‘Is linne í an Ghaeilge / All of us, not just some’: Díospóireachtaí faoin Úinéireacht Teanga san Fhilíocht Bhéil Dhátheangach

Alexandra Philbin

Cúlra

‘Is le gach duine sa tír an Ghaeilge, óg agus aosta’. Is abairt í seo ón óráid a thug an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, sa Dáil i mí an Mhárta 2022, mar chuid den díospóireacht faoi Sheachtain na Gaeilge (Tithe an Oireachtais, 2022). Tugtar le fios san abairt nach samhlaítear teorainn leis an ngrúpa sa tír a mbaineann an teanga leo. Is féidir an abairt seo a thuiscint mar fhreagra, freagra ar thuiscint idé-eolaíoch eile ar an teanga, a mhaíonn go mbaineann an teanga le grúpa daoine ar leith. Mar a chuireann Coleman in iúl, tá an dá thuiscint seo ag cómhaireachtáil sa dioscúrsa ar an nGaeilge in Éirinn: samhlaítear an Ghaeilge mar theanga a bhaineann le gach duine (mar chuid d’oideachas na Poblachta, ina bhfuil sí ina hábhar éigeantach) agus samhlaítear an Ghaeilge mar theanga a bhaineann le grúpa áirithe sa tír (uasaicme na cathrach nó cainteoirí laethúla Gaeltachta, cuir i gcás) ag an am céanna (Coleman, 2004: 382). Is féidir an úinéireacht teanga mar choincheap a bhrath leis na tuiscintí idé-eolaíocha seo. Is freagraí iad araon ar an gceist: Cé leis an Ghaeilge? San alt seo, déanfar anailís ar na tuiscintí ar an gceist seo in dhá dhán dhátheangacha a cuireadh amach le gairid: ‘Maidir le Stepping on Toes’ (2020) le Cian Ó Gríofa agus ‘Siúcra’ (2021) le Roxanna Nic Liam.

Ar dtús, díreofar ar an úinéireacht teanga agus ar an idé-eolaíocht teanga mar choincheapa. Tá baint ag an úinéireacht teanga leis an idé-eolaíocht teanga, is é sin na smaointe a mbaineann daoine úsáid astu agus iad ag iarraidh ciall a bhaint as gné teanga ar leith (Gal & Irvine, 1995: 970). Cuireann an bheirt antraipeolaithe Gal agus Irvine béim ar an idé-eolaíocht mar chreatlach shóisialta agus mar phróiseas atá claonta. Ní tuairim i gceann duine amháin í an idé-eolaíocht (Gal, 2021) agus scriostar gnéithe áirithe den scéal sa phróiseas (Gal & Irvine, 2019). De bharr na claontachta seo, is féidir amhras a chaitheamh ar thuiscintí idé-eolaíocha agus dul ina gcoinne (Gal & Irvine, 2019). Mar sin, bíonn conspóid ag baint leis an idé-eolaíocht teanga mar choincheap, agus feictear é sin sna dearcthaí éagsúla ar an úinéireacht teanga. Tarraingíonn Woolard aird air seo bunaithe ar an taighde a rinne sí sa Chatalóin. Baineann sí úsáid as na smaointe contrártha ‘barántúlacht’ agus ‘anaithnideacht’ chun trácht a dhéanamh ar an luach a shanntar do ghnéithe teanga (Woolard, 2005; 2016). Is minic a shanntar luach do leagan mionteanga atá ceangailte go dlúth le háit ar leith nó le grúpa daoine ar leith, luach a bhaineann leis an mbarántúlacht. Os a choinne sin, is minic a shanntar luach do theanga cheannasach (Béarla, mar shampla) toisc go mbaineann neodracht léi (Woolard, 2005). Mar a thaispeánann Woolard (2016), áfach, is féidir na smaointe seo araon a bhrath sna gluaiseachtaí le teangacha atá mionlaithe a chur chun cinn.

Rinneadh roinnt staidéir ar na coincheapa seo i saol na Gaeilge. Mar shampla, dhírigh O’Rourke (2015) ar an teannas idir an bharántúlacht agus an anaithnideacht i measc cainteoirí Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Chuir an grúpa cainteoirí sa staidéar luach le caint na Gaeltachta mar leagan barántúil den teanga. Bhí díomá ar roinnt cainteoirí, áfach, nach raibh teacht ceart acu ar an idéal seo, cé go raibh spéis acu i gcur chun cinn na teanga (O’Rourke, 2015: 77). Feictear an teannas seo sa staidéar a rinneadh ar chomhthéacsanna oideachais chomh maith. Cuireann O’Rourke (2011) agus Nic Fhlannchadha & Hickey (2018) in iúl go bhfuil deighilt éigin idir cainteoirí Gaeltachta agus cainteoirí nach as an nGaeltacht iad i measc scoláirí ollscoile. Mar sin féin, míníonn Nic Fhlannchadha & Hickey (2018) go raibh cainteoirí éagsúla mar chuid den taighde, idir ‘nuachainteoirí’ agus ‘cainteoirí dúchais’, den tuairim go mbaineann an Ghaeilge le gach duine. Ghlac na cainteoirí leis go raibh tábhacht ag baint leis sin chun an teanga a chur chun cinn. Taispeántar san obair seo go bhfuil díospóireacht ar siúl i bpobal na Gaeilge a bhaineann leis an úinéireacht teanga.

Chomh maith leis an oideachas foirmiúil, rinneadh staidéar ar na tuiscintí ar an mbarántúlacht i measc rannpháirtithe ag an Pop Up Gaeltacht (Seoighe, 2018; Walker, 2019). Déanann Walker cur síos ar ainm an imeachta chun a thaispeáint go bhfuil iarracht á déanamh barántúlacht na Gaeltachta féin a ‘bheangú’ (Gal, 2018) ar áit nua san Ardchathair (Walker, 2019). Tuairiscíonn Seoighe go bhfuil ról ‘dlisteanaithe’ (2018: 13) ag an imeacht don nuachainteoir i mBaile Átha Cliath freisin. Tá teannas le brath i measc na nuachainteoirí ag ciorcal comhrá a phléitear i saothar O’Rourke & Walsh (2020: 161–13). Is féidir le daoine nach bhfuil ach cúpla focal acu an teanga a chleachtadh ag an gciorcal comhrá, ach is léir go bhfuil barántúlacht  ag baint le híomhá an chainteora dúchais fós. Léirítear an meon sin san anailís a rinneadh ar na meáin Ghaeilge freisin. Mar shampla, taispeánann Philbin (2020) go gcruthaítear difríocht idir cainteoirí Gaeltachta agus cainteoirí eile sa chlár faisnéise Gaeltacht 2020 a cuireadh amach ar TG4 sa bhliain 2020. Ní hé sin an t-aon deighilt atá le brath sna meáin, áfach. Mar a chuireann Atkinson & Kelly-Holmes (2011) in iúl san anailís a dhéanann siad ar an gclár raidió Gift Grub ar TodayFM, cruthaítear difríocht idir cainteoirí líofa Gaeilge (mar mhionlach) agus cainteoirí Béarla in Éirinn freisin.

Sa leabhar An Meon Folaithe (2018), leagann Ó hIfearnáin & Walsh béim ar an difríocht idir an idé-eolaíocht fhollasach agus an idé-eolaíocht fholaithe i saol na Gaeilge chomh maith. Mínítear sa leabhar go bhfuil teannas ann idir na dearcthaí a fhógraítear agus na cinn nach bhfógraítear, ach go bhfuil eolas tábhachtach le fáil sa dá chás (2018: viii). Conas a dhéantar staidéar ar an idé-eolaíocht fholaithe, mar sin? Meabhraíonn na húdair dúinn go bhfuil tionchar láidir ag an gcineál idé-eolaíochta seo ar an gcleachtas teanga (2018: ix). Is ar an mbonn sin a dhíríonn Moal, Ó Murchadha & Walsh (2018) ar cheisteanna idé-eolaíocha agus ar an ‘gcaint iarthraidisiúnta’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Sa chaibidil sin, cuirtear in iúl gur clár eisceachtúil é RíRá ar RnaG, toisc nach mbaineann sé leis na gnáth‑théamaí a bhíonn le cloisteáil ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus go mbíonn nuachainteoirí mar láithreoirí air. Pléitear an cultúr coiteann domhanda agus craoltar ábhar i nGaeilge agus i mBéarla. Déantar anailís ar chaint na láithreoirí agus taispeántar nach gcloínn an chaint seo le leaganacha traidisiúnta den teanga i gcónaí. Is féidir an t-íocónú (Gal & Irvine, 1995) a bhrath tríd an gclár, íocónú a chuireann an cineál seo cainte agus téamaí an chláir le chéile: caint iarthraidisiúnta agus cultúr coiteann domhanda. Baintear leas as, agus cothaítear, an nasc seo chun díriú ar lucht éisteachta ar leith.

Ba mhaith leis an údar aird a tharraingt ar chomhthéacs eile sa chuid eile den alt seo: filíocht bhéil dhátheangach chomhaimseartha. Is seánra filíochta ar leith é seo a thugann deis speisialta don léitheoir díriú ar chaint na bhfilí i nGaeilge. Is léir go bhfuil an-tóir ar an seánra seo i saol na Gaeilge comhaimseartha. Tá an-rath le blianta beaga ar imeachtaí ar nós REIC, imeacht ilteangach a bunaíodh sa bhliain 2015 i mBaile Átha Cliath atá dírithe ar an bhfilíocht bhéil (REIC, 2022). Imeacht eile a bhfuil an-rath air is ea an comórtas Slam Filíochta mar chuid de Liú Lúnasa, Féile Imeall-Chultúir Bhéal Feirste a bunaíodh sa bhliain 2015 chomh maith (NÓS, 2019). Díreofar anois ar na dánta le Cian Ó Gríofa agus le Roxanna Nic Liam. Déantar anailís ar thuiscintí na bhfilí ar an úinéireacht teanga, is é sin, a gcuid freagraí ar an gceist ‘Cé leis a mbaineann an Ghaeilge?’ Lena chois sin, déanfar machnamh ar chaint agus ar dhátheangachas na bhfilí. Conas a chuireann na gnéithe seo leis na tuiscintí atá acu ar an úinéireacht teanga? Sa tslí seo, cuirfear an obair atá déanta go dtí seo ar an idé-eolaíocht teanga i saol na Gaeilge agus an anailís ar na dánta le chéile. Ar deireadh thiar thall taispeánfar go bhfuil léargas spéisiúil le fáil san fhilíocht bhéil chomhaimseartha ar cheisteanna a bhaineann leis an idé-eolaíocht teanga. Chomh maith leis sin, molfar deiseanna le cur leis an taighde seo amach anseo. 

Maidir le Stepping on Toes le Cian Ó Gríofa

Tá cáil ar Chian Ó Gríofa ar na meáin shóisialta mar gheall ar a chuntas Gaylgeoirí. Cuirtear méimeanna agus físeáin i nGaeilge a bhaineann leis an teanga agus le cúrsaí LADTA+ ar a phróifíl ar Instagram, cuir i gcás, ar a bhfuil níos mó ná 15,000 duine dá leanúint faoi láthair. Cuireadh an dán ‘Maidir le Stepping on Toes’ amach i mí Iúil 2020 ar chuntas Instagram an fhile agus taispeánadh mar chuid de Liú Lúnasa na bliana sin é freisin. Bhí teannas ar na meáin shóisialta an samhradh sin maidir leis na cuntais éagsúla a chuireann ábhar amach i nGaeilge ar na meáin shóisialta agus sna meáin chumarsáide. Tá na cúiseanna leis an teannas seo taobh amuigh de réimse an ailt seo. Is leor a mhíniú go mbaineann an dán leis an gceist seo a leanas: an bhfuil sé de cheart ag aon duine i saol na Gaeilge a rá nach féidir le duine eile cineál ábhair ar leith a chur amach i nGaeilge ar na meáin shóisialta (podchraoladh nó méimeanna, mar shampla)? Déantar tagairt don cheist seo i dteideal an dáin. Is freagra é an dán ar an líomhain go raibh Ó Gríofa ag teacht sa tslí ar dhaoine eile a chuireann ábhair i nGaeilge ar na meáin shóisialta. Baineann Ó Gríofa leas as an dán, mar sin, chun a thuairim féin a chur in iúl.

Cuireann Ó Gríofa tús le físeán an dáin agus é ina shuí agus masc air. Radharc atá ann a chuireann i lár na bliana 2020 muid. Baineann sé de an masc agus tosaíonn sé ar an dán, atá dátheangach ó thús go deireadh. Is léir go mbaineann an-chuid den dán leis an gceist thuasluaite mar go ndéanann Ó Gríofa tagairt dhíreach don teannas ar Twitter. Deir sé: ‘Seas le bhur dtuairimí, / Deleting tweets, I mean honestly. Ní ghlacann sé leis an tuairim gur le daoine ar leith ábhair éagsúla i nGaeilge agus ceanglaíonn sé an tuairim seo le leitheadas na ndaoine sin:

Demanding sole ownership,

Stay in your lane, get a grip.

Ag dul ar do laethanta saoire,

Flying solo, ego-trip.

Is díol suntais é go luann Ó Gríofa an focal úinéireacht féin. Is léir go bhfuil tábhacht ag baint leis an gcoincheap sa díospóireacht seo: cé leis na hábhair i nGaeilge a chuirtear amach ar na meáin shóisialta? Cé gur díospóireacht ar leith í seo, áfach, agus go bhfuil freagra an fhile uirthi soiléir go leor, baineann Ó Gríofa úsáid chliste as díospóireacht na húinéireachta teanga i gcoitinne chun a thuairim a chur os ár gcomhair.  

Is í an chéad leid í an chéad líne den dán: ‘Cad é an Ghaeilge ar originality?’ Cuireann an líne seo seomra ranga i gcuimhne don lucht féachana, ina bhfuil fáilte roimh cheisteanna agus roimh fhoghlaimeoirí. Tugann Ó Gríofa ‘Irish language póilíní’ ar na daoine a cheapann gur leosan ábhair áirithe i nGaeilge. Mínítear sa dán gur sampla de ‘language gate-keeping insanity’ é an meon sin freisin. Baintear úsáid as an téarma ‘geatóireacht’ sa dán ‘Siúcra’ chomh maith chun tagairt a dhéanamh do chainteoirí a chuireann teorainneacha meafaracha ar phobal na Gaeilge. Is léir, mar sin, gur ag trácht ar dhíospóireacht níos leithne atá Ó Gríofa. Tugann ráitis an fhile le fios nach bhfuil sé ar aon intinn le meon ar bith ina meastar gur le grúpa áirithe daoine na meáin Ghaeilge nó an teanga féin. Leagann sé béim air seo ag deireadh an dáin: 

Ach éistigí liom,

Gach duine, everyone,

Is linne í an Ghaeilge,

All of us, not just some

 

Baineann Ó Gríofa úsáid as roinnt straitéisí eile sa dán chun an teachtaireacht seo a chur in iúl. Straitéis amháin is ea go gcloistear foclóir leathan comhaimseartha agus domhanda tríd an dán. Déanann an file tagairt d’fhuinneamh ‘bod mór’ agus don cheist ‘Cad é an tea?’, mar shampla. Tugann Ó Gríofa leagan Gaeilge ar na téarmaí seo gan stró. Taispeánann sé sa tslí seo go bhfuil solúbthacht ag baint leis an teanga, dar leis gur féidir le duine téarmaí coitianta na linne seo ar na meáin shóisialta, mar shampla, a úsáid i nGaeilge. Níl teorainn leis an teanga ó thaobh an fhoclóra de. Ag an am céanna, deir sé go hoscailte sa dán nach ‘féidir teorainn a chur ar teanga’. Mar sin, baineann an file leas as foclóir comhaimseartha a sheasann d’easpa teorainneacha i saol na Gaeilge. Is léiriú í an úsáid teanga seo ar an tuairim atá ag an bhfile ar cheist na húinéireachta teanga. Cuireann Ó Gríofa fáilte roimh fhocail nua sa Ghaeilge agus cuireann sé fáilte roimh dhaoine nua i bpobal na teanga. Baineann an ghné seo leis an trasteangú (Wei, 2018), a phléifear níos déanaí san alt seo.

Cé go bhfuil tuairim an fhile soiléir sa dán, is léir go bhfuil teannas i gceist le ceist na húinéireachta teanga i measc cainteoirí Gaeilge, dar leis. D'eascair an dán as an teannas ar na meáin shóisialta maidir le tionchairí na Gaeilge ach baineann Ó Gríofa leas as an úinéireacht teanga mar chreat chun tuairim a chur in iúl. Más dóigh leis an bhfile gur fiú an cheist seo a chur mar bhunús a fhreagra sa dán seo, léirítear gur ceist ábhartha í an úinéireacht teanga. Cuireann an taispeántas san fhíseán leis seo. Ní thosaíonn an file an dán agus masc á chaitheamh aige chun trácht ar ré na paindéime amháin. Baineann sé de an masc agus tuigimid láithreach go bhfuil sé réidh le tuairim láidir a chur in iúl agus le dul i mbun díospóireachta. Labhraíonn sé amach go láidir agus breathnaíonn sé i súile an lucht féachana. Tugtar bealach dúinn chun tacú leis sa díospóireacht seo nuair a deir sé ‘Haischlib Stan Gaylgeoirí’. Taispeántar, sa tslí sin, gur ceist reatha, chonspóideach í an úinéireacht teanga i saol na Gaeilge.

Siúcra le Roxanna Nic Liam

Cuireadh ‘Siúcra’ le Roxanna Nic Liam amach i mí an Mhárta 2021 ar chainéal YouTube Axis Ballymun, a choimisiúnaigh gearrscannán an dáin, agus taispeánadh leagan de mar chuid d’imeacht REIC chomh maith. Dán pearsanta atá ann ina bpléann Nic Liam an nasc atá aici leis an nGaeilge agus le cur chun cinn na teanga. Ar nós ‘Maidir le Stepping on Toes’, mar sin, ní hí an úinéireacht teanga go díreach atá á plé ag Nic Liam sa dán, ach is féidir roinnt gnéithe a aithint a bhaineann leis an gcoincheap seo. Déanann Nic Liam tagairt do thús an dáin sa teideal. Déanann an file machnamh ar na seanfhocail a bhíonn le léamh ar shiúcra agus í ina suí i gcaifé i mBaile Átha Cliath. Míníonn sí nach dtuigeann daoine ‘cé chomh tábhachtach is atá sé as they absentmindedly rip a sugar packet’. Mar sin, ní dán pearsanta amháin é an dán seo. Labhraíonn Nic Liam le gach duine in Éirinn agus tá sé mar aidhm aici tábhacht na  teanga a chur in iúl. Sa tslí seo, léirítear go bhfuil daoine ann nach dtuigeann go bhfuil baint acu leis an teanga. Is ar an úinéireacht teanga a dhéanann Nic Liam trácht tríd an dán agus í ag cur in iúl gur a mhalairt atá fíor.

Cuireann Nic Liam béim ar an nasc idir an teanga agus an náisiún. Íomhá thábhachtach sa dán is ea an talamh: ‘A language that is so intrinsically linked with this land’. Ní dhéanann sí idirdhealú bunaithe ar áiteanna in Éirinn. Cé go ndeir sí go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil an Ghaeltacht ‘a million miles away nuair atá tú i lár na cathrach’, déanann sí tagairt don talamh i mBaile Átha Cliath mar áit ar chuir an Ghaeilge fúithi freisin. Ó thús deireadh an dáin, baineann Nic Liam úsáid as an aidiacht shealbhach ‘ár’ agus cur síos á dhéanamh aici ar an nGaeilge: ‘our native tongue’ agus ‘Seachadadh ár dteanga ar aghaidh ó ghlúin go glúin’. Is straitéis í seo chun labhairt le gach duine in Éirinn, ag rá leo go bhfuil baint phearsanta acu go léir leis an teanga agus leis an malartú teanga.  Agus úsáid á baint aici as íomhá na talún agus íomhá na sinsear, cuireann Nic Liam an teanga agus na daoine ar thalamh na hÉireann, nó daoine a bhfuil sinsearaigh acu a bhí ar an talamh sin, le chéile. Léirítear go mbaineann an teanga le gach duine a bhaineann le hÉirinn, mar sin. Cé nach nglacann Nic Liam le teorainneacha ar phobal na teanga taobh istigh den tír, tá teorainn spásúil le brath sna ráitis seo fós: pobal samhalta an náisiúin (Anderson, 1983).

Téama eile a thagann chun cinn sa dán seo is ea an aicme shóisialta. Cuireann Nic Liam a lucht éisteachta in áiteanna a bhfuil traidisiún lucht oibre láidir i mBaile Átha Cliath. Labhraíonn Nic Liam leis an lucht féachana os comhair balla a bhfuil ainm an Phoirt Thoir i mBéarla air, mar shampla. Déanann sí tagairt shoiléir don téama seo sa téacs chomh maith. Deir sí:

It’s gas – a language that used to be associated with the working class,

Now becoming mostly middle class in Dublin,

Bíonn an blas more likely D4 than Inse Chór.

 

Míníonn an file na deacrachtaí a eascraíonn as an nasc seo idir an mheánaicme agus an teanga. Cuireann sí in iúl nach bhfuil sé éasca ar dhaoine a bhfuil an cúlra céanna léi acu an Ghaeilge a fhoghlaim agus a chur chun cinn. Luann sí foinse dóchais óna cás féin, áfach: ‘thankfully there’s such a thing as an all-Irish DEIS school’, is é sin, scoil a fheidhmíonn as Gaeilge agus a fhaigheann tacaíocht ón Roinn Oideachais agus Scileanna chun dul i ngleic le míbhuntáiste sóisialta (An Roinn Oideachais & Scileanna, 2022). Mar sin, cuireann Nic Liam béim ar an tábhacht a bhaineann le tacaíocht mar seo a chur ar fáil, le teorainneacha aicmeacha ar an teanga a leagan.

Sa chomhthéacs seo, tugann Nic Liam le fios nach bhfuil Gaeilge ag a tuismitheoirí: ‘An rud faoi mo thuistí ná go bhfuil siad an-chliste ach níl Gaeilge acu. Béarlóirí’. Míníonn sí nár fhoghlaim sí an teanga óna tuismitheoirí agus go raibh an-tionchar ag a cuid scolaíochta ar a cuid Gaeilge dá bharr. Cé nach mbaineann sí úsáid as an téarma, is féidir coincheap an nuachainteora a aithint anseo, is é sin, cainteoir a d’fhoghlaim an Ghaeilge taobh amuigh den bhaile agus a bhaineann úsáid líofa agus rialta as an teanga (O’Rourke & Walsh, 2015: 64). Cuireann O’Rourke & Walsh (2020) in iúl go dtagann téama na húinéireachta teanga chun cinn nuair a chaitear súil ar nuachainteoirí Gaeilge. Mar sin, tá sé spéisiúil machnamh a dhéanamh ar an ngné seo sa dán. Luann Nic Liam níos déanaí sa dán gur féidir léi páirt thábhachtach a ghlacadh sa ghluaiseacht chun an Ghaeilge a chur chun cinn. ‘But it starts with me’, a deir sí. Dá bhrí sin, taispeánann Nic Liam go bhfuil spás ann do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge foghlamtha acu mar dhara teanga nó mar theanga eile in athbheochan na teanga.

Mar a luadh níos luaithe san alt seo, baintear úsáid as an téarma ‘geatóireacht’ sa dán chun tagairt a dhéanamh do dhaoine a chuireann teorainneacha meafaracha ar phobal na Gaeilge. Ar dtús, déantar tagairt don choincheap seo agus Nic Liam ag labhairt ar na leithscéalta a thugann daoine di agus an fáth nach bhfuil Gaeilge acu á mhíniú acu. Leithscéal amháin is ea go mbíonn geatóireacht ar siúl i bpobal na Gaeilge agus go bhfuil éilíteachas le brath i measc na gcainteoirí. Cé gur léir nach nglacann Nic Liam leis an leithscéal seo agus go ndeir sí go bhfuil sí braon de na leithscéalta, labhraíonn sí níos déanaí sa dán in aghaidh na geatóireachta. Deir sí:

Chuir muid ár dteanga isteach sa chré,

Not to rot but to reap for another day.

Chuir muid é for safe-keeping, not for gate-keeping.

 

Mar sin, cé nach nglacann Nic Liam leis an ngeatóireacht mar leithscéal nuair nach bhfuil daoine sásta an Ghaeilge a fhoghlaim, is léir go gceapann sí gur fiú a lua nach bhfuil spás i bpobal na Gaeilge don gheatóireacht fós. Mar a dhéanann Ó Gríofa in ‘Maidir le Stepping on Toes’, baineann Nic Liam úsáid as an gcoincheap seo agus í ag cur in iúl nár chóir do chainteoirí Gaeilge aon teorainn a chur ar phobal na Gaeilge: tá fáilte roimh chách.

Admhaíonn Nic Liam, áfach, go bhfuil cainteoirí eile ‘who are more elegant writers and speakers and storytellers’. Mar sin, feicimid céimlathas de shaghas éigin anseo. Deir Nic Liam in áit eile sa dán nach bhfuil sí ag iarraidh a bheith neirbhíseach a thuilleadh nuair a labhraíonn sí Gaeilge, rud a léiríonn go mbíonn sí neirbhíseach anois nuair a labhraíonn sí í. Cé go gceapann Nic Liam go mba chóir go mbeadh fáilte roimh chách i bpobal na Gaeilge, is léir go bhfuil tionchar éigin fós ag an gcéimlathas ar an meon atá aici i leith a cuid Gaeilge féin. Feictear an teannas sin sa taighde a rinne O’Rourke & Walsh (2015) freisin. Déanann siad tagairt do rannpháirtí amháin, mar shampla, a cheapann gur le gach duine an Ghaeilge, ach a dhéanann idéalú ar an gcainteoir dúchais traidisiúnta ag an am céanna (O’Rourke & Walsh, 2015: 73). Chomh maith leis sin, is léir go bhfuil teorainneacha i gceist le náisiún na hÉireann, gné a gcuireann Nic Liam béim uirthi. Mar sin, léirítear sa dán seo gur ceist chasta í ceist na húinéireachta teanga. Taispeánann Ó Gríofa ina dhán-sa go bhfuil teannas idir cainteoirí mar gheall ar an gceist ach léiríonn Nic Liam gur féidir leis an teannas seo a bheith in aigne na gcainteoirí féin chomh maith. Léiríonn an bheirt fhilí den chuid is mó, áfach, go bhfuil siad den tuairim nár chóir breathnú ar an nGaeilge mar theanga a bhaineann le grúpa daoine amháin.

Caint na bhfilí agus dátheangachas na ndánta

Díreofar ar chaint na bhfilí agus ar úsáid an dátheangachais sna dánta anois. Is léir nach gcloínn Nic Liam ná Ó Gríofa i gcónaí le foghraíocht thraidisiúnta na Gaeilge. Mar shampla, nuair a deir Nic Liam, ‘An rud is annamh is iontach’, cloistear an fhóinéim [k] ag deireadh an fhocail ‘iontach’ seachas [x]. Baineann Ó Gríofa úsáid as [ɹ], gan chnag, agus an focal ‘náire’ á rá aige. Ní cásanna ar leith iad na gnéithe foghraíochta seo. Feictear samplaí den chineál céanna sna sonraí a bhailigh  Moal, Ó Murchadha & Walsh (2018) ó RíRá ar RnaG agus Ó Broin (2021) ó Raidió na Life, Raidió Fáilte agus RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuireann Moal, Ó Murchadha & Walsh (2018) na gnéithe seo sa chatagóir ‘caint iarthraidisiúnta’ agus cuireann Ó Broin (2021) sa chatagóir ‘Gaeilge uirbeach’ iad. Déanfar tuilleadh plé ar an téarma ‘caint iarthraidisiúnta’ san alt seo, toisc nach bhfuil grúpa cainteoirí ar leith i gceist leis an téarma sin.

Mar a luadh cheana, taispeánann Moal, Ó Murchadha & Walsh (2018) go bhfuil idé-eolaíocht teanga le brath ar RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhaineann leis an gcaint. Is clár eisceachtúil é RíRá ar RnaG ó thaobh na cainte de: cloistear gnéithe den chaint iarthraidisiúnta ar an gclár seo níos minice ná ar chláir eile an stáisiúin. Chomh maith leis sin, pléitear an cultúr coiteann domhanda níos minice ar an gclár seo ná ar na cláir eile. Feictear an t-íocónú (Gal & Irvine, 1995) toisc go gcruthaítear nasc idir an chaint iarthraidisiúnta agus an cultúr coiteann domhanda. Bheadh staidéar comparáideach níos cuimsithí ag teastáil chun a mhaíomh go bhfuil an próiseas seo le feiceáil sna dánta le Roxanna Nic Liam agus le Cian Ó Gríofa. Mar sin féin, toisc go mbaineann an cineál cainte seo le dearcadh ar leith ar an úinéireacht teanga sa dá dhán, tá seans ann go bhfuil íocónú i gceist, a chuireann na gnéithe seo le chéile. Sa phróiseas seo, seasann an difríocht idir an chaint níos traidisiúnta agus an chaint iarthraidisiúnta don difríocht idir an meon go mbaineann an Ghaeilge le gach duine agus an meon nach mbaineann sí ach le grúpa ar leith. Bheadh staidéar cuimsitheach ar an ábhar seo spéisiúil agus tráthúil.

Ní fhéadfaí an fáth a mbaineann na filí úsáid as an dátheangachas sna dánta seo a rá go cinnte. Tá seans ann gur roghnaigh na filí an dátheangachas chun cabhrú leis an lucht féachana na dánta a thuiscint nó chun cloí leis na gnásanna ag imeachtaí ilteangacha ar nós REIC. Tá sé áisiúil breathnú ar choincheap an trasteangaithe chun brí a bhaint as an ngné seo. Is teoiric é an trasteangú atá forleathan sa staidéar comhaimseartha ar phobail ilteangacha (Cenoz & Gorter, 2017; Wei, 2018). Mar a chuireann Ó Ceallaigh & Ó Brolcháin (2020) in iúl, d’eascair an téarma as obair Williams sa Bhreatain Bheag chun cur síos a dhéanamh ar chleachtais ilteangacha na scoláirí sa seomra ranga (174). Sa lá atá inniu ann, ní le comhthéacs an oideachais amháin a bhaineann an trasteangú. Tuigtear mar chleachtas a bhaineann leis an úsáid laethúil teanga taobh amuigh den seomra ranga é chomh maith (Cenoz & Gorter, 2017: 904). Míníonn Wei (2018) gurb é atá i gceist leis an gcoincheap ná an úsáid a bhaineann cainteoirí ilteangacha as na teangacha go léir atá acu agus iad i mbun cumarsáide. Dar le García (2018) agus Wei (2018) go dtéann an teoiric i ngleic leis an idé-eolaíocht ina gceaptar go bhfuil teorainneacha daingne ar na teangacha go léir, ag leibhéal na sochaí agus ag leibhéal na hintinne. Chomh maith leis sin, glactar leis gur gné nádúrtha de chaint an duine ilteangaigh é an meascadh teangacha (Wei, 2018). Leagtar béim, mar sin, ar repertoire iomlán an chainteora.

Mar sin féin, cáineadh an coincheap freisin. Áitíonn Jaspers & Madsen (2019), mar shampla, go mbíonn gá ann uaireanta an difríocht idir teangacha a aithint chun an cás a shimpliú agus staidéar a dhéanamh orthu. Cuireann siad in iúl go dtéann cleachtais sholúbtha agus cleachtais dhaingne le chéile i gcaint na ndaoine agus gur fiú smaoineamh ar an dá ghné seo araon. Déanann siad cáineadh ar an mbéim a leagtar ar nádúrthacht an trasteangaithe freisin, ag maíomh nach féidir éalú ó chomhthéacs na cainte agus na hidé-eolaíochtaí teanga atá ann. Is air seo a tharraingíonn Cenoz & Gorter (2017) aird agus iad ag plé an trasteangaithe i gcás na mionteangacha. Cuireann na húdair in iúl nach féidir an trasteangú a thuiscint i gcás mionteanga gan smaoineamh ar an gcumhacht atá ag an teanga cheannasach. Ní gné nádúrtha é an trasteangú i dtreo na teanga ceannasaí sa chás seo. Meabhraíonn siad dúinn go gcaithfear an trasteangú mar choincheap a úsáid ar bhonn inbhuanaithe. Leagann Ó Brolcháin (2017) agus Ó Ceallaigh & Ó Brolcháin (2020) béim air seo agus trácht á dhéanamh acu ar an nGaeilge agus ar chóras oideachais na hÉireann. Taispeánann siad go bhfuil tábhacht ag baint leis an bpleanáil ionas go mbeidh úsáid éifeachtach á baint ag múinteoirí as an mBéarla san oideachas lán-Ghaeilge.

Is samplaí iad na dánta ‘Maidir le Stepping on Toes’ agus ‘Siúcra’ den chleachtas trasteangaithe. Meascann na filí an Ghaeilge agus an Béarla ó thús deireadh na ndánta, ag tarraingt ar a repertoire iomlán mar chainteoirí. Mar a thugann García le fios (2018), baineann an trasteangú leis an gcruthaitheacht, agus baintear leas as seo sna dánta. Cuireann an trasteangú leis an rím, mar shampla. Áitítear go gcuireann an trasteangú le teachtaireacht na ndánta chomh maith. Is léir go bhfuil na filí den tuairim gur chóir go mbeadh teorainneacha solúbtha ar phobal na Gaeilge. Meabhraíonn an tuiscint atá ag údair ar nós Wei (2018) agus García (2018) ar an trasteangú go dtaispeántar nach bhfuil teorainneacha daingne idir na teangacha. Cruthaítear nasc leis an trasteangú sna dánta, mar sin, bunaithe ar íomhá na dteorainneacha. Is dócha go gcuireann an trasteangú leis na ráitis a dhéantar sna dánta ar an úinéireacht teanga. Cuireann saothair Wei (2018) agus García (2018) tuiscint áisiúil ar fáil leis an trasteangú chun ciall a bhaint as an ngné seo de na dánta.

Mar a chuireann Jaspers & Madsen (2019) in iúl, áfach, ní mór smaoineamh ar an idé-eolaíocht teanga i gcomhthéacs ar leith agus muid ag breathnú ar an úsáid teanga agus ar an trasteangú chomh maith. Is féidir íomhá na dteorainneacha thuas a thuiscint trí phróiseas idé-eolaíoch an íocónaithe, go deimhin (Gal & Irvine, 1995; Gal & Irvine, 2019). Seasann an easpa teorainneacha idir teangacha (Béarla agus Gaeilge) sa chaint (le feiceáil sa trasteangú) don easpa teorainneacha ar phobal na Gaeilge (le feiceáil sna ráitis ar an úinéireacht teanga). Chomh maith leis sin, cuireann an ghné seo de na dánta i gcuimhne don léitheoir go bhfuil tábhacht ag baint leis an difríocht idir an idé-eolaíocht fhollasach agus an idé-eolaíocht fholaithe (Ó hIfearnáin & Walsh, 2018; Gal & Irvine, 2019). Is go follasach a chruthaíonn Nic Liam difríocht mhór idir an Ghaeilge agus an Béarla sa dán Siúcra. Deir sí go bhfuil focail Ghaeilge ‘full of an intent and passion that can’t be duplicated in the English vocabulary’, cuir i gcás.  Is ar bhealach folaithe, áfach, a chuireann sí in iúl nach bhfuil teorainneacha daingne eatarthu agus leas á bhaint aici as an trasteangú. Ní féidir an trasteangú agus an idé-eolaíocht a scaradh ó chéile i gcás na ndánta seo agus faightear léargas an-áisiúil ar an idé-eolaíocht ach staidéar a dhéanamh ar an ngné seo.

Conclúid

Rinneadh cur síos san alt seo ar thuiscintí ar an úinéireacht teanga in ‘Maidir le Stepping on Toes’ le Cian Ó Gríofa agus in ‘Siúcra’ le Roxanna Nic Liam. Cuireann na filí in iúl sna dánta seo go bhfuil teannas ann i saol na Gaeilge maidir leis an gcoincheap seo, idir cainteoirí agus in intinn na gcainteoirí féin. Cé go bhfuil teorainn an náisiúin le haithint sa dán ‘Siúcra’, tá na filí ar aon intinn den chuid is mó: níor chóir go mbeadh teorainneacha ar an nGaeilge, is le gach duine í. Ach anailís a dhéanamh ar chaint na bhfilí agus ar an dátheangachas, áitítear go mbaintear úsáid as gnéithe de chaint iarthraidisiúnta agus as an trasteangú sna dánta seo chun cur le teachtaireacht na bhfilí maidir leis an úinéireacht teanga. Tugann na gnéithe seo le fios go bhfuil seans ann go bhfuil próiseas idé-eolaíoch ar siúl a cheanglaíonn an chaint agus an dátheangachas leis an tuairim gur le gach duine an Ghaeilge. Taispeántar leis na samplaí a pléadh san alt seo gur foinse áisiúil í an fhilíocht bhéil chomhaimseartha toisc go dtugtar deis do léitheoirí díriú ar dhearcthaí éagsúla agus ar chaint na bhfilí ag an am céanna. Bheadh tuilleadh staidéir ag teastáil chun an anailís seo a leathnú, a chuirfeadh téacsanna eile san áireamh a bhfuil dearcadh eile ar an úinéireacht teanga le brath iontu.

Is cosúil, mar sin, go mbeadh torthaí spéisiúla ag staidéar eitnifhilíochta a chuirfeadh anailís liteartha agus taighde eitneagrafaíoch ag imeachtaí ar nós REIC le chéile. Chomh maith leis an ngá le comparáid níos leithne, eascraíonn ceisteanna eile as an alt seo a bhaineann leis an bhfilíocht agus leis an idé-eolaíocht teanga: conas a thuigeann filí béil comhaimseartha an tionchar atá ag traidisiúin éagsúla ar a gcuid filíochta? An ag tógáil ar thraidisiún litríochta na Gaeilge atá siad? Mar shampla, cén saghas tionchair atá ag an bhfilíocht mhacarónach (Ó Muirithe, 1980) ar an bhfilíocht dhátheangach seo? An ag tógáil ar fheiniméan comhaimseartha domhanda na slamfilíochta atá siad? Cén nasc atá ag na tuiscintí seo le húsáid na teanga? Táthar ag súil go spreagfaidh an t-alt seo tuilleadh staidéir ar an ábhar seo atá idirdhisciplíneach, a chuirfidh traidisiún na léirmheastóireachta agus an léargas atá le fáil ón tsochtheangeolaíocht agus ón antraipeolaíocht theangeolaíoch le chéile.

Leabharliosta: 

Leabhair

Anderson, B., (1983) Imagined Communities: Reflections on the Origin and Spread of Nationalism. Londain: Verso.

Gal, S. & Irvine, J. T., (2019) Signs of Difference: Language and Ideology in Social Life. Cambridge: Cambridge University Press.

Ó Muirithe, D., (1980) An tAmhrán Macarónach. Baile Átha Cliath: An Clóchomhar.

O’Rourke, B. & Walsh, J., (2020) New Speakers of Irish in the Global Context: New Revival? Nua-Eabhrac: Routledge.

Woolard, K. A., (2016) Singular and Plural: Ideologies of Linguistic Authority in 21st Century Catalonia. Nua-Eabhrac: Oxford University Press.

Caibidlí i leabhair

García, O., (2018) ‘Translanguaging, pedagogy and creativity.’ Erfurt, J., Carporal, E. & Weirich, A. (eag.) Éducation plurilingue et pratiques langagières: Hommage à Christine Hélot. Beirlín: Peter Lang. 39–56.

Jaspers, J. & Madsen, L. M., (2019) ‘Fixity and fluidity in sociolinguistic theory and practice.’ Jaspers, J. & Madsen, L. M. (eag.) Critical Perspectives on Linguistic Fixity and Fluidity: Languagised Lives. Nua-Eabhrac: Routledge. 1–26.

Moal, S., Ó Murchadha, N.P. & Walsh, J., (2018) ‘New Speakers and Language in the Media: Audience Design in Breton and Irish Broadcast Media.’ In: Smith-Christmas, C., Ó Murchadha, N. P., Hornsby, M. & Moriarty, M. (eag.) New Speakers of Minority Languages: Linguistic Ideologies and Practices. Londain: Palgrave Macmillan. 189–212.

Ó hIfearnáin, T. & Walsh, J., (2018) ‘Réamhrá.’ In: Ó hIfearnáin, T. & Walsh, J. (eag.) An Meon Folaithe: Idé-eolaíochtaí agus iompar lucht labhartha na Gaeilge in Éirinn agus in Albain. Baile Átha Cliath: Cois Life. vii–xiv.

Ailt

Atkinson, D. & Kelly-Holmes, H., (2011) ‘Codeswitching, identity and ownership in Irish radio comedy.’ Journal of Pragmatics, 43 251–60.

Cenoz, J. & Gorter, D., (2017) ‘Minority languages and sustainable translanguaging: threat or opportunity?’ Journal of Multilingual and Multicultural Development, 38(10). 901–12.

Coleman, S., (2004) ‘The nation, the state, and the neighbors: personation in Irish-language discourse.’ Language and Communication 24. 381–411.

Gal, S., (2018) ‘Registers in Circulation: The Social Organization of Interdiscursivity.’ Signs and Society 6(1). 1–24.

Gal, S. & Irvine, J. T., (1995) ‘The Boundaries of Languages and Disciplines: how Ideologies Construct Difference.’ Social Research, 64(4). 967–1001.

Nic Fhlannchadha, S. & Hickey, T. M., (2018) ‘Minority language ownership and authority: perspectives of native speakers and new speakers.’ International Journal of Bilingual Education and Bilingualism 21(1), 38–53.

Ó Brolcháin, C., (2017) ‘Oideolaíocht an Trasteangaithe i mBunscoileanna na hÉireann: Páipéar Seasaimh ar a Poitéinseal i gComhthéacsanna Áirithe.’ Léann Teanga: An Reiviú 5. 89–99.

Ó Ceallaigh, T.J. & Ó Brolcháin, C., (2020) ‘Trasteangú san oideachas lán-Ghaeilge: Deiseanna agus dúshláin.’ Taighde agus Teagasc 7. 155–70.

O’Rourke, B. & Walsh, J., (2015) ‘New speakers of Irish: shifting boundaries across time and space’, International Journal of the Sociology of Language 231. 63–83.

O’Rourke, B., (2015) ‘Language Revitalisation Models in Minority Language Contexts: Tensions between Ideologies of Authenticity and Anonymity.’ Anthropological Journal of European Cultures, 24(1), 63–82.

O’Rourke, B., (2011) ‘Whose Language Is It? Struggles for Language Ownership in an Irish Language Classroom’, Journal of Language, Identity, and Education 10. 327–45.

Seoighe, S., (2018) ‘“Is libhse an chathair” — Pop Up Gaeltacht agus nuachainteoirí na Gaeilge.’ COMHARTaighde, 4. 2–16.

Wei, L., (2018) ‘Translanguaging as a Practical Theory of Language.’ Applied Linguistics 39(1). 9–30.

Cainteanna

Gal, S., (2021) An ELAN Discussion of Signs of Difference, Talking with Susan Gal. Leabhar pléite ag: ELAN Workshop on Signs of Difference, Cruinniú ar líne, 9 Meán Fómhair 2021.

Ó Broin, B., (2021) ‘Syntax and Lexicon: Urban Irish and Gaeltacht Irish Systematically Analysed and Compared’. Páipéar curtha i láthair ag: Foundational Approaches to Celtic Linguistics, University of Arizona [ar líne], 30 Aibreán 2021.

Philbin, A., (2020) ‘The end of Irish: how the end of the Irish language is constructed in the TG4 documentary Gaeltacht 2020.’ Páipéar comhdhála curtha i láthair ag: ENDING Anthropological Association of Ireland Conference 2020, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath [ar líne], 27 Samhain 2020.

Woolard, K.A., (2005) ‘Language and Identity Choice in Catalonia: The Interplay of Contrasting Ideologies of Linguistic Authority.’ Curtha i láthair ag: Workshop on Language Ideology and Change in Multilingual Communities, UC San Diego, San Diego, 14 Feabhra 2005.

Tráchtas Neamhfhoilsithe

Walker, K., (2019). Níl aon Tábhairne mar do Thábhairne Féin: Space, Language, and Identity, in the Pop-Up Gaeltacht. Tráchtas máistreachta neamhfhoilsithe, Ollscoil Mhá Nuad.

Foinsí Leictreonacha

An Roinn Oideachais & Scileanna, (2022) Comhionannas Deiseanna sna Scoileanna a Sheachadadh (DEIS). www.gov.ie/ga/eolas-polasaithe/b7c9fd-none/.

Nic Liam, R., (2021) ‘Siúcra’ [físeán ar líne]. https://www.youtube.com/watch?v=Mp8MvBgb10k.

NÓS, (2019) Cabhair á lorg ag Liú Lúnasa don 5ú bliain den fhéile! [ar líne]. https://nos.ie/cultur/cabhair-a-lorg-ag-liu-lunasa/?fbclid=IwAR0yiy-7Yc6azhiE3gLu1eoC9UIP7q7D35awSMO6cZ_I0LuuNTlIKsDNCA4.

Ó Gríofa, C., (2020) ‘Maidir le Stepping on Toes’ [físeán ar líne]. www.facebook.com/AnChulturlann/posts/10157957182932428.

REIC (2022) About [ar líne]. www.facebook.com/reic.eire/about/?ref=page_internal  

Tithe an Oireachtais, (2022) Comóradh Sheachtain na Gaeilge: Ráitis [ar líne]. www.oireachtas.ie/ga/debates/debate/dail/2022-03-02/19/.