DOI: https://doi.org/10.13025/ahep-he26

Réamhrá

Ó cuireadh an iris phiarmheasúnaithe seo ar bun, d’éirigh gach bliain le foireann úr eagarthóirí an pobal acadúil a spreagadh chun ailt agus léirmheasanna a chur faoina mbráid agus léitheoirí a mhealladh de bharr fheabhas a gcuid oibre. Tá an-éagsúlacht ábhair sa séú heagrán seo de Léann Teanga: An Reiviú.  Cé go bhfuil an t-oideachas agus gnéithe den teicneolaíocht lárnách i bhformhór na n-alt i mbliana, tá a chur chuige agus a spriocanna féin ag gach ceann acu.  Gheofar ábhar úr ann chomh maith faoi chearta teanga, faoi fhorbairt na brandála san earnáil teilifíse agus faoi fhéiniúlacht shliocht na nGael san Airgintín.  Léiríonn na hailt agus na léirmheasanna an obair cheannródaíoch atá ar siúl ag na húdair agus an tiomantas atá ag iarchéimithe agus foireann an chúrsa sa Léann Teanga don tionscnamh foilsithe seo.  Agus líon na n-irisí piarmheasta ar líne ag dul i méid, tá a ionad agus a chuid caighdeán cruthaithe anois ag An Reiviú.

Bunchlocha litríocht na hAthbheochana atá i ngearrscéalta Phádraig Mhic Phiarais agus cé go bhfuil siad ar churaclaim na scoileanna agus na n-ollscoileanna le céad bliain anois, léiríonn Padaí de Bléine go bhfuil fós dóigheanna úra ann lena n-úsáid mar ábhar foghlama.  Ba léir gurbh é a bhí ar intinn ag an bPiarsach féin agus é á scríobh; chruthaigh sé íomhá dheimhneach tharraingteach de phobal agus de thírdhreach na Gaeltachta a mheallfadh an lucht foghlama leis an bhfriotal simplí dúchasach agus le dearcadh a bhí rómánsach agus raidiceach ag an am céanna.  Is raidiceach a bhí na scéalta, in ainneoin go bhféadfadh léitheoir an lae inniu ceapadh go bhfuil cuma anaibí neamhurchóideach ar chuid acu.  Faoi mar a léiríonn de Bléine, thuig an Piarsach tábhacht na scéalaíochta béaloidis i gcultúr phobal na Gaeilge ag an am agus bheartaigh ar dhíriú ar an ngearrscéal mar mheán nua liteartha toisc go bhfacthas dó gurb é sin an fhorbairt is nádúrtha chun an ceangal a dhéanamh idir an traidisiún agus nualitríocht na linne.  Bhí de bhuntáiste aige chomh maith go bhféadfadh an pobal a ghlór féin a aithint sna scéalta agus go raibh siad oiriúnach le léamh os ard agus le léiriú ina ndrámaí ardáin.  Cuireann Padaí de Bléine béim ar fhorbairt scileanna éisteachta na ndaltaí scoile i dteannta na scileanna léitheoireachta a théann leis an litríocht scríofa i gcónaí agus é ag plé modhanna nua múinteoireachta.  Is moladh ar athaithne a chur ar na bunchúiseanna a bhí ag an bPiarsach leis na gearrscéalta a scríobh sa chéad dul síos atá san alt agus is sampla éifeachtach é den dóigh a bhféadfaí daltaí a spreagadh le dul i ngleic leis an litríocht sa ré seo ina mbíonn sé go minic ina dhúshlán iad a chur a léamh.

Léiríonn Caoilfhionn Lane slí chun anailís a dhéanamh ar dhearcadh an phobail atá gníomhach ar Twitter i nGaeilge agus gan amhras, d’fhéadfaí leas a bhaint as an gcur chuige céanna chun neart a fhoghlaim faoina dheimhní nó a dhiúltaí is a bhíonn lucht scríofa na Gaeilge i gcorpas leictreonach ar bith eile.  Míníonn Lane go soiléir cad is léacsacan tuairime ann agus na dúshláin agus buanna a baineann le huirlis den chineál a chruthú don Ghaeilge chun tabhairt faoin ‘mianadóireacht tuairime’ ar ghiolcacha Twitter. Éiríonn go maith léi an fhorbairt sa chur chuige seo a shuíomh i gcomhthéacs dhul chun cinn na dteicneolaíochtaí teanga don Ghaeilge, cé go dtaispeánann sí go bhfuil bealach fada romhainn go fóill i gcomparáid le saothrú na dteangacha móra.  Is iontach liom a dheimhní is a bhíonn lucht Twitter na Gaeilge, fiú agus rabhadh an údair go mbaineann go leor den chorpas s’aici le seirbhísí corparáideacha a mbíonn scéala maithe le scaoileadh acu.  Ina ainneoin sin, cruthaíonn an turgnamh a léirítear san alt a thábhachtaí is a bheidh uirlisí na mianadóireachta tuairime amach anseo agus an éagsúlacht dearcthaí á meas ag an lucht taighde acadúil agus b’fhéidir ag grúpaí agus comhlachtaí eile.

Tá an teicneolaíocht agus go háirithe na meáin sóisialta i gcroí na hanailíse a dhéanann Pádraig Ó Tiarnaigh agus Ciarán Mac Giolla Bhéin ar An Dream Dearg agus ar an ionad a imríonn an Ghaeilge agus an beartas poiblí ina taobh ó thuaidh.  Chítear dóibh go bhfuil comparáid le déanamh idir gluaiseacht na gceart sibhialta agus an feachtas ar son an Achta Gaeilge ach murab ionann agus cás ghluaiseacht na gceart daichead bliain ó shin, tá na meáin shóisialta anois ina n-aimplitheoirí agus ina n-uirlisí gníomhaíochta i measc an dreama óig, ar ‘bundúchasaigh dhigiteacha’ iad.  Nascann an t-alt go tairbheach an cás ar son an Achta le teoiricí socheolaíochta faoi ghluaiseachtaí pobail, gníomhacha a thugann an feachtas ar son chearta sibhialta na Gaeltachta chun cuimhne.  Tá na húdair tiomanta don chúis ach ní bhaineann a ndúthracht den argóint acadúil.  Tuairiscítear san aiste go ndúirt Seán Ó Cuirreáin, iar-Choimisinéir Teanga ‘maitheas seachas dochar a dhéanann achtanna teanga ar fud na cruinne’ agus tógann na húdair ar dhioscúrsa sin na gceart.

Tá Mícheál Mac Lochlainn ag saothrú go cruthaitheach le clár digitithe chartlanna an Acadaimh le tamall maith.  Míníonn sé ina aiste na dúshláin teicneolaíochta a bhaineann leis na taifid den uile chineál atá sa chartlann a chur in oiriúint don saol digiteach comhaimseartha agus an dóigh ar réitíodh na comhaid don taisclann a cruthaíodh.  Tá sé ríshoiléir go mbíonn i bhfad níos mó ná sin i gceist leis an obair thábhachtach seo mar sin féin.  I dteannta an tsaineolais ardchumasaigh sa ríomhaireacht, chítear taobh na healaíne agus na daonnachta sa saothar seo agus an meas a léirionn Mícheál Mac Lochlainn agus foireann na cartlainne orthu siúd atá le cluinstin agus le feiceáil sna taifid.  Tá na ceisteanna agus na deacrachtaí pléite go léannta san alt agus beifear ag súil leis an réiteach a aimseofar ar fhadhb na meiteashonraí.  Is buíoch atá pobal an léinn agus pobal na Gaeilge trí chéile don tionscnamh cheana féin.

Cíorann Carmel Ní Bhriain brandáil TG4 ó bunaíodh an cainéal breis is fiche bliain ó shin.  Éiríonn leis an údar athrú ainm agus mana buan TG4 a shuíomh i dteoiric na brandála teilifíse mar choincheap.  Taispeánann sí gur tháinig ann do TG4 díreach ag an am céanna is a tháinig an cineál úr brandála seo chun cinn i ndomhan na teilifíse.  Dá thairbhe sin agus de thoradh ar fheabhas fadradharcach na bainistíochta, bhí an cainéal óg dinimiciúil in inmhe gníomhú lena chuid brandála le dul i bhfeidhm ar an lucht féachána agus ar na seirbhísí éagsúla soláthair a raibh teaghlaigh na hÉireann ag brath orthu.  Mínítear san alt gurb é an próiseas sin, cur chuige brandála TG4, agus ní an bhrandáil inti féin a chruthaigh féiniúlacht uathúil an chraoltóra.

Is é tátal Aisling Ní Dhiorbháin óna cuid taighde ar an oideolaíocht gur cóir athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí measúnachta agus amchláir in institiúidí oideachais na tíre toisc nach féidir a bheith cinnte de go bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge sroichte ag na mic léinn ar bhaint amach na céime dóibh.  Is conclúid thromchúiseach taighde í seo, a mhaíonn gur ceart i bhfad níos mó ama a chaitheamh ar mhúineadh na Gaeilge ar chúrsaí B.Oid. más ag iarraidh múinteoirí cumasacha atáthar, múinteoirí a bheidh ábalta teagasc trí mheán na Gaeilge agus an teanga féin a thabhairt do dhaltaí i scoileanna an Bhéarla.  Cuirfidh idir thaighdeoirí agus lucht dréachta beartas oideachais suim mhór i dtorthaí taighde na haiste.

Pléann Dorothy Ní Uigín ról na dteangacha, idir Ghaeilge, Bhéarla agus Spáinnis i bhféiniúlacht na nÉireannach agus a sleachta san Airgintín ina haiste.  Míníonn sí an chúis nach raibh mórán cainteoirí Gaeilge i measc na n-imirceach a chuir fúthu faoi Chros an Deiscirt, idir an áit in Éirinn arbh as dóibh agus an aicme lenar bhain siad.  Cuireann an tagairt fhánach don mhionimirce ó Chontae an Chláir agus ó iarthar Chorcaí cigilt bheag fiosraithe sa léitheoir mar sin féin agus fonn taighde, b’fhéidir!  Is cosúil gur neartaíodh an fhéiniúlacht Éireannach san Airgintín trí dhroim láimhe a thabhairt don Bhéarla agus an Spáinnis a labhairt seachas suim a chur sa Ghaeilge, murab ionann agus cás na mBreatnach agus na nIodálach, a lean de labhairt na dteangacha dúchais s’acu mar chomhartha féiniúlachta aonair agus pobail.  Ina dhiaidh sin, léiríodh meas de shórt éigin ar an nGaeilge nuair a cuireadh craobh de Chonradh na Gaeilge ar bun in Buenos Aires i 1899 agus go raibh an craobh sin gníomhach ar feadh i bhfad.  Mionlach a bhí sna daoine a raibh Gaeilge acu agus iad ag dul ar imirce chun na hAirgintíne agus mionlach eile a chothaigh suim sa teanga thall tamall ina dhiaidh sin, ach is ríshuimiúil iad na mionlaigh agus na hasluitigh chéanna!  B’fhéidir gur macalla de shaol na hÉireann sa bhaile a bhí le cluinstin san Airgintín tar éis an tsaoil.

Is é an meafar coincheapúil agus na patrúin mheafaracha atá le sonrú sa Ghaeilge agus i dteangacha eile atá i gcroí aiste Áine Nic Niallais.  Aiste spreagúil í seo a bhaineann leas as teoiricí ón tséimeantaic chognaíoch chun buncheisteanna a chur faoi shaibhriú na teanga agus faoi thionchar an Bhéarla uirthi.  Is léir go mbaineann cuid de na meafair theangeolaíocha leis an gcine daonna uilig; an dóigh a mbaintear leas meafarach as baill den chorp, mar shampla.  Ina dhiaidh sin, tá sainchultúr ag gach teanga agus ní haon eisceacht í an Ghaeilge.  Is minic a fhaightear locht ar ábhar teagaisc sa saibhriú teanga toisc go mbaineann saibhreas na teanga le ré a cheaptar a bheith imithe, nach mór, an uair a bhí gach duine ina chónaí faoin tuath agus ag plé le feirmeoireacht nó ag sracadh leis an nádúr fiáin.  Molann Áine Nic Niallais aird a tharraingt ar an saibhreas meafarach sa teanga agus áiseanna cuimsitheacha a chur ar fáil chun cainteoirí a spreagadh lena n-úsáid.  Díríonn sí chomh maith ar na deacrachtaí a bhaineann le meafair de chuid an Bhéarla a úsáid sa Ghaeilge nuair atá coincheapa gaolmhara ann cheana féin a chloíonn le ceol agus meon na teanga.  Is deacair a bheith cinnte i gcásanna áirithe, faoi mar a deir sí féin, an iasachtaí nó leaganacha dúchasacha atá i gcuid de na samplaí de thoradh na teagmhála fadtéarmaí idir an dá chultúr, ach is cinnte go gcuireann siad le saibhreas agus go deimhin le spraoi na teanga.

Tá an fhoghlaim ar feadh an tsaoil ina sprioc ag institiúidí agus ag beartais phoiblí oideachais náisiúnta agus Eorpacha, faoi mar a mhíníonn Michael Bharry Ó Flatharta.  Is í an teachtaireacht atá le léamh ina alt, aiste atá bunaithe ar thaithí agus ar thaighde ar na cúrsaí ríomhaireachta don phobal ar champas an Acadaimh ar an gCeathrú Rua, go bhfuil an fhoghlaim sheachfhoirmiúil chomh tábhachtach chéanna do ghrúpaí áirithe agus atá an t-oideachas traidisiúnta foirmiúil a fhaightear in institiúidí léinn.  Maíonn sé go bhfuil fianaise dhosheachanta ann go neartaíonn an fhoghlaim fhadsaoil sláinte an duine agus go bhfuil éifeacht aige sin ar an bpobal trí chéile.  Ina theannta sin, ar ndóigh, éascaíonn scileanna ríomhaireachta an tslí ar ais san oideachas foirmiúil don duine nach raibh an deis sin aige agus é níos óige.

San alt deireanach san eagrán seo, filleann Muiris Ó Laoire ar na dúshláin agus na féidearthachtaí a bhaineann leis an tréimhse thumfhoghlama Gaeltachta.  Tógann an aiste ar an taighde sa tumoideachas trí chéile agus cuireann béim ar an inspreagadh intleachtúil agus cultúrtha is ceart a bheith taobh thiar den tréimhse.  Tá foláireamh tábhachtach le brath síos tríd an aiste mar sin féin; caithfidh breis freagrachta a thabhairt don fhoghlaimeoir lena chuid spriocanna a bhaint amach agus cur chuige na gcúrsaí a leasú de bheagán chun é sin a chur chun cinn.

Tá léirmheasanna cuimsitheacha ar gné-ailt iontu féin iad san eagrán seo: Marie Whelton ag plé na n-aistí léannta a foilsíodh in Ag Siúl an Bhealaigh Mhóir: Aistí in Ómós don Ollamh Nollaig Mac Congáil; Gráinne Ní Choisdealbha, Neasa Ní Choisdealbha agus Máire N. Uí Mhurchú ag iniúchadh Cinnlínte: Saol an Iriseora le Déaglán de Breádún; léirmheas Áine Charlton, Lisa McMahon agus Margarita Neothallaigh ar An Ríomhaire Ilteangach le Michal Boleslav Mĕchura; agus sraith na leabhar do pháistí An Seachtar Stuama, aistrithe ag Caitlín Ní Chualáin, Máirín Ní Ghadhra, Marion Ní Shúilleabháin agus Gormfhlaith Ní Thuairisg á meas idir scéal agus aistriúcháin ag Sinéad Mansfield, Anna Ní Pheanróis, Clíona Uí Dhálaigh agus Bernadette Uí Mhaoilchiaráin.

Arís eile i mbliana, tá an saol acadúil agus pobal léitheoireachta na Gaeilge faoi chomaoin ag na heagarthóirí as taighde úr a thabhairt os ár gcomhair ar dhóigh shlachtmhar a spreagfadh tuilleadh machnaimh ar ghnéithe de shaíocht agus de shaothrú na Gaeilge.