar alt acadúil faoin aistriúchán uathoibríoch.

Ciarán Mac Giolla Bhéin

Rugadh agus tógadh Ciarán i mBéal Feirste, áit a bhfuair sé oideachas trí mheán na Gaeilge ar dtús i mBunscoil Phobal Feirste agus ar Mheánscoil Feirste (Coláiste Feirste) ina dhiaidh sin.  Chaith Ciarán seal ag teagasc i nGaelscoileanna Bhéal Feirste agus mar Oifigeach Gnó le Gaeilge leis an ghrúpa forbartha Gaeilge, Forbairt Feirste.  Ina dhiaidh sin, chaith sé beagnach sé bliana mar Oifigeach Óige agus Oideachais le Foras na Gaeilge.  Le linn na tréimhse sin, bhí sé gníomhach le bunú Fóram na nÓg, grúpa tacaíochta do sheirbhísí óige Gaeilge.  Is cathaoirleach ar Fhóram na nÓg go fóill é.  Tá Ciarán anois ag obair mar Bhainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.  Is é an cathaoirleach ar Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh chomh maith é.

Mícheál Mac Lochlainn

Error! Hyperlink reference not valid.Feidhmeannach Ríomhaireachta de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, is ea Mícheál.  Tá sé lonnaithe in Áras Shorcha Ní Ghuairim i Roisín na Mainiach.  Thug sé roinnt mhaith blianta ag obair sa ghort leis, mar innealtóir ríomhaireachta agus riarthóir córas.  I measc na réimsí go gcuireann sé suim iontu tá brí shéimeantach sa bhfearann leictreonach, imlonnú logánaithe chomhéadan ríomhaire (agus béim ar theangacha Ceilteacha Inseacha) agus an chartlannaíocht dhigiteach.  Is é Mícheál teicneoir Chartlann Joe Éinniú (www.joeheaney.org). Is é a shín amach an leagan reatha de láithreán gréasáin na gcartlann agus d’fhorbair sé roinnt sainbhreiseán WordPress mar chuid den obair sin.  Tá leagan leictreonach d'An Músgraigheach á fhorbairt aige (www.músgraigheach.ie).

Carmel Ní Bhriain

Feidhmeannach Cumarsáide is ea Carmel Ní Bhriain, atá mar bhall foirne de chuid Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le breis agus ceithre bliana déag.  Tá suim nach beag ag Carmel i gcúrsaí craoltóireachta dúchasaí agus i gcás na gcraoltóirí sna mionteangacha go háirithe.  Tá spéis aici fosta i dtreochtaí craoltóireachta le linn na ré digití agus a dtionchar ar na craoltóirí traidisiúnta.   Anuas air seo, bhí Carmel gníomhach san earnáil neamhspleách teilifíse ó bhí tús na 1990idí ann; léirigh sí réimse leathan clár do TG4, RTÉ agus BBC Thuaisceart Éireann.  Tá BA i Staidéar na Meán aici ó Ollscoil Uladh, Cúil Raithin agus MA san Amharcstaidéar ó Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

Áine Nic Niallais

Is as Gaoth Dobhair i dTír Chonaill d’Áine. Tá sí ag obair in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ón bhliain 2001 agus is ag plé le cúrsaí aistriúcháin is mó a bhíonn sí.  Rinne sí tráchtas dochtúireachta dar teideal Ag teacht isteach orthu – Gnéithe de Chomhréir agus de Shéimeantaic Bhriathra Frásacha na Gaeilge a chur i gcrích sa bhliain 2012.  Ba é aidhm an tráchtais sin ná anailís a dhéanamh ar an dóigh a bhfeidhmíonn briathra, réamhfhocail agus ainmfhocail le chéile mar aonaid bhrí sa Ghaeilge agus mar a fhásann nathanna meafaracha as a mbunbhríonna litriúla.

Aisling Ní Dhiorbháin

Is léachtóir i dteagasc na Gaeilge in Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath í Aisling Ní Dhiorbháin.  Is iar-mhúinteoir lán-Ghaeilge í.  Tá MA bainte amach ag Aisling i dTeagasc Teangacha (An Ghaeilge) ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.  Bhain Aisling DOid amach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath in 2017.  Dhírigh a taighde dochtúireachta ar oideolaíochtaí um theagasc na gramadaí do bhunmhúinteoirí faoi oiliúint.  Tá spéis ag Aisling i ngach gné de theagasc agus foghlaim teangacha, agus in oideachas múinteoirí teanga.  Tá taighde foilsithe aici ar theagasc na gramadaí sna scoileanna lán-Ghaeilge. 

Dorothy Ní Uigín

Is í Riarthóir Theagasc na Gaeilge in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge í an Dr Dorothy Ní Uigín.  Tá suim aici i dteagasc agus i sealbhú teangacha agus sa litearthacht acadúil.  Tá suim ar leith aici i stair na hiriseoireachta agus na meán Gaeilge.

Michael Bharry Ó Flatharta

Is Feidhmeannach Teanga le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar an gCeathrú Rua é Michael Bharry.  Tá sé fostaithe ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ó 1989 agus ón am sin i leith tá suim ar leith aige deiseanna foghlama fadsaoil a chur ar fáil do phobal Chonamara i bhfoirm ranganna oíche ríomhaireachta chomh maith le cúrsaí lae.

Tadhg Ó hIfearnáin

Tá Tadhg Ó hIfearnáin ina Ollamh Bunaithe le Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ba in Ollscoil Luimnigh a bhí sé ó 1996 go 2017 agus in Ollscoil na Briotáine Uachtaraí ar feadh roinnt blianta roimhe sin, tar éis dó tréimhsí a chaitheamh mar iarchéimí agus léachtóir in Ollscoil Utrecht agus in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.  Tá BA (1988) agus PhD (1994) i Léann na Gaeilge aige ó Ollscoil Uladh, Cúil Raithin.

Muiris Ó Laoire

Is speisialtóir i dteagasc na Gaeilge é an tOllamh Muiris Ó Laoire.  Tá go leor alt agus leabhar scríofa aige ar ghnéithe éagsúla den tsochtheangeolaíocht agus de theagasc na Gaeilge.  Tá sé ag obair i Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta in Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí.  Ó Eanáir 2016 go Meitheamh 2017 bhí sé ag obair mar éascaitheoir don dá phlean teanga i gCorca Dhuibhne agus in Uíbh Ráthach.

Pádraig Ó Tiarnaigh

Is de bhunadh an Mhullaigh Bháin é Pádraig Ó Tiarnaigh ó dhúchas.  D’fhreastail sé ar Scoil na Mainistreach in Iúr Cinn Trá agus d’éirigh leis PhD a bhaint amach sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh i Márta 2015, áit a ndearna sé céim agus iarchéim sa teanga roimhe sin.  Bíonn Pádraig ag feidhmiú mar Fheidhmeannach Cumarsáide agus CTI (Cosaint Teanga agus Ionadaíocht) le Conradh na Gaeilge ó thuaidh le beagnach bliain anuas, agus ag léachtóireacht le hOllscoil Uladh i rith an ama.  Ar bhonn deonach ceapadh Pádraig ina Chathaoirleach ceithre bliana ó shin ar Choiste Bainistíochta Choláiste Aoidh Mhic Bhricne; Coláiste Samhraidh i dTeileann, Gaeltacht Thír Chonaill.

Marie Whelton

Léachtóir le Gaeilge in Institiúid Oideachais Marino.  Údar Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008), Nuair a Stadann an Ceol: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2013, 2015) agus Leathbhádóirí: Úrscéal don Fhoghlaimeoir Fásta (LeabhairCOMHAR, 2017).  I gcomhar le hAodán Mac Suibhne scríobh sí trí leabhar do mhúinteoirí bunscoile: Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin don Scrúdú Le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM, 2006); Í a Labhairt: Cúrsa Gaeilge Idirmheánach do Mhúinteoirí Bunscoile (IOM, 2008) agus Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (IOM, 2009).  In Eanáir 2018, ba bhall í d’fhoireann a scríobh tairiscint ar éirigh léi maoiniú a ghnóthú ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun B.Oid. trí Mheán na Gaeilge a sholáthar in Institiúid Oideachais Marino.