Álainn, Éagsúil, Baineann agus Díbeartha: Léirmheas ar Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan

Arlen House, Baile Átha Cliath, 2021.

ISBN: 978-1-85132-239-8.

Léirmheas le Marie Whelton

Réamhfhocal

Dhá dhráma – dráma Gaeilge agus dráma Béarla – i dtrí ghníomh is ea Cuma agus Claochmú / Mutagenesis le Deirdre Brennan. Is leaganacha athchóirithe cruthaitheacha iad na drámaí de sheanscéal miotaseolaíochta faoi bhandia an talaimh – Eachtra Airt Meic Cuind Agus Tochmarc Delbchaime Ingine Morgain (Best, 1907). Is í Bécuma príomhcharachtar an tseanscéil agus na ndrámaí agus díbríodh í óna tír féin de bharr ‘peaca.’ Cé go gcuirtear Bécuma i láthair mar leagan de phearsantú an talaimh, is féidir, freisin, go seasann sí sna drámaí do mhná eile a díbríodh óna dtíortha dúchais toisc nár lean siad na rialacha moráltachta a bhíodh á gcleachtadh ag a bpobail dhúchasacha – tagann mná ar nós Nóra Mharcais Bhig agus Mahsa Amini chun cuimhne, mar shampla. Mar is dual do na scéalta miotaseolaíochta, bogann na drámaí go héasca idir an saol réalaíoch agus an saol eile, ach bogann siad, freisin, idir tréimhsí ama éagsúla (15–6 agus 22) – idir an aimsir chaite agus an aimsir láithreach – agus is í an ghné sheach-stairiúil sin de na drámaí a léiríonn go bhfuil a seantéama fós ábhartha sa lá atá inniu ann. Ar an ábhar sin, féachfar sa léirmheas seo, ar an léargas a thugann an dráma Gaeilge ar an díbirt (nó an milleánú) mar fheiniméan il-aoiseach uilíoch a leanann go seasmhach in eispéireas an chine dhaonna in ainneoin na gclaochluithe go léir a dtagraíonn teideal an dráma dóibh.

An Milleánú agus an Miotas

Agus é ag cur theoiricí René Girard os comhair lucht léitheoireachta na Gaeilge, mhínigh Pádraig de Paor (2013: 84; féach freisin: 3) go mbíonn ‘eachtra ceapmhilleánaithe’ taobh thiar den mhiotas de ghnáth:

Dar le Girard, is éard atá sa mhiotas ná bréag á hinsint i dtaobh eachtra ceapmhilleánaithe a tharla go fírinneach. Tiontaíonn na miotais an fhírinne droim ar ais: leagann an miotas an milleán ar an íobartach, agus maíonn an miotas gur neamhurchóideach atá an pobal a d’imir géarleanúint ar an íobartach. Maíonn an miotas gur neamhurchóideach dóibh siúd a d’imir an ghéarleanúint agus gur neamhurchóideach dóibh siúd fosta a chumann an miotas, ar ‘cover up’ é ar an fhoréigean i ndeireadh na dála. Ina thost a fhágann an miotas an t-íobartach. De réir an phobail sin a chéas, a chiap agus a mharaigh an t-íobartach, is ar an íobartach atá an milleán as an olc, as an mhí-ádh, as an anord atá ag gabháil den phobal. Is é dúnmharú sin an íobartaigh, nó díbirt an íobartaigh, buntúsú an chultúir, dar le Girard.

Trí phlota an dráma Gaeilge a rianú, léireofar go dtaiscéalann Deirdre Brennan na gnéithe éagsúla sin de théama an cheapmilleánaithe mar atá siad mínithe ag de Paor thuas.

Gníomh a hAon: Cúrsaí Inscne agus an Milleánú

I nGníomh a hAon, buaileann an lucht féachana leis an bpríomhcharachtar, Bécuma, ar an lá sula bpósann sí Conn. Is bean (nó bandia) álainn allúrach cheolmhar í agus tá Conn i bhfad níos sine ná í. Tugtar le fios don léitheoir go bhfuil cumha uirthi i ndiaidh a tíre féin (18). Is léir óna féinuiríoll ag tús an dráma nach ionann an chinniúint a bhí i ndán di agus an chinniúint a bhí i ndán d’fhir ina tír dhúchais:

                Seo í an bhreith a daoradh orm –

                Díbríodh óm thír dhúchais mé,

                Bhris mé na rialacha agus pheacaigh mé

Ach do rinne seisean mar an gcéanna…

Dhíbrigh siad mé chun iad féin a chosaint… (7).

Ar an ábhar sin, tá cúrsaí inscne curtha chun tosaigh ag Brennan agus is fusa don lucht féachana glacadh leis go bhfuil díoltas ar an bhfireannacht á bhaint amach ag Bécuma, nó ar a laghad go bhfuil tástáil éigin á déanamh aici ar an bhfireannacht nuair a iarrann sí ar Chonn a mhac féin, Art, a dhíbirt ar feadh bliana mar choinníoll ar a pósadh le Conn. Toisc Conn a bheith faoi dhraíocht ag a cuid áilleachta, géilleann sé d’iarratas Bhécuma agus díbríonn sé a mhac. I ndreas cainte le hArt, sula n-imíonn sé, míníonn Bécuma go dtuigeann sí a chás ach go bhfuil taithí á tabhairt aici dó agus gur chóir dó féachaint ar an díbirt ghearrthréimhseach mar dheis chun cuardach a dhéanamh (21–2). Is é an léamh a dhéanann an pobal ar dhíbirt Airt, áfach, ná gur comhartha í an díbirt gurb í Bécuma atá i gceannas agus nach bhfuil gnáth-noirm na sochaí agus na clainne á leanúint aici. Tugann díbirt Airt le fios dóibh gur bagairt í Bécuma don fhireannacht, agus, dá réir sin, don ord sóisialta reatha.

Gníomh a Dó: An Comhpháirteachas agus an Milleánú

Athraíonn fócas an dráma i nGníomh a Dó agus is sa ghníomh sin, go háirithe, a léiríonn Brennan an tslí a ndéantar sceilpín gabhair d’íospartach feimineach amháin ag am na bagartha agus na neamhthorthúlachta chun an choimhlint agus bagairt an fhoréigin a mhaolú i measc na ndaoine. Sa chéad radharc, tá muintir an tsráidbhaile ag labhairt lena chéile maidir le teip na curaíochta. Cuireann siad an milleán ar Bhécuma (28) agus cé go gceistíonn an múinteoir (Segda) a gcuid tuairimí, agus cé go gcuireann an cailín óg nua-aimseartha an milleán as teip an fhómhair ar leisce mhuintir an tsráidbhaile féin, déanann na baill eile den ghrúpa damnú iomlán ar Bhécuma. Ina theannta sin, déanann muintir an tsráidbhaile Segda agus an cailín óg comhpháirteach ina gcuid pleananna. Sa deireadh déanann siad cinneadh, trí vóta a chaitheamh, gur chóir Bécuma a fhuadach agus a chur i bhfolach i dtobar. Ní éiríonn le Bécuma teitheadh uathu agus fuadaítear í sula bhfaigheann cairde Choinn amach. Is spéisiúil go gcabhraíonn muintir an tsráidbhaile lena chéile mar ghrúpa chun a náire agus a gciontacht féin a mhaolú agus chun béim a chur ar fhilleadh na síochána nádúrtha nuair atá ‘an t-eileachas’ díbeartha (43). Ar an iomlán, tugann an Dara Gníomh, léargas géarchúiseach ar mheicnic na smaointeoireachta grúpa sa mhilleánú – léiríonn Brennan go cumasach go mbíonn an milleánú ag brath ar an mbéadán, ar an damnú agus ar an smaointeoireacht ghrúpa (féach Bekkhus, 2019: 98–9).

Gníomh a Trí: Plus ҫa change, plus c’est la même chose

Cuirtear tús le Gníomh a Trí ag láthair chruinnithe mhuintir an tsráidbhaile arís. Tá faighte amach ag na fuadaitheoirí go bhfuil Conn tar éis bás a fháil i dtimpiste bhóthair (45) agus tá siad buartha: creideann siad go bhfuil radharc soiléir ag Conn anois ón saol eile ar a ngníomhartha. Molann fear amháin Bécuma a ligean saor – gur eagal leis ‘go mbeadh mallacht Choinn níos measa ná aon mhallacht’ (46) ó Bhécuma. Diaidh ar ndiaidh, tugtar le fios nach bhfuil Bécuma sa tobar a thuilleadh. Tá neamhchinnteacht áirithe ann maidir leis sin, áfach, óir is cosúil go bhfeiceann daoine áirithe í agus nach bhfeiceann daoine eile í agus go gcreideann cuid de na daoine go bhféadfadh sí a bheith ann faoi riocht eile (48–53). Fágtar muintir an tsráidbhaile agus iad fós buartha faoin todhchaí agus faoin gcinniúint atá i ndán dóibh.

Athraíonn an radharc ansin agus tugtar an lucht féachana go hoileán draíochta i gcéin, áit a bhfuil Art sínte ar leaba ghréine (55). Déanann beirt chailíní mistéireacha atá mar chomhluadar ag Art iarracht a chur ina luí air fanacht ar an oileán leo (58). Sa deireadh, iarrann sé orthu na maisc atá á gcaitheamh acu a ardú. Nuair a ardaíonn siad a maisc, feiceann Art aghaidh Bhécuma ar aghaidh na beirte in ainneoin go ndeir an chéad bhean gurb í Créide í agus an dara bean gurb í Delbchaem í. Tosaíonn na cailíní ag spochadh as ag rá go bhfeiceann sé Bécuma i ngach áit agus go bhfuil mearbhall air. Tá Art cinnte de, áfach, ‘nach ciméara intinne í Bécuma’ (61). Déanann sé cinneadh filleadh ar a thír féin ag admháil go bhfuil tuiscint nua faighte aige, de bharr Bhécuma, air féin, ar a mhianta agus ar nádúr na saoirse (63).

Nuair a chloiseann muintir an tsráidbhaile an scéal go bhfuil Art ar ais, glacann siad leis an nuacht sin mar chomhartha go bhfuil Bécuma imithe agus gur éirigh le hArt a cuid draíochta agus a cuid mallachtaí go léir a shárú (67). Is i dteach Choinn atá Art nuair a fhaigheann sé amach faoi bhás a athar agus faoi fhuadach Bhécuma. Go luath ina dhiaidh sin, tagann Bécuma ar an stáitse agus ceapann cairde Choinn, ar dtús, go bhfuil na lorgairí tar éis í a aimsiú agus a thabhairt abhaile. Is léir dóibh tar éis tamaillín, áfach, go gcreideann Art nach í Bécuma atá os a gcomhair ach gurb í Delbchaem ón oileán atá ann. Cuireann Art Delbchaem i láthair an phobail agus deir sé gurb ise an bhean a phósfaidh sé. Tagann amhras ar chuid de mhuintir an tsráidbhaile fúithi láithreach agus tugann Delbchaem é sin faoi deara. Sula gcuirtear críoch leis an dráma seasann sí ag an bhfuinneog agus tugann sí guth, go príobháideach, dá smaointe inmheánacha:

Goilleann mo láithreacht ar lucht an tsráidbhaile…

Tá a fhios agam na pleananna nimhneacha

A ghorann siad i nead-dorchadas a gcroíthe…

Tá Delbchaem faighte anois acu

Mar nua-ainm dá n-eagla…

Caithfidh mé bheith airdeallach choíche

D’eagla go mbéarfaí gairid orm. (72)

Agus iad ag féachaint uirthi ag an bhfuinneog, léiríonn cuid de mhuintir an tsráidbhaile go gcreideann siad gurb í Delbchaem í, ach léiríonn cuid eile go gcreideann siad gurb í Bécuma í agus go bhfuil dallamullóg á chur aici ar gach duine. Fágtar an lucht féachana le héirim de plus ҫa change, plus c’est la même chose óir is cosúil go gcuirfear an milleán ar an mbean álainn éagsúil – pé ar bith cuma a chuireann sí uirthi féin agus fiú mura bhfuil sí ciontach i mbriseadh rialacha sóisialta an phobail.

Conclúid

Má chiallaíonn láithreacht Delbchaem ag deireadh an dráma go bhfuil an fíorfhlaith (Art) i réim agus go bhfuil Delbchaem / Bécuma (Éire) tar éis a céile cóir a roghnú agus tar éis cumhacht pholaitiúil a bhronnadh air, agus más ábhar dóchais é go bhfuil taithí ag Art ar an díbirt agus go gciallaíonn sé sin nach lánúin neamhionann iad Art agus Delbchaem, ní hí sin an phríomhtheachtaireacht lena bhfágtar an lucht féachana ag deireadh an dráma. Is í an phríomhtheachtaireacht mhíchompordach chumhachtach a fhágtar an lucht féachana léi ná go leanann úsáid an mhilleánaithe mar uirlis smachta sa tsochaí agus nach bhfuil an mhíchothromaíocht inscne a eascraíonn as sin sáraithe sa saol réalaíoch ná sa mhiotas siombalach coitianta go fóill. Is dráma é a tharraingíonn ó thobar na miotaseolaíochta agus ó théamaí reatha nua-aimseartha chun ráiteas a dhéanamh faoi chumhacht an mhilleánaithe sa tsochaí. In ainneoin theideal an dráma, in ainneoin na ndifríochtaí móra atá le sonrú idir dearcadh an chailín óig nua-aimseartha agus dearcadh mhuintir an tsráidbhaile agus in ainneoin na n-athraithe bunúsacha a tharlaíonn d’Art agus do Bhécuma i rith an dráma, leanann an milleánú ar aghaidh. Tá moladh tuillte ag an drámadóir as dul i ngleic leis an téama tábhachtach teibí sin ar bhealach spreagúil úr agus as seanscéal a athbheochan go fileata do ghlúin nua léitheoirí. Tá creidiúint tuillte ag an bhfoilsitheoir, freisin, as ardchaighdeán slachtmhar an fhoilseacháin dhátheangaigh seo lena dhea-dhearadh agus a phictiúr clúdaigh tarraingteach ar cheann de phictiúir Harry Clarke é. Is dráma Gaeilge é seo a thuilleann léiriú stáitse.

Leabharliosta: 

Best, R.I. (eag. & aistritheoir) (1907) ‘The Adventures of Art Son of Conn, and the Courtship of Delbchaem.’ Ériu 3 (1907), 149–73.

Bekkhus, E. (2019) ‘Men on pilgrimage – women adrift: thoughts on gender in sea narratives from early medieval Ireland.’ Gender in medieval places, spaces and thresholds, Victoria Blud, Diane Heath, Einat Klafter (eag.), University of London Press: London, 93–105.

de Paor, P. (2013) Áille na hÁille: Gnéithe de Choincheap na hÍobartha, An Sagart: An Daingean.