Deprecated: __autoload() is deprecated, use spl_autoload_register() instead in /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/profiles/gardens/libraries/htmlpurifier/library/HTMLPurifier.autoload.php on line 17
Ó Chrosta go Cruthaitheach: Aistriúchán Oideolaíoch agus an Ghaeilge i gCóras Meánoideachais Thuaisceart Éireann | Léann Teanga: An Reiviú

Error message

Deprecated function: The each() function is deprecated. This message will be suppressed on further calls in menu_set_active_trail() (line 2404 of /home/s591357/leannteangaanreiviu.com/includes/menu.inc).

Ó Chrosta go Cruthaitheach: Aistriúchán Oideolaíoch agus an Ghaeilge i gCóras Meánoideachais Thuaisceart Éireann

Ellen Corbett

Réamhrá

Agus é in úsáid go forleathan san ochtó agus sa naoú haois déag mar uirlis teagaisc i bhfoghlaim na dteangacha clasaiceacha, ceanglaíodh an t-aistriúchán go láidir le smaointe traidisiúnta foghlama faoi lár an fhichiú haois. Ó shin i leith, rinneadh neamhaird ar an aistriúchán mar mhodh teagaisc agus tugadh modhanna teagaisc bunaithe ar an chumarsáid agus tumoideachas isteach ina áit (Flynn, 2021: 56; Cook, 2010: 22; Barnes, 2021a: 41). Fiú dá mbainfí úsáid as an aistriúchán sa lá inniu, ghlacfaí leis mar ghníomh ‘dull and demotivating’ (Cook, 2010), gan ann ach ‘unquestioning students […] instructed to ‘read and translate’ (González-Davies, 2004: 14).

Ní hé sin le rá, áfach, go bhfuil an t-aistriúchán oideolaíoch imithe go hiomlán ón oideachas teangacha ar an aimsir seo; a mhalairt i ndáiríre atá fíor, mar is modh coitianta aitheanta go fóill é an t-aistriúchán sa chóras meánoideachais i dTuaisceart Éireann. Tá ceisteanna aistriúcháin le feiceáil ar scrúduithe Theastas Ginearálta an Mheánoideachais (General Certificate of Secondary Education – GCSE) agus ar na scrúduithe Ard-Leibhéil (A-Leibhéal) do gach nuatheanga a scrúdaítear (seachas an Béarla), agus tá an t-aistriúchán fíor-fhorleathan i réimse na Gaeilge go háirithe, mar a bheidh le feiceáil san alt seo. Agus an córas oideachais mar atá faoin phríomheagraíocht oideachais ó Thuaidh, Council for the Curriculum, Examinations and Assessment (CCEA), is í an Ghaeilge an t-aon teanga a bhfuil dhá dhámhachtain aici do chainteoirí Ghaeilge T1 agus T2[1] go sonrach, agus sna scrúduithe GCSE agus A-Leibhéil, téann suas le 46 faoin gcéad de na marcanna atá ar fáil in aon scrúdú amháin don aistriúchán (CCEA, 2020d; 2020e; 2020f), cé gurb é an modh is lú a thugtar am agus tacaíocht dó, agus cé gur go n-úsáidtear an t-aistriúchán go príomha mar bhealach chun gnóthú foclóra agus teanga a thástáil, nó chun cumas scoláirí gramadach agus stór focal an T2 a ‘(ath)chruthú’ (Barnes, 2021a: 48).

Ach, ‘to stop there would mean running the risk of seriously undervaluing translation’s full pedagogic potential’ (Barnes, 2021a: 48). D’fhéadfaí an cur chuige a leasú ionas go mbeadh an t-aistriúchán in úsáid ar bhealach níos cumarsáidí, níos cosúla le gairm an aistritheora, agus ar bhealach atá níos fearr agus níos suimiúla do dhaltaí meánscoile. Ag amharc ar eagraíochtaí idirnáisiúnta ar nós Stephen Spender Trust a thugann an t-aistriúchán isteach sa rang ar bhonn seach-churaclaim, d’fhéadfadh an t-aistriúchán cruthaitheach[2] a bheith ina leigheas ar an chóras reatha.

Trí scagadh a dhéanamh ar iarpháipéir, scéimeanna marcála, agus litríocht liath ón CCEA[3][4] go príomha, déanfar iarracht trí cheist a fhreagairt: cén dóigh ar cuireadh an t-aistriúchán oideolaíoch i bhfeidhm sa chóras meánoideachais ó Thuaidh (i múineadh na Gaeilge go háirithe); cén fáth a mbíonn an t-aistriúchán le feiceáil mar atá sé sa chóras; agus an féidir an t-aistriúchán a mhúineadh ar bhealach níos cruthaithí agus níos cumarsáidí in oideolaíocht na Gaeilge ó Thuaidh?

Áitíonn an t-alt seo go bhfuil an t-aistriúchán fíor-fhorleathan i réimse na Gaeilge ag leibhéal na meánscoile agus go gcuirtear barraíocht béime air mar mhodh teagaisc agus tástála gan tacaíocht ná réamheolas leordhóthanach sa chóras oideachais i dTuaisceart Éireann. Áitítear fosta, go bhféadfadh an t-aistriúchán oideolaíoch a bheith in úsáid ar bhealach níos cumarsáidí, níos cruthaithí, agus ar bhealach atá níos fearr agus níos suimiúla do scoláirí, go háirithe má amharcann muid ar eagraíochtaí idirnáisiúnta atá ag tabhairt aistriúchán cruthaitheach isteach sa seomra ranga ar bhonn seach-churaclaim.

Caithfear a rá, áfach, go mbeidh an t-alt seo dírithe ar chóras Thuaisceart Éireann amháin agus go bhfuil sé bunaithe ar thaithí an údair mar scoláire meánscoile faoin chóras céanna agus mar chúntóir teagaisc Gaeilge thar lear, ach i dTuaisceart Éireann go háirithe. Agus í ag obair i meánscoil ó Thuaidh, tugadh le fios go raibh cúlra san aistriúchán aici agus fostaíodh í mar chúntóir ‘aistriúcháin’, ag tabhairt cuidiú do dhaltaí a bhí ag streachailt leis an réimse seo díreach roimh a gcuid scrúduithe GCSE. Tháinig ábhar an ailt seo (agus ábhar a tráchtais máistreachta[5], atá ina fhoinse don pháipéar seo) ón phost sin agus í ag ceistiú an mbeadh bealach níos fearr agus níos éasca ann chun an t-aistriúchán a mhúineadh[6] agus a chur i bhfeidhm sa chóras meánscoile.

Ba dheacair, fosta acmhainní taighde a aimsiú ar an aistriúchán oideolaíoch[7] sa chóras meánoideachais toisc gur ar an ollscoil a dhéantar tromlach an taighde (féach Mac Lochlainn, 2019). Beidh taighde ar an aistriúchán sa mheánscoil de dhíth go cinnte amach anseo chun tuiscint níos fearr a fháil ar an nasc idir an t-aistriúchán agus foghlaim teangacha.

Aistriúchán Oideolaíoch agus an Tuaisceart

Tugann Carruthers agus Ó Mainnín le fios go bhfuil comhthéacs ar leith ag Tuaisceart Éireann ó thaobh na polaitíochta agus na teanga de, agus impleachtaí aige seo do ‘a number of important consequences’ d’fhoghlaim teangacha, do theangacha an phobail agus do pholasaí teanga (2018: 159, luaite in Jones, 2020: 2). Chomh maith le cúinsí atá sonrach don Ghaeilge: teanga dhúchais, mionteanga, modh féiniúlachta agus T1 agus T2, agus stádas na teanga ó Thuaidh[8], tá cúinsí ann a mhíníonn forleithne an aistriúcháin a bhfuil dlúthcheangal acu le léann an aistriúcháin agus atá le feiceáil i gcás teangacha eile.

Tá dílseacht do mhodhanna teagaisc den tseandéanamh ar cheann de na fáthanna is mó agus is tábhachtaí le forleithne an aistriúcháin sa chóras oideachais. Éagsúil le teangacha eile, is cur chuige réasúnta úr é teagasc na Gaeilge mar dhara teanga, a thosaigh ag deireadh an naoú haois déag le hAthbheochan na Gaeilge, bunú Chonradh na Gaeilge agus reachtaíocht nua a ceadaíodh teagasc na Gaeilge sna scoileanna ó 1900 i leith (Doyle, 2015: 180). Ag leanúint modhanna teagaisc a bhí in úsáid ag an am, bhí teagasc na Gaeilge bunaithe, ag an dara leibhéal go háirithe, ar na teangacha clasaiceacha (Doyle, 2015: 168) agus shocraigh an leagan amach seo modh teagaisc na Gaeilge sa tír ar fad (Flynn, 2021: 56). Chuir an modh seo, a thugtar Modh Gramadach-Aistriúcháin air, béim ar struchtúr na teanga agus ar chruinneas gramadaí agus an múinteoir ina ‘saoi sároilte’ (Mac Lochlainn, 2019: xv) ar an rang.

Bhí droch-chlú ar an mhodh Gramadach-Aistriúcháin faoi lár an fhichiú haois agus d’eascair modhanna teagaisc cumarsáideacha a bhaineann leis an tumoideachas ina áit (Barnes, 2021a: 41; Tsagari & Floros, 2013: vii). Níor imigh na modhanna seo as an seomra ranga go hiomlán, áfach. Deir Flynn gur ghlac sé i bhfad níos mó ama ar mhodhanna nua Éire a bhaint amach agus a lorg a fhágáil ar an churaclam. Cé gur thosaigh an ‘réabhlóid chumarsáideach’ sna seachtóidí, níor tháinig na chéad siollabais chumarsáideacha Ghaeilge i bhfeidhm go dtí deireadh na n-ochtóidí, agus níor cuireadh na hathruithe sin i bhfeidhm go dtí deireadh na nóchaidí (Flynn, 2021: 34, 108–9). Cúis iontais an méid ama a thóg sé chun oideolaíochtaí maidir le múineadh na Gaeilge a ghlacadh isteach sa chóras, tráth a rinneadh neart dul chun cinn i réimsí eile ar nós an oideachais aosaigh agus mhúineadh na nuatheangacha ag an dara leibhéal (Flynn, 2021: 109).

Tarraingíonn Mac Lochlainn aird ar mhodh eile a úsáideadh taobh leis an mhodh Gramadach-Aistriúcháin, an Modh Léigh-agus-Aistrigh, a nglactar leis fós go háirithe in oiliúint aistritheoirí; ‘go rómhinic ar fad […] téann an teagascóir tríd an téacs a bhí le haistriú, líne ar líne, cuireann an t-aistriúchán ‘ceart’ ar fáil agus ceartaíonn na hearráidí a rinne na rannpháirtithe’ (2019: xv).

Dar le Mac Lochlainn ‘gur mó an dochar ná an sochar’ a dhéanann an modh seo agus go gcuireann sé lagmhisneach ar scoláirí nuair a thugtar le fios dóibh nach bhfuil ach freagra ceart amháin ann; agus go gcruthaítear timpeallacht sa seomra ranga atá bunaithe ar chruinneas in áit an aistriúcháin féin (2019: xv). Áitíonn González-Davies go bhfuil an Modh Léigh-agus-Aistrigh ‘probably as obsolete and unproductive as the Grammar-Translation method is to teach foreign language’ (2004: 3), ach caithfear a rá, go léiríonn an modh seo an cleachtas gairmiúil, áit ina bhféadfaidh an t-aistritheoir ‘plé le tuairisc ar ghás radóin lá amháin agus le tráchtas diagachta i gcomhair Foilseacháin Ábhair Spioradálta an lá dár gcionn’ (Mac Lochlainn, 2019: ix).

Cé go bhfuil difríochtaí móra idir é agus an Modh Gramadach-Aistriúcháin, tháinig an Modh Díreach chun cinn mar phríomh-mhodh i bhfoghlaim agus teagasc na Gaeilge i ndiaidh a chéad úsáid ag Conradh na Gaeilge (Doyle, 2015: 185).  Chuir an modh béim ar ‘not speaking English to the pupils, even at a basic level, and […] on speaking rather than writing’ (Doyle, 2015: 185). Tá an modh seo iontach cosúil le teicnící nua-aimseartha, agus dá bharr sin, tugadh an Modh Díreach isteach i dteagasc na Gaeilge ó Thuaidh sa mhéid is gur cleachtas coitianta é an tumoideachas sa réigiún anois é (O'Dowd, 2014: 2). Tugann an tumoideachas deis do scoláirí an teanga a úsáid i gcomhthéacs agus spás ann dóibh le bheith cruthaitheach, ach ní sheasann sé as féin sa seomra ranga. Cuireann Cook síos ar an mhodh, áfach, mar ‘any and all teaching which excludes use of the students’ own language from the classroom, whether for translation or for explanation and commentary’ (2010: 7). Mar gheall ar an bhéim a chuir an Modh Díreach ar an tumoideachas, agus a úsáid fhorleathan i dTuaisceart Éireann, tógadh an t-aistriúchán amach as an tseomra ranga i bhfabhar modhanna a chuir fócas ar an T2 amháin (Barnes, 2021a: 41). Ach caithfear cothromaíocht a fháil idir cruinneas scríofa agus cruinneas labhartha, a chuir an t-aistriúchán sa dara háit sa seomra ranga, agus an t-aistriúchán oideolaíoch. Agus é ag tagairt don aistriúchán i bhfoghlaim teangacha, deir Cook, ‘it has hardly moved for a hundred years […] and [is a] serious detriment to language learning as a whole’ (2010: 156).

Tá tuairimí eile ag Hartmann and Hélot a dhéanann nasc le polasaithe rialtais (2021: 96) maidir le ganntanas an aistriúcháin sa churaclam, ‘the main reason has to do with language education policies that are informed by monoglossic ideologies of bilingualism […]’. Creideann Zubrzycki (2018) go mbíonn dearcthaí aonteangacha ar an dátheangachas agus ‘monolingual bias’ fós i láthair san oideolaíocht teangacha, agus ‘[although] one might have thought that since the debate on the monolingual bias began, popular attitudes to bilingualism [would] have changed markedly. However, the contrary seems to be the case’. Léiríonn dearcthaí an ghnáthdhuine gur bua ón nádúr é an t-aistriúchán a d'fhéadfadh gach duine a bhfuil an dara teanga acu a dhéanamh (féach Robinson, 2012: vi).

Agus é faoi scáth Fheidhmeannacht Thuaisceart Éireann, tá dearcthaí aonteangacha ar an dátheangachas le feiceáil sa CCEA agus é ina chomhlacht neamhrannach poiblí maoinithe (Non-departmental public body – NDPB) ag agus faoi chúram na Roinne Oideachais sa Tuaisceart (CCEA, 2020a). Níl ach buneolas ag an CCEA ar theoiric agus ar chleachtadh an aistriúcháin agus tá an chuma air nach bhféachtar air ach mar ghníomh atáirgeach tánaisteach chun an sealbhú teanga a thástáil. Gan dabht, is dearcadh aonteangach é seo ar an dátheangachas agus é mar aistriúchán idirtheangach amháin. Tá an dearcadh seo le feiceáil fosta sa chinneadh a rinne an CCEA scrúduithe cainte a bhaint as na scrúduithe GCSE agus A-Leibhéil i mbliana chun brú ar scoláirí de bharr COVID-19 (.i. cianteagasc agus cur isteach ar an mhúinteoireacht) a mhaolú (Meredith, 2021a). Ag labhairt le Tionól Thuaisceart Éireann, dúirt an tAire Oideachais, Peter Weir (2021):

I am very conscious that our young people have faced incredible challenges as a result of this pandemic. In making these adaptions to examinations, we will ensure that their lives are not defined or held back by the disruption they have experienced

Cáineadh an cinneadh mar chinneadh ‘contráilte’ agus ‘gearr-radharcach’, áfach, go háirithe nuair a mhol lucht oideachais roghanna éagsúla a laghdódh strus ach a choinneodh an scrúdú cainte (Meredith, 2021a; Tuairisc, 2021). In alt ó Tuairisc, dúirt Réamonn Ó Ciaráin go ‘léiríonn an cinneadh labhairt na teanga a bhaint den mheasúnú easpa tuisceana maidir leis an chur chuige is fearr a oibríonn do theagasc agus d’fhoghlaim teangacha’ (Tuairisc, 2021), rud a thugann bunús don argóint go bhfuil dearcadh caol aonteangach ar an fhoghlaim teanga ag an CCEA.

Creideann Hartmann agus Hélot go bhféadfaidh an t-aistriúchán ról a imirt ‘in challenging the still dominant monoglossic ideology of bilingual and biliteracy pedagogy’ (2021: 106). Seachas a bheith ina shampla den dearcadh aonteangach ar an dátheangachas atá i dTuaisceart Éireann, d’fhéadfadh an t-aistriúchán a bheith ina leigheas air, ach chun sin a bhaint amach, caithfear iarracht a dhéanamh na dearcthaí coitianta i leith an aistriúcháin a athrú, agus ba cheart é sin a dhéanamh sa chóras oideachais.

CCEA agus an t-Aistriúchán

Tá an CCEA ar an phríomheagraíocht oideachais agus cáiliúcháin i dTuaisceart Éireann agus an t-aon eagraíocht oideachais sa Ríocht Aontaithe a chuireann scrúduithe Gaeilge GCSE agus A-Leibhéil[9] ar fáil: GCSE agus A-Leibhéal Irish, do chainteoirí Ghaeilge T2, agus GCSE Gaeilge, do chainteoirí Ghaeilge T1[10]. Agus leasú ar shiollabas nuatheangacha tugtha isteach in 2017 (CCEA, g.d.:1; CCEA, 2020g), tógann na curaclaim GCSE agus A-Leibhéil ar na ceithre scil i bhfoghlaim teangacha (i. léitheoireacht, scríbhneoireacht, éisteacht agus labhairt) (CCEA, 2020b). Scrúdaítear na scileanna siúd ina n-aonaid ag leibhéal an GCSE, ach faoi thrí aonad ag A-Leibhéal: Speaking, Listening and Reading (nó Reading and Use of Language ag Leibhéal AS[11]), agus Extended Writing (CCEA, 2020c). Tá sé fóirsteanach anois amharc ar an aistriúcháin sna dámhachtana CCEA go sonrach.

GCSE Irish:

Bliain

Sraith

Páipéar

Aistriúchán

Treo an Aistriúcháin

2019

Bonnsraith

Léitheoireacht

10 marc (16.66%); 2 cheist [16.66%]

GA-EN

2019

Bonnsraith

Scríbhneoireacht*

10 marc (16.66%); 1 cheist [25%]

EN-GA

2019

Ardsraith

Léitheoireacht *

8 marc (13.33%); 1 cheist [8.3%]

GA-EN

2019

Ardsraith

Scríbhneoireacht

10 marc (16.66%); 1 cheist;[25%]

EN-GA

2018

Bonnsraith

Léitheoireacht

8 marc (13.33%); 1 cheist [8.3%]

GA-EN

2018

Bonnsraith

Scríbhneoireacht

10 marc (16.66%); 1 cheist [25%]

EN-GA

2018

Ardsraith

Léitheoireacht

8 marc (13.33%); 1 cheist [8.3%]

GA-EN

2018

Ardsraith

Scríbhneoireacht

10 marc (16.66%); 1 cheist [25%]

EN-GA

 

*Scéim Marcála amháin ar fáil (céatadán ó thaobh marcanna de) [céatadán ó thaobh ceisteanna de]

Tábla 1: Scrúduithe GCSE Irish agus céatadán a thugtar don aistriúchán (CCEA, 2020e)

Mar a fheictear i dTábla 1, d’fhan treo an aistriúcháin agus an céatadán a tugadh dó mar an gcéanna sa Bhonnsraith agus san Ardsraith ag GCSE ón uair a scrúdaíodh an siollabas nua in 2018 (CCEA, 2020b). Thairis sin, iarrtar ar scoláirí aistriúchán a dhéanamh i ngach treo (EN-GA, GA-EN) i gcaitheamh na dámhachtana, ach is suimiúil nach luaitear aistriúchán ó Ghaeilge go Béarla sa siollabas ar chor ar bith  (CCEA, g.d.:4), cé go mbíonn sé le feiceáil ar na scrúdpháipéir féin.

Dar leis an CCEA, gur cheart go mbeadh scoláirí GCSE ábalta ‘[to] translate sentences from English into the target language to convey key messages accurately and to apply knowledge of language and grammatical structures in context’ (CCEA, g.d.: 4). Tá ceisteanna aistriúcháin ar na páipéir scríbhneoireachta agus léitheoireachta ag an GCSE araon (éagsúil leis na scrúduithe A-Leibhéil). Deir an CCEA go gcaithfidh scoláirí ‘understand and respond to different types of written language’ san aonad léitheoireachta agus, go gcaithfidh siad ‘communicate in writing’ san aonad scríbhneoireachta (CCEA, 2019b: 2). Tá na haidhmeanna seo leathan agus ar an chéad amharc, is cosúil go gclúdaítear gach sórt cumarsáid scríofa, an t-aistriúchán san áireamh. Ní an t-aistriúchán mar thasc a dteastaíonn tuiscint teanga agus an cumas freagra fóirsteanach a thabhairt ar an téacs. Is maith an comhghéilleadh an t-aistriúchán a bheith sa dá scrúdú, agus ciallaíonn sé fosta go n-úsáideann scoláirí na scileanna uilig a éilíonn an t-aistriúchán, ach ag an am céanna, ciallaíonn sé go ndéantar codanna de na scileanna atá de dhíth san aistriúchán go dtí go gcloíonn siad leis an dearcadh reatha maidir le foghlaim teanga fós, agus tá an léamh éadrom céanna ar an aistriúchán i bhfeidhm. Seo thíos ábhar samplach ón GCSE:

a) Rugadh é i mí Feabhra.

b) Bhí sé mar chaptaen ar fhoireann na hÉireann.

c) Tá sé ag obair mar chuntasóir.

d) D’éirigh Seán as an pheil.

[Ceist 8 ó scrúdúpháipéar GCSE Irish Ionad 3: Léitheoireacht, Ardsraith] (CCEA, 2018a)

 

a) Tennis, football and basketball in the sports hall.

b) The leisure centre is open late every Thursday.

c) Get fresh food and drinks in the café.

d) Keep fit and stay healthy.

e) Advice available free of charge.

[Ceist 3 ó scrúdúpháipéar GCSE Irish Ionad 4: Scríbhneoireacht, Ardsraith] (CCEA, 2018b)

 

Is léir dúinn nach bhfuil na samplaí seo chomh simplí sin, agus go mbeadh ar scoláirí aistriúchán ciall ar chiall in áit focal ar fhocal a chruthú mar gheall ar struchtúr an Bhéarla agus ar na difríochtaí idir é agus an Ghaeilge, (go háirithe i dtreo EN-GA, treo níos casta agus neamhchoitianta d’fhoghlaimeoirí teanga), mar shampla, ganntanas briathra; gur chóir don scoláire an aimsir láithreach, aimsir ghnáthláithreach nó ainm briathartha a úsáid; modh ordaitheach; briathra agus réamhfhocail; ord na bhfocal, srl. Mar sin, i gcuraclam de chuid an CCEA, iarrtar ar scoláirí aistriúcháin ciall ar chiall ardchaighdeánacha a dhéanamh beag bean ar an eolas atá acu ar na foirmeacha difriúla, agus, ag leibhéal GCSE ar aon nós, gan mórán tacaíocht bhreise ón CCEA ó thaobh aistriúcháin de. Glactar leis go n-inmheánaíonn agus go n-oibríonn an scoláire amach go gcaithfidh sé an fhoirm seo d’aistriúchán (ciall ar chiall) a úsáid le go mbeidh rath ar a c(h)uid oibre.

A-Leibhéal Irish

Leibhéal

Bliain

Páipéar

Aistriúchán

Treo an Aistriúcháin

AS

2019

Léitheoireacht agus Úsáid Teanga

35 marc (46.66%);

2 cheist [28.57%]

GA-EN;

EN-GA

A2

2019

Léitheoireacht*

35 marc (46.66%);

1 cheist [25%)

EN-GA

AS

2018

Léitheoireacht agus Úsáid Teanga

35 marc (46.66%);

2 cheist [28.57%]

GA-EN

A2

2018

Léitheoireacht

35 marc (46.66%);

1 cheist [25%)

EN-GA

AS

2017

Léitheoireacht agus Úsáid Teanga

35 marc (46.66%);

2 cheist [28.57%]

GA-EN;

EN-GA

A2

2017

Léitheoireacht

-**

 

-**

AS

2015

***

Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht Shínte*

20 marc (20%);

1 cheist [25%]

GA-EN

 

* Scéim Marcála amháin ar fáil              (céatadán ó thaobh marcanna de)         [céatadán ó thaobh ceisteanna de]       

** níl sé ar fáil         ***siollabas roimhe

Tábla 2:  Scrúduithe A-Leibhéal Irish agus céatadán a thugtar don aistriúchán (CCEA, 2020d)

Níl ceisteanna aistriúcháin le feiceáil ach ar na páipéir léitheoireachta ag A-Leibhéal (CCEA, 2020d), ach i gcomparáid le GCSE Irish, cuimsíonn an t-aistriúchán céatadán agus marc i bhfad níos mó. Taispeánann an cinneadh an t-aistriúchán a bhaint de scrúdú amháin seo ag leibhéal níos airde go bhfeiceann an CCEA comhchoibhneas níos mó idir an t-aistriúchán agus léitheoireacht ná idir é agus an scríbhneoireacht. Mar sin, ní fhéachtar ar an aistriúchán mar ghníomh cruthaitheach táirgiúil, ach mar ghníomh atáirgeach tánaisteach.

Tá níos mó oibre ag dul le ceisteanna aistriúcháin ag an leibhéal seo, agus aistriú téacsanna suas go 250 focal ó Ghaeilge go Béarla ag Leibhéal AS agus ó Bhéarla go Gaeilge ag Leibhéal A2 i gceist. Tagann na téacsanna ó réimse leathan foinsí ar nós irisí, leabhair, nuachtáin nó foinsí eile neamhfhicsean, ach baineann siad i gcónaí le ceann de na snáithe Contexts for Learning[12] (CCEA, 2019d).

Ceist 2 ó Pháipéar AS Reading and Use of Language (CCEA, 2018a: 4).

Chomh maith leis sin, áfach, tugadh ceist breise in 2017 agus in 2019 sa phaipéar AS atá iontach cosúil le ceisteanna aistriúcháin ag GCSE:

  1. I like to play tennis.
  2. Ask her for a cup of tea.
  3. He says that he has a new phone.
  4. He is a wonderful musician.
  5. I met him the day before yesterday.

[Ceist 5 ó AS Ionad 2 (Cuid B agus C) Reading and Use of Language] (CCEA, 2017)

Is ait nach raibh na ceisteanna seo leis an scrúdú ach gach dara bliain, ach seans gur léiriú é seo gur brúdh an t-aistriúchán isteach sna scrúduithe agus nach bhfuil san aistriúchán ach athsmaoineamh.

GCSE Gaeilge

Bliain

Páipéar

Aistriúchán

Treo an Aistriúcháin

2019

Scríbhneoireacht

25 marc (41.67%); 2 cheist [66.66%]

EN-GA; GA-EN

2019

Léitheoireacht*

10 marks (16.66%);1 cheist [66.66%]

GA-EN

 

* Scéim Marcála amháin ar fáil          (céatadán ó thaobh marcanna de)      [céatadán ó thaobh ceisteanna de]

Tábla 3: Scrúduithe GCSE Gaeilge agus céatadán a thugtar don aistriúchán (CCEA, 2020f)

Cé go bhfuil sé ar comhchéim le GCSE Irish, tá GCSE Gaeilge níos cosúla leis an scrúdú A-Leibhéil mar gheall ar a struchtúr agus an t-ualú a thugtar don aistriúchán. Tugtar céatadán níos mó don aistriúchán sa GCSE Gaeilge agus tá tascanna níos deacra curtha os comhair na scoláirí. Cosúil leis an A-Leibhéal, iarrtar ar scoláirí téacs 250 focal aistriú ach i ngach treo; ó Bhéarla go Gaeilge sa pháipéar scríbhneoireachta, agus ó Ghaeilge go Béarla sa pháipéar léitheoireachta. Tá abairtí le haistriú sa dá shonraíocht ach tá GCSE Gaeilge níos dúshlánaí agus ar aon dul le caighdeán A-Leibhéil:

  1. Which would you prefer, to stay in this country or to emigrate?
  2.  I recently applied for a part-time job in the city centre as a shop assistant.
  3. The youth of today do not care about the problems facing the elderly in society.
  4. Would they earn more money if they succeeded in their examinations?
  5. Don't interrupt her now, please; you ought to make an appointment with the receptionist to meet her later. (CCEA, 2019a)

Litríocht Thánaisteach

Ní féidir dearmad a dhéanamh ar an litríocht thánaisteach a thugann an CCEA d’iarrthóirí scrúdaithe, cé gur beag é[13]. Le haghaidh an GCSE, ní raibh an t-údar ábalta ach trí phointe urchair a fháil a d’fhéadfadh cuidiú sonrach a thabhairt don scoláire faoin aistriúchán, agus dhá phointe acu sin in aon doiciméad amháin:

3. Aistriúchán – Léigh an píosa iomlán cúpla uair sa dóigh is go dtuigfidh tú comhthéacs an phíosa. Roghnaigh focail/frásaí ar leith agus aistrigh iad sula dtugann tú faoin rud iomlán a aistriú. Cuimhnigh nach gá duit gach uile fhocal a aistriú, agus gurb é ciall an phíosa an rud is tábhachtaí.

4. Bí cinnte go dtéann tú siar ar an aistriúchán nuair atá tú réidh leis lena chinntiú nár chaill tú píosa ar bith agus lena chinntiú go bhfuil litriú na bhfocal cruinn beacht

(CCEA, 2019e: cló béime le feiceáil san fhoinse).

 

Níl sé éasca teacht ar an treoir seo ar shuíomh gréasáin an CCEA[14], agus fiú má thagann scoláirí air, is beag eolas atá ann, cé gur fiú leath den scrúdú Gaeilge an t-aistriúchán.

Is ag an A-Leibhéal a thugtar an méid is mó tacaíochta agus eolais do scoláirí faoin aistriúchán, áit inar chruthaigh an CCEA Student Study Cards do scoláirí AS agus A2 (CCEA, 2019d; CCEA, 2019c). Léiríonn na cártaí seo, (leathanach amháin déthaobhach an ceann), ‘measúnú’, ‘cuspóirí measúnaithe’, agus ‘scileanna’, agus míníonn siad an dóigh gur chóir do scoláirí dul i mbun aistriúcháin. In áit téarmaí teicniúla a thugann míniú achomair ar an aistriúchán, úsáidtear gnáth-theanga chun coincheapa aistriúcháin a mhíniú mar shampla, moltar do scoláirí, ‘try to rewrite any difficult phrases in English (simplifying the English may mean then it will be easier to translate into Irish)’ (CCEA, 2019c: 2) (i. aistriúchán ciall ar chiall in áit focal ar fhocal gan a bheith ag úsáid na dtéarmaí iad féin). Léiríonn cáipéisíocht agus litríocht liath CCEA cé chomh gar is a thagann scoláirí do theoiric an aistriúcháin agus cé chomh héasca is a d'fhéadfadh sé céim a thógaint chun an teoiric féin a phlé sa seomra ranga.

Chomh maith leis sin, is suimiúil nach dtugtar an t-eolas seo ach ag A-Leibhéal, i ndiaidh dhá bhliain staidéir ar a laghad agus GCSE Irish Gaeilge, nó iad araon, faighte ag an scoláire cheana féin.

An féidir an t-aistriúchán a mhúineadh ar bhealach níos cruthaithí agus níos cumarsáidí?

Mar a chonaic muid, tá an t-aistriúchán ina ocsamórón i gcúrsaí meánoideachais an Tuaiscirt: in úsáid go forleathan i scrúduithe an CCEA, ach stádas tánaisteach aige maidir le cúrsaí oideolaíochta i dtaca leis na ceithre scil i bhfoghlaim teangacha. Úsáidtear é mar mhodh chun tuiscint teanga nó feidhmiú gramadaí agus foclóra a thástáil (Barnes, 2021a: 51) ach,

[…] while useful for these purposes they fail to capture the true complexity of translation in its fuller sense, and offer no scope for encouragement of or reward for the complex, metapragmatic decisions which must take place for them to be considered ‘translation’ in its truer, more communicative sense.

Cén dóigh ar féidir na fadhbanna agus na heasnaimh a bhaineann le scileanna aistriúcháin agus leis an CCEA a réiteach d’fhonn aidhmeanna Barnes a bhaint amach? Tá modhanna éagsúla ann chun aistriúchán níos cumarsáidí agus níos cruthaithí a thabhairt isteach agus iad ar aon taobh leis an chóras mar atá sé nó ina áit.

Rinne comhlachtaí náisiúnta agus idirnáisiúnta iarracht na fadhbanna a bhaineann leis an aistriúchán oideolaíoch agus an dearcadh atá ina leith sa chóras a réiteach. Is é an Stephen Spender Trust (SST)  ‘the UK’s leading charity for multilingual creativity in schools’ (Stephen Spender Trust, 2021) a thugann modhanna cruthaitheacha aistriúcháin isteach sa seomra ranga. Tá an eagraíocht ag feidhmiú le deich mbliana anuas agus tá tionscnaimh éagsúla curtha i gcrích acu. Is é Multilingual Creators an cheardlann is nuaí acu, ceardlann a oileann aistritheoirí agus scríbhneoirí le gníomhaíochtaí aistriúcháin cruthaitheacha a dhearadh agus a theagasc i scoileanna (Stephen Spender Trust, 2021). Ag bogadh ó ‘punitive translation’ (Ahmedzai Kemp, 2021) go dtí an t-aistriúcháin cruthaitheach, cothaíonn SST timpeallacht spraíúil ilteangach a dhíríonn ar ghnéithe cruthaitheacha cumarsáideacha, ar mhodhanna tasc- agus comhthéacs-bhunaithe agus ‘creative engagement’ (Ahmedzai Kemp, 2021).

Tá  leagan amach na gceardlann simplí agus is é an nathán SST ‘decode, translate, create’ atá i gcroílár na ngníomhaíochtaí (Ahmedzai Kemp & Bery, 2021). Mar chreatlach ar an ábhar agus mar thús maith do scoláirí, déanann ‘decode, translate, create’ achoimre ar an bhealach is simplí le dul i mbun aistriúcháin: an buntéacs a dhíchódú, ag cur comhthéacs, céille agus teoiric skopos[15] san áireamh; an téacs a aistriú; agus aistriúcháin ar ardchaighdeán a (ath)chruthú. Is radacach é an cur chuige seo a amharcann ar an aistriúchán mar phróiseas líneach agus a chuireann próiseas an aistriúcháin féin i lár an phróisis. D’fhéadfaí an struchtúr simplí seo a chur i bhfeidhm sna siollabais Ghaeilge sa Tuaisceart agus leis an Ghaeilge, agus rogha amháin den aistriúchán cruthaitheach a thabhairt isteach sa seomra ranga.

Ba é Translation Nation an chéad tionscadal ag SST a reáchtáladh idir 2010 agus 2014 inar aistrigh scoláirí bunscoile deich mbliana d’aois seanscéalta ó chultúir éagsúla (The Queens College Translation Exchange (QTE), 2019: 4). Ina dhiaidh, chruthaigh SST Translators in Schools (TiS) inar áisigh siad aistritheoirí a bhí ag iarraidh dul isteach i scoileanna. Anuas ar sin, d’fhorbair TiS ceardlanna do mhúinteoirí meánscoile Béarla agus Nuatheangacha ar theastaigh uathu a mbuanna aistriúcháin a roinnt le daoine óga sa tionscnamh Translators in Schools: CPD[16] for Teachers. Cuireann Shadow Heroes ceardlanna aistriúchán cruthaitheacha i láthair do scoláirí dara agus triú leibhéal a bhfuil sé d’aidhm acu ‘[…] transform the way language and language-learning is seen and understood […]’ (The Queen's College Translation Exchange (QTE), 2019: 6).

Tá go leor comhlachtaí ann a d’fhéadfadh leas a dhéanamh do scoláirí ó Thuaidh, ach an fhadhb is mó, áfach, ná cúrsaí rochtana, lonnaíochta agus airgid fosta. Oibríonn na comhlachtaí ar mhórthír na Ríochta Aontaithe[17] mar níl na baic sin orthu. I dTuaisceart Éireann, tá an chuma ar an scéal nach dtugtar deis do scoláirí ag an dara leibhéal páirt a ghlacadh i gceardlanna aistriúcháin nó plé le teoiric an aistriúcháin agus is minic nach mbíonn aon phlé acu faoin aistriúchán go dtí an tríú leibhéal. Anuas air sin, ní hé an t-aistriúchán é féin príomhaidhm chuid de na comhlachtaí agus de réir Shadow Heroes (2020), 

Our workshops engage students in critical thought through hands-on activities and thought-provoking discussions. Our workshops boost the students’ interest in languages without requiring prior knowledge of any language, broadening instead the students’ view on what it means to be multilingual and making the most of any existing linguistic skills in the classroom.

Oibríonn Shadow Heroes agus SST i dtimpeallachtaí nach mbíonn aon chinnteacht iontu faoi thuiscint na rannpháirtithe ar na sprioctheangacha mar gheall ar an mheascán teangacha a bhíonn ag éascaitheoirí SST agus an timpeallacht ilteangach a bhíonn ann i seomraí ranga an lae inniu (Ahmedzai Kemp, 2021). Is í príomhaidhm na gceardlann seo ná scoláirí a chur ag obair le teangacha. Cé gur luachmhar iad na haidhmeanna seo, tá seans ann nach mbeadh siad fóirsteanach do scoláirí an Tuaiscirt.

Ar an dea-uair, tá tionscnamh eile ann atá níos oscailte do chainteoirí agus scoláirí Gaeilge. Eagraíonn Rialtas na hÉireann agus an Coimisiún Eorpach an comórtas Aistritheoirí Óga chun ardchaighdeán Gaeilge a chur chun cinn agus suim i ngairmeacha leis an Ghaeilge i measc scoláirí meánscoile a mhúscailt (Rialtas na hÉireann, 2021; An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, 2021; An Coimisiún Eorpach, 2021). Tugann Juvenes Translatores deis do scoláirí san Aontas Eorpach dul in iomaíocht lena chéile chun téacs a aistriú ó agus go teanga oifigiúil de chuid an Aontais, an Ghaeilge san áireamh (An Coimisiún Eorpach, g.d.). Tá a gcomórtas féin ag Cumann Aistritheoirí agus Ateangairí na hÉireann (ITIA) agus iarrtar ar dhaltaí meánscoile téacs liteartha 500 focal ar fhad a aistriú ó theanga amháin as ocht gcinn (an Ghaeilge san áireamh) go Béarla (ITIA, 2021).

Is iomaí clár agus tionscnamh mar sin, a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ó Thuaidh, chomh maith le heagraíochtaí a bhféadfadh muid comhoibriú leo, chun leas a bhaint as a gcuid taithí, agus d’fhéadfaí comhlachtaí áitiúla a spreagadh chun na ceardlanna céanna a chur ar fáil sa réigiún.  An t-aon cheist atá ag Barnes ná, ‘where it might fit in an already overloaded curriculum in which anything non-exam-focused is relegated to an ever-lengthening extra-curricular wish-list’ (2021a: 59). Is maith a bheith ábalta aistriúchán seach-churaclaim a chur ar fáil, ach ní léiríonn sé an obair a iarrtar ar scoláirí. Deir Ardizzone & Holmes, ‘schools are under pressure to focus on activities that support the National Curriculum’ (2021: 121).

Tá leasú de dhíth maidir le múineadh scileanna aistriúcháin agus an bealach is fearr an t-aistriúchán a shníomh isteach sa churaclam. Mar a deir Bratož agus Kocbek, ‘we are not arguing in favour of reintroducing the 19th Century concept of Grammar-Translation as an SLT[18] method’ (2013: 135), ach foirm agus dearcadh nua ar an aistriúchán ar aon dul leis an dóigh a leagtar amach é sa saol mar atá sé agus a léiríonn smaointeoireacht agus treochtaí nua i léann an aistriúcháin. Níor mhór na meancóga maidir leis an Ghramadach-Aistriúchán agus oideolaíocht Léigh-agus-Aistrigh a sheachaint arís, ar eagla go bhfillfí ar mhodhanna den tseandéanamh. Ba cheart díriú ar an aistriúchán cruthaitheach a chur leis an gcuraclam, mar,

there is a risk, […] that if the delivery of such activities is as dry as it was during the Grammar Translation period, then history may repeat itself with translation once again becoming the baby ‘thrown out with the bathwater’ (Atkinson, 1987: 242).

Mar sin féin, leis an méid taithí atá anois ann in earnáil an aistriúcháin agus i gcúrsaí oideachais, is beag seans go dtarlóidh sé seo.

Conclúid

Mar a deir Robinson, ‘being a translator is more than just being good at languages’ (2012: vi) ach go bunúsach is é sin an dearcadh atá ag an CCEA, gur modh chun cumas agus foclóir na teanga a thástáil amháin é an t-aistriúchán, agus gur cheart go mbeadh scoláirí ábalta é a dhéanamh gan fadhb gan deacracht ón tús agus gan mórán tacaíochta. Ach is é anois an t-am chun an dearcadh seo a athrú. Dar le Jones, ‘the complex nature of NI [sic] as a jurisdiction does pose challenges for curriculum policy and practice in language education. Yet, just as the challenges are unique, so too are the opportunities […]’ (2020: 2). Ní fada uainn caint faoin Ghaeilge sna laethanta seo ó Thuaidh, ach is é anois an t-am fosta chun machnamh a dhéanamh ar an dóigh a leagtar amach an t-aistriúchán agus scileanna aistriúcháin sa siollabas agus i réimse na Gaeilge. Taobh leis an tuiscint chultúrtha agus teanga, b’fhéidir gur anois an t-am chun tuiscint níos doimhne ar an aistriúchán a chur leis an churaclam ó Thuaidh.

Moltar, mar sin, leasú a dhéanamh ar an churaclam reatha agus aistriúchán níos cruthaithí atá bunaithe ar ghairm an aistritheora féin a thabhairt isteach, chomh maith le leasú a dhéanamh ar mhodhanna cumarsáideacha cruthaitheacha teagaisc agus an dóigh a dtéann scoláirí i ngleic leis an aistriúchán sa halla scrúdaithe. Cé go bhféadfaí an t-aistriúchán cruthaitheach a úsáid taobh leis an churaclam reatha ar bhonn seach-churaclaim, le ceardlanna mar a chonaic muid, agus go bhféadfadh an t-aistriúchán tacú leis an obair atá ar bun ag scoláirí sa seomra ranga faoi láthair, ní cinnte go nglacfaí le tionscnaimh mar seo agus ‘an already overloaded curriculum’ (Barnes 2021a: 59) ann.

Creideann Cook gur chóir go mbeadh an t-aistriúchán ina ‘major aim and means of language learning, and a major measure of success’ (2010: xv) agus trí thionscnaimh ar nós Stephen Spender Trust agus Multilingual Creators, d’fhéadfaí é a dhéanamh sa Tuaisceart, agus aistriúchán cumarsáideach agus fíorchruthaitheach a bhaint amach. Ní bheadh sé éasca, i ndáiríre, thógfadh sé ‘collaboration across sectors and educational stages, [and] the investment of time and effort’ (Jones, 2020: 8), ach b’fhiú go mór an iarracht do scoláirí agus an Ghaeilge nó teanga eile idir lámha acu, ach tá súil againn go bhfeicfear leasú éigin ar an aistriúchán oideolaíoch i gcóras meánoideachais Thuaisceart Éireann.

 

[1] Teanga 1: céad teanga an duine; Teanga 2: dara teanga an duine

[2] Cuireann aistriúchán cruthaitheach le sainmhíniú de chuid Barnes ar an aistriúchán dinimiciúil; ‘activities in which students become translators in simulations of real-world, communicative, creative translation tasks’ (2021a: 51). Anuas ar thascanna cruthaitheacha mar a thugtar orthu (an t-aistriúchán liteartha m.sh.), cuimsíonn sé seo tasc aistriúcháin ar bith a theastaíonn cruthaitheacht ar dhóigh ar bith lena aghaidh.

[3] Roghnaíodh scrúduithe GCSE agus A-leibhéal ón siollabas is nuaí de chuid CCEA mar phríomhábhar taighde don alt seo. Tugadh isteach siollabas nua do nuatheangacha in 2017 agus tá sé fós in úsáid. Bhí an t-ábhar Irish mar chuid den leasú seo. Chun idirdhealú níos fearr agus níos cruinne a dhéanamh idir gnéithe éagsúla na Gaeilge ina iomláine i dTuaisceart Éireann, measadh an t-ábhar Gaeilge ag  leihéal GCSE fosta, a scrúdaíodh den chéad uair in 2019.

[4] Tá bunachar sonraí d’iarpháipéir agus scéimeanna marcála ar fáil ar shuíomh an CCEA (ccea.org.uk).

[5] Scríobhadh tráchtas máistreachta an údair i mBéarla i samhradh 2021 mar pháirt den chéim mháistreachta aistriúcháin in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste: From Dry to Dynamic: Pedagogical Translation in Irish-language Secondary Education in Northern Ireland.

[6] Ba mhór an tionchar a bhí ag na daltaí ar bhuail an t-údar leo fosta. Nuair a dúirt sí leo gur aistritheoir a bhí inti, d’fhiafraigh siad ‘you do our homework as your job???’ agus bhí tionchar mór ag an dearcadh seo ar choincheap an aistriúcháin agus ar an ghairm ar a cuid oibre.

[7]pedagogical translation: úsáid an aistriúcháin sa tseomra ranga mar mhodh chun sealbhú an dara teanga a éascú (agus a thástáil).

[8] Ag tarraingt ar an méid a dúirt Gearóid Mac Lochlainn ina Nóta in Sruth Teangacha (Mac Lochlainn, 2002: 186), tá a fhios againn, mar chainteoirí Gaeilge, an tábhacht, an stádas, an chonspóid a bhain agus a bhaineann leis an Ghaeilge ó Thuaidh. Agus an t-alt seo bunaithe ar thráchtas a scríobhadh i mBéarla ar dtús, bhí an míniú seo de dhíth. Is leor a rá mar sin, go n-imríonn stádas na Gaeilge ó Thuaidh ról i bhforleithne an aistriúcháin mar a shílfeá.

[9] Macasamhla an Teastais Shóisearaigh agus na hArdteistiméireachta atá sna scrúduithe seo agus ar chomhaois a bhíonn na scoláirí a shuíonn iad.

[10] Aithnítear Irish mar nuatheanga taobh leis an Fhraincis, an Ghearmáinis, agus an Spáinnis trí chóras de chuid an CCEA ach níl trácht ar an Ghaeilge sa chatagóir seo (CCEA, g.d.: 1). Is cosúil go ndearnadh an cinneadh an Ghaeilge a scoilteadh mar gheall gur ar scoláirí T1 atá Gaeilge dírithe, éagsúil leis na nuatheangacha eile. Feictear don údar áfach, gur chat Schrödinger atá inti an Ghaeilge: teanga a scrúdaíonn an CCEA taobh leis na nuatheangacha eile ach atá ródhifriúil leo le go gcuirfí leo í, agus ródhifriúil leis na hábhair eile chun á cur leosan.

[11] Tá dhá bhliain staidéir i gceist leis an GCSE agus A-Leibhéal araon de ghnáth. Don A-Leibhéal, bronntar Leibhéal Ard-Fhotheastais (Advanced Subsidiary Level; AS) i ndiaidh bliain amháin, agus Leibhéal A2 (A2) sa dara bliain, sula dtugtar le chéile iad agus go mbronntar A-Leibhéal ina iomláine ar an scoláire.

[12] Is topaicí sonracha iad Contexts for Learning, topaicí faoina roinntear an curaclam. Seo na comhthéacsanna A-Leibhéil: ‘Relationships’ agus ‘Culture and Lifestyle’ (AS), ‘Young People in Society’ agus ‘Our Place in a Changing World’ (A2) (CCEA, g.d.: 5–6).

[13] Fiafraíodh den údar an mbeadh aon téascleabhair ann a chlúdaíonn scileanna aistriúcháin más ceist atá ann ar pháipéir scrúdaithe. Ina taithí féin agus ag labhairt di le múinteoirí meánscoile, is léir nach bhfuil ann ach an litríocht tánaisteach atá luaite sa pháipéar seo.

[14] Caithfidh scoláirí dul trí trí leathanach gréasáin ar mhicreashuíomh GCSE Gaeilge ar shuíomh de chuid CCEA chun cóip digiteach den acmhainn seo a fháil. Níl sé cinnte, áfach, go dtugtar an t-eolas seo do scoláirí i bhformáid eile (cóip crua nó ó bhéal) agus más thugtar é dóibh, bheadh sé ag brath ar an scoil.

[15] Díríonn teoiric skopos aird ar aidhmeanna agus spriocanna an aistriúcháin mar an ghné aistriúcháin is tábhachtaí (féach Vermeer, 1989/2012).

[16] Forbairt Ghairmiúil Leanúnach 

[17]Mar shampla, cuireadh Multilingual Creators i láthair in Newcastle-Upon-Tyne, Greater Manchester, agus Norwich ó mhí Mheán Fómhair 2021, ach bhí sé seo bunaithe ar mhaoiniú a tugadh don thionscnaimh ó SST, National Centre for Writing, New Writing North, Comma Press, Arts Council England agus Greater Manchester Combined Authority (Stephen Spender Trust (SST), 2021). Oibríonn an chuid is mó de na heagraíochtaí ainmnithe sa phaipéar seo sa Bhreatain, ach níos cruinne arís, i Sasana amháin (The Queen's College Translation Exchange (QTE), 2019: 6).

[18] Situational Language Teaching, a dhruideann an bhearna idir modhanna teagaisc Gramadach-Aistriúcháin agus teagasc teangacha cumarsáideach (Smith & Loewen, 2018).

Leabharliosta: 

Leabhair

Cook, G., (2010) Translation in Language Teaching. Oxford: Oxford University Press.

Doyle, A., (2015) A History of the Irish Language. 6 eag. Oxford: Oxford University Press.

Flynn, C.J., (2021) Foghlaim an Dara Teanga: Modhanna agus Tascanna sa Seomra Ranga. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

González-Davies, M., (2004) Multiple Voices in the Translation Classroom. Amsterdam & Philadelphia: John Benjamins.

Mac Lochlainn, A., (2019) Ó Bhéarla go Gaeilge. Baile Átha Cliath: Cois Life.

Mac Lochlainn, G., (2002) Stream of Tongues/ Sruth Teangacha. 3 eag. Indreabhán: Cló Iar-Chonnacht.

Robinson, D., (2012) Becoming a Translator: An Introduction to the Theory and Practice of Translation. 3 eag. London: Routledge.

The Queen’s College Translation Exchange (QTE), (2019) Creative Translation in the Classroom. Oxford, s.n.

Ailt

Ardizzone, S. & Holmes, S., (2021) ‘Translators in Schools: Valuing Pupils’ Linguistic Skills.’ S. Laviosa & M. González Davies, eag. The Routledge Handbook of Translation and Education. London agus New York: Routledge. 109–26.

Barnes, K., (2021a) ‘Translation in the UK language classroom: Current practices and a potentially dynamic future’. Translation and plurilingual approaches to language teaching and learning: Challenges and possibilities [Translation and Translanguaging in Multilingual Contexts], 7(1). 41–64.

Bratož, S. & Kocbek, A., (2013) ‘Resurrecting Translation in SLT: A Focus on Young Learners’. Tsagari, D. & Floros, G. (eag.) Translation in Language Teaching and Assessment. Newcastle-Upon-Tyne: Cambridge Scholars Publishing. 135–54.

Hartmann, E. & Hélot, C., (2021) ‘Pedagogical Affordances of Translation in Bilingual Education’. S. Laviosa, S. & González Davies, M. (eag.) The Routledge Handbook of Translation and Education. London & New York: Routledge. 95–108.

Léirithe agus Traenáil

Ahmedzai Kemp, R., (2021) Creative Translation for All: Bringing authentic and inclusive texts into MFL and English Classes [Agallamh] (25 Meitheamh).

Ahmedzai Kemp, R. & Bery, R., (2021) Multilingual Creators Facilitator Training. Online: s.n.

Tuairiscí

An Coimisiún Eorpach, (2021) Buaiteoirí an chomórtais Aistritheoirí Óga 2021 fógartha. https://ec.europa.eu/ireland/news/winners-of-Aistritheoiri-Oga-2021-Young-Translators-announced_ga

An Coimisiún Eorpach, (g.d.) Juvenes Translatores. https://ec.europa.eu/info/education/skills-and-qualifications/develop-your-skills/language-skills/juvenes-translatores_en

An Roinn Oideachais & Eolaíochta, (2010) Gaeilge (Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal) na Siollabais agus an Córas Measúnachta. https://curriculumonline.ie/getmedia/c794666b-8ca5-4f78-8160-809e296d19d2/Siollabais-Nuashonraithe-na-hArdteistimeireachta_1.pdf

An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán, (2021) Aistritheoirí Óga. https://www.gov.ie/en/publication/7df43-aistritheoiri-oga/#

CCEA, (2017) Assessment Unit AS 2 (Sections B and C) assessing Reading and Use of Language. https://ccea.org.uk/sites/default/files/filefield_paths/AS2-IRI-REVISED-Past-Paper--SIR22--Standard-MayJune-Series-2017-30039.pdf

CCEA, (2018a) GCSE Irish Unit 3: Reading Higher Tier Mark Scheme. https://ccea.org.uk/downloads/docs/Past-Papers/cleared/GCSE/GCSE%20Irish%20%282017%29/2018-Summer/Standard/0/GCSE-Irish-549-Summer2018-Higher%20Tier%2C%20Unit%203%3A%20Reading%20%28MS%29-MS.pdf

CCEA, (2018b) GCSE Irish Unit 4: Writing Higher Tier Mark Scheme. https://ccea.org.uk/downloads/docs/Past-Papers/cleared/GCSE/GCSE%20Irish%20%282017%29/2018-Summer/Standard/0/GCSE-Irish-549-Summer2018-Higher%20Tier%2C%20Unit%204%3A%20Writing%20%28MS%29-MS.pdf

CCEA, (2019a) Gaeilge Páipéar 2 Scríbhneoireacht. https://ccea.org.uk/downloads/docs/Past-Papers/cleared/GCSE/GCSE%20Gaeilge%20%282017%29/2019-Summer/Standard/0/GCSE-Gaeilge-509-Summer2019-Paper%202-Paper.pdf

CCEA, (2019b) GCSE [revised] Modern Languages Specification: Clarification information [Q&A]. https://ccea.org.uk/downloads/docs/Support/General/2019/GCSE%20Modern%20Languages%20Clarification%20Document.pdf

CCEA, (2019c) Irish Student Study Card #13: Reading – Translation from English into Irish [a2]. https://ccea.org.uk/downloads/docs/Support/Study%20Cards/2019/GCE%20Irish%20Study%20Card%2013%20-%20Translation%20from%20English%20into%20Irish.pdf

CCEA, (2019d) Irish Student Study Card #12: Reading – Translation from Irish into English [AS]. https://ccea.org.uk/downloads/docs/Support/Study%20Cards/2019/GCE%20Irish%20Study%20Card%2012%20-%20Translation%20from%20Irish%20into%20English.pdf

CCEA, (2019e) Comhad Fíricí: GCSE Gaeilge Páipéar 2 – Scríbhneoireacht. https://ccea.org.uk/downloads/docs/Support/Factfile/2019/External%20Assessment%20-%20Factfile%3A%20Writing%20Paper%202.pdf

CCEA, (2020a) About Us. https://ccea.org.uk/about

CCEA, (2020b) GCSE Irish (2017) https://ccea.org.uk/key-stage-4/gcse/subjects/gcse-irish-2017

CCEA, (2020c) GCE Irish (2016). https://ccea.org.uk/post-16/gce/subjects/gce-irish-2016

CCEA, (2020d) GCE Irish (2016) Past Papers & Mark Schemes. https://ccea.org.uk/post-16/gce/subjects/gce-irish-2016/past-papers-mark-schemes

CCEA, (2020e) GCSE Irish (2017) Past Papers & Mark Schemes. https://ccea.org.uk/key-stage-4/gcse/subjects/gcse-irish-2017/past-papers-mark-schemes

CCEA, (2020f) GCSE Gaeilge (2017) Past Papers and Mark Schemes. https://ccea.org.uk/key-stage-4/gcse/subjects/gcse-gaeilge-2017/past-papers-mark-schemes

CCEA, (2020g) Gaeilge (2017). https://ccea.org.uk/key-stage-4/gcse/subjects/gcse-gaeilge-2017

CCEA, (g.d.) GCSE to GCE Modern Languages Specification and Skills Mapping.
https://ccea.org.uk/downloads/docs/Support/General/2019/GCSE%20to%20GCE%20Modern%20Languages%20Specification%20and%20Skills%20Mapping%20Information%20Document%20April%202017_4.pdf

Collen, I., (2021) Language Trends Northern Ireland 2021. https://nireland.britishcouncil.org/sites/default/files/m003_01_language_trends_ni_report_final_web_v2.pdf

Department of Education, (2020) List of Irish-medium schools. https://www.education-ni.gov.uk/articles/list-irish-medium-schools

ITIA, (2021) 2021 ITIA Translation Competition for Secondary School Students: Calling all budding translators! https://www.translatorsassociation.ie/translation-competition-2021/#

Jones, S., (2020) Finding Our True North: On Languages, Understanding and Curriculum in Northern Ireland. https://www.stran.ac.uk/wp-content/uploads/2021/03/Jones-2020-SV.pdf

Meredith, R., (2021a) Oral exam dropped from language GCSEs and A Levels for 2022. https://www.bbc.co.uk/news/uk-northern-ireland-57274974

O’Dowd, J., (2014) Ministerial Statement on the Advisory Group Report on the Strategic Development.
https://www.education-ni.gov.uk/sites/default/files/publications/de/ministers-statement-on_irish-medium-post-primary-review.pdf

Rialtas na hÉireann, (2021) Aistritheoirí Óga. https://www.gov.ie/en/publication/7df43-aistritheoiri-oga/

Shadow Heroes, (2020) About Shadow Heroes. https://shadowheroes.org/about/

Smith, M. & Loewen, S., (2018) Situational Language Teaching. https://onlinelibrary.wiley.com/doi/abs/10.1002/9781118784235.eelt0174

Stephen Spender Trust (SST), (2021) Multilingual Creators. https://www.stephen-spender.org/multilingual-creators/

Tuairisc, (2021) Díomá léirithe faoi chinneadh fáil réidh le scrúduithe cainte do dhaltaí GCSE agus A-Leibhéal. https://tuairisc.ie/dioma-leirithe-faoi-chinneadh-fail-reidh-le-scruduithe-cainte-do-dhaltai-gcse-agus-a-leibheal/

Weir, P., (2021) (Bealtaine 17) Arrangements for CCEA Qualifications in 2022. www.education-ni.gov.uk/news/weir-outlines-plans-exams-and-assessments-202122/

Zubrzycki, K., (2018) Am I perfect enough to be a true bilingual? Monolingual bias in the lay perception and self-perception of bi- and multilinguals. https://www-degruyter-com.queens.ezp1.qub.ac.uk/document/doi/10.1515/iral-2016-0095/html