Ag cothú na foghlama teanga éifeachtaí i gcás shealbhú an TX sa chóras oideachais: Cás na Gaeilge

Karen Ní Chlochasaigh

Réamhrá

Pléitear san alt seo na toscaí atá aitheanta i dtaighde na teangeolaíochta feidhmí a bhaineann le bunphrionsabail an tsealbhaithe teanga agus le sealbhú éifeachtach an dara teanga chomh maith le taighde ar mhúineadh agus fhoghlaim na Gaeilge i meánscoileanna na hÉireann.  Cé go ndírítear go minic ar an droch-chaighdeán, na deacrachtaí agus na dúshláin a bhíonn ag foghlaimeoirí na Gaeilge, is mithid díriú ar an taobh eile den mheá a bhaineann leis an dea-fhoghlaim agus foghlaimeoirí teanga a chumasú ina gcuid foghlama.  Féachtar ar na cúinsí indibhidiúla a mbíonn tionchar acu ar an bhfoghlaim rathúil teanga agus a thugann léargais ar na difríochtaí a mhaireann idir foghlaimeoirí mar thoscaí ratha.  Aithnítear go láidir go bhfuil feasacht maidir leis na bunphrionsabail a ghabhann leis an sealbhú teanga riachtanach sa phleanáil sealbhaithe agus i gcúrsaí teagaisc agus foghlama teangacha.  Cuireann an t-alt seo roimhe, sonraí a chur ar fáil bunaithe ar mhórstaidéar ar fhoghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge ar an dara leibhéal agus ar chur i bhfeidhm na dtorthaí taighde chun sealbhú na Gaeilge a chur chun cinn ar bhonn níos éifeachtaí.

Cúinsí Indibhidiúla an fhoghlaimeora aonair agus an dea-fhoghlaimeoir teanga

Ní mar a chéile a fhoghlaimíonn aon bheirt teanga agus tá a p(h)róifíl teanga féin ag gach foghlaimeoir.  Cé go nglactar leis i gcás shealbhú an dara teanga go gcuimsíonn an téarma T2 go bhfuil T3, T4 srl. san áireamh, cuireann Deweale (2017) coincheap an TX i láthair mar aon teanga a shealbhaítear anuas ar an máthairtheanga i ndiaidh aois a trí ag aon leibhéal cumais.  Áitíonn sé go bhfuil an déscaradh T1 agus TX úsáideach mar go bhféadfadh leis an TX tagairt a dhéanamh do phróifíl theangeolaíoch an duine ag leibhéil chumais éagsúla.  Baintear úsáid as an téarma TX san alt seo ar an gcúis go bhfuil tírdhreach teangeolaíoch na hÉireann tar éis athrú go suntasach le blianta a chiallaíonn go bhfuil próifíl theangeolaíoch an fhoghlaimeora tar éis athrú leis.  

Aithnítear fachtóirí éagsúla i litríocht na teangeolaíochta feidhmí a mhíníonn na difríochtaí a mhaireann idir foghlaimeoirí éagsúla agus na bealaí éagsúla chun na foghlama teanga a bhíonn acu i gcás shealbhú an dara teanga nó an TX.  Cúinsí indibhidiúla a thugtar ar na difríochtaí úd ina gcuimsítear inniúlacht, inspreagadh, meon, aois, inscne, cúlra an fhoghlaimeora, straitéisí foghlama, tréithe pearsantachta agus mothúchánacha (Cook & Singleton, 2014; Dörnyei & Skehan, 2003; Dörnyei 2005, 2009; Dörnyei & Ryan, 2015; Robinson, 2002; Skehan, 1991).  Bíonn tionchar nach beag ag cúinsí indibhidiúla ar shealbhú an dara teanga agus aithnítear iad mar thoscaí ratha chun an fhoghlaim éifeachtach teanga a thuar agus a thomhas. 

Tosaíodh ag léiriú spéise san fhoghlaimeoir aonair sna 70aidí i dtaighde na teangeolaíochta feidhmí agus léiríodh suim ach go háirithe san fhoghlaimeoir a n-éiríonn leis an dara teanga a shealbhú go héifeachtach (Rubin, 1975; Naiman et al., 1978; Griffiths, 2008, 2018).  Fuarthas amach go mbaineann cúinsí indibhidiúla i bpróifíl an fhoghlaimeora aonair go mór leis an scéal agus go mbíonn tionchar ag cúinsí ar leith ar an sealbhú éifeachtach teanga.  D’aithin Rubin (1975) tréithe comónta áirithe a bhain le foghlaimeoirí éifeachtacha teanga, cuir i gcás go mbíonn an dea-fhoghlaimeoir teanga sásta dul sa seans, buille faoi thuairim a thabhairt agus deiseanna úsáide a thapú (Féach Ó Laoire & Ní Chlochasaigh, 2010 don liosta cuimsitheach).  Fuarthas amach i mórstaidéar Naiman et al. (1978) nach bhfuil aon oideas ann i gcomhair na dea-fhoghlama, ach go raibh baint mhór ag na straitéisí foghlama ar bhain foghlaimeoirí úsáid astu leis an rath foghlama, chomh maith le cúrsaí inspreagtha agus pearsantachta.  

Tá de bhuntáistí ag na staidéir ar an bhfoghlaim éifeachtach agus na cúinsí a chuireann léi, go gcuireann siad eolas agus léargais ar fáil faoi na bealaí éifeachtacha foghlama a tharraingíonn foghlaimeoirí chucu féin ar an aistear foghlama teanga.  Is féidir an t-eolas seo a roinnt le foghlaimeoirí le hiad a chumasú, le gur féidir leo freagracht a ghlacadh as a gcuid foghlama féin.  Is díol spéise é gur tosaíodh ar an taighde ar an dea-fhoghlaimeoir teanga le linn na 70aidí go hidirnáisiúnta ach go bhfuil béim curtha ar an ábhar arís le blianta beaga anuas (Griffiths, 2008) agus den chéad uair in Éirinn (Ní Chlochasaigh, 2014).  Tá tréithe an dea-fhoghlaimeora teanga tráthúil mar ábhar anois i gcomhthéacs na Sraithe Sóisearaí agus na Sraithe Sinsearaí a bhfuil sé mar aidhm iontu aghaidh a thabhairt ar roinnt de na dúshláin a bhaineann le Gaeilge a shealbhú sa chóras oideachais, an fheasacht teanga agus chultúrtha a fhorbairt agus turas sealbhaithe an fhoghlaimeora aonair a threorú.  

Cé go n-aithnítear cúinsí indibhidiúla éagsúla i litríocht na teangeolaíochta feidhmí a chuireann leis an sealbhú teanga éifeachtach, tabharfar léargas anseo ar na cúinsí is mó forbartha sa ghort, sé sin cúrsaí inspreagtha agus úsáid straitéisí foghlama.  

Inspreagadh

Tá dhá chineál inspreagtha ann de réir theoiric Gardner & Lambert (1972), an t-inspreagadh feidhmiúil chun gnóthachtáil acadúil nó gairmiúil a bhaint amach agus an t-inspreagadh imeasctha chun a bheith mar chuid de phobal na teanga.  Rinneadh forbairt ar an gcoincheap ó shin ina n-aithnítear go bhfuil tírdhreach an inspreagtha níos casta ná seo i gcásanna ar leith agus nach bhfuil an coincheap iomlán ábhartha do chomhthéacs na mionteanga.  Tosaíodh ag tabhairt airde ar fhorbairtí i ngort na síceolaíochta chun teacht ar thuiscintí maidir le hinspreagadh an duine aonair mar fhoghlaimeoir teanga.  Tá teoiric shoch-chultúrtha forbartha ag Dӧrnyei (2005) ar a dtugtar ‘the possible selves’ theory’ atá mar chuid den ‘L2 Motivational Self System’ ina bhfuil an ‘ideal self’ agus an ‘ought-to self’ mar chineálacha inspreagtha ann.  Tiomáineann fís idéalach an ‘ideal-self’ inar bhreá le foghlaimeoir spriocanna idéalacha a bhaint amach, cuir i gcás é féin a chur in iúl go cumasach sa sprioctheanga.  Is iad braistintí gur cheart don fhoghlaimeoir sprioc áirithe a bhaint amach a stiúrann an ‘ought-to-self’.  Tá an tríú cuid den chóras inspreagtha bainteach leis an tionchar a bhíonn ag an timpeallacht foghlama ar an inspreagadh, cuir i gcás an múinteoir, an curaclam, piarfhoghlaimeoirí sa ghrúpa agus taithí ar an rath foghlama.  Meastar córas inspreagtha Dӧrnyei (2005), Dӧrnyei & Ushioda (2009) (L2 Motivational Self System) a bheith éifeachtach chun tuiscint a fháil ar réimse níos leithne d’inspreagadh an fhoghlaimeora teanga aonair a chuimsíonn tuiscintí ar theoiricí fadbhunaithe agus ar na forbairtí is rídhéanaí.   

Straitéisí Foghlama

Aithnítear an dlúthbhaint atá ag úsáid straitéisí foghlama leis an sealbhú éifeachtach teanga agus go mbaineann foghlaimeoirí maithe úsáid leathan as straitéisí foghlama san fhoghlaim rathúil teanga (Griffiths, 2018: 150).  Níl taighdeoirí ná teangeolaithe ar aon intinn faoin sainmhíniú is fearr a oireann don straitéis foghlama agus is minic fiú an téarma féin ag cur mearbhaill ar fhoghlaimeoirí agus oideachasóirí.  Teicnící, uirlisí nó scileanna atá i straitéisí foghlama (Rubin, 1975) ina n-athraíonn a n-úsáid ó fhoghlaimeoir go foghlaimeoir.  Bíonn straitéisí foghlama in úsáid ag foghlaimeoir go comhfhiosach agus go neamh-chomhfhiosach ina meastar gur féidir oiliúint a chur ar fáil ar úsáid straitéisí foghlama go héifeachtach (Oxford, 1990: 201).   

Cás na Gaeilge

Dírítear go minic sa taighde ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge ar na deacrachtaí agus ar na dúshláin a bhíonn ag foghlaimeoirí Gaeilge i mbun foghlama agus ar an titim shuntasach i gcaighdeán na teanga i measc foghlaimeoirí áirithe.  Droch-chaighdeáin agus gearáin a bhíonn mar ábhar plé go minic ina léirítear imní faoin ráta ard teipe agus míshásamh maidir le múineadh na Gaeilge ar an dara leibhéal (Ó Laoire, 1994; 1997; 2000).   Léirítear an titim shuntasach i gcaighdeán na Gaeilge labhartha agus éisteachta ó na hochtóidí ar aghaidh (Harris et al., 2006).  Cé go mbaineann staidéar Harris et al. le hinniúlacht na Gaeilge sa bhunscoil, rinneadh an taighde a choimisiúnú mar gheall ar an tuairim go raibh na leibhéil inniúlachta ag titim sa mheánscoil chomh maith (ibid).  Ní gan réasúnaíocht agus fianaise láidir gur leagadh béim ar dheacrachtaí agus laigí an chórais ach léirítear anseo an treocht le fada an lá luí isteach ar lochtanna an chórais i dtaighde a bhaineann leis an nGaeilge i gcóras oideachais na hÉireann.  

I dTuarascáil an Phríomhchigire (Cigireacht na Roinne Oideachais & Scileanna, 2018) tuairiscíodh go leanann na dúshláin ag leibhéal na meánscolaíochta ach aithnítear go raibh feabhas le sonrú i gcáilíocht na foghlama i measc dhaltaí na Gaeilge i dtuairiscí na gcigirí ar ábhar, cé nach bhfuil an leibhéal sásaimh ar chomhleibhéal le hábhair eile.  

Ar an taobh eile, aithnítear go bhfuil foghlaimeoirí ann a n-éiríonn leo an teanga a thabhairt leo ón gcóras oideachais (Ní Chlochasaigh, 2014; Ní Longaigh, 2016).  Tá an coincheap ‘Mudes teangeolaíochta’ curtha i láthair i leith nuachainteoirí na Gaeilge ag Walsh agus O’Rourke mar ‘dhaoine ar cainteoirí ardhcumasacha, gníomhacha iad a shamhlaítear a bheith ina “saineolaithe” go minic’ (2015: 2).  Don mhórchuid, is sa chóras oideachais a bhíonn an deis foghlama den chéad uair ag nuachainteoirí na Gaeilge.  D’áitigh na húdair an tábhacht a bhaineann le cúinsí indibhidiúla ar nós inspreagadh sa ‘chlaochlú teangeolaíoch’ a tharlaíonn i gcaitheamh saoil an duine.  Tá gort an inspreagtha i gcás fhoghlaim na Gaeilge ar cheann de na goirt is forbartha taighde ina bhfuil athróga a mbíonn tionchar acu ar fhoghlaim teanga á scrúdú ann.  Tá mórthaighde déanta i réimse thábhacht an inspreagtha mar athróg lárnach i gcás fhoghlaim na Gaeilge le tamall ag leibhéal na bunscoile agus na meánscolaíochta (Ó Fáthaigh, 1991; Harris & Murtagh, 1999; Murtagh, 2003; Ó Cuinneagáin, 2006; Ó Duibhir, 2009; 2018) agus le déanaí i measc foghlaimeoirí fásta (Flynn & Harris, 2016).  Tuairiscíodh i staidéir áirithe go bhfuil daltaí scoile báúil leis an nGaeilge agus leis an dátheangachas nó fiú leis an gcoincheap féin (Ó Fáthaigh, 1991; Harris & Murtagh, 1999).  Sonraíodh meon dearfach i leith na Gaeilge agus fhoghaim na Gaeilge ach go háirithe i suíomh an tumoideachais in Éirinn ach nach raibh gníomh chun na foghlama chomh suntasach céanna (Murtagh, 2003; Ó Cuinneagáin, 2006).  Aithníodh leis, an bhaint atá ag seasamh cultúrtha agus féiniúlacht ar inspreagadh foghlaimeoirí óga dátheangacha (Ní Dhonnabhái,n 2013) ach nach bhfuil na fachtóirí mothaitheacha láidir go leor chun dul i ngleic le deacrachtaí na hidirtheanga i sealbhú na Gaeilge mar dhara teanga (Ó Duibhir 2009; 2018).   

Bua nó Dua?

Is minic a mheastar go bhfuil bua i leith teangacha ag foghlaimeoirí éifeachtacha nó go mbíonn an té sin ceolmhar, cuir i gcás.  Ardaítear an cheist, áfach, an é go mbíonn bua nádúrtha a bhíonn fréamhaithe sa duine a n-éiríonn leis teanga a shealbhú go héifeachtach nó an é go gcaitear dua le foghlaim na teanga sin?  Is iad ceisteanna den chineál seo a spreag an staidéar chomh maith leis an gcúis go mbíonn foghlaimeoirí áirithe níos rathúla ná a chéile.  Ba í sprioc an taighde ar a bhfuil an t-alt seo bunaithe ná iniúchadh a dhéanamh ar an gceist ‘Cad iad na tréithe comónta a bhíonn ag dea-fhoghlaimeoirí na Gaeilge a n-éiríonn leo an Ghaeilge a thabhairt leo ón gcóras oideachais?’  

Is iad na cúinsí indibhidiúla seo a leanas a scrúdaíodh; cúrsaí éirime, inscne, aicme scoile, cúlra an fhoghlaimeora, meon agus inspreagadh, straitéisí agus stíleanna foghlama, tréithe pearsantachta agus mothúchánacha an fhoghlaimeora.  

Modheolaíocht agus Rannpháirtithe

Úsáideadh mórstaidéar Naiman et al. (1978) mar mhúnla taighde don obair ghoirt ar thréithe dhea-fhoghlaimeoirí na Gaeilge, a cuireadh in oiriúint don Ghaeilge agus d’fhoghlaim na mionteanga.  Cuir i gcás, gur mhór idir teangacha móra domhanda ar nós an Bhéarla nó na Fraincise agus teanga mhionlaigh ar nós na Gaeilge sa chaoi nach mbeadh na deiseanna céanna cumarsáide ag foghlaimeoir mionteanga a chuirfeadh srian leis an teagmháil a bheadh ag cainteoir nó úsáideoir leis an mionteanga sin lasmuigh den seomra ranga.  Tá seans ann go mbeadh impleachtaí ag an teorainn theangeolaíoch seo ar an sealbhú teanga a thitfeadh amach i limistéir na scoile amháin.  Cuireadh san áireamh sa dearadh taighde chomh maith na mórfhorbairtí atá déanta i ngort na teangeolaíochta feidhmí ó aimsir staidéir Naiman et al., mar a pléadh thuas.  Rinneadh ceistneoir a cheapadh ina raibh ceisteanna a bhain le cúlra agus cúinsí indibhidiúla an fhoghlaimeora chun imscrúdú a dhéanamh go cainníochtúil. Bhí cúig chuid sa cheistneoir:

1. cúlra/próifíl an fhaisnéiseoraaois, inscne, baile, cúlra oideachais, tréimhsí Gaeltachta, teangacha eile
2. cumas an fhaisnéiseoracumas thar na hinniúlachtaí teanga éisteacht, labhairt, léamh agus scríobh ailínithe leis an CEFR (Comhchreat Tagartha na hEorpa um Theangacha)
3. an próiseas foghlamacur chuige, bealaí agus staitéisí foghlama
4. meon/suim bunaithe ar thaithítionchar cúinsí eile ar an meon
5. cúrsaí inspreagthacineálacha inspreagtha de réir na teoirice

Tábla 1.1 Cúinsí Indibhidiúla a scrúdaíodh sa cheistneoir

Cuireadh grúpaí fócais ar siúl i measc foghlaimeoirí iarbhunscolaíochta a n-áirítear mar fhoghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge iad, ach iad a bheith fós ar bhóthar an tsealbhaithe teanga chun a bheith ina n-úsáideoirí neamhspleácha Gaeilge.  Glactar leis gur líne nó contanam é an fhoghlaim teanga ina dtosaíonn an té atá i mbun foghlama amach mar fhoghlaimeoir agus ina ndéanann sé forbairt ar an gcontanam go dtí go mbíonn sé ina úsáideoir neamhspleách teanga (Comhairle na hEorpa, 2001). 

Cuireadh grúpaí fócais ar siúl (n=7), ceann amháin i ngach scoil, le faisnéiseoirí roghnaithe an taighde (n=31) chun forbairt a dhéanamh ar an gceistneoir cainníochtúil.  Chuathas i muinín na múinteoirí agus príomhoidí scoile a bhíonn de shíor ag plé le foghlaimeoirí, chun teacht ar fhaisnéiseoirí oiriúnacha don taighde.  Is é sin foghlaimeoirí a n-áirítear mar fhoghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge iad sa chóras oideachais.  Cuireadh critéir roghnaithe san áireamh i roghnú na rannpháirtithe a chuimsigh eolas atá tagtha anuas chugainn ón litríocht mar a bhaineann le tréithe aitheanta an dea-fhoghlaimeora teanga.  Cé go raibh cumas mar chritéir roghnaithe, roghnaíodh rannpháirtithe a léirigh tréithe thar chumas, cuir i gcás, inspreagadh, meon, cur chuige foghlama a bhí ag teacht leis na tréithe réamhaitheanta agus ní sampláil bunaithe ar thorthaí scrúdaithe amháin a bhí ann. 

Ghlac seacht n-iar-bhunscoil páirt sa taighde ina raibh dhá scoil Bhéarla suite sa chathair (SB_C), dhá scoil lán-Ghaeilge suite sa chathair (SLG_C), scoil Bhéarla tuaithe (SB_T), Scoil lán-Ghaeilge tuaithe (SLG_T), Scoil Ghaeltachta (SG) agus coláiste samhraidh (CS) san áireamh chun tomhas ionadaíoch a dhéanamh ar an bpobal foghlaimeoirí ar an dara leibhéal. Chomhlánaigh rannpháirithe i mBliain 5 den mheánscoil an ceistneoir (n=117) agus roghnaíodh faisnéiseoirí áirithe idir chailíní agus bhuachaillí a n-áirítear mar fhoghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge iad ón sampla chun páirt a ghlacadh sna grúpaí fócais (n=31).

Rinneadh anailís ar thorthaí taighde an staidéir ina trí chuid; sa chéad áit tugadh faoi anailís chainníochtúil ar thorthaí na gceistneoirí inar baineadh úsáid as an gcóras staitisticiúil SPSS le minicíochtaí agus comhghaolta na bhfreagraí ar an gceistneoir a thomhas, mar shampla, an bhaint idir dearcadh dearfach sa bhaile i leith na Gaeilge agus inniúlacht an dalta scoile sa Ghaeilge.  Rinneadh scagadh cáilíochtúil ar thorthaí/shonraí na gceistneoirí ina dhiaidh sin chun treochtaí a bhí ag teacht chun cinn iontu a aithint agus a thaifead.  Rinneadh iniúchadh cáilíochtúil níos doimhne ar shonraí na ngrúpaí fócais.  

Tuarascáil ar Thorthaí Taighde

Pléifear anseo na mórghnéithe a sonraíodh sa staidéar maidir leis na tréithe comónta a aithníodh i measc fhoghlaimeoirí iarbhunscolaíochta na Gaeilge a aithníodh a bheith rathúil i mbun an tsealbhaithe teanga. 

Meon i leith na Gaeilge agus an Dátheangachais

Soiléiríodh meon dearfach trí chéile maidir leis an nGaeilge agus leis an dátheangachas, beag beann ar an sampla nó aicme scoile a ceistíodh sa cheistneoir agus sna grúpaí fócais.   Sonraíodh sna tuairiscí ó bhéal go mbíonn tionchar ag dearcadh dearfach ón mbaile, meon dearfach an mhúinteora agus gníomh an tuismitheora ar mheon an fhoghlaimeora a chothú agus a mhúnlú i leith na Gaeilge.  Samhlaíodh tréimhsí Gaeltachta nó coláiste samhraidh, gníomhaíochtaí agus imeachtaí le Gaeilge le cothú meon dearfach ina dtugann foghlaimeoirí an oideachais Lán-Ghaeilge suntas ar leith don tumoideachas mar mhórfhachtóir cothaitheach ann.  Sonraíodh meon fíordhearfach maidir le hoidhreacht agus cultúr na hÉireann mar threocht i sonraí cáilíochtúla an staidéir inar aithin na faisnéiseoirí iad féin mar cheannródaithe na Gaeilge a bhfuil sé de dhualgas orthu an teanga a chur ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile.  B’fhíor é seo ach go háirithe i gcás fhoghlaimeoirí an tumoideachais.  Cé gur sonraíodh meon fíordhearfach i leith na Gaeilge agus i leith chultúr na hÉireann, níor aistrigh an fonn sin do theangacha eile a fhoghlaim nó do chultúir eile a bhlaiseadh, spéisiúil go leor.  Tháinig sé chun cinn sa taighde go mbíonn meon aonteangach ag foghlaimeoirí maithe na Gaeilge i leith na Gaeilge agus nach raibh an fheasacht forbartha iontu don mhórchuid maidir leis an ngaol a mhaireann idir an T2 agus teangacha eile;

SG:

Faisnéiseoir C: Dúirt mé go mbeinn scanraithe roimpi (teanga eile a fhoghlaim) mar is dócha an ualach oibre leis like le gramadach agus rudaí.

Ardaítear ceisteanna anseo maidir leis an bhfeasacht teanga agus feasacht ar an ilteangachas i seomraí ranga na Gaeilge.  Is é sin go mbeadh daltaí meánscoile dírithe ar agus eolasach faoi na féidearthachtaí a bhaineann le haistriú bealaí chun na foghlama ó theanga amháin go teanga eile, cé go n-aithnítear nach mbeadh an taithí foghlama ná tírdhreach sochtheangeolaíoch idir teangacha díreach mar an gcéanna.  

Fachtóirí Mothaitheacha

Sonraíodh na braistintí diúltacha a mhúsclaítear i measc na bhfaisnéiseoirí san fhoghlaim teanga ar a raibh frustrachas agus trína chéile faoin tasc teanga go ceannasach ann i sonraí an cheistneora.  Cothaítear na mothúcháin seo toisc comparáid a dhéanamh le daoine eile sa rang, botúin ‘amaideacha’, gnóthú drochmharcanna, streachailt le castacht cruinnis nó cúrsaí foghraíochta agus iarrachtaí iad féin a chur in iúl go héifeachtach sa sprioctheanga.  Léirigh sonraí cáilíochtúla an náire mar mothúchán ceannasach;

SB_C:

Faisnéiseoir B: Náirithe, bíonn náirithe orm, bíonn náire orm nuair a dúirt mé an rud mícheart.

Faisnéiseoir A: I said ah áiféiseach ag labhairt mar tá na fuaimeanna deacair.

Tuairiscíodh sa taighde, áfach, go bhfuil na straitéisí cuí ag foghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge chun dul i ngleic le mothúcháin dhiúltacha; labhairt níos minice sa rang chun dul i dtaithí air, cuir i gcás.  

Ar an taobh eile, tuairiscíodh fachtóirí mothaitheacha an-dearfach ach a raibh baint acu le cúinsí eile ar nós inniúlacht teanga agus oidhreacht chultúrtha;

SLG_T:

Faisnéiseoir D: …braitheann tú bródúil as toisc go bhfuil tú ábalta do teanga féin a labhairt.

Faisnéiseoir B: Agus a labhairt go maith.              

Úsáid Staitéisí Foghlama

Sonraíodh ardúsáid straitéisí foghlama sa ghrúpa fócais inar mhaígh níos mó foghlaimeoirí úsáid a bhaint as straitéisí foghlama i gcás fhoghlaim na Gaeilge ná a mhalairt.  Léiríodh an focal scríofa agus athrá ar na straitéisí foghlama ba mhó úsáide chomh maith le húsáid a bhaint as an bhfoclóir.  Léirigh faisnéiseoirí feasacht i leith úsáid straitéisí foghlama ach bhí tionchar an mhúinteora feicéalach go láidir i spreagadh na húsáide agus sa treoir a ghabhann le húsáid inaistritheach straitéisí foghlama ó theanga amháin go teanga eile;

SLG_C:

Faisnéiseoir A: …bhí na múinteoirí sa bhunscoil an-chabhrach agus thaispeáin siad slite difriúla chun an teanga a foghlaim agus d’oibreodh sé sin don tríú teanga freisin.

Faisnéiseoir C: Mhúin múinteoir na cinn, na briathra neamhrialta as Gaeilge dúinn agus ansin is féidir liom an teicníc sin a thógaint ar aghaidh go dtí an Fraincis.

Faisnéiseoir D: Ceapaim go dtugann an Ghaeilge an-chabhair dom ag foghlaim teangacha eile, am rinne mé an Spáinnis agus an Fraincis don Teastas Sóisearach chomh maith leis an Gaeilge agus an Béarla agus ceapaim go bhfuil sé i bhfad níos éasca teangacha eile a fhoghlaim nuair a bhíonn an Ghaeilge agat. Tá a fhios agam go bhfuil na teangacha an-difriúil ach tugann sé cabhair duit leis na briathra agus just an slí ina fhoghlaimíonn tú teanga leis an struchtúr de bharr na briathra agus foclóir nua agus rudaí mar sin.

Tá ionchur ón múinteoir maidir le húsáid straitéisí foghlama le sonrú go ríshoiléir ach is soiléire fós an inaistritheacht a fheiceann an foghlaimeoir leis an straitéis ó theanga go teanga.

Inniúlacht Teanga

Maidir le hinniúlacht teanga, cé gur roghnaíodh na faisnéiseoirí toisc go n-airítear iad mar fhoghlaimeoirí éifeachtacha Gaeilge, agus gur mhaígh 67.9% díobh go raibh bua acu san fhoghlaim teanga, rinne siad dian-fhéintuairisciú mar gheall ar a gcuid scileanna teanga go háirithe maidir le scil na scríbhneoireachta.  Ceaptar an bhéim a chuirtear ar an scríbhneoireacht sa seomra ranga Gaeilge a bheith mar chúis leis an toradh seo.  Sonraíodh go bhfuil foghlaimeoirí níos cleachtaithe ar cheartúcháin a fháil agus anailís a dhéanamh ar a gcuid scríbhneoireachta ná a gcuid cleachtadh labhartha.  Ba léir gurb iad gráid agus aiseolas an mhúinteora a fheidhmíonn mar chomharthaí dóibh ar a gcumais sa teanga;

SB_T:

Faisnéiseoir A: Mar like tá mé go maith ag Gaeilge ar dtús…is maith liom é…agus faighim marcanna maith.

Cé gur mhaígh foghlaimeoirí áirithe go raibh bua nó cumas acu i leith na Gaeilge, ní raibh an inniúlacht sa teanga chomh suntasach céanna mar chúinse indibhidiúil is a bhí cúinsí ar nós meoin, inspreagadh agus cúinsí baile an fhoghlaimeora.  Ní mór machnamh a dhéanamh faoi cheist na hinniúlachta i gcomhthéacs na mionteanga chomh maith, nár leor inniúlacht teanga chun cainteoirí dátheangacha gníomhacha a chruthú don tsochaí (Ó Duibhir, 2019).    

Cur chuige Foghlama

Léiríodh go bhfuil luí fabhrach ag dea-fhoghlaimeoirí le cur chuige gníomhach foghlama, fiú muna bhfuil an cur chuige sin á chleachtadh acu féin ba bhreá leo dá mbeadh.  Mhaígh na faisnéiseoirí go ndéanann siad cleachtadh ar an teanga nuair is féidir leo ach ní mór a aithint gur i dteorainn an tseomra ranga nó na scoile a thiteann sé seo amach don mhórchuid.  Cuireadh in iúl go dtaitníonn sé leo foghlaim faoi rudaí ar féidir leo úsáid a bhaint astu in aistí cuir i gcás, nó chun críche cumarsáide.  

Fáilte roimh Cheartúcháin

Tuairiscíodh go láidir go gcuireann foghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge fáilte mhór roimh cheartúcháin agus go bhfuil an toradh seo an-ard agus an-suntasach.  Tháinig sé chun cinn go bhfuil an seasamh seo acu toisc go bhfuil siad ag iarraidh dul chun cinn a dhéanamh sa Ghaeilge ar mhaithe le spriocanna feidhmiúla, ar nós scrúduithe.  Léirigh siad glacadh fonnmhar le haiseolas agus mianta chun botúin a sheachaint sa todhchaí.  Is spéis leo míniú a fháil ar a gcuid botún chun na críche seo agus lorgaíonn siad óna múinteoirí é. 

SLG_C:

Faisnéiseoir C: Bíonn áthas orm nuair a cheartaíonn duine botún a dhéanaim mar léiríonn sé go bhfuil suim ag duine eile sa teanga chomh maith leatsa agus tá suim acu do Ghaeilge nó Fhraincis a fheabhsú ar mhaitheas duit féin agus ar mhaitheas na teanga so ceapaim is rud maith é…

Faisnéiseoir A: Yeah má dhéanann tú botún sa scríbhneoireacht like ceartaíonn an múinteoir é agus tá sé rud maith mar muna cheartaíonn tú é bíonn tú ag déanamh an botún céanna arís is arís…

Faisnéiseoir D: Tá mé ceart go leor na ceartúcháin a chloisint ach uaireanta cuireann sé isteach orm nuair atá tú ag iarraidh labhairt agus bíonn an múinteoir ag cur isteach ort agus ní bhíonn an deis agat an rud a rá agus bíonn tú buartha faoi na botún gramadach atá á ndéanamh agat nach mbíonn tú in ann an abairt a dhéanamh i gceart. Ach i gcás aistí agus rudaí mar sin ceapaim go bhfuil sé níos fearr like fáth a chur leis an botún seachas just líne a chur faoi mar tá sé an-deacair na botún a fháil i leabhar nó rud éigin agus ní bhíonn a fhios agat cad é an fhadhb leis an rud atá á rá agat.

 Inspreagadh

Aithníonn torthaí an staidéir an tábhacht a bhaineann le cúrsaí inspreagtha mar chúinse lárnach i gcás fhoghlaim éifeachtach na Gaeilge.  Sonraíodh pointí Ardteiste agus áiteanna a fháil ar chúrsaí ollscoile mar inspreagadh feidhmiúil i gcás fhoghlaim na Gaeilge ina raibh eilimintí den inspreagadh ought-to-self ag Dӧrnyei (2005) le sonrú sa mhéid a dúradh faoi scrúduithe.  Is é sin, gur tháinig sé chun cinn go mbraitheann foghlaimeoirí gur chóir dóibh gráid éagsúla a ghnóthú;

SLG_C:

Faisnéiseoir A: Ceapaim go bhfuil sé tábhachtach mar is féidir leat níos mó postanna a fháil sa todhchaí like múinteoir agus ah ceapaim chun dul isteach san ollscoil tá an tríú teanga ag teastáil do chuid de na cúrsanna freisin.

Léiríodh seasamh cultúrtha i leith na teanga san ought-to-self leis ar mhaithe leis an teanga a chur chun cinn.  San inspreagadh imeasctha agus san ideal-self a cuireadh chun cinn, cuireadh mianta ‘a bheith in ann labhairt cosúil le múinteoirí / cainteoirí maithe’ chun cinn mar chúis leis an inspreagadh;

SB_C:

Faisnéiseoir D: …níos mó tuisceana a fháil ar chultúr na hÉireann, is aoibhinn liom an cultúr agus an teanga freisin agus cheap mé go raibh sé tábhachtach chun foghlaim faoin cultúr.

SB_T:

Faisnéiseoir C: Ah ní bheidh mé ag déanamh é san ollscoil ach ba mhaith liom a bheith ábalta caint as Gaeilge go líofa agus dul go dtí an Ghaeltacht agus tá sé tábhachtach freisin like.

Ba choitianta an mhian thuas cúrsaí tríú leibhéal a dhéanamh nach mbeadh an Ghaeilge ag teastáil chuige ach go spreagtar iad i leith na Gaeilge ar chúiseanna eile ar nós braistintí cultúrtha.  

Ardaíodh ceist spéisiúil faoin inspreagadh imeasctha nuair a nocht foghlaimeoirí tuairimí a thug le fios go bhfuil siad comhtháite i bpobal na Gaeilge cheana féin sa chomhthéacs oideachais.  Léiríodh inspreagadh cultúrtha ag faisnéiseoirí an taighde chomh maith ina sonraíodh ceangal láidir idir tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht, meon dearfach a chothú agus inspreagadh san fhoghlaim teanga a chothú dá bharr.  Tá fianaise ar fáil sa taighde seo ar an seasamh agus ar an bhfís atá ag foghlaimeoirí meánscoile Gaeilge na linne seo, ach go háirithe foghlaimeoirí an tumoideachais, maidir le húinéireacht teanga agus féiniúlacht teanga;

SLG_T:

Faisnéiseoir D: Chun é a choimeád beo you know.

Faisnéiseoir B: Yeah, just féachann tú na daoine nach bhfuil sé acu you know agus nuair a bheidh siad fásta suas ní bheidh focal ar bith acu. Coiméadfaimid beo é.

Fuarthas amach go bhfuil baint ag an tríú cuid den ‘L2 Motivation Self System’ (Dörnyei, 2005) le hinspreagadh an fhoghlaimeora éifeachtaigh i leith na Gaeilge.  Is minic a spreagtar foghlaimeoirí teanga mar thoradh ar an timpeallacht foghlama agus ar an idirghníomhaíocht leis an bpróiseas foghlama mar go bhfuil cumas acu ann (Dörnyei, 2005).  Sonraíodh sna torthaí taighde go bhfuil bua nó cumas á léiriú i leith na Gaeilge agus idirghníomhú leis an múinteoir Gaeilge mar mheán inspreagtha ach nach raibh gníomhú le foghlaimeoirí eile nó leis an gcuraclam le sonrú mar mheán inspreagtha i bhfaisnéis na bhfoghlaimeoirí.   

Tá an meascán de chineálacha inspreagtha a léirigh foghlaimeoirí meánscolaíochta sa staidéar le sonrú go láidir.  Is féidir le hinspreagadh an duine aonair athrú le himeacht ama bunaithe ar chúinsí eile an tsaoil, cuir i gcás, mianta Gaeilge a labhairt le páistí.  Ar an mbonn céanna, d’fhéadfadh athrú teacht ar aon cheann de na dearcthaí léirithe anseo ag faisnéiseoirí an taighde i gcaitheamh an tsaoil. 

Ról an Mhúinteora

Ní fhéadfaí neamhaird a dhéanamh ar thionchar an mhúinteora ar fhoghlaim éifeachtach na Gaeilge, cé gur ar an bhfoghlaim seachas ar an teagasc a bhí an staidéar bunaithe.  Tháinig sé go mór chun solais sa taighde gur tobar eolais é an múinteoir d’fhoghlaimeoirí agus gurb é an múinteoir an t-aon fhoinse eolais a bhíonn ag an-chuid foghlaimeoirí.  Dá bhrí sin, bíonn foghlaimeoirí spleách ar an múinteoir ach fiú i gcásanna ina n-éiríonn leo réimse neamhspleáchais a bhaint amach san fhoghlaim teanga, is é an múinteoir a spreagann an neamhspleáchas sin.  Fiú sa chás nuair a bhaineann foghlaimeoir úsáid neamhspleách as straitéisí foghlama, is é an múinteoir a mhúin na straitéisí foghlama don fhoghlaimeoir sa chéad áit agus a spreag an úsáid neamhspleách.  Léiríodh ardfheasacht maidir le hinniúlacht an mhúinteora agus a chumas a bheith in ann saibhreas eolais, feasacht chultúrtha agus, ach go háirithe, mínithe gramadaí a chur ina láthair sa seomra ranga Gaeilge.  Is cinnte gur léirigh siad tuiscint ar dhea-thréithe an mhúinteora, cuir i gcás, grá don Ghaeilge, dearfach, díograiseach, spreagúil agus tacúil, rud a chuireann lena gcuid sealbhaithe teanga dar leo féin.  Cé gur ar mhúinteoirí meánscoile a bhí na foghlaimeoirí ag caint den chuid is mó, rinneadh tagairt don mhúinteoir bunscoile chomh maith.  Léiríonn sé sin tábhacht an mhúinteora spreagúil ionspioráidigh a mbíonn tionchar leanúnach aige ar an bhfoghlaimeoir teanga maidir le sealbhú éifeachtach teanga sa chóras oideachais go minic.  Tá an toradh seo ag teacht le torthaí taighde i gcás mudes teangeolaíochta agus nuachainteoirí na Gaeilge agus na heispéiris thábhachtacha a luann foghlaimeoirí (Walsh & O’Rourke, 2015) agus leis an tríú cuid de chóras inspreagtha ‘L2 Motivation Self System’ a bhaineann leis an timpeallacht foghlama agus ról an mhúinteora i gcothú an inspreagtha.  

Impleachtaí na dTorthaí Taighde don Seomra Ranga

An sprioc a bhaineann leis an taighde ar fhoghlaimeoirí éifeachtacha teanga ar an scála idirnáisiúnta agus sa taighde dúchais ná chun ceachtanna a chur ar fáil d’oideachasóirí chun foghlaim ó chás an fhoghlaimeora aonair.  Pléifear anseo na himpleachtaí atá sna torthaí taighde a cuireadh i láthair san alt seo don chleachtas oideolaíochta chun sealbhú na Gaeilge a chothú, dea-chleachtais a shaibhriú agus foghlaimeoirí a chumasú. 

Úsáid agus Feidhm na Sprioctheanga

Aithnítear an dúshlán a bhaineann le deiseanna a chur ar fáil d’úsáid na teanga i gcás shealbhú na mionteanga (Ó Duibhir, 2019).  Tháinig an téama chun cinn maidir le húsáid dhílis na teanga ag leibhéal an cheachta, an tseomra ranga agus an phobail i sonraí an staidéir.   Cuireadh an-bhéim, cuir i gcás, ar an úsáid a bhféadfaí a bhaint as teanga ar mhaithe le sprioc chumarsáide a bhaint amach.  Moltar go ndéanfaí freastal dianmhachnamhach ar an úsáid a d’fhéadfadh foghlaimeoirí na Gaeilge a bhaint as an ábhar a chuirtear i láthair dóibh sa cheacht Gaeilge nó ábhar trí Ghaeilge d’fhonn an fheidhm a bhaineann leis an teanga i gcomhthéacs an ábhair a léiriú.  Má chuirtear stór focal nó mír ghramadaí ina láthair sa rang, cuir i gcás, tá sé ríthábhachtach go mbeadh feidhm le feiscint leis an mír ghramadaí nó stór focal i gcomhthéacs an ábhair nó na topaice atá á plé, sa chaoi is go samhlaítear úsáid agus feidhm leis an mír teanga nó gramadaí.  

Leagadh an-bhéim ar úsáid na Gaeilge don fhíorchumarsáid a chur i gcrích a chuireann go mór le hinspreagadh na bhfoghlaimeoirí.  Léiríodh tábhacht tréimhsí Gaeltachta agus imeachtaí sóisialta le Gaeilge agus deiseanna cumarsáide a leathnú thar theorainn an tseomra ranga.  Is eol dúinn go lorgaíonn agus go gcruthaíonn dea-fhoghlaimeoirí teanga deiseanna cumarsáide (Rubin, 1975; Naiman et al., 1978; Griffiths, 2008; 2018; Ó Laoire & Ní Chlochasaigh, 2010) agus go bhfuil ceangal idir toil cumarsáide agus an sealbhú teanga (Skehan 1991; MacIntrye et al., 2002).  Léiríonn an staidéar go mbíonn an-tionchar ag na tréithe cumarsáide ar shealbhú rathúil na Gaeilge.   

Tá timpeallacht éagsúil foghlama sna gréasáin 2.0, is é sin uirlisí ríomhchuidithe a d’fhéadfadh deiseanna cumarsáide na Gaeilge a leathnú don fhoghlaimeoir Gaeilge lasmuigh de bhallaí na scoile.  Tá tuilleadh deiseanna ar fáil sna gréasáin 3.0 a chruthaíonn domhan fíorúil don fhoghlaimeoir teanga tré mheán ríomhchluichí 3D d’fhonn inspreagadh a chothú (Dalton & Devitt, 2016).  Dúchasaigh dhigiteacha atá sa ghlúin seo d’úsáideoirí ar an ríomhtheanga.  Moltar blaganna, vícithe agus podchraoltaí a úsáid sa seomra ranga le foghlaim chomhoibríoch, rannpháirteach, fhéinriartha agus mhachnamhach a chur chun cinn agus chun deiseanna úsáide dílse an dara teanga a chruthú. 

Moltar go láidir go ndéanfaí tógáil ar iarrachtaí idirghníomhaíocht na bhfoghlaimeoirí a chur chun cinn ar bhonn níos cuimsithí agus comhtháite sa seomra ranga féin.  Is cúis imní í go léiríonn sonraí an taighde go bhfuiltear ag brath chomh láidir sin ar an múinteoir mar fhoinse eolais, eiseamláir teanga agus mheán idirghníomhaíochta chun foghlaimeoirí éifeachtacha a spreagadh, a chothú agus a mhúnlú.  Cé go bhfuil ríthábhacht ag baint le ról an mhúinteora anseo, ní mór suntas a thabhairt do na féidearthachtaí a bhaineann leis an idirghníomhaíocht le foghlaimeoirí agus cainteoirí eile i gcothú na foghlama éifeachtaí.   

Úsáid Straitéisí Foghlama

Tuairiscíodh go mbaineann foghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge úsáid as raon leathan de straitéisí foghlama.  Moltar go leagfaí béim ar úsáid straitéisí foghlama agus go múinfí d’fhoghlaimeoirí conas teacht ar thuiscint maidir leis na straitéisí foghlama is rathúla agus is oiriúnaí dóibh san fhoghlaim teanga.  Cuireann uirlis mheititheangeolaíoch ar nós punann teanga (Comhairle na hEorpa) leis an bhfoghlaim mhachnamhach a spreagadh agus an úsáid chuí a bhaint as straitéisí foghlama.  Luaigh faisnéiseoirí an staidéir cleachtais ar nós dialann foghlama a choimeád le liosta d’fhocail ghaolmhara, gluais de réir téamaí ach bhí úsáid na ndialann ag brath go mór ar threoir ón múinteoir nó ar obair neamhspleách an fhoghlaimeora.  D’fhéadfaí forbairt a dhéanamh ar an gcleachtas seo de réir Sonraíochta na Sraithe Sóisearaí (2017).  

Léiríonn torthaí taighde an staidéir seo an inaistritheacht a bhaineann le húsáid straitéisí foghlama ó theanga amháin go teanga eile ach go mbíonn tionchar sa chéad áit ag an múinteoir teanga i múineadh na straitéisí foghlama nó i spreagadh úsáid straitéisí foghlama.  Déantar an moladh mar sin go gcuirfí plé ar straitéisí foghlama maidir le foghlaim teangacha i bhfeidhm mar dhea-chleachtas ranga agus gur féidir le daltaí scoile na straitéisí éagsúla a phlé.  Ní leor, áfach, punann teanga nó foghlama a bheith mar chuid den churaclam ach múinteoirí a bheith oilte ar úsáid cheart chuí na punainne mar uirlis foghlama bheo i gcumasú agus i scafall an TX.  Ní mór chomh maith idirdhealú a dhéanamh idir an fheasacht teanga a bhaineann le heolas ar struchtúr na teanga agus conas mar a fheidhmíonn an teanga agus an fheasacht mheithitheangeolaíoch ata bainteach le conas mar a fhoghlaimítear teanga agus leis na straitéisí foghlama a tharraingíonn foghlaimeoirí chucu féin le linn foghlama. 

Cruinnúsáid na Gaeilge

Pléitear go rímhinic na mórdheacrachtaí a bhaineann le teagasc agus foghlaim na Gaeilge sa chóras oideachais in Éirinn agus na dúshláin mhóra atá roimh scoileanna agus roimh mhúinteoirí sa chóras i gcoitinne caighdeán sásúil a sholáthar (Harris et al., 2006; Gael-Linn, 2017; Cigireacht na Roinne Oideachais & Scileanna, 2007; 2018).  I réimse an tumoideachais in Éirinn, tuigtear in ainneoin bhuntáistí cognaíocha, teangeolaíocha agus acadúla an tumoideachais go bhfuil deacrachtaí le cruinnúsáid na teanga (Ó Ceallaigh, 2016; Ó Duibhir, 2018; Ní Aogáin, 2019).  Tá cuntais shaibhre ar fáil ar na deacrachtaí cruinnis is mó sa ghinchumas labhartha ag daltaí tumoideachais na bunscoile (Ó Duibhir, 2018) agus sa ghinchumas scríofa i méanscoileanna lán-Ghaeilge (Walsh, 2007).  Áitíonn taighdeoirí go bhfuil éifeacht ag earráidí labhartha ar an teanga scríofa (Nic Pháidín, 2003) agus tar éis tréimhe ama i mbun forbartha go ndéantar iontaisiú ar dhrochstruchtúir chainte (Ó Ceallaigh, 2016; Walsh, 2007).  

Soiléiríodh i measc fhoghlaimeoirí éifeachtacha an staidéir i scoileanna T1 agus T2 an luí láidir atá acu leis an gcruinneas teanga mar uaillsprioc.  Nocht faisnéiseoirí an riachtanas a bhaineann le mínithe gramadaí a fháil mar chuid d’aiseolas scríofa an mhúinteora ionas nach mbeidh siad in amhras faoi bhotúin chruinnis.  Fuarthas amach chomh maith go mbíonn gníomh le ceartúcháin i gceist i measc fhoghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge, ’sé sin na hiarrachtaí a dhéanann siad a gcuid botún a chur ina gceart tar éis aiseolas scríofa nó ó bhéal a fháil ón múinteoir Gaeilge.  Moltar an t-aiseolas ceartaitheach, ina chuirtear treoir agus tacaíocht ar fáil don fhoghlaimeoir teanga in aiseolas an mhúinteora, a neartú mar dhea-chleachtas san fhoghlaim teanga, ach cúram a dhéanamh do mhuinín an fhoghlaimeora sa chleachtas sin.  Aithnítear an t-aiseolas ceartaitheach ó bhéal a bheith mar thréith éifeachtach i dteagasc na Gaeilge sa bhunscoil (Harris & Ó Duibhir, 2011) agus mar bhealach éifeachtach córasach chun dul i ngleic le deacrachtaí a shamhlaítear le cruinnúsáid na Gaeilge mar dhara teanga i mbunscoileanna lán-Ghaeilge (Ní Aogáin, 2019).  Ní mór féachaint ar an gceist a bhaineann le caighdeán teanga na múinteoirí agus soláthar múinteoirí Gaeilge don earnáil iar-bhunoideachais le caighdeán teanga sách maith (Gael-Linn, 2017; Ó Grádaigh, 2015; Cigireacht na Roinne Oideachais & Scileanna, 2018) agus aon mholadh mar seo á dhéanamh.  

Snáithe na Feasachta Teanga

Soiléiríodh trí chineál feasachta sa taighde a thugann léargais thábhachtacha dúinn ar thionchair na feasachta teanga ar shealbhú éifeachtach na Gaeilge: an fhéinfheasacht, an fheasacht teanga agus an fheasacht chultúrtha.  Aithnítear i Sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí dhá shnáithe na feasachta (Feasacht teanga agus chultúrtha agus Féinfheasacht an fhoghlaimeora) a bheith mar dhlúthchuid ghníomhach de shnáithe na cumarsáide (An Roinn Oideachais & Scileanna agus An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim & Measúnachta, 2017).  Tá áit lárnach ag an bhfeasacht teanga in aon churaclam teanga ach déanfar moltaí anseo bunaithe ar thorthaí an taighde.  Cuirtear chun cinn mar mholadh go spreagfaí cur chuige ionduchtach-follasach mar oideolaíocht éifeachtach ina dtagann foghlaimeoirí ar struchtúr na teanga iad féin trí na samplaí den teanga a chuirtear ar fáil dóibh.  Tá idirghabháil an chuir chuige ionduchtaigh-fhollasaigh cruthaithe a bheith éifeactach chun dul i ngleic le deacrachtaí cruinnis, feasacht teanga a fhorbairt agus gníomhaíocht an fhoghlaimeora a spreagadh (Ní Dhiorbháin, 2017).  

Faoi mar a pléadh thuas, sonraíodh meon fíordhearfach maidir le cultúr na hÉireann i measc fhaisnéiseoirí an taighde agus tuairiscíodh i gcásanna áirithe gurb é an nasc le líonra cultúrtha sa scoil lán-Ghaeilge, sa Ghaeltacht, i gcoláiste samhraidh Gaeilge nó sa phobal a mhúscail agus a chothaigh an t-inspreagadh páirt ghníomhach shóisialta a ghlacadh i gcultúr na teanga lasmuigh den suíomh traidisiúnta foghlama.  Bheadh sé inmholta go ndéanfaí gach iarracht sa seomra ranga agus ar bhonn uile-scoile nasc cultúrtha leis an nGaeilge lasmuigh den seomra ranga a fhorbairt agus blaiseadh den chultúr beo lasmuigh den seomra ranga a bheith mar chuid comhtháite de cheachtanna.  Cuir i gcás, físchomhdháil le foghlaimeoirí / scoileanna eile in Éirinn nó thar lear, feasacht chultúrtha a fhorbairt trí taighde a dhéanmh ar phobal na teanga in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, ábhar dílis a úsáid ó ócáidí cultúrtha nó ón gcultúr pobail chun daltaí a spreagadh agus caidreamh a chothú leis an gcultúr spreagúil beoga. 

Cuimsíonn an fhéinfheasacht de réir thorthaí an staidéir an fhoghlaim mhachnamhach rialta a spreagadh, is é sin go múscólfaí feasacht mar gheall ar na straitéisí foghlama is mó a oireann don fhoghlaimeoir aonair, an phróifíl atá ag an bhfoghlaimeoir agus na láidreachtaí agus laigí atá san fhoghlaimeoir, an dul chun cinn a dhéanann sé/sí. 

Ról an Mhúinteora i gCothú na Foghlama Éifeachtaí 

Soiléiríodh ról an mhúinteora mar éascaitheoir i gcothú na foghlama éifeachtaí mar mhórthoradh an staidéir.  Ardaítear ceist ghéarchúiseach maidir le hinniúlacht an mhúinteora inar soiléiríodh go mbraitheann foghlaimeoirí na Gaeilge iar-bhunscolaíochta ar an múinteoir Gaeilge mar phríomhtheagmháil leis an teanga agus mar fhoinse aonair eolais ar an teanga.  Tuairiscíodh feasacht na bhfoghlaimeoirí i dtaobh chumas agus mheon a gcuid múinteoirí a imríonn tionchar orthu féin ó thaobh inspreagtha de.  Moltar go ndéanfaí treisiú ar na tuiscintí agus ar an eolas atá ag múinteoirí ar bhunphrionsabail an tsealbhaithe teanga, is é sin na cúinsí indibhidiúla a chuireann leis an sealbhú éifeachtach teanga agus ar na tréithe comónta atá aitheanta le dea-fhoghlaimeoirí teanga, ar chláir oideachais agus san fhorbairt ghairmiúil.  

Moltar, bunaithe ar thorthaí an staidéir, go gcuirfí cleachtais leanúnacha foghlama chun cinn sa seomra ranga Gaeilge a chuirfeadh an sealbhú teanga chun cinn.  Tá cuir chuige meiteachognaíocha ar nós punann teanga ina gcoimeádann an foghlaimeoir taifead leanúnach ar ábhair nuafhoghlamtha (stór focal, nathanna úsáideacha, botúin choitianta teanga srl.), machnamh ar an bhfoghlaim agus fianaise den fhoghlaim sin, cruthaithe a bheith an-éifeachtach chun scafall a dhéanamh ar an bhfoghlaim, an foghlaimeoir a chumasú ar an gcontanam teanga agus an fheasacht teanga a chur chun cinn.  Cuirtear i láthair mar mholadh chomh maith go mbeadh foghlaimeoirí iad féin feasach ar chúinsí an fhoghlaimeora aonair a chuireann leis an sealbhú teanga agus na tréithe atá aitheanta le dea-fhoghlaimeoirí teanga.   Bheadh deis mhachnaimh d’fhoghlaimeoirí ar an bpróifíl teanga atá acu féin tairbheach sa chás seo.  

Conclúid

San alt seo rinneadh roinnt plé ar na cúinsí indibhidiúla a mbíonn tionchar acu ar shealbhú éifeachtach an dara teanga, ar na mórstaidéir atá déanta i ngort an dea-fhoghaimeora teanga go hidirnáisiúnta maraon le taighde reatha ar an nGaeilge sa chóras oideachais.  Tugadh sonraí eolais maidir le roghnú na rannpháirtithe agus anailísiú ar shonraí taighde.  Rinneadh sintéisiú ar na tréithe comónta a sonraíodh i measc fhoghlaimeoirí a aithnítear mar fhoghlaimeoirí éifeachtacha na Gaeilge iad i meánscoileanna lán-Ghaeilge agus meánscoileanna Béarla i limistéirí ionadaíocha na tíre; cathracha, bailte agus an tuath.   Rinneadh tuairisciú ar na mórthorthaí a tháinig chun cinn sa staidéar a chuireann tuilleadh léargais agus saineolais ar fáil maidir le cúinsí atá scrúdaithe i ngort na Gaeilge agus tuiscintí úrnua maidir leis na cúinsí is mó a chuireann leis an sealbhú éifeachtach teanga.  Cuireadh mórmholtaí an staidéir i láthair bunaithe ar mhórthorthaí an taighde agus staidéir eile sa ghort a bhaineann leis an gceist lena n-áirítear an tábhacht a bhaineann leis an aiseolas ceartaitheach, an múinteoir mar eiseamláir agus éascaitheoir teanga, an fheidhm inaistritheach a bhaineann le straitéisí foghlama ó theanga go teanga, forbairt na feasachta teanga agus sprioc fheidhmiúil i leith úsáid na teanga.  Táthar ag súil leis go gcuirfí le tuiscint an léitheora ar na cúinsí indibhidiúla a mbíonn tionchar acu ar an sealbhú teanga agus ar na tréithe comónta a bhaineann le foghlaimeoiri éifeachtacha teanga.  Dá mhéid feasachta a bhaineann leis an réimse seo, is ea is mó deiseanna a bheidh ann sealbhú na Gaeilge a chur chun cinn, cleachtas oideolaíoch agus foghlama a shaibhriú agus foghlaimeoirí na Gaeilge a chumasú ar an gcontanam foghlama teanga.  

Leabharliosta: 

Leabhair

Comhairle na hEorpa, (2001) European Language Portfolio. https://www.coe.int/en/web/portfolio.

Comhairle na hEorpa, (2001a) A Common European Framework of Reference for Languages: Learning, Teaching, Assessment. Cambridge: Cambridge University Press.

Cook, V. & Singleton, D., (2014) Key Topics in Second Language Acquisition.  Bristol: Multilingual Matters.

Dörnyei, Z., (2005) The Psychology of the Language Learner: Individual Differences in Second Language Acquisition.  Mahwah, NJ: Lawrence Erlbaum Associates.

Dörnyei. Z. & Ryan, S., (2015) The Psychology of the Language Learner Revisited.  New York: Routledge.

Dӧrnyei, Z. (2005) The psychology of the language learner: Individual differences in second language acquisition. New Jersey: Lawrence Erlbaum Associates, Inc.

Gardner, R. & W. Lambert (1972) Attitudes and motivation in second-language learning. Rowley, Ma.: Newbury House.

Griffith, C. (2008) Lessons from good language learners.Cambridge University Press.

Griffith, C. (2018) The Strategy Factor in Successful Language Learning; The Tornado Effect.Multilingual Matters.

Harris, J., Forde, P., Nic Fhearaile, S. & O’Gorman, M., (2006) An Ghaeilge sna Bunscoileanna: Treochtaí Náisiúnta Fadtéarmacha in Inniúlacht.  Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais & Eolaíochta.

Harris, J. & Ó Duibhir, P. (2011) Effective Language Teaching: A Synthesis of Research. An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim & Measúnachta: Baile Átha Cliath.

Naiman, M. et al., (1978) The good language learner. Clevedon: Multilingual Matters.

Ó Duibhir, P., (2018) Immersion Education: Lessons from a Minority Language Context. Bristol: Multilingual Matters.     

Oxford, R., (1990) Language learning strategies: what every teacher should know. Boston: Heinle & Heinle.

Robinson, P., (2002) Individual differences and instructed language learning. Amsterdam: John Benjamins Press.

Ailt

Dalton, G. & Devitt, A., (2016) ‘Gaeilge Gaming: Assessing how games can help children to learn Irish.’  International Journal of Game-Based Learning.  6, (4).

Deweale, J.M., (2017) ‘Why the Dichotomy “L1 Versus LX User” is Better than “Native Versus Non-native Speaker.”’  Applied Linguistics 2018: 39(2) 236–40.

Dörnyei, Z., (2009) ‘Individual differences: Interplay of learner characteristics and learning environment.’  Language Learning. 59. 230

Dörnyei Z. & Skehan P., (2003) ‘Individual differences in second language learning.’Doughty, C. & Long, M (Eag.), Handbook of second language acquisition.Oxford: Blackwell.589631

Flynn, C. & Harris, J., (2016) ‘Motivational diversity among adult minority language learners: are current theoretical constructs adequate?’ Journal of Multilingual and Multicultural Development.  37(4).  371–84.

MacIntyre, P. D., Baker, S. C., Clément, R., & Donovan, L. A., (2002) ‘Sex and age effects on willingness to communicate, anxiety, perceived competence, and L2 motivation among junior high school French immersion students.’ Language Learning, 52(3).  537–64.

Murtagh, L., (2007) ‘Out-of-school use of Irish, motivation to learn the language and proficiency in immersion and subject-only post-primary programmes.’  International Journal of Bilingualism and Bilingual Education.  10(4).  428–53.

Nic Pháidín, C., (2003) ‘“Cén Fáth Nach?” Ó Chanúint go Críol.’Idir Lúibíní. Baile Átha Cliath: Cois Life Teo.

Ó Ceallaigh, T.J., (2016) ‘Second Language Acquisition and Form-Focused Instruction in Immersion: Teaching for Learning.’ World Journal of Educational Research. 3(2).

Ó Cuinneagáin, S., (2010) ‘Comparáid idir foghlaim na Gaeilge agus foghlaim na Gearmáinise i measc daltaí iar-bhuncoile.’Ó Laoire, M., Davitt, A., Ní Laoire, M. & Ó Máirtín, M. (Eag.) Teagasc na Gaeilge 9. Baile Átha Cliath: Comhar na Múinteoirí Gaeilge. 47–58.

Ó Duibhir, P., (2019). ‘Bilingual education in minority language contexts: When a high level of linguistic competence is not enough.’  ELIA: Estudios de Lingüística Inglesa Aplicada, 1.  39–64.  http://revistas.uned.es/index.php/ELIA/article/view/26478/20922.

Ó Laoire, M., (1994) ‘Spleáchadh ar Mhúineadh na Gaeilge san Iarbhunscoil.’ Teangeolas 33. 33–9.

Ó Laoire, M., (1997) ‘Gearáin agus Caighdeáin.’ Irisleabhar Mhá Nuad 1996–’97.  204–25.

Ó Laoire, M., (2000) ‘Learning Irish for participation in the Irish language speech community outside the Gaeltacht.’ Journal of Celtic Language Learning 5. 20–33.

Ó Laoire, M. & Ní Chlochasaigh, K., (2010) ‘Dea-fhoghlaimeoirí teanga i mbun foghlama: Cad iad na bealaí éifeachtacha foghlama a bhíonn acu?’ Ó Laoire, M., Davitt, A., Ní Laoire, M. & Ó Máirtín, M. (Eag.), Teagasc na Gaeilge 9. Baile Átha Cliath: Comhar na Múinteoirí Gaeilge.47–58.

Rubin, J., (1975) ‘What the “good language learner” can tell us.’  TESOL Quarterly, 9(1).  41–51.

Schmidt, R., (2010) ‘Attention, awareness, and individual differences in language learning.’  W.M. Chan, S. Chi, K. N. Cin, J. Istanto, M. Nagami, J.W. Sew, T. Suthiwan, & I. Walker.  Proceedings of CLaSIC 2010, Singapore, December 2–4. Singapore: National University of Singapore, Centre for Language Studies.  721–37.

Skehan, P., (1991) ‘Individual differences in second language learning.’ Studies in Second Language Acquisition. 13. 275–98.

Walsh, J. & O’Rourke, B., (2015) ‘Mudes teangeolaíocha agus nuachainteoirí na Gaeilge.’ Comhar Taighde. 1.

Tuarascálacha

An Roinn Oideachais & Eolaíochta, (2007) An Ghaeilge sa Bhunscoil: Staidéir Mheastóireachta na Cigireachta. Baile Átha Cliath: Oifig an tSoláthair.        

An Roinn Oideachais & Scileanna & An Chomhairle Náisiúnta Curaclaim & Measúnachta, (2017) Sonraíocht Ghaeilge na Sraithe Sóisearaí. Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais & Scileanna.

An Roinn Oideachais & Scileanna, (2018) Tuarascáil an Phríomhchigire. Baile Átha Cliath: An Roinn Oideachais & Scileanna.

Gael-Linn (2017) Tuairisc ar an Ghaeilge sa Chóras Oideachais i bPoblacht na hÉireann. Baile Átha Cliath: Gael-Linn.

Ó Fáthaigh, M., (1991) Learning Irish in second level schools attitudes, motivation and achievement.  Baile Átha Cliath: Comhar na Múinteoirí Gaeilge.

Ó Grádaigh, S., (2015) Soláthar Múinteoirí Ábhar do na hIar-bhunscoileanna Lán-Ghaeilge & Gaeltachta. Ollscoil na hÉireann Gaillimh & COGG.

Walsh, C., (2007) Cruinneas na Gaeilge scríofa sna hiar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge i mBaile Átha Cliath. Baile Átha Cliath: COGG.

Tráchtais

Ní Aogáin, S., (2019) Teachers’ and Students’ Perspectives of Corrective Feedback on the Grammatical Accuracy of Immersion Students’ Second Language.  Tráchtas Dochtúireachta.  Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ní Chlochasaigh, K., (2014) Tréithe Dea-Fhoghlaimeoirí na Gaeilge ar an Dara agus ar an Tríú Leibhéal. Tráchtas PhD. Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí: COGG.

Ní Dhonnabháin, A.M., (2013) An dátheangachas agus an t-aitheantas: déagóirí Éireannacha sa 21ú haois. Tráchtas PhD. Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

Ní Dhiorbháin, A., (2017) Oideolaíochtaí um Theagasc an Léireolais do Bhunmhúinteoirí Faoi Oiliúint (MFO).  Tráchtas DOid.  Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.

Ní Longaigh, E., (2015) Na dea-chleachtais atá i bhfeidhm i nGaelscoileanna chun scileanna teanga a fheabhsú i ndaltaí ar ardchaighdeán Gaeilge i Rang a Sé. Tráchtas M.Oid.Coláiste Mhuire gan Smál.

Ó Duibhir, P., (2009) The spoken Irish of sixth-class pupils in Irish immersion schools. Tráchtas Dochtúireachta sa Teangeolaíocht Fheidhmeach.  Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.